+6.1 An creat eagrúcháin
---+61. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta gnólacht infheistíochta struchtúr eagrúcháin agus …
---+62. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil na hacmhainní iomchuí airgeadais …
---+63. Níor cheart go gcuirfeadh struchtúr an ghnólachta infheistíochta bac ar chumas an chomhlachta …
---+64. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta measúnú a dhéanamh bunaithe ar cibé acu atá nó nach …

6.1 An creat eagrúcháin

6.1 An creat eagrúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
61. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta gnólacht infheistíochta struchtúr eagrúcháin agus …

Ba cheart do chomhlacht bainistíochta gnólacht infheistíochta struchtúr eagrúcháin agus oibríochtúil a bheidh oiriúnach agus trédhearcach a áirithiú don ghnólacht infheistíochta sin agus ba cheart tuairisc i scríbhinn a bheith aige maidir leis. Ba cheart go mbeadh bainistiú éifeachtach agus stuama an ghnólachta infheistíochta á chur chun cinn agus a léiriú ag an leibhéal aonair agus ag an leibhéal comhdhlúite.

62. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil na hacmhainní iomchuí airgeadais …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta a áirithiú go bhfuil na hacmhainní iomchuí airgeadais agus daonna ag na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh chomh maith leis na cumhachtaí chun a ról a chomhlíonadh go héifeachtach. Ar a laghad, ba cheart don fheidhm chomhlíonta feidhmiú go neamhspleách, lena n-áirítear cúraimí a leithscaradh go hiomchuí. Ba cheart go mbeadh na línte tuairiscithe agus leithdháileadh freagrachtaí, go háirithe i measc príomhshealbhóirí eochairfheidhmeanna, laistigh den ghnólacht infheistíochta soiléir, dea-shainithe, comhleanúnach, infheidhmithe agus doiciméadaithe go cuí. Ba cheart an doiciméadacht a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is cuí.

63. Níor cheart go gcuirfeadh struchtúr an ghnólachta infheistíochta bac ar chumas an chomhlachta …

Níor cheart go gcuirfeadh struchtúr an ghnólachta infheistíochta bac ar chumas an chomhlachta bainistíochta maoirseacht agus bainistíocht éifeachtach a dhéanamh ar na rioscaí atá os comhair an ghnólachta infheistíochta nó an ghrúpa ná ar chumas an údaráis inniúil maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar an ngnólacht infheistíochta.

64. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta measúnú a dhéanamh bunaithe ar cibé acu atá nó nach …

Ba cheart don chomhlacht bainistíochta measúnú a dhéanamh bunaithe ar cibé acu atá nó nach bhfuil tionchar, agus conas, ag athruithe ábhartha ar struchtúr an ghrúpa (e.g. fochuideachtaí, cumaisc agus éadálacha nua a bhunú, díol nó foirceannadh codanna den ghrúpa, nó forbairtí seachtracha), ar fhóntacht chreat eagraíochtúil an ghnólachta infheistíochta. I gcás ina sainaithnítear laigí, ba cheart don chomhlacht bainistíochta aon choigeartuithe is gá a dhéanamh go tapa.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/