+13. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i dtreoirlínte na nÚdarás Faireacháin CSTE maidir le …
|
13. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i dtreoirlínte na nÚdarás Faireacháin CSTE maidir le …
De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i dtreoirlínte na nÚdarás Faireacháin CSTE maidir le rialachas inmheánach2 , de réir mar is infheidhme, ba cheart do chomhlacht bainistíochta institiúide creidmheasa nó airgeadais ina fheidhm mhaoirseachta: - a) a bheith ar an eolas ar thorthaí an mheasúnaithe riosca ML/TF ar fud na gnólachta;
- b) maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar a mhéad atá beartais agus nósanna imeachta AML/CFT leordhóthanach agus éifeachtach i bhfianaise na rioscaí ML/TF a bhfuil an institiúid creidmheasa nó airgeadais neamhchosanta orthu agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar bearta feabhais nuair is gá;
- c) uair sa bhliain ar a laghad, athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil ghníomhaíochta an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT agus nuashonruithe eatramhacha a fháil níos minice maidir le gníomhaíochtaí a fhágann an institiúid creidmheasa nó airgeadais neamhchosanta ar rioscaí ML/TF níos airde;
- d) uair sa bhliain ar a laghad, measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú éifeachtach na feidhme comhlíonta AML/CFT, lena n-áirítear trí chonclúidí aon iniúchtaí inmheánacha agus/nó seachtracha a bhaineann le AML/CFT a d’fhéadfadh a bheith déanta a chur san áireamh, lena n-áirítear maidir le hoiriúnacht na n-acmhainní daonna agus teicniúla a leithdháiltear ar an oifigeach comhlíonta AML/CFT.
2 Treoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/EU: EBA/GL/2021/05; Treoirlínte ESMA ar ghnéithe áirithe de riachtanais na feidhme comhlíonta MiFID II: ESMA35-36-1946; Treoirlínte EIOPA ar an gcóras rialachais: EIOPA-BoS-14/253 EN
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|