+30. Ba cheart na nithe seo a leanas ar a laghad a chumhdach le beartais, nósanna imeachta agus …
|
30. Ba cheart na nithe seo a leanas ar a laghad a chumhdach le beartais, nósanna imeachta agus …
Ba cheart na nithe seo a leanas ar a laghad a chumhdach le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe: - a. próisis chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis uile atá cothrom le dáta ag na hinstitiúidí airgeadais maidir leis na bearta sriantacha is infheidhme;
- b. próisis chun a áirithiú go ndéanfar liostaí agus ceanglais na mbeart sriantach is infheidhme a thabhairt cothrom le dáta a luaithe is a thiocfaidh siad i bhfeidhm;
- c. próisis chun a áirithiú go leanfaidh measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha de bheith ábhartha agus cothrom le dáta;
- d. próisis chun a áirithiú go bhfuil beartais, nósanna imeachta agus rialuithe i gcomhréir leis an measúnú neamhchosanta ar bhearta sriantacha;
- e. próisis chun a áirithiú an méid seo a leanas maidir le beartais agus nósanna imeachta na mbeart sriantach:
| i. ii. iii. iv. | go ndéanfar athbhreithniú orthu ar bhonn rialta; go ndéanfar iad a leasú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta nuair is gá agus i gcás inar gá; go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach iad; agus go gceaptar iad ar bhealach lena spreagtar an ghníomhaíocht is gá a luaithe is a shainaithnítear easnaimh. |
- f. nósanna imeachta chun tús a chur le himscrúdú a dhéanamh gan mhoill ar na meaitseanna uile a d’fhéadfadh a bheith ann;
- g. má tá fíormheaitseanna dearfacha ann, nósanna imeachta lena spreagtar gníomhaíochtaí leantacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta srianta is infheidhme, lena n-áirítear diúltú, fionraíocht nó reo láithreach, agus tuairisciú do na húdaráis náisiúnta ábhartha atá inniúil chun bearta sriantacha a chur chun feidhme nó don údarás maoirseachta inniúil mar a cheanglaítear leis na dlíthe is infheidhme, laistigh de na hamlínte a shonraíonn na húdaráis sin nó mar a shonraítear sa Rialachán maidir leis na bearta sriantacha is infheidhme;
- h. eagraíocht inmheánach dhoiciméadaithe ina leagtar amach go soiléir na cúraimí agus na freagrachtaí maidir le bearta sriantacha, lena n-áirítear nuair a dhéantar seachfhoinsiú;
- i. gnéithe eile mar a shonraítear i dTreoirlínte EBA/GL/2024/15 maidir le beartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha chun cur chun feidhme bhearta sriantacha faoi Rialachán (AE) 2023/1113 a áirithiú.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|