+9.1 Critéir ghinearálta
---+127. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cúramach agus cuimsitheach a dhéanamh ar na …
---+128. Tá sé mar aidhm ag an CAM a leagtar síos anseo treoir a thabhairt do mheasúnú na n-údarás …
---+129. Chun críocha na ranna seo, agus go comhsheasmhach le mír 13, cumhdaítear sa chreat rialachais …
---+130. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint chuimsitheach a bhaint amach ar an gcaoi a n-eagraítear …
---+131. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go samhlaíonn na doiciméid iarratais socruithe …
---+132. Ba cheart go gcuirfí san áireamh i ndéine mheasúnú na n-údarás inniúil ar cheanglais …
---+133. Ba cheart go mbeadh an measúnú bunaithe ar na doiciméid agus an fhaisnéis a chuirfidh an …
|
9.1 Critéir ghinearálta
9.1 Critéir ghinearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
127. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cúramach agus cuimsitheach a dhéanamh ar na …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú cúramach agus cuimsitheach a dhéanamh ar na socruithe, na próisis agus na sásraí a bhaineann le rialachas inmheánach na hinstitiúide creidmheasa iarrathaí, agus iad ag cuimhneamh, de bhun Airteagal 10(2) CRD, i gcás go mainneoidh an institiúid sin bainistíocht riosca fhónta agus éifeachtach a thaispeáint, ba cheart d’údaráis inniúla deonú an údaraithe a dhiúltú.
|
|
128. Tá sé mar aidhm ag an CAM a leagtar síos anseo treoir a thabhairt do mheasúnú na n-údarás …
|
Tá sé mar aidhm ag an CAM a leagtar síos anseo treoir a thabhairt do mheasúnú na n-údarás inniúil ar na doiciméid iarratais a bhaineann le socruithe rialachais inmheánaigh, struchtúr oibríochta, beartais agus próisis. Sa CAM, tugtar treoir ar na príomhghnéithe agus na gnéithe atá le measúnú ag na húdaráis inniúla chun an t-údarú a dheonú agus tá sé gan dochar do chur i bhfeidhm codanna breise de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach (an dara hathbhreithniú)27 , na Treoirlínte ÚBE agus ESMA maidir le hoiriúnacht bhaill an chomhlachta bainistíochta agus sealbhóirí príomhfheidhm a mheas (athbhreithnithe)28 , Treoirlínte an ÚBE ar luach saothair (athbhreithnithe)29 , Treoirlínte an ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe agus30 Treoirlínte an ÚBE maidir le TFC agus bainistíocht riosca urrúis.31 Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag measúnú na n-údarás inniúil comhlíonadh na hinstitiúide creidmheasa leis na Treoirlínte UBÉ dá dtagraítear.
27 ÚBE/GL/2021/05 an 2 Iúil 2021, ar fáil ar https://www.eba.europa.eu/guidelines-internal-governance-second-revision 28 ÚBE/GL/2021/06 an 2 Iúil 2021, ar fáil ar https://www.eba.europa.eu/joint-esma-and-eba-guidelines-assessment-suitability-members-management-body-revised 29 ÚBE/GL/2021/04 an 2 Iúil 2021, ar fáil arhttps://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/remuneration/guidelines-on-sound-remuneration-policies-second-revision 30 ÚBE/GL/2019/02 an 25 Feabhra 2019, ar fáil ar https://eba.europa.eu/regulation-and-policy/internal-governance/guidelines-on-outsourcing-arrangements 31 ÚBE/GL/2019/04 an 29 Samhain 2019, ar fáil ar https://eba.europa.eu/regulation-and-policy/internal-governance/guidelines-on-ict-and-security-risk-management
|
|
129. Chun críocha na ranna seo, agus go comhsheasmhach le mír 13, cumhdaítear sa chreat rialachais …
|
Chun críocha na ranna seo, agus go comhsheasmhach le mír 13, cumhdaítear sa chreat rialachais, go háirithe an creat rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear an creat bainistíochta riosca, an riosca ML/TF freisin agus ba cheart é a mheas ar aon dul le Treoirlínte an ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF32 agus leordhóthanacht bheartais agus nósanna imeachta AML/CFT na n-institiúidí creidmheasa iarrthacha á meas.
32 ÚBE/GL/2021/02 an 1 Márta 2021, ar fáil arhttps://www.eba.europa.eu/regulation-and-policy/anti-money-laundering-and-e-money/revised-guidelines-on-ml-tf-risk-factors
|
|
130. Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint chuimsitheach a bhaint amach ar an gcaoi a n-eagraítear …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla tuiscint chuimsitheach a bhaint amach ar an gcaoi a n-eagraítear an institiúid creidmheasa agus dearcadh soiléir ar a struchtúr rialachais agus oibríochta, chomh maith le socruithe, próisis agus sásraí eile, ar cheart a bheith dea-dheartha. Ba cheart go mbeadh trealamh leordhóthanach ag an iarratasóir ionas go measfaí go bhfuil an cumas aige na gníomhaíochtaí spriocdhírithe a dhéanamh ar bhealach fónta stuama.
|
|
131. Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go samhlaíonn na doiciméid iarratais socruithe …
|
Ba cheart go mbeadh údaráis inniúla sásta go samhlaíonn na doiciméid iarratais socruithe, próisis agus meicníochtaí a léiríonn go leordhóthanach go bhfuil sásraí rialachais soiléire, trédhearcacha agus láidre ann lena gcinnteofar cinnteoireacht éifeachtach agus dea-rialachas, agus go ndéantar na cumhachtaí agus na freagrachtaí a leithdháileadh go soiléir ar gach leibhéal na heagraíochta agus i measc na gcomhlachtaí rialaithe.
|
|
132. Ba cheart go gcuirfí san áireamh i ndéine mheasúnú na n-údarás inniúil ar cheanglais …
|
Ba cheart go gcuirfí san áireamh i ndéine mheasúnú na n-údarás inniúil ar cheanglais rialachais inmheánaigh na critéir comhréireachta atá leagtha amach i míreanna 17 - 21 de na Treoirlínte seo agus próifíl riosca aonair an iarratasóra.
|
|
133. Ba cheart go mbeadh an measúnú bunaithe ar na doiciméid agus an fhaisnéis a chuirfidh an …
|
Ba cheart go mbeadh an measúnú bunaithe ar na doiciméid agus an fhaisnéis a chuirfidh an institiúid creidmheasa iarrthach isteach de bhun, go háirithe, Airteagal 1, litir l), Airteagal 4, litreacha (g) agus (h) agus Airteagal 5(1), litreacha (b ) go (f) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe agus aon doiciméad breise a iarrann an t-údarás inniúil de réir Airteagal 10(1) den RTS sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|