+9.2 Comhlacht bainistíochta
---+134. Tá sé i gceist ag na Treoirlínte glacadh le gach struchtúr boird atá ann agus ní thacaíonn …
---+135. Ba cheart d’údaráis inniúla an t-iarratas a athbhreithniú, go háirithe na hairteagail …
---+136. De réir Airteagal 46(4) de Threoir 2015/849 (AMLD), ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú …
---+137. De réir Airteagal 13(1), an dara fo-mhír, ba cheart d’údaráis inniúla CRD baill chomhlacht …
---+138. Nuair is infheidhme, ba cheart d’údaráis inniúla na príomhfheidhmeannaigh a chur faoi réir …
---+139. Ba cheart measúnú oiriúnachta den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis na Treoirlínte ÚBE agus …
|
9.2 Comhlacht bainistíochta
9.2.1 Comhlacht bainistíochta i bhfeidhm bainistíochta agus comhlacht bainistíochta i bhfeidhm maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
134. Tá sé i gceist ag na Treoirlínte glacadh le gach struchtúr boird atá ann agus ní thacaíonn …
|
Tá sé i gceist ag na Treoirlínte glacadh le gach struchtúr boird atá ann agus ní thacaíonn siad le haon struchtúr ar leith. Ní chuireann siad isteach ar leithdháileadh ginearálta inniúlachtaí de réir dhlí náisiúnta na gcuideachtaí. Dá réir sin, ba cheart iad a chur i bhfeidhm beag beann ar struchtúr an bhoird a úsáidtear (struchtúr aonadach agus/nó débhoird agus/nó struchtúr eile) ar fud na mBallstát. Ba cheart a thuiscint go bhfuil feidhmeanna bainistíochta (feidhmiúcháin) agus maoirseachta (neamhfheidhmiúcháin) ag an gcomhlacht bainistíochta, mar a shainmhínítear i bpointí (7) agus (8) d’Airteagal 3(1) de Threoir 2013/36/AE33 .
33 Mír 8 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach. Féach freisin ar aithris 56 de Threoir 2013/36/AE.
|
|
135. Ba cheart d’údaráis inniúla an t-iarratas a athbhreithniú, go háirithe na hairteagail …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla an t-iarratas a athbhreithniú, go háirithe na hairteagail chomhlachais nó doiciméid bhunreachtúla choibhéiseacha eile34 agus téarmaí tagartha an chomhlachta bainistíochta35 , agus a bheith sásta go gumhdaítear go leordhóthanach sna doiciméid róil agus freagrachtaí an chomhlachta bainistíochta, trína ndéantar idirdhealú idir dualgais na feidhme bainistíochta (feidhmiúcháin) agus na feidhme maoirseachta (neamhfheidhmiúcháin). Ar aon dul leis seo, ba cheart d’údaráis inniúla go háirithe: - (a) a fhíorú go bhfuil freagracht deiridh agus fhoriomlán ag an gcomhlacht bainistíochta ar an institiúid agus go ndéanann siad na socruithe rialachais laistigh den institiúid a shainiú, a mhaoirsiú agus a bheith cuntasach as a chinntiú go ndéantar bainistíocht éifeachtach agus stuama ar an institiúid36 ;
- (b) a bheith sásta go bhfuil na freagrachtaí a chuirtear ar an gcomhlacht bainistíochta37 lena n-áirítear cur chun feidhme na nithe seo a leanas a leagan síos, a cheadú agus a mhaoirsiú: a) an straitéis ghnó fhoriomlán agus príomhbheartais na hinstitiúide creidmheasa; b) an straitéis riosca fhoriomlán, lena n-áirítear inghlacthacht riosca na hinstitiúide creidmheasa, a creat bainistíochta riosca agus bearta chun a chinntiú go gcaitheann an comhlacht bainistíochta dóthain ama ar shaincheisteanna riosca agus ar chomhlíonadh a feidhme; c) creat rialachais inmheánaigh agus rialaithe inmheánaigh leordhóthanach agus éifeachtach ina gcuimsítear struchtúr eagraíochtúil soiléir agus feidhmeanna dea-fheidhmiúla, neamhspleácha bainistíochta riosca inmheánaí, comhlíonta agus iniúchta a bhfuil údarás, stádas agus acmhainní leordhóthanacha acu chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh; d) creat rialachais inmheánaigh agus rialaithe inmheánaigh leordhóthanach agus éifeachtach, chun comhlíonadh na gceanglas is infheidhme a chinntiú, lena n-áirítear i gcomhthéacs cosc a chur ar sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta; e) méideanna, cineálacha agus dáileadh caipitil inmheánaigh agus caipitil rialála araon chun rioscaí na hinstitiúide a chumhdach go leordhóthanach; f) spriocanna do bhainistíocht leachtachta na hinstitiúide;
- g) beartas luach saothair mar a thuairiscítear i míreanna 170 agus 171; h) socruithe maidir le hoiriúnacht, comhdhéanamh, éifeachtúlacht agus pleanáil chomharbais aonair agus comhchoiteann an chomhlachta bainistíochta ; i) próiseas measúnaithe roghnúcháin agus oiriúnachta do phríomhfheidhmeannaigh38 ; j) socruithe atá dírithe ar fheidhmiú inmheánach gach coiste den chomhlacht bainistíochta a chinntiú, nuair a bhunófar é39 ; k) cultúr riosca ina dtugtar aghaidh ar fheasacht riosca agus ar iompar riosca na hinstitiúide;
- l) cultúr agus luachanna corparáideacha a chothaíonn iompar freagrach agus eiticiúil, lena n-áirítear cód iompair nó ionstraim dá shamhail; m) beartas coinbhleachta leasa ar leibhéal institiúideach agus foirne; agus n) socruithe atá dírithe ar shláine na gcóras cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais a chinntiú, lena n-áirítear rialuithe airgeadais agus oibríochta agus comhlíonadh an dlí agus na gcaighdeán ábhartha;
- (c) a bheith sásta go samhlaítear san iarratas agus é ag socrú, ag ceadú agus ag déanamh maoirseachta ar chur chun feidhme na gcúraimí dá dtagraítear i litir (b) thuas, gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag an gcomhlacht bainistíochta samhail ghnó inbhuanaithe a chinntiú trína gcuirtear gach riosca san áireamh, lena n-áirítear rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais;
- (d) a bheith sásta go samhlaítear sna doiciméid iarratais ábhartha socruithe atá dírithe ar a chinntiú go ndéantar measúnuithe oiriúnachta aonair agus comhchoiteanna an chomhlachta bainistíochta go héifeachtach, go sainítear róil agus freagrachtaí an chathaoirligh go soiléir, go bhfuil comhdhéanamh agus pleanáil chomharbais an chomhlachta bainistíochta oiriúnach, agus go gcomhlíonfaidh an comhlacht bainistíochta a fheidhmeanna go héifeachtach, i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach agus Treoirlínte an ÚBE ar mheasúnú oiriúnachta ;
- (e) a mheas go gcuirfear de chúram ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm bainistíochta na straitéisí a bhunaíonn an comhlacht bainistíochta a chur chun feidhme agus plé a dhéanamh go rialta ar chur chun feidhme agus oiriúnacht na straitéisí sin leis an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta. Ba cheart go dtabharfaí cumhacht don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm bainistíochta dúshlán cuiditheach a thabhairt agus tograí, mínithe agus faisnéis a fhaightear a athbhreithniú go criticiúil agus a breithiúnas á fheidhmiú agus cinntí á ndéanamh faoi straitéis na hinstitiúide;40
- (f) a bheith sásta, gan dochar do na freagrachtaí a shanntar faoin dlí náisiúnta cuideachta is infheidhme, gur cheart go n-áireofaí ar chúraimí an chomhlachta bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta41 : a) maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar chinnteoireacht agus ar ghníomhartha bainistíochta agus maoirseacht éifeachtach ar an gcomhlacht bainistíochta a sholáthar ina fheidhm bainistíochta, lena n-áirítear faireachán agus grinnscrúdú a dhéanamh ar a fheidhmíocht aonair agus chomhchoiteann agus straitéis agus cuspóirí na hinstitiúide a chur chun feidhme; b) éifeachtacht chreat rialachais inmheánaigh na hinstitiúide creidmheasa a chinntiú agus a mheasúnú ar bhonn tréimhsiúil agus céimeanna iomchuí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar aon easnaimh aitheanta; c) maoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach cuspóirí straitéiseacha, struchtúr eagrúcháin agus straitéis riosca na hinstitiúide creidmheasa, lena n-áirítear a hinghlacthacht riosca agus a creat bainistíochta riosca, chomh maith le beartais eile (e.g. beartas luach saothair) agus an creat um nochtadh; d) faireachán a dhéanamh ar cibé an gcuirtear nó nach gcuirtear cultúr riosca na hinstitiúide creidmheasa i bhfeidhm go comhsheasmhach; e) maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar chothabháil cód iompair nó ar bheartais chomhchosúla agus éifeachtacha chun coinbhleachtaí leasa iarbhír agus féideartha a aithint, a bhainistiú agus a mhaolú; f) maoirseacht a dhéanamh ar shláine na faisnéise airgeadais agus an tuairiscithe, agus an chreata rialaithe inmheánaigh, lena n-áirítear creat bainistíochta riosca éifeachtach agus fónta; g) a chinntiú go bhfuil ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh in ann gníomhú go neamhspleách agus go ndéanann siad amhlaidh, beag beann ar an bhfreagracht tuairisciú chuig comhlachtaí inmheánacha eile, chuig línte gnó nó chuig aonaid, go bhféadfaidh siad imní a ardú agus rabhadh a thabhairt don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta go díreach, nuair is gá, nuair a théann forbairtí riosca díobhálacha i bhfeidhm ar an institiúid nó a bhféadfadh tionchar a bheith acu uirthi; agus h) faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean iniúchta inmheánaigh, tar éis do na coistí riosca agus iniúchta a bheith rannpháirteach roimh ré, i gcás ina mbunófar na coistí sin;
- (g) a fhíorú go n-áirítear sna doiciméid iarratais ábhartha a bhaineann leis na coistí a bhunófar a gcomhcheangal, a gcomhdhéanamh, a ról agus a leithdháileadh dualgas agus tascanna idir coistí speisialaithe an chomhlachta bainistíochta, de réir fhorálacha ábhartha Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach .
34 Curtha isteach de bhun an RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe. 35 Curtha isteach de bhun an RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe. 36 Mír 19 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach. 37 Féach mír 22 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach. 38 Mar a shainmhínítear i dTreoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach , is é an bhrí atá leis an nath ‘príomhshealbhóir feidhme’ ná ‘daoine a bhfuil tionchar suntasach acu ar threoir na hinstitiúide ach nach bhfuil ina mbaill den chomhlacht bainistíochta agus nach iad an POF. Áirítear leo ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh agus an CFO, i gcás nach baill iad den chomhlacht bainistíochta, agus, i gcás ina n-aithníonn institiúidí iad trí chur chuige riosca-bhunaithe, príomhfheidhmeannaigh. D’fhéadfadh go mbeadh ceannairí línte suntasacha gnó, brainsí an Limistéir Eacnamaíoch Eorpaigh / Comhlachas Saorthrádála na hEorpa, fochuideachtaí tríú tír agus feidhmeanna inmheánacha eile san áireamh’. Féach freisin ar Threoirlínte Comhpháirteacha maidir le hoiriúnacht chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta agus príomhfheidhmeannaigh a mheas. 39 De réir mhír 22(i) de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach , ba cheart go sonrófaí sna socruithe sin ‘i. ról, comhdhéanamh agus tascanna de gach ceann acu; ii. sreabhadh faisnéise iomchuí, lena n-áirítear doiciméadú moltaí agus conclúidí, agus línte tuairiscithe idir gach coiste agus an comhlacht bainistíochta, údaráis inniúla agus páirtithe eile’. 40 Féach mír 30 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach. 41 Féach mír 34 de Threoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach.
|
|
136. De réir Airteagal 46(4) de Threoir 2015/849 (AMLD), ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú …
|
De réir Airteagal 46(4) de Threoir 2015/849 (AMLD), ba cheart d’údaráis inniúla a fhíorú freisin go samhlaítear sna doiciméid iarratais go n-aithneofar an ball den chomhlacht bainistíochta a bheidh freagrach as na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a chur chun feidhme, a bheidh riachtanach chun ceanglais AML/CTF a chomhlíonadh. 9.2.2 Measúnú oiriúnachta ar an gcomhlacht bainistíochta agus ar na príomhfheidhmeannaigh
|
|
137. De réir Airteagal 13(1), an dara fo-mhír, ba cheart d’údaráis inniúla CRD baill chomhlacht …
|
De réir Airteagal 13(1), an dara fo-mhír, ba cheart d’údaráis inniúla CRD baill chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa a chur faoi réir measúnú oiriúnachta agus ba cheart dóibh diúltú do dheonú an údaraithe i gcás nach gcomhlíonann siad na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 91(1) CRD.
|
|
138. Nuair is infheidhme, ba cheart d’údaráis inniúla na príomhfheidhmeannaigh a chur faoi réir …
|
Nuair is infheidhme, ba cheart d’údaráis inniúla na príomhfheidhmeannaigh a chur faoi réir measúnaithe oiriúnachta, mar a shainmhínítear i dTreoirlínte an ÚBE ar rialachas inmheánach .
|
|
139. Ba cheart measúnú oiriúnachta den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis na Treoirlínte ÚBE agus …
|
Ba cheart measúnú oiriúnachta den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir leis na Treoirlínte ÚBE agus ESMA ar mheasúnú oiriúnachta an chomhlachta bainistíochta agus na bpríomhfheidhmeannach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|