+RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Iúil 2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Modúil
------+Airteagal 3 1.
------+Airteagal 3 2.
------+Airteagal 3 3.
------+Airteagal 3 4.
------+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 4 Staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
------+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 5 Sonraí a bhailiú
------+Airteagal 5 1.
------+Airteagal 5 2.
------+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 6 Tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)
------+Airteagal 6 1.
------+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 7 Measúnú cáilíochta
------+Airteagal 7 1.
------+Airteagal 7 2.
------+Airteagal 7 3.
------+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 8 Maoluithe
------+Airteagal 8 1.
------+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8a Maoiniú
------+Airteagal 8a 1.
------+Airteagal 8a 2.
------+Airteagal 8a 3.
---+Airteagal 9 An tarmligean a fheidhmiú
------+Airteagal 9 1.
------+Airteagal 9 2.
------+Airteagal 9 3.
------+Airteagal 9 4.
------+Airteagal 9 5.
------+Airteagal 9 6.
---+Airteagal 9a Tairseach Sonraí Staidrimh na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (“an Deais”)
------+Airteagal 9a 1.
------+Airteagal 9a 2.
---+Airteagal 10 Tuarascáil agus athbhreithniú
---+Airteagal 11 Coiste
------+Airteagal 11 1.
------+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 12 Teacht i bhfeidhm
---+IARSCRÍBHINN I
---+IARSCRÍBHINN II
---+IARSCRÍBHINN III
---+IARSCRÍBHINN IV MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL
---+IARSCRÍBHINN V MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL
---+IARSCRÍBHINN VI MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH
---+IARSCRÍBHINN VII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA
---+IARSCRÍBHINN VIII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL
---+IARSCRÍBHINN IX MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS
|
English -
European Union -
Environment -
RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 6 Iúil 2011 maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
RIALACHÁN (AE) Uimh. 691/2011 ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Iúil 2011
maidir le Cuntais Eorpacha Eacnamaíocha Chomhshaoil
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Bunaítear leis an Rialachán seo creat comhchoiteann i gcomhair bhailiú, thiomsú, tharchur agus mheastóireacht na gcuntas Eorpach eacnamaíoch comhshaoil, chun críche cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a bhunú mar chuntais satailíte ag an gCóras Cuntas Eorpach 2010 (CCE 2010) a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
), trí mhodheolaíocht, comhchaighdeáin, comhshainmhínithe, comhaicmithe agus comhrialacha cuntasaíochta a sholáthar atá beartaithe lena n-úsáid chun cuntais eacnamaíocha chomhshaoil a thiomsú.
Rannchuidítear leis an Rialachán seo le faisnéis fhónta a sholáthar maidir le príomhthreochtaí an athraithe comhshaoil, na príomhbhrúnna air agus na príomhghníomhaithe i ndáil leis na hathruithe ar an gcomhshaol agus tacaítear ar an gcaoi sin le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an Aontais maidir lena chuspóirí comhshaoil a leagtar síos i ndlí an Aontais a bhaint amach chomh maith lena ghealltanais comhshaoil.
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “astaíocht aeir” sreabh fisiciúil ábhar gásach nó cáithníneach ón ngeilleagar náisiúnta (próisis táirgthe nó tomhaltais) go dtí an t-atmaisféar, (mar chuid den chóras comhshaoil);
(2)
ciallaíonn “cáin a bhaineann leis an gcomhshaol” cáin ar aonad fisiciúil é a bhonn cánach (nó seachaonad d’aonad fisiciúil) agus is aonad é sin de ní éigin a bhfuil tionchar cruthaithe, sonrach, diúltach aige ar an gcomhshaol agus ar ní é a shainaithnítear in
►M3
CEC 2010 ◄ mar cháin;
(3)
ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair (EW-MFA)” ionchuir ábhar i ngeilleagair náisiúnta, athruithe ar an stoc ábhar laistigh den gheilleagar agus aschuir ábhar go dtí geilleagair eile nó go dtí an comhshaol a thiomsú go comhsheasmhach;
▼M1
(4)
ciallaíonn “caiteachas ar chosaint an chomhshaoil” na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Áirítear le cosaint an chomhshaoil gach gníomhaíocht agus beart a bhfuil sé mar phríomhchuspóir leo truailliú agus aon díghrádú eile ar an gcomhshaol a chosc, a laghdú agus a dhíothú. Áirítear leis na gníomhaíochtaí agus na bearta sin na bearta uile a dhéantar chun an comhshaol a athshlánú tar éis a dhíghrádaithe. Eisítear ón sainmhíniú seo gníomhaíochtaí arb é a chomhlíonann siad go príomha riachtanais theicniúla nó ceanglais inmheánacha le haghaidh sláintíochta nó sábháilteachta agus slándála fiontair nó institiúide eile, cé go bhfuil na gníomhaíochtaí sin tairbhiúil don chomhshaol;
(5)
ciallaíonn “an earnáil um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil” na gníomhaíochtaí táirgthe sin de gheilleagar náisiúnta a ghineann táirgí comhshaoil (earraí agus seirbhísí comhshaoil). Is é is táirgí comhshaoil ann táirgí a táirgeadh ar mhaithe le cosaint an chomhshaoil, de réir mar a thagraítear dóibh i bpointe (4), agus ar mhaithe le bainistiú acmhainní. Áirítear le bainistiú acmhainní an stoc d'acmhainní nádúrtha a chaomhnú, a chothabháil agus a fheabhsú agus, dá bhrí sin, na hacmhainní sin a chosaint i gcoinne a n-ídithe;
(6)
ciallaíonn “cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh” tiomsúcháin chomhsheasmhacha de na sreafaí fisiciúla fuinnimh isteach i ngeilleagair náisiúnta, na sreafaí a tharlaíonn laistigh den gheilleagar agus na haschuir chuig geilleagair eile nó chuig an gcomhshaol;
▼M3
(7)
ciallaíonn “cuntais fhoraoiseacha” cuntais sócmhainní le haghaidh acmhainní foraoiseacha, lena gcuimsítear coillearnacha agus adhmad ar choillearnach, agus cuntais gníomhaíochta eacnamaíche le haghaidh foraoiseachta agus lománaíochta;
(8)
ciallaíonn “fóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail” aistrithe reatha agus aistrithe caipitil, de réir bhrí CEC 2010, a bhfuil sé beartaithe leo tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha agus táirgí gaolmhara;
(9)
ciallaíonn “cuntais éiceachórais” tacar cuntas a cheaptar chun faisnéis chomhsheasmhach a sholáthar maidir le fairsinge agus riocht na n-éiceachóras agus le sreafaí na seirbhísí ó na héiceachórais sin go dtí an córas socheacnamaíoch.
▼B
|
|
Airteagal 3 Modúil
|
|
|
Airteagal 4 Staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta
|
|
|
Airteagal 5 Sonraí a bhailiú
|
|
|
Airteagal 6 Tarchur chuig an gCoimisiún (Eurostat)
|
|
|
Airteagal 7 Measúnú cáilíochta
|
|
|
Airteagal 8 Maoluithe
|
|
|
Airteagal 8a Maoiniú
|
|
|
Airteagal 9 An tarmligean a fheidhmiú
|
|
|
Airteagal 9a Tairseach Sonraí Staidrimh na gCuntas Eacnamaíoch Comhshaoil (“an Deais”)
|
|
|
Airteagal 10 Tuarascáil agus athbhreithniú
|
Airteagal 10
Tuarascáil agus athbhreithniú
Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.
Déanfar an méid seo a leanas a chur i dteannta na tuarascála, más iomchuí sin, agus na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh:
▼M3
—
tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail cuntais uisce (cáilíochtúil agus cainníochtúil), cuntais ar chaiteachas i leith bainistiú acmhainní, fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus cuntais dramhaíola;
▼B
—
tograí atá ceaptha chun cáilíocht sonraí agus modhanna bailithe sonraí a fheabhsú tuilleadh, ionas go ndéantar ar an tslí sin cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin atá ar ghnó agus ar riarachán a laghdú.
▼M3
Faoin 31 Nollaig 2024 agus gach 2 bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin, eiseoidh an Coimisiún (Eurostat) foilseachán digiteach ina mbeidh sonraí agus staidreamh maidir le maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear infheistíochtaí, arna dtiomsú ó na sonraí ábhartha atá ar fáil ó mhodúil na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil agus, i gcás inarb iomchuí, ó fhoinsí sonraí eile.
Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun Iarscríbhinn V, Roinn 3, a leasú, de réir mar is iomchuí, chun saintréithe a chuimsiú maidir le hinfheistíochtaí eile i dtaca le maolú ar an athrú aeráide. Leis na sonraí a áirítear san fhoilseachán digiteach dá dtagraítear sa tríú mír den Airteagal seo, soláthrófar miondealú ar na sonraí sin in aghaidh an Bhallstáit, lena n-áirítear maidir le hinfheistíochtaí, agus cumhdófar gach earnáil den gheilleagar agus de ghníomhaíochtaí.
Faoin an 27 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le huisce agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach le haghaidh fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise; oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear caiteachas air, agus le haghaidh cuntais uisce.
▼B
|
|
Airteagal 11 Coiste
|
|
|
Airteagal 12 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 12
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
IARSCRÍBHINN I
|
IARSCRÍBHINN I
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR ASTAÍOCHTAÍ AEIR
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sonraí ar astaíochtaí aeir a thaifeadadh agus a thíolacadh ar shlí atá comhoiriúnach do chóras na gcuntas náisiúnta. Déantar astaíochtaí aeir na ngeilleagar náisiúnta a thaifeadadh leo, agus déantar na hastaíochtaí sin a mhiondealú leo de réir gníomhaíochtaí astaithe eacnamaíocha mar atá sonraithe in
►M3
CEC 2010 ◄ . Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit le haghaidh na gcuntas ar astaíochtaí aeir, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin. Forbrófar na sonraí sin ar shlí lena nascfar astaíochtaí leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha táirgthe agus tomhaltais de chuid na dtionscal agus na dteaghlach. Comhcheanglófar na sonraí maidir le hastaíochtaí díreacha, ar sonraí iad a thuairiscítear faoin Rialachán seo, leis na táblaí ionchuir-aschuir eacnamaíoch, leis na táblaí soláthair agus úsáide agus leis na sonraí faoi thomhaltas teaghlaigh, ar sonraí iad sin a thuairiscítear cheana don Choimisiún (Eurostat) mar chuid de thuairisciú
►M3
CEC 2010 ◄ .
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar astaíochtaí aeir agus atá ag
►M3
CEC 2010 ◄ , agus tá siad bunaithe ar phrionsabal an chónaithe freisin.
I gcomhréir le
►M3
CEC 2010 ◄ , tá coincheap an chónaithe bunaithe ar an bprionsabal seo a leanas: deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é a rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.
Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar astaíochtaí a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, gan spleáchas don áit as a dtagann na hastaíochtaí sin go geografach.
Le cuntais ar astaíochtaí aeir, déantar sreafaí ábhar gásach iarmharach agus ábhar cáithníneach iarmharach de thionscnamh an gheilleagair náisiúnta agus a shreabhann isteach san atmaisféar a thaifeadadh. Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear leis an téarma “atmaisféar” do chomhpháirt an chórais comhshaoil. Baineann teorainn an chórais leis an líne teorann idir an geilleagar náisiúnta (mar chuid den chóras eacnamaíoch) agus an t-atmaisféar (mar chuid den chóras comhshaoil). Tar éis teorainn an chórais a thrasnú, níl na substaintí astaithe faoi smacht daonna a thuilleadh agus tagann siad chun bheith ina gcuid de thimthriallacha na n-ábhar nádúrtha agus féadfaidh siad a bheith ina gcúis le roinnt cineál iarmhairtí comhshaoil.
▼M2
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le hastaíochtaí na dtruailleán aeir seo a leanas:
|
Ainm
|
Siombail
|
Aonad tuairiscithe
|
|
Dé-ocsaíd charbóin gan astaíochtaí ó bhithmhais
|
CO2
|
1 000 tona (Gg)
|
|
Dé-ocsaíd charbóin ó bhithmhais
|
Bithmhais CO2
|
1 000 tona (Gg)
|
|
Ocsaíd nítriúil
|
N2O
|
tonaí (Mg)
|
|
Meatán
|
CH4
|
tonaí (Mg)
|
|
Sárfhluaracarbóin
|
PFCanna
|
tonaí (Mg) coibhéisí CO2
|
|
Hidreafluaracarbóin
|
HFCanna
|
tonaí (Mg) coibhéisí CO2
|
|
Heicseafluairíd sulfair agus trífhluairíd nítrigine
|
SF6 NF3
|
tonaí (Mg) coibhéisí CO2
|
|
Ocsaídí nítrigine
|
NOX
|
tonaí (Mg) coibhéisí NO2
|
|
Comhdhúile orgánacha so-ghalaithe neamh-mheatáin
|
NMVOCanna
|
tonaí (Mg)
|
|
Aonocsaíd charbóin
|
CO
|
tonaí (Mg)
|
|
Ábhar cáithníneach < 10 μm
|
PM10
|
tonaí (Mg)
|
|
Ábhar cáithníneach < 2,5 μm
|
PM2,5
|
tonaí (Mg)
|
|
Ocsaídí sulfair
|
SOX
|
tonaí (Mg) coibhéisí SO2
|
|
Amóinia
|
NH3
|
tonaí (Mg)
|
Tuairisceofar na sonraí uile go dtí an chéad ionad deachúlach.
▼B
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mí ó dheireadh na bliana tagartha.
3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin an AE-27 ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.
4. Is é an chéad bhliain tagartha an bhliain ina dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.
5. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh na Ballstáit freisin sonraí bliantúla ó 2008 go dtí an chéad bhliain tagartha.
6. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha.
▼M2
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, soláthrófar sonraí trí na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a aicmiú de réir ordlathais, is é sin le rá NACE Rev. 2 (leibhéal comhiomlán A*64), a bheidh comhoiriúnach go hiomlán le
►M3
CEC 2010 ◄ . Chomh maith leis sin, soláthrófar sonraí le haghaidh an mhéid seo a leanas:
—
Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh,
—
Ítimí nasctha. is é sin le rá ítimí tuairiscithe lena réitítear go soiléir na difríochtaí idir na cuntais ar astaíochtaí aeir arna dtuairisciú faoin Rialachán seo agus na sonraí sin arna dtuairisciú sna fardail oifigiúla náisiúnta maidir le hastaíochtaí aeir.
2. Is mar seo a leanas atá an t-aicmiú de réir ordlathais dá dtagraítear i mír 1:
Astaíochtaí aeir de réir tionscail — NACE Rev. 2 (A*64)
Astaíochtaí aeir a thagann ó theaghlaigh
Ítimí nasctha
Iomlán na gcuntas ar astaíochtaí aeir (gníomhaíochtaí táirgeachta + teaghlaigh) i gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3
Lúide na cónaitheoirí náisiúnta atá thar lear
—
Soithigh iascaireachta náisiúnta a oibríonn thar lear
Móide neamhchónaitheoirí ar an gcríoch
(+ nó –)
Coigeartuithe eile agus neamhréireachtaí staidrimh
=
Iomlán na n-astaíochtaí de thruailleán X mar a thuairiscítear do UNFCCC (
4
)/CLRTAP (
5
)
▼B
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN II
|
IARSCRÍBHINN II
MODÚL LE hAGHAIDH CÁNACHA A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL, DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Leis an staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh, agus an méid sin á dhéanamh ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha, agus déantar an méid sin ar shlí a luíonn go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi
►M3
CEC 2010 ◄ . Déantar ioncam cánach na ngeilleagar náisiúnta, ar ioncaim é a bhaineann leis an gcomhshaol, a thaifeadadh leo de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Cumhdaítear táirgeadh agus tomhaltas le gníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh ag na Ballstáit orthu, maidir le hioncaim chánach a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche.
Féadtar, leis an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol, úsáid a bhaint go díreach as an staidreamh cánach agus as staidreamh maidir le hairgeadas rialtais, ach tá roinnt buntáistí ann ag baint le húsáid na sonraí cánach a thuairiscítear faoi
►M3
CEC 2010 ◄ más féidir é sin.
Bunaítear an staidreamh cánach a bhaineann leis an gcomhshaol ar na suimeanna arna bhfianú le measúnuithe agus dearbhuithe nó le fáltais airgid arna gcoigeartú de réir ama, chun comhsheasmhacht le
►M3
CEC 2010 ◄ a áirithiú agus chun inchomparáideacht idirnáisiúnta a fheabhsú.
Áirítear chomh maith in
►M3
CEC 2010 ◄ faisnéis i dtaobh cén tionscadail agus cén earnálacha a íocann na cánacha. Féadtar teacht ar fhaisnéis maidir le cánacha a thuairiscítear faoi
►M3
CEC 2010 ◄ sna cuntais earnála institiúideacha agus sna táblaí soláthair agus úsáide.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol agus atá ag
►M3
CEC 2010 ◄ , agus is ionann na cánacha sin agus íocaíochtaí éigeantacha, gan chomaoin, in airgead tirim nó i gcomhchineál, arna dtobhach ag rialtas ginearálta nó ag institiúidí an Aontais.
Tagann na cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol faoi réim na gcatagóirí
►M3
CEC 2010 ◄ seo a leanas:
—
cánacha ar tháirgeadh agus ar allmhairí (D.2),
—
cánacha reatha ar ioncam, ar rachmas, etc. (D.5),
—
cánacha caipitiúla (D.91).
▼M2
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir le cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol de réir na saintréithe seo a leanas:
Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le hioncam cánach an rialtais arna thaifeadadh sa Chóras Cuntas Eorpach a mhéid a bhaineann lena rannpháirtíocht i gCóras Trádála Astaíochtaí an Aontais.
Tuairisceoidh na Ballstáit freisin, mar shaintréith ar leith, maidir le cánacha eile a bhaineann leis an gcomhshaol ar áiríodh iad sna cánacha iomlána ar fhuinneamh, ar iompar, ar thruailliú nó ar acmhainní agus a ghearrtar ar chion carbóin breoslaí (cánacha eile CO2).
Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.
3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.
4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.
5. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2016 a sholáthar.
▼B
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
I gcás gach ceann de na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí ó thaobh pheirspictíocht na n-eintiteas a íocann na cánacha.
I gcás táirgeoirí, tuairisceofar sonraí i bhfoirm miondealaithe de réir aicmithe ordlathais na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, is é sin le rá NACE Rev.2 (leibhéal comhiomlánaithe A*64 mar a leagtar amach in
►M3
CEC 2010 ◄ ).
I gcás tomhaltóirí, tuairisceofar sonraí i leith na nithe seo a leanas:
I gcás nach féidir an cháin a chur i leith ceann amháin de na grúpaí gníomhaíochtaí thuasluaite, tuairisceofar na sonraí mar shonraí nach ndearnadh cionroinnt ina leith.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha, uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN III
|
IARSCRÍBHINN III
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH ÁBHAR UILE-GHEILLEAGAIR (EW-MFA)
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le EW-MFA, déantar gach ábhar soladach, gásach agus leachtach a chumhdach, seachas sreafaí aeir agus uisce, arna dtomhas in aonaid mhaise in aghaidh na bliana. Dála chóras na gcuntas náisiúnta, tá dhá phríomhchuspóir ag gabháil le EW-MFA. Soláthraítear le sreafaí ábhair mionsonraithe bunachar sonraí saibhir eimpíreach le haghaidh staidéar anailíseach iomadúil. Úsáidtear iad freisin chun táscairí éagsúla maidir le sreabhadh ábhair uile-gheilleagair a thiomsú le haghaidh geilleagar náisiúnta.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh EW-MFA.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá an t-idirdhealú idir stoic agus sreafaí ina bhunphrionsabal de chuid an chórais um shreabhadh ábhar. Go ginearálta, is athróg é sreabhadh lena dtomhaistear cainníocht áirithe in aghaidh tréimhse ama, ach is éard is stoc ann ná athróg lena dtomhaistear cainníocht ag pointe áirithe ama. Is coincheap sreabha é EW-MFA. Tomhaistear leis sreafaí ionchuir ábhair agus aschuir ábhair agus athruithe ar an stoc laistigh den gheilleagar in aonaid mhaise in aghaidh na bliana.
Tá EW-MFA comhsheasmhach le prionsabail chóras na gcuntas náisiúnta, amhail prionsabal an chónaithe. Áirítear leis sreafaí ábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh ar fad atá i ngeilleagar náisiúnta, gan spleáchas do shuíomh geografach na n-aonad sin.
In EW-MFA, tá dhá chineál sreafaí ábhair thar theorainneacha córais atá ábhartha:
1.
sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus a thimpeallacht nádúrtha. Is ionann sin agus eastóscadh ábhar (i.e., amhábhair, garbhábhair, ógh-ábhair) ón gcomhshaol nádúrtha agus sceitheadh ábhar (dá ngairtear iarmharaigh go minic) isteach sa chomhshaol nádúrtha;
2.
sreafaí ábhair idir an geilleagar náisiúnta agus an chuid eile de gheilleagar an domhain. Áirítear allmhairí agus onnmhairí leis seo.
Áirítear in EW-MFA na sreafaí go léir a thrasnaíonn na teorainneacha córais sin, mar aon leis na méideanna a chuirtear le stoic de dhéantús an duine. Ní léirítear aon sreafaí ábhair eile laistigh den gheilleagar in EW-MFA. Ciallaíonn sé sin go ndéantar plé sa EW-MFA leis an ngeilleagar náisiúnta ina iomláine agus nach ndéantar, mar shampla, cur síos ar sheachadtaí táirgí idir thionscail. Ar an tslí chéanna, déantar sreafaí nádúrtha laistigh den chomhshaol nádúrtha a eisiamh chomh maith.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh Ballstáit staidreamh a tháirgeadh i ndáil leis na saintréithe atá liostaithe i Roinn 5 le haghaidh EW-MFA, i gcás inarb infheidhme.
1. Cumhdaítear le heastóscadh intíre (EI) méid bliantúil ábhar soladach, leachtach agus gásach (gan aer ná uisce a áireamh) a eastósctar as an gcomhshaol nádúrtha le húsáid mar ionchur sa gheilleagar.
2. Cumhdaítear le hallmhairí fisiciúla agus le honnmhairí fisiciúla gach tráchtearra allmhairithe nó onnmhairithe in aonaid mhaise. Áirítear le tráchtearraí trádáilte, earraí ag gach céim phróiseála ó amhtháirgí go hearraí críochnaithe.
▼M2
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 16 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2021.
3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin AE-27 do phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.
4. Is é 2021 an chéad bhliain tagartha.
5. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-4, n-3, n-2, n-1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2017 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
Déanfar sonraí, arna sloinneadh in aonaid mhaise, a sholáthar le haghaidh na saintréithe atá liostaithe sna táblaí seo a leanas.
Tábla A — Eastóscadh intíre
MF.1.1
Barra (gan barra farae a áireamh)
MF.1.1.A
Barra eile (gan barra farae a áireamh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile
MF.1.2
Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte
MF.1.2.1.2
Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, etc.)
MF.1.2.2
Barra farae agus bithmhais innilte
MF.1.2.2.1
Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)
MF.1.3.1
Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)
MF.1.3.2
Adhmad tine agus eastóscadh eile
MF.1.4
Gabháil éisc fhiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach
MF.1.4.2
Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha uile eile
MF.2
Mianta miotail (ollmhianta)
MF.2.2.6
Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile
MF.2.2.7
Báicsít agus alúmanam eile
MF.2.2.9
Miotail neamhfheiriúla eile
MF.3
Mianraí neamh-mhiotalacha
MF.3.1
Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)
MF.3.4
Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin
MF.3.9
Mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile
MF.3.A
Ábhair chré thochailte (lena n-áirítear ithir), ach amháin i gcás ina n-úsáidtear iad (tuairisciú roghnach)
MF.4
Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise
MF.4.1
Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile
MF.4.1.3
Sceall ola agus gainimh tharra
MF.4.2
Ábhair/iompróirí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh
MF.4.2.1
Amhola, comhdhlútháin agus gáis nádúrtha leachtaithe (GNL)
Táblaí B (Allmhairí — Trádáil iomlán), agus D (Onnmhairí — Trádáil iomlán)
MF.1.1
Barra (gan barra farae a áireamh)
MF.1.1.A
Barra eile (gan barra farae a áireamh) nach n-aicmítear in áit ar bith eile
MF.1.2
Iarmhair barr (úsáidte), barra farae agus bithmhais innilte
MF.1.2.1.2
Iarmhair barr eile (duilleoga biatais siúcra agus duilleoga biatais farae, etc.)
MF.1.2.2
Barra farae agus bithmhais innilte
MF.1.2.2.1
Barra farae (lena n-áirítear fómhar bithmhaise ó thalamh féaraigh)
MF.1.3.1
Adhmad (lomáin chruinne thionsclaíoch)
MF.1.3.2
Adhmad tine agus eastóscadh eile
MF.1.4
Gabháil éisc fhiáin, plandaí uisceacha/ainmhithe uisceacha, fiach agus cnuasach
MF.1.4.2
Na hainmhithe uisceacha agus na plandaí uisceacha uile eile
MF.1.5
Ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe (seachas iasc fiáin, plandaí agus ainmhithe uisceacha, ainmhithe a fhiachtar agus a chnuasaítear)
MF.1.5.1
Ainmhithe beo (seachas iasc fiáin, plandaí agus ainmhithe uisceacha, ainmhithe a fhiachtar agus a chnuasaítear)
MF.1.5.2
Feoil agus ullmhóidí feola
MF.1.5.3
Táirgí déiríochta, éin, uibheacha agus mil
MF.1.5.4
Táirgí eile a fhaightear ó ainmhithe (snáithíní ainmhithe, seithí ainmhithe, fionnadh ainmhithe, leathar ainmhithe, etc.)
MF.1.6
Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais
MF.2
Mianta miotail (ollmhianta)
MF.2.2.6
Ór, airgead, platanam agus miotail lómhara eile
MF.2.2.7
Báicsít agus alúmanam eile
MF.2.2.9
Miotail neamhfheiriúla eile
MF.2.3
Táirgí a fhaightear go príomha ó bhithmhais
MF.3
Mianraí neamh-mhiotalacha
MF.3.1
Marmar, eibhear, gaineamhchloch, porfaire, basalt, cloch eile ornáideach nó cloch tógála (gan slinn a áireamh)
MF.3.4
Mianraí ceimiceacha agus mianraí leasacháin
MF.3.9
Mianraí neamh-mhiotalacha eile nach n-aicmítear in áit ar bith eile
MF.3.B
Táirgí a fhaightear go príomha ó mhianraí neamh-mhiotalacha
MF.4
Ábhair fuinnimh iontaise/iompróirí fuinnimh iontaise
MF.4.1
Gual agus ábhair/iompróirí fuinnimh sholadaigh eile
MF.4.1.3
Sceall ola agus gainimh tharra
MF.4.2
Ábhair/iompróirí fuinnimh leachtaigh agus ghásaigh
MF.4.2.1
Amhola, comhdhlútháin agus leachtanna gáis nádúrtha (GNL)
MF.4.2.3
Breosla arna chur in umar (Allmhairí: ag aonaid chónaitheacha thar lear; Onnmhairí: ag aonaid neamhchónaitheacha ar bhonn intíre)
MF.4.2.3.1
Breosla le haghaidh iompair de thalamh
MF.4.2.3.2
Breosla le haghaidh iompair d’uisce
MF.4.2.3.3
Breosla le haghaidh iompair d’aer
MF.4.3
Táirgí a fhaightear go príomha ó tháirgí fuinnimh iontaise
MF.6
Dramhaíl le haghaidh cóireáil deiridh agus diúscairte
▼B
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN IV MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL
|
IARSCRÍBHINN IV
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAS AR CHAITEACHAS I LEITH CHOSAINT AN CHOMHSHAOIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, déantar, ar shlí atá comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC, sonraí a thíolacadh maidir leis an gcaiteachas ar chosaint an chomhshaoil, i.e. na hacmhainní eacnamaíocha arna gcaitheamh ag aonaid chónaitheacha ar chosaint an chomhshaoil. Le cuntais den sórt sin, tugtar an deis tiomsú a dhéanamh ar chaiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil, arna shainmhíniú mar shuim na n-úsáidí a bhaineann aonaid chónaitheacha as seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil, an ollfhoirmithe caipitil sheasta (OFCS) le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le cosaint an chomhshaoil, agus aistrithe do chosaint an chomhshaoil nach bhfuil ina gcontrapháirt i leith ítimí roimhe sin, lúide maoiniú ón gcuid eile den domhan.
Sna cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, ba cheart go mbainfí leas as an bhfaisnéis atá ann cheana féin sna cuntais náisiúnta (cuntais táirgthe agus giniúna ioncaim; OFCS de réir NACE, táblaí soláthair agus úsáide; sonraí bunaithe ar aicmiú fheidhmeanna an rialtais), i staidreamh struchtúrach gnó, sa chlár gnó agus i bhfoinsí eile.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit chun críocha na gcuntas ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit chuige sin.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil agus atá ag CEC agus taispeántar iontu caiteachas i leith chosaint an chomhshaoil maidir le príomhghníomhaíochtaí, gníomhaíochtaí tánaisteacha agus gníomhaíochtaí coimhdeacha. Cumhdaítear na hearnálacha seo a leanas:
—
rialtas ginearálta (institiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh) agus corparáidí mar earnálacha institiúideacha a tháirgeann seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Táirgeann saintáirgeoirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar a bpríomhghníomhaíocht,
—
teaghlaigh, rialtas ginearálta agus corparáidí mar thomhaltóirí de sheirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
—
an chuid eile den domhan mar thairbhí nó foinse na n-aistrithe le haghaidh chosaint an chomhshaoil.
▼M2
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil a sholáthar de réir na saintréithe seo a leanas atá sainmhínithe i gcomhréir le CEC:
—
aschur na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil. Déantar aschur margaidh, aschur neamh-mhargaidh agus aschur gníomhaíochtaí coimhdeacha a idirdhealú,
—
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil
—
tomhaltas idirmheánach na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,
—
allmhairí agus onnmhairí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
—
cáin bhreisluacha (CBL) móide cánacha eile, lúide fóirdheontais ar tháirgí a bhaineann le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil,
—
ollfhoirmiú caipitil sheasta agus éadálacha lúide diúscairtí sócmhainní neamh-tháirgthe neamhairgeadais ar mhaithe le seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil a tháirgeadh,
—
tomhaltas deiridh na seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil.
▼M3 —————
▼M2
Tuairisceofar na sonraí uile san airgeadra náisiúnta de réir milliúin.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.
3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin
►M3
AE-27 ◄ do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.
4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.
5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad miondealaithe de réir:
—
cineálacha táirgeoirí/tomhaltóirí seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil mar atá sainmhínithe i Roinn 2,
▼M5
—
grúpaí den aicmiú críoch comhshaoil (CEP) agus iad grúpáilte mar a leanas:
—
CEP 01 — Aer agus aeráid;
—
CEP 0301 — Bainistiú fuíolluisce;
—
CEP 0401 — Bainistiú dramhaíola;
—
CEP 0501 — Cosaint ithreach, uisce dromchla agus screamhuisce;
—
CEP 0502 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach;
—
CEP 06 — Torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0701, CEP 0703, CEP 0705, CEP 0707, CEP 0709 — T&F maidir le hastaíochtaí aeir a laghdú agus a rialú, bainistiú fuíolluisce, bainistiú dramhaíola, ithir, dromchla, screamhuisce agus bithéagsúlacht agus torann agus radaíocht.
▼M2
—
►M4
Na miondealuithe NACE seo a leanas maidir le táirgeadh coimhdeach seirbhísí i leith chosaint an chomhshaoil: NACE Ranna B, C, D agus Rannán 36. Cuirfear sonraí le haghaidh Roinn C i láthair mar a leanas: ◄
—
NACE C10-C12 - Monarú táirgí bia; deochanna agus táirgí tobac
—
NACE C17 - Monarú páipéir agus táirgí páipéir
—
NACE C19-20 - Monarú cóic, ceimiceáin agus peitriliam scagtha agus táirgí ceimiceáin
—
NACE C 21-23 - Monarú earraí cógaisíochta, rubair, plaistigh agus táirgí eile neamh-mhiotalacha
—
NACE C 24 - Monarú miotal bunúsach
—
NACE C 25-30 – Monarú táirgí déanta as miotal, lena n-áirítear innealra agus trealamh
—
NACE C13-16, 18, 31-33 – gníomhaíochtaí monaraíochta eile
I gcás na mBallstát inar lú ná 1 % d’iomlán an Aontais méid iomlán an láimhdeachais nó an líon daoine atá fostaithe i gceann amháin nó níos mó de na miondealuithe NACE seo, ní gá dóibh sonraí a sholáthar maidir leis na miondealuithe NACE sin.
▼M5 —————
▼M1
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN V MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL
|
IARSCRÍBHINN V
MODÚL LE hAGHAIDH CHUNTAIS NA hEARNÁLA UM EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ COMHSHAOIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Leis an staidreamh maidir le hearraí agus seirbhísí comhshaoil, déantar sonraí a thaifeadadh agus a thíolacadh maidir le gníomhaíochtaí táirgthe na ngeilleagar náisiúnta a ndéantar táirgí comhshaoil iontu ar shlí a luíonn leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC.
Ba cheart go mbainfí úsáid i gcuntais na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil as an bhfaisnéis ó na cuntais náisiúnta atá ann cheana féin, ó staidreamh struchtúrach gnó, ón gclár gnó agus ó fhoinsí eile.
Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh earraí agus seirbhísí comhshaoil.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil agus atá ag CEC agus cuimsítear ann gach earra agus seirbhís comhshaoil a chruthaítear laistigh de theorainn an táirgthe. Is é an sainmhíniú a dhéantar ar tháirgeadh in CEC an ghníomhaíocht a dhéantar faoi rialú agus faoi fhreagracht aonaid institiúidigh a bhaineann úsáid as ionchur saothair, caipitil agus earraí agus seirbhísí chun earraí agus seirbhísí a tháirgeadh.
Tagann earraí agus seirbhísí comhshaoil faoi réim na gcatagóirí seo a leanas: seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol, táirgí de chuspóir comhshaoil amháin (táirgí bainteacha), earraí oiriúnaithe agus teicneolaíochtaí comhshaoil.
▼M5
Roinn 3
AN LIOSTA SAINTRÉITHE
Soláthróidh na Ballstáit staidreamh maidir leis an earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil de réir na saintréithe seo a leanas:
—
aschur na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
—
onnmhairí na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine,
—
breisluach na hearnála um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
—
fostaíocht san earnáil um earraí agus seirbhísí comhshaoil ina hiomláine agus na ngníomhaíochtaí margaidh,
—
ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh gníomhaíochtaí maolaithe ar an athrú aeráide, arna miondealú de réir corparáidí, rialtas agus teaghlach in éineacht le hinstitiúidí neamhbhrabúis a fhónann do theaghlaigh (INBFT),
—
ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh táirgí lena maolaítear an t-athrú aeráide, nach bhfuil san áireamh cheana féin in ollfhoirmiú caipitil sheasta le haghaidh gníomhaíochtaí maolaithe ar an athrú aeráide, arna miondealú de réir corparáidí, rialtas agus teaghlach in éineacht le INBFT,
—
tomhaltas deiridh táirgí lena maolaítear an t-athrú aeráide, arna mhiondealú de réir rialtais agus teaghlach in éineacht le INBFT.
Tuairisceofar na sonraí uile i milliúin san airgeadra náisiúnta, seachas an tsaintréith “fostaíocht”, a mbeidh an t-aonad tuairiscithe “coibhéis lánaimseartha” ann ina leith.
▼M2
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 22 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. Beidh feidhm aige seo ón mbliain tagartha 2020.
3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, soláthróidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d’iomláin
►M3
AE-27 ◄ do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a sholáthar agus a fhoilsiú.
4. Is é 2020 an chéad bhliain tagartha.
5. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n – 2, n – 1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2018 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí agus iad tras-aicmithe de réir an méid seo a leanas:
▼M4
—
aicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha, NACE grúpáilte mar a leanas:
—
Suim NACE G + NACE H + NACE I + NACE L + NACE M + NACE O + NACE R + NACE S + NACE T + NACE U + NACE V
▼M5
—
grúpaí den aicmiú críoch comhshaoil (CEP) agus iad grúpáilte mar a leanas:
—
CEP 01 — Aer agus aeráid;
—
CEP 0201 — Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;
—
CEP 0202 — Coigilt agus bainistiú fuinnimh;
—
CEP 0301 — Bainistiú fuíolluisce;
—
CEP 0302 — Coigilteas uisce agus bainistiú acmhainní uisce nádúrtha;
—
CEP 0401 — Bainistiú dramhaíola;
—
CEP 0402 — Aisghabháil agus coigilteas ábhar;
—
CEP 0501 — Cosaint ithreach, uisce dromchla agus screamhuisce;
—
CEP 0502 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach;
—
CEP 0503 — Bainistiú acmhainní foraoise;
—
CEP 06 — Torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0701, CEP 0703, CEP 0705, CEP 0707, CEP 0709 — T&F maidir le hastaíochtaí aeir a laghdú agus a rialú, bainistiú fuíolluisce, bainistiú dramhaíola, ithir, dromchla, screamhuisce agus bithéagsúlacht agus torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0702, CEP 0704, CEP 0706, CEP 0708 – T&F le haghaidh fuinnimh, bainistiú acmhainní uisce, aisghabháil agus coigilteas ábhar agus bainistiú foraoise;
—
CEP 08 — Críocha trasghearrtha agus comhshaoil eile.
▼M5 —————
▼M1
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN VI MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH
|
IARSCRÍBHINN VI
MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sonraí a thíolacadh maidir le sreafaí fisiciúla fuinnimh, arna sloinneadh i dteirigiúil, ar shlí a luíonn go hiomlán le CEC. Déantar taifeadadh i gcuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh ar shonraí fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha aonaid chónaitheacha na ngeilleagar náisiúnta agus iad miondealaithe de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Léiríonn siad soláthar agus úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh. Tá táirgeadh, tomhaltas agus carnadh cuimsithe sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit, le haghaidh cuntas ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh.
Roinn 2
CUMHDACH
Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh agus atá ag CEC agus tá siad bunaithe freisin ar phrionsabal an chónaithe.
I gcomhréir le CEC, deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é sin le rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin.
Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, beag beann ar an áit as a dtagann na sreafaí sin go geografach.
Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a thaifeadadh ón gcomhshaol chuig an ngeilleagar, laistigh den gheilleagar, agus ón ngeilleagar ar ais chuig an gcomhshaol.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:
—
na sreafaí fisiciúla fuinnimh agus iad grúpáilte i dtrí chatagóir ghinearálta:
(i)
ionchuir fuinnimh nádúrtha,
—
foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh, agus iad grúpáilte i gcúig chatagóir: táirgeadh, tomhaltas, carnadh, an chuid eile den domhan agus an comhshaol,
—
ceann scríbe na sreafaí fisiciúla, agus iad grúpáilte sna cúig chatagóir chéanna ná foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh.
Tuairisceofar na sonraí ar fad i dteirigiúil.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d'iomláin
►M3
AE-27 ◄ ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú.
4. Is é 2015 an chéad bhliain tagartha.
5. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2014 go dtí an chéad bhliain tagartha.
6. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n–2, n–1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2014 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas in aonaid fhisiciúla:
—
Tábla úsáide le haghaidh sreafaí fuinnimh. Déantar soláthar na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh, agus na n-iarmharach fuinnimh (sna sraitheanna) de réir foinse, i.e. “soláthraí” (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
—
Tábla úsáide le haghaidh sreafaí fuinnimh. Déantar úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh, agus na n-iarmharach fuinnimh (sna sraitheanna) de réir cinn scríbe, i.e. “úsáideoir” (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
—
Tábla d'úsáid sreafaí fuinnimh a bhaineann le hastaíochtaí. Déantar úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha agus na dtáirgí fuinnimh a bhaineann le hastaíochtaí (sna sraitheanna) de réir an aonaid úsáide agus astaíochta (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
—
Tábla ceangail ina dtaispeántar na gnéithe éagsúla lena ndéantar suas an difríocht idir na cuntais fuinnimh agus na comharduithe fuinnimh.
2. Tá leagan amach coiteann ó thaobh sraitheanna agus colún de ag táblaí soláthair agus úsáide sreafaí fuinnimh (lena n-áirítear sreafaí a bhaineann le hastaíochtaí).
3. Seasann na colúin d'fhoinsí (soláthar) nó do chinn scríbe (úsáid) na sreafaí fisiciúla. Tá na colúin grúpáilte i gcúig chatagóir:
—
Baineann “táirgeadh” le táirgeadh earraí agus seirbhísí. Déantar gníomhaíochtaí táirgthe a aicmiú de réir NACE Rev. 2 agus tuairiscítear sonraí sa leibhéal comhiomlánaithe A*64.
—
Cuirtear gníomhaíochtaí “tomhaltais” i láthair ina n-iomláine agus roinntear iad freisin ina dtrí fho-aicme (iompar, téamh/fuarú, eile) maidir le tomhaltas deiridh na dteaghlach.
—
Tagraíonn “carnadh” do na hathruithe i stoic táirgí fuinnimh laistigh den gheilleagar.
—
Is é a thaifeadtar faoi “an chuid eile den domhan” na sreafaí de tháirgí allmhairithe agus onnmhairithe.
—
Is é a thaifeadtar faoi “comhshaol” foinse na sreafaí ionchuir nádúrtha agus ceann scríbe na sreafaí iarmharaigh.
4. Sna sraitheanna, déantar tuairisc ar an gcineál sreafa fhisiciúil mar atá aicmithe sa chéad fhleasc de Roinn 3.
5. Is mar a leanas atá aicmiú na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh:
—
tá ionchuir fuinnimh nádúrtha grúpáilte in ionchuir fuinnimh nádúrtha nach bhfuil in-athnuaite agus in ionchuir fuinnimh nádúrtha in-athnuaite,
—
tá táirgí fuinnimh grúpáilte de réir an aicmithe a úsáidtear i staidreamh Eorpach fuinnimh,
—
iarmharaigh fuinnimh, lena gcuimsítear dramhaíl (gan luach airgid); caillteanais le linn eastósctha/astarraingthe, leithdháileadh/iompair, claochlú/tiontú agus stórála; chomh maith le hítimí comhardaithe chun na táblaí soláthair agus úsáide a chomhardú.
6. Déantar an “ceangal” idir táscaire phrionsabal an chónaithe agus an táscaire críochbhunaithe a thíolacadh don gheilleagar náisiúnta iomlán (gan aon mhiondealú de réir tionscail) agus faightear é mar seo a leanas:
úsáid iomlán fuinnimh ag aonaid chónaitheacha:
—
úsáid fuinnimh ag aonaid chónaitheacha thar lear
+
úsáid fuinnimh ag neamhchónaitheoirí ar an gcríoch
=
olltomhaltas fuinnimh intíre (críochbhunaithe)
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN VII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA
|
IARSCRÍBHINN VII
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHORAOISEACHA
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Déanann cuntais fhoraoiseacha sonraí faoi acmhainní foraoiseacha agus gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta a thaifeadadh agus a chur i láthair ar bhealach atá ag luí go hiomlán leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010. Soláthraíonn cuntais fhoraoiseacha faisnéis chomhlántach agus úsáidtear coincheapa atá curtha in oiriúint do nádúr ar leith foraoisí agus do thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta.
Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhoraoiseacha.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar taifeadadh i gcuntais fhoraoiseacha ar stoic agus sreafaí acmhainní foraoiseacha (coillearnach agus adhmad) agus ar ghníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseacha agus na lománaíochta, lena n-áirítear táirgeadh lomán cruinn agus baint agus bailiú táirgí foraoise fiáin-fháis nach táirgí adhmaid iad.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Ullmhóidh na Ballstáit cuntais fhoraoiseacha de réir na saintréithe a thuairiscítear sa Roinn seo.
1. Cuntais sócmhainní coillearnaí agus adhmaid. Sainítear coillearnach mar shuim na dtrí phointe seo a leanas.
(a)
Foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar: foraoisí nach bhfuil tionchar suntasach ag aon srianta comhshaoil, sóisialta nó eacnamaíocha ar sholáthar reatha ná ar sholáthar féideartha adhmaid. D’fhéadfadh sé gur rialacha dlí, cinntí bainistíochta nó úinéirí nó cúiseanna eile is bun do na srianta sin.
(b)
Is é atá i bhforaois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar: gach foraois nach meastar a bheith ar fáil chun adhmad a sholáthar i gcomhréir le pointe (a). Is foraoisí iad sin ina gcuireann srianta comhshaoil, sóisialta, eacnamaíocha nó dlíthiúla cosc ar aon soláthar suntasach adhmaid. Áirítear leis (i) foraoisí a bhfuil srianta dlíthiúla orthu nó srianta eile orthu atá mar thoradh ar chinntí polaitiúla eile a dhéanann soláthar adhmaid a eisiamh go hiomlán nó a theorannú go mór ar chúiseanna amhail caomhnú comhshaoil nó bithéagsúlachta (foraoisí cosanta, páirceanna náisiúnta, anaclanna dúlra agus limistéir chosanta eile, amhail limistéir ar díol spéise iad ó thaobh an chomhshaoil, na heolaíochta, na staire, an chultúir nó na spioradáltachta de); (ii) foraoisí ina bhfuil an táirgiúlacht fhisiceach nó cáilíocht an adhmaid ró-íseal nó ina bhfuil costais lománaíochta agus iompair ró-ard le gurbh fhiú aon lománaíocht adhmaid, seachas ó gearradh ó am go chéile chun críoch úsáide críochnaithí dílse.
Sainítear “foraois” mar thalamh is fairsinge ná 0,5 heicteár le crainn is airde ná cúig mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíochta ná faoi chrainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.
Sainítear “coillearnach eile” mar thalamh nach bhfuil aicmithe mar fhoraois, agus is fairsinge ná 0,5 heicteár; le crainn is airde ná cúig mhéadar air agus ceannbhrat duilliúir is mó ná 5 go10 %, nó le crainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; nó a bhfuil clúdach comhcheangailte toir, toim agus crann acu ar mó é ná 10 %. Ní áirítear leis talamh atá, den chuid is mó, faoi úsáid talmhaíochta ná faoi chrainn i suíomhanna uirbeacha, amhail páirceanna cathrach, lánaí agus gairdíní.
Sainítear “glan-incrimint bhliantúil adhmaid” mar an meánfhás bliantúil ar thoirt na gcrann beo lúide an mheánráta básmhaireachta bliantúil.
Sainítear “asbhaint” mar thoirt na gcrann go léir, atá beo nó marbh, a leagtar agus a bhaintear as an bhforaois, as coillearnach eile nó as láithreáin leagain eile. Áirítear leis lomáin chruinne nár díoladh atá stóráilte ar thaobh an bhóthair foraoise. Áirítear leis freisin caillteanais nádúrtha a athbhunaítear, asbhaint le linn na bliana d’adhmad a leagadh i dtréimhse roimhe sin, asbhaint neamh-ghasadhmad (amhail stumpaí agus brainsí), agus asbhaint crainn a maraíodh nó a ndearnadh damáiste dóibh ar chúiseanna nádúrtha (ar a dtugtar caillteanais nádúrtha), e.g. dóiteán, gaoth, feithidí agus galair. Ní áirítear leis bithmhais neamhadhmadach ná aon adhmad a fhágtar san fhoraois agus nach n-aistrítear i rith na bliana, e.g. stumpaí, brainsí, barr na gcrann agus fuíoll ó chrainn a leagan (dramhaíl as lománaíocht adhmaid).
Sainítear “caillteanais dho-athbhunaithe” mar fhuíoll ó chrainn a leagan agus gach crann a leagann an ghaoth nach féidir a bhaint as an bhforaois, agus adhmad a chailltear trí dhóiteáin foraoise.
2. Cuntais eacnamaíocha lena dtuairiscítear gníomhaíocht eacnamaíoch i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta. Sainítear tionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta mar gach aonad áitiúil príomhghníomhaíochta (APG áitiúil) a dhéanann gníomhaíochtaí a aicmítear faoi NACE Rev. 2, Rannán A02.
Tuairisceofar na saintréithe seo a leanas, agus sainmhínithe CEC 2010 á n-úsáid:
—
agus de sin: aschur chun críoch úsáide críochnaithí dílse;
—
ídiú an chaipitil sheasta;
—
cánacha eile ar tháirgeadh;
—
fóirdheontais eile ar tháirgeadh;
—
foirmiú ollchaipitil sheasta agus ceannacháin lúide diúscairtí sócmhainní neamhtháirgthe neamhairgeadais;
Tuairisceoidh na Ballstáit fostaíocht i dtionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta i mílte aonad oibre bliantúil mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
).
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.
4. Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.
5. Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.
6. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
I gcás na saintréithe a leagtar síos i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas:
1.
Limistéar coillearnaí, arna mhiondealú de réir an mhéid seo a leanas:
—
foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
—
foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
Déanfar gach ceann de na catagóirí sin a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
—
limistéar tosaigh ag tús na bliana tagartha;
—
foraoisiú agus méaduithe eile;
—
dífhoraoisiú agus laghduithe eile;
—
athaicmiú don staidreamh;
—
limistéar deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Déanfar na sonraí a thuairisciú i mílte heicteár.
2.
Toirt an adhmaid, arna miondealú de réir:
—
foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
—
foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
—
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
—
caillteanais dho-athbhunaithe;
—
athaicmiú don staidreamh;
—
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
—
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
—
athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);
—
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Déanfar na sonraí a thuairisciú i dtéarmaí adhmaid lena choirt i mílte m3.
3.
Luach an adhmaid, arna mhiondealú de réir:
—
foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar;
—
foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar;
Déanfar foraois atá ar fáil chun adhmad a sholáthar a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
—
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
—
caillteanais dho-athbhunaithe;
—
athaicmiú don staidreamh;
—
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Foraois nach bhfuil ar fáil chun adhmad a sholáthar agus coillearnach eile, déanfar iad a mhiondealú a thuilleadh de réir an mhéid seo a leanas:
—
stoc tosaigh ag tús na bliana tagartha;
—
athruithe eile (idir stoic thosaigh agus stoic dheiridh);
—
stoc deiridh ag deireadh na bliana tagartha.
Tuairisceofar na sonraí ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.
4.
I gcás na gcuntas eacnamaíoch, tuairisceofar an t-aschur dá dtagraítear i Roinn 3 de réir an mhiondealaithe seo a leanas, agus táirgí á sainiú i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:
—
plandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11) agus síolta crann foraoise (táirge 02.10.12);
—
crainn foraoise, a shainítear mar ghlan-incrimint an adhmaid i bhforaoisí saothraithe (táirge 02.10.30);
—
adhmad neamhchóirithe (táirge 02.20.1), lena n-áirítear díolacháin adhmaid as foraoisí neamhshaothraithe, ina bhfuil na nithe seo a leanas atá le tuairisciú in dhá shraith ar leith:
(i)
connadh (táirgí 02.20.14 agus 02.20.15);
(ii)
lomáin, i.e. suim na lomán adhmaid bhuaircínigh (táirge 02.20.11), lomáin adhmaid neamhbhuaircínigh seachas adhmad trópaiceach (táirge 02.20.12), agus lomáin adhmaid thrópaicigh (táirge 02.20.13);
—
táirgí fiáin-fháis nach táirgí adhmaid iad (táirge 02.30);
—
seirbhísí saintréitheacha ghníomhaíocht na foraoiseachta agus na lománaíochta a shainítear mar sheirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn aonad príomhghníomhaíochta áitiúil (APG) de chuid thionscal na foraoiseachta;
—
táirgí eile ó ghníomhaíochtaí tánaisteacha gaolmhara san APG áitiúil, amhail beacáin agus trufail (01.13.8), caora eile, torthaí den ghéineas vaccinium nach n-aicmítear in aon áit eile (01.25.19), rubar nádúrtha (01.29.10), adhmad neamhchóirithe lena n-áirítear cuaillí scoilte agus picéid (16.10.39), fioghual (20.14.72), seirbhísí anaclanna dúlra lena n-áirítear seirbhísí caomhnaithe fiadhúlra (91.04.12), agus aon táirge eile a tháirgeann APG áitiúil.
Tomhaltas idirmheánach thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar é de réir an mhiondealaithe seo a leanas, agus táirgí á sainiú i dtéarmaí aicmiú táirgí de réir gníomhaíochta leagan 2.1:
—
suim na bplandaí crann foraoise beo (táirge 02.10.11), síolta crann foraoise (táirge 02.10.12), agus crann foraoise (táirge 02.10.3) a úsáidtear chun adhmad a tháirgeadh;
—
suim an fhuinnimh agus na mbealaithe, lena n-áirítear leictreachas (táirge 35.11.10), biotáille mhótair (gásailín) (táirge 19.20.21), gás nádúrtha – leachtaithe nó i staid ghásach (táirge 06.20.10), olaí peitriliam bhealaithe agus ullmhóidí troma nach n-aicmítear in áit ar bith eile (táirge 19.20.29), agus táirgí eile dá samhail;
—
suim sheirbhísí saintréitheacha na foraoiseachta agus na lománaíochta lena n-áirítear seirbhísí plandlainne crann foraoise (táirge 02.10.2), seirbhísí tacaíochta don fhoraoiseacht (táirge 02.4), agus aon seirbhísí eile a sholáthraíonn APG áitiúil de chuid thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta;
—
earraí agus seirbhísí eile nach gcuirtear san áireamh in aon cheann d’athróga an tomhaltais idirmheánaigh thuas.
Déanfar athruithe i bhfardail thionscal na foraoiseachta agus na lománaíochta dá dtagraítear i Roinn 3 a thuairisciú de réir an mhiondealaithe seo a leanas:
—
athruithe ar obair idir lámha ar shócmhainní bitheolaíocha saothraithe;
—
athruithe eile ar fhardail.
Tuairisceofar na saintréithe ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.
5.
Déanfar sonraí maidir le coillearnach eile a thuairisciú ar bhonn deonach.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN VIII MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL
|
IARSCRÍBHINN VIII
MODÚL LE hAGHAIDH CUNTAIS FHÓIRDHEONTAIS CHOMHSHAOIL AGUS AISTRITHE DÁ SAMHAIL
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Maidir le cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail, bailíonn siad agus cuireann siad i láthair sonraí faoi aistrithe reatha agus faoi aistrithe caipitil a bheartaítear chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcosnaítear an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear táirgeadh agus úsáid táirgí comhshaoil, ar bhealach atá ag luí le coincheapa agus sainmhínithe CEC 2010.
Sainítear leis an Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú, le tarchur, agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu, ag na Ballstáit le haghaidh cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail. Úsáidtear na sonraí sin freisin chun caiteachas náisiúnta i leith chosaint an chomhshaoil a thiomsú mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV.
Roinn 2
CUMHDACH
Íocaíochtaí neamhchúitithe ón rialtas ginearálta le hearnálacha institiúideacha (laistigh den gheilleagar intíre agus leis an gcuid eile den domhan) agus ó ghníomhaithe neamhchónaitheacha (an chuid eile den domhan), chun críche an comhshaol a chosaint nó úsáid agus asbhaint acmhainní nádúrtha a laghdú, déantar iad a thaifeadadh sna cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais fhóirdheontais chomhshaoil agus aistrithe dá samhail a ullmhú de réir na saintréithe seo a leanas:
—
fóirdheontais (CEC 2010 cód D.3);
—
aistrithe reatha eile (CEC 2010 cóid D.6 agus D.7);
—
aistrithe caipitil (CEC 2010 cód D.9).
Tuairisceofar na sonraí ar fad i milliúin san airgeadra náisiúnta.
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil le haghaidh phríomh-chomhiomláin an mhodúil seo, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.
4. Is é 2023 an chéad bhliain tagartha.
5. Sa chéad tarchur sonraí, déanfaidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2022 go dtí an chéad bhliain tagartha a áireamh.
6. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n-2, n-1 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair le haghaidh na mblianta ó 2022 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2022 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí de réir an mhéid seo a leanas:
—
an earnáil institiúideach íocaíochta, mar a leanas:
—
an chuid eile den domhan;
—
an earnáil institiúideach fála, mar a leanas:
—
institiúidí neamhbhrabúsacha a fhónann do theaghlaigh;
—
an chuid eile den domhan.
▼M5
2. I gcás gach ceann de na catagóirí tuairiscithe dá dtagraítear i bpointe 1, tuairisceofar sonraí de réir grúpaí an aicmithe críoch comhshaoil (CEP) agus iad grúpáilte mar a leanas:
—
CEP 01 — Aer agus aeráid;
—
CEP 0201 — Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite;
—
CEP 0202 — Coigilt agus bainistiú fuinnimh;
—
CEP 0301 — Bainistiú fuíolluisce;
—
CEP 0302 — Coigilteas uisce agus bainistiú acmhainní uisce nádúrtha;
—
CEP 0401 — Bainistiú dramhaíola;
—
CEP 0402 — Aisghabháil agus coigilteas ábhar;
—
CEP 0501 — Cosaint ithreach, uisce dromchla agus screamhuisce;
—
CEP 0502 — Cosaint na bithéagsúlachta agus na dtírdhreach;
—
CEP 0503 — Bainistiú acmhainní foraoise;
—
CEP 06 — Torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0701, CEP 0703, CEP 0705, CEP 0707, CEP 0709 — T&F maidir le hastaíochtaí aeir a laghdú agus a rialú, bainistiú fuíolluisce, bainistiú dramhaíola, ithir, dromchla, screamhuisce agus bithéagsúlacht agus torann agus radaíocht;
—
Suim CEP 0702, CEP 0704, CEP 0706, CEP 0708 – T&F le haghaidh fuinnimh, bainistiú acmhainní uisce, aisghabháil agus coigilteas ábhar agus bainistiú foraoise;
—
CEP 08 — Críocha trasghearrtha agus comhshaoil eile.
▼M3
3.
►M5
Déanfar aistrithe is infhaighte ag corparáidí ón rialtas ginearálta agus iad grúpáilte de réir shuim rannáin uile CEP (CEP 01-08) a ghrúpáil a thuilleadh de réir aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Rev. 2 mar a leanas: ◄
—
NACE A – talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht;
—
NACE B – mianadóireacht agus cairéalacht;
—
NACE D – soláthar leictreachais, gáis, gaile agus aerchóiriúcháin;
—
NACE E – soláthar uisce, séarachas, bainistiú dramhaíola agus feabhsúchán;
—
NACE G – trádáil mórdhíola agus miondíola, deisiú mótarfheithiclí agus gluaisrothar;
—
NACE H – Iompar agus stóráil;
—
NACE I-U – ranna eile NACE.
▼M5 —————
▼M3
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.
|
|
IARSCRÍBHINN IX MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS
|
IARSCRÍBHINN IX
MODÚL LE hAGHAIDH NA gCUNTAS ÉICEACHÓRAIS
Roinn 1
CUSPÓIRÍ
Le cuntais éiceachórais cuirtear sonraí ar fáil maidir le fairsinge agus riocht na sócmhainní éiceachórais agus na seirbhísí a sholáthraíonn siad don tsochaí agus don gheilleagar. Tá na sonraí ag teacht le CCEC-CE agus tá siad comhoiriúnach leis na sonraí a thuairiscítear faoi CEC 2010.
Úsáideann cuntais éiceachórais faisnéis atá ann cheana nuair is féidir, lena n-áirítear faisnéis ó Fhaire na Cruinne, tuairisciú comhshaoil agus foinsí eile sonraí.
Roinn 2
CUMHDACH
Déantar taifead i gcuntais éiceachórais ar fhairsinge na n-éiceachóras, ar riocht na n-éiceachóras, agus ar shreafaí na seirbhísí éiceachórais.
Is éard atá i bhfairsinge an éiceachórais, méid dhromchla na n-éiceachóras. I gcuntais fairsinge éiceachóras, cumhdaítear éiceachórais talún (lena n-áirítear éiceachórais fionnuisce) agus éiceachórais mhuirí sa chríoch náisiúnta.
Is ionann riocht an éiceachórais agus cáilíocht éiceachórais a thomhaistear i dtéarmaí aibitheacha, bitheacha agus tírdhreacha, de réir chineálacha éiceachórais.
Is éard is seirbhísí éiceachórais ann na tairbhí a chuireann éiceachórais ar fáil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do ghníomhaíochtaí daonna eile. Áirítear leo sin (i) seirbhísí soláthair, (ii) seirbhísí rialála agus cothabhála, agus (iii) seirbhísí cultúir. Le cuntais seirbhísí éiceachórais, déantar taifead ar sholáthar agus úsáid iarbhír na seirbhísí éiceachórais a sholáthraíonn na héiceachórais sa chríoch náisiúnta.
Is éard is cuntais théamacha ann cuntais a eagraíonn sonraí de réir téamaí sonracha beartais, cur i gcás an bhithéagsúlacht, an t-athrú aeráide, na haigéin agus ceantair uirbeacha.
Roinn 3
LIOSTA NA SAINTRÉITHE
Déanfaidh na Ballstáit cuntais éiceachórais a ullmhú de réir na saintréithe seo a leanas:
1.
Cuntais fairsinge éiceachóras ina dtaifeadtar an dromchla agus an t-athrú ar an dromchla le haghaidh gach cineáil éiceachórais laistigh den chríoch náisiúnta. Is i mílte heicteár a thuairisceoidh na Ballstáit na cuntais fairsinge éiceachóras.
2.
Mar chomhpháirt de na cuntais fairsinge éiceachóras, beidh maitrís chomhshóiteachta ina dtaifeadtar comhshónna idir cineálacha éiceachórais idir dhá phointe ama, i heicteáir.
3.
Cuntais reachta éiceachórais ina dtaifeadtar saintréithe an éiceachórais mar a leanas:
(a)
i gcás lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile:
—
déanfar limistéir ghlasa i gcathracha agus i mbailte agus bruachbhailte cóngaracha a thuairisciú i gcéatadán den dromchla iomlán, arna ríomh le haghaidh dromchla iomlán na gcathracha agus na mbailte agus na mbruachbhailte máguaird, lena n-áirítear gach cineál éiceachórais sa limistéar sin;
—
tuairisceofar tiúchan ábhair cháithnínigh, a bhfuil trastomhas suas le 2,5 μm aige i gcathracha, in μg/m3 mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
(b)
i gcás talamh curaíochta:
—
déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtonna/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
(c)
i gcás féarthalaimh:
—
déanfar stoc carbóin orgánaigh ithreach sa bharrithir a thuairisciú i dtonna/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
(d)
i gcás talamh curaíochta agus féarthalamh le chéile:
—
déanfar innéacs éanlaithe coiteann talaimh feirme a thuairisciú mar innéacs comhiomlán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
(e)
i gcás foraoise agus coillearnaí:
—
déanfar adhmad marbh a thuairisciú i m3/ha, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
—
déanfar dlús cumhdaigh na gcrann a thuairisciú i gcéatadán, mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe;
—
innéacs na n-éan coiteann foraoise; leis an innéacs éan foraoise, tugtar tuairisc ar threochtaí i líonmhaireacht na n-éan coiteann foraoise ar fud a réimsí Eorpacha in imeacht ama; is innéacs ilchodach é a cruthaíodh ó shonraí breathnóireachta ar speicis éan saintréitheach ghnáthóga foraoise na hEorpa; tá an t-innéacs bunaithe ar liosta sonrach speiceas i ngach Ballstát;
(f)
i gcás tránna, dumhcha agus bogach cois cósta:
—
maidir leis sciar dromchla an chumhdaigh neamh-thréscaoiltigh shaorga sa limistéar cósta lena n-áirítear tránna, dumhcha agus bogaigh cósta de chineál éiceachórais, déanfar é a thuairisciú i gcéatadán mar mheán náisiúnta le haghaidh na tréimhse tuairiscithe.
Is aonaid riaracháin áitiúla iad cathracha, bailte agus bruachbhailte, agus iad á n-aicmiú de réir leibhéal na típeolaíochta uirbiúcháin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2391 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
).
4.
Cuntais seirbhísí éiceachórais ina dtaifeadtar soláthar agus úsáid seirbhísí éiceachórais i dtáblaí soláthair agus úsáide. Sa tábla soláthair, déanfar taifead ar sholáthar seirbhísí éiceachórais ó na héiceachórais go dtí na córais shocheacnamaíocha. Déanfar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an chineáil úsáide a shainmhínítear i Roinn 5 a thaifeadadh sa tábla úsáide.
Tuairisceofar na táblaí soláthair agus úsáide sna haonaid fhisiceacha seo a leanas.
(a)
Seirbhísí soláthair
—
Sainmhínítear “soláthar barr” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le fás plandaí arna neasú le méid na mbarr arna mbuain i gcás úsáidí éagsúla. Áirítear leis sin táirgeadh bia agus snáithíní, farae agus fuinneamh, agus bithmhais innilte, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, Tábla A, Ranna 1.1 agus 1.2.
—
Sainmhínítear “pailniú” mar an méid a chuireann pailneoirí fiáine le táirgeadh na mbarr dá dtagraítear sa chead fhleasc. Déanfar an rannchuidiú a thuairisciú i dtonnaí de bharra atá spleách ar phailneoirí agus is féidir a chur i leith pailneoirí fiáine, de réir an chineáil bairr i gcás na bpríomhchineál barr atá spleách ar phailneoirí, lena n-áirítear crainn torthaí, caora, trátaí, olashíolta agus “eile”.
—
Sainmhínítear “soláthar adhmaid” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le fás crann agus bithmhais adhmaid eile agus déanfar é a thuairisciú mar ghlan-incrimint in adhmad lena choirt, i mílte m3, de réir mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VII.
(b)
Seirbhísí rialála agus cothabhála
—
Sainmhínítear “scagachán aeir” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le truailleáin aeriompartha a scagadh trí truailleáin a bheith á ndeascadh, á nglacadh, á socrú agus á stóráil ag comhpháirteanna éiceachórais (go háirithe crainn). Maolaíonn sé sin éifeachtaí díobhálacha na dtruailleán. Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtonnaí ábhair cháithnínigh arna n-asú.
—
Sainmhínítear “rialú domhanda na haeráide” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le tiúchain na ngás ceaptha teasa san atmaisféar a laghdú trí charbón a bhaint (glan-cheapadh) ón atmaisféar agus trí charbón a choinneáil (stóráil) in éiceachórais. Déanfar na rannchuidithe a thuairisciú i dtéarmaí tonnaí glan-cheaptha carbóin agus tonnaí de charbón orgánach atá stóráilte in éiceachórais talún, lena n-áirítear os cionn an talaimh agus stoc faoi thalamh.
—
Sainmhínítear “rialú áitiúil na haeráide” mar an méid a chuireann an t-éiceachóras le rialú dálaí timpeallachta atmaisféaracha i limistéir uirbeacha trí fhásra a fheabhsaíonn dálaí maireachtála daoine agus a thacaíonn le táirgeadh eacnamaíoch. Sloinnfear agus tuairisceofar é mar an laghdú ar an teocht i gcathracha, a bhuí le héifeacht an fhásra uirbigh, i gcéimeanna Celsius ar laethanta os cionn 25 chéim Celsius.
(c)
Seirbhísí cultúir
—
Sainmhínítear “seirbhísí turasóireachta dúlra-bhunaithe” mar rannchuidiú an éiceachórais, go háirithe trí shaintréithe agus trí cháilíochtaí bithfhisice na n-éiceachóras, a chuireann ar chumas daoine leas a bhaint as an gcomhshaol agus taitneamh a bhaint as trí idirghníomhaíochtaí díreacha, in situ, fisiceacha agus taithíocha leis an gcomhshaol. Déanfar na rannchuidithe sin a thuairisciú i líon na bhfanachtaí thar oíche in óstáin, i mbrúnna, i láithreacha campála, etc. is féidir a chur i leith cuairteanna ar éiceachórais.
5.
Úsáidfear an tábla seo a leanas de chineálacha éiceachórais sna cuntais éiceachórais:
|
Catagóir
|
Cineál éiceachórais
|
|
1
|
Lonnaíochtaí agus limistéir shaorga eile
|
|
2
|
Talamh curaíochta
|
|
3
|
Féarthalamh (féaraigh, féarthalamh leathnádúrtha agus nádúrtha)
|
|
4
|
Foraois agus coillearnach
|
|
5
|
Fraochmhánna agus tor
|
|
6
|
Éiceachórais fásra scáinte
|
|
7
|
Bogaigh intíre
|
|
8
|
Aibhneacha agus canálacha
|
|
9
|
Lochanna agus taiscumair
|
|
10
|
Ionraoin mhuirí agus uiscí trasdultacha
|
|
11
|
Tránna, dumhcha agus bogaigh cois cósta
|
|
12
|
Éiceachórais mhuirí (uiscí cósta, uiscí scairbhe agus aigéan oscailte)
|
Roinn 4
AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHUIR
1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur:
—
gach 3 bliana le haghaidh cuntais fairsinge éiceachóras agus cuntais reachta éiceachórais; déanfar tagairt sna sonraí do mheán ionadaíoch le haghaidh na bliana tagartha, agus don mhaitrís chomhshóiteachta a léiríonn an t-athrú sna 3 bliana idir 2 bhliain tagartha;
—
ar bhonn bliantúil, ar choinníoll go gcuireann an Coimisiún (Eurostat) uirlisí samhaltúcáin ar fáil chun seirbhísí éiceachórais a ríomh le haghaidh cuntais seirbhísí éiceachórais. in éagmais na n-uirlisí sin, gach 3 bliana i dtaca le cuntais seirbhísí éiceachórais.
2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 24 mhí ó dheireadh na bliana tagartha.
3. Chun riachtanais úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin i leith iomláin an Aontais a chur ar fáil, agus sin chomh luath agus a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le tíortha. I ngach cás inar féidir, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin le haghaidh sonraí nár tharchuir Ballstáit laistigh den spriocdháta a shonraítear i bpointe 2 a ullmhú agus a fhoilsiú.
4. Is é 2024 an chéad bhliain tagartha. I gcás na maitríse comhshóiteachta, is é 2027 an chéad bhliain tagartha.
5. Sa chéad tarchur sonraí, is in aonaid fhisiceacha a áireoidh na Ballstáit sonraí ó 2024 maidir le cuntais fairsinge agus cuntais reachta agus maidir le táblaí soláthair agus úsáide i dtaca le seirbhísí éiceachórais. A mhéid a bhaineann leis an maitrís comhshóiteachta, léireoidh na sonraí na hathruithe idir 2024 agus 2027.
6. Le gach tarchur sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh Ballstáit sonraí cuntas seirbhísí, fairsinge agus reachta éiceachóras le haghaidh na mblianta n-3 agus n, inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Déanfaidh na Ballstáit sonraí a chur isteach an athuair ó 2024 ar aghaidh tráth ar bith a athbhreithnítear na sonraí. Féadfaidh na Ballstáit aon sonraí atá ar fáil le haghaidh na mblianta roimh 2024 a sholáthar.
Roinn 5
TÁBLAÍ TUAIRISCITHE
1. Cuntais fairsinge éiceachóras: maidir le gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí sa chéad tarchur le haghaidh na chéad bhliana tagartha. I gcás gach tarchuir sonraí ina dhiaidh sin, déanfar na sonraí a thuairisciú mar a leanas:
—
fairsinge sa bhliain tagartha roimhe sin;
—
fairsinge sa bhliain tagartha reatha.
Tuairisceoidh an mhaitrís chomhshóiteachta idir gach cineál éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3 idir an bhliain tagartha roimhe sin agus an bhliain tagartha reatha.
2. Cuntais seirbhísí éiceachórais: le haghaidh cuntais seirbhísí éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar sonraí i dtáblaí soláthair agus úsáide mar a leanas:
(a)
tábla soláthair ina dtaifeadtar soláthar bliantúil na seirbhísí dá dtagraítear i Roinn 3 de réir gach cineáil éiceachórais dá dtagraítear i Roinn 3, ach amháin catagóirí 10 agus 12;
(b)
tábla úsáide ina dtaifeadtar úsáid seirbhísí éiceachórais de réir an mhiondealaithe seo a leanas:
—
tomhaltas idirmheánach na dtionscal;
—
tomhaltas deiridh an rialtais;
—
tomhaltas deiridh teaghlach;
3. Ní bheidh oibleagáid ar Bhallstát sonraí a thuairisciú más rud é nach mó a dhromchla talún iomlán ná 0,3 % de dhromchla talún iomlán an Aontais.
Roinn 6
UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ
Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchuir, uasré na hidirthréimhse.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|