+5.4 Ról an choiste riosca
---+59. Sa chás go mbunófar a leithéid, ba cheart don choiste riosca an méid seo a leanas ar a laghad a …
---+60. Ba cheart don choiste riosca comhoibriú le coistí eile a bhféadfadh tionchar a bheith ag a …

5.4 Ról an choiste riosca

5.4 Ról an choiste riosca

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
59. Sa chás go mbunófar a leithéid, ba cheart don choiste riosca an méid seo a leanas ar a laghad a …

Sa chás go mbunófar a leithéid, ba cheart don choiste riosca an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

  • a. comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta maidir lena fheidhm mhaoirseachta i ndáil le straitéis riosca fhoriomlán an ghnólachta infheistíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus i ndáil leis an inghlacthacht riosca atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus cabhrú leis an gcomhlacht bainistíochta a bhfuil maoirseacht á déanamh aige ar chur chun feidhme na straitéise sin, a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir le cuspóirí gnó, cultúr corparáideach agus luachanna an ghnólachta infheistíochta;
  • b. cúnamh a thabhairt don chomhlacht bainistíochta agus é i mbun a fheidhme maoirseachta maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta agus maidir leis na teorainneacha comhfhreagracha a leagan síos;
  • c. maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí maidir le bainistiú caipitil agus leachtachta agus ar gach riosca ábhartha eile de chuid gnólachta infheistíochta, amhail rioscaí do chliaint, rioscaí don mhargadh, rioscaí do ghnólachtaí, riosca oibriúcháin (lena n-áirítear rioscaí dlíthiúla agus TF) agus riosca do chlú d’fhonn measúnú a dhéanamh ar a leordhóthanacht in aghaidh na straitéise riosca formheasta agus na hinghlacthachta riosca;
  • d. moltaí a sholáthar don chomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta le haghaidh coigeartuithe riachtanacha ar an straitéis riosca a eascraíonn, inter alia, as athruithe ar shamhail ghnó an ghnólachta infheistíochta, as forbairtí margaidh nó as moltaí arna ndéanamh ag an bhfeidhm bainistíochta riosca;
  • e. comhairle a chur ar fáil maidir le sainchomhairleoirí seachtracha a cheapadh a chinnfidh an fheidhm mhaoirseachta a bheidh le húsáid le haghaidh comhairle nó tacaíochta;
  • f. athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt cásanna a d’fhéadfadh tarlú, lena n-áirítear cásanna i ndálaí anáis, chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a rachadh próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta i ngleic le teagmhais sheachtracha agus inmheánacha;
  • g. maoirseacht a dhéanamh ar an ailíniú idir na hionstraimí agus na seirbhísí airgeadais ábhartha uile a thairgtear do chliaint agus samhail ghnó agus straitéis riosca an ghnólachta infheistíochta. Ba cheart don choiste riosca, sa chás go mbunaítear a leithéid, measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na hionstraimí airgeadais agus na seirbhísí airgeadais a thairgtear agus ba cheart dó an t-ailíniú idir na praghsanna arna sannadh do na táirgí agus na seirbhísí sin agus na brabúis a gnóthaíodh as na táirgí agus na seirbhísí sin a chur san áireamh; agus
  • h. na moltaí ó iniúchóirí inmheánacha nó seachtracha a mheasúnú agus obair leantach a dhéanamh maidir le cur chun feidhme iomchuí na mbeart a glacadh.
60. Ba cheart don choiste riosca comhoibriú le coistí eile a bhféadfadh tionchar a bheith ag a …

Ba cheart don choiste riosca comhoibriú le coistí eile a bhféadfadh tionchar a bheith ag a ngníomhaíochtaí ar an straitéis riosca (e.g. an coiste luacha saothair, sa chás gur ann dá leithéid) agus cumarsáid a dhéanamh go rialta le feidhmeanna rialaithe inmheánaigh an ghnólachta infheistíochta, go háirithe an fheidhm bainistíochta riosca.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/