1. Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a meastar faoin dlí náisiúnta go bhfuil leas leordhóthanach acu nó iadsan a measann gur sáraíodh a gcearta, beidh siad i dteideal gearáin chuí-réasúnaithe a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcás ina measann siad, ar bhonn imthosca oibiachtúla, nach gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch, iompróir de chuid an Aontais, iompróir nach iompróir de chuid an Aontais é nó seoltóir, oibreoir, gníomhaire nó máistir soithigh farraige an Rialachán seo.
Chun críocha na chéad fhomhíre, measfar go bhfuil leas leordhóthanach ag eintitis neamhrialtasacha nó eagraíochtaí a chuireann cosaint shláinte an duine nó cosaint an chomhshaoil chun cinn nó iadsan a chuireann cosaint tomhaltóirí chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta.