+7 Creat eagrúcháin i gcomhthéacs grúpa
---+77. I gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) …
---+78. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta fochuideachta atá faoi réir Threoir (AE) 2019/2034 na …
---+79. Ag an leibhéal comhdhlúite, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go …
---+80. Ba cheart do mháthairghnóthas de chuid an Aontais leas a fhochuideachtaí uile a mheas, agus an …
---+81. Ba cheart do mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus a fhochuideachtaí a áirithiú go …
---+82. Ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh socruithe, próisis agus …
---+83. Tá feidhm ag ceanglais rialachais Threoir 2019/2034/AE agus na forálacha sna treoirlínte sin …
---+84. Nuair a bhíonn beartais agus socruithe rialachais á mbunú, ba cheart do ghnólachtaí …

7 Creat eagrúcháin i gcomhthéacs grúpa

7 Creat eagrúcháin i gcomhthéacs grúpa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
77. I gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) …

I gcomhréir le hAirteagal 25 de Threoir (AE) 2019/2034 agus le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/2033, agus mura gcuireann na húdaráis inniúla Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2019/2033 i bhfeidhm, ba cheart do mháthairghnóthais an Aontais agus a bhfochuideachtaí atá faoi réir Threoir (AE) 2019/2034 a áirithiú go bhfuil na socruithe, próisis agus sásraí rialachais comhsheasmhach agus comhtháite ar bhonn comhdhlúite. Chuige sin, ba cheart do ghnóthais agus d’fhochuideachtaí a thagann faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta socruithe, próisis agus sásraí den sórt sin a chur chun feidhme ina bhfochuideachtaí nach bhfuil faoi réir Threoir (AE) 2019/2034, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i dtríú tíortha lena n-áirítear in ionaid airgeadais amach ón gcósta – chun socruithe daingne rialachais a áirithiú ar bhonn comhdhlúite. Ba cheart d’fheidhmeanna inniúla laistigh den mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus dá fhochuideachtaí sonraí agus faisnéis a idirghníomhú agus a mhalartú de réir mar is iomchuí. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe, próisis agus sásraí rialachais go bhfuil a dhóthain sonraí agus faisnéise ag máthairghnóthas de chuid an Aontais agus go bhfuil sé in ann measúnú a dhéanamh ar phróifíl riosca an ghrúpa mar a shonraítear i Roinn 6.2.

78. Ba cheart do chomhlacht bainistíochta fochuideachta atá faoi réir Threoir (AE) 2019/2034 na …

Ba cheart do chomhlacht bainistíochta fochuideachta atá faoi réir Threoir (AE) 2019/2034 na beartais rialachais ghrúpa arna mbunú ag an leibhéal comhdhlúite a ghlacadh agus a chur chun feidhme ag an leibhéal aonair, ar bhealach a chomhlíonann na ceanglais shonracha uile faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta.

79. Ag an leibhéal comhdhlúite, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go …

Ag an leibhéal comhdhlúite, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go gcloíonn gach gnólacht infheistíochta agus eintiteas eile laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta leis na beartais rialachais ghrúpa agus leis an gcreat rialaithe inmheánaigh dá dtagraítear i dTeideal V, lena n-áirítear a fhochuideachtaí nach bhfuil faoi réir Threoir (AE) 2019/2034. Nuair a bhíonn beartais rialachais á gcur chun feidhme aige, ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go bhfuil socruithe rialachais láidre i bhfeidhm le haghaidh gach fochuideachta agus ba cheart machnamh a dhéanamh ar shocruithe, próisis agus sásraí sonracha sa chás nach bhfuil gníomhaíochtaí gnó eagraithe in eintitis dhlíthiúla ar leithligh ach laistigh de mhaitrís de línte gnó lena gcuimsítear roinnt eintiteas dlíthiúil.

80. Ba cheart do mháthairghnóthas de chuid an Aontais leas a fhochuideachtaí uile a mheas, agus an …

Ba cheart do mháthairghnóthas de chuid an Aontais leas a fhochuideachtaí uile a mheas, agus an chaoi a gcuireann straitéisí agus beartais le leas gach fochuideachta agus le leas an ghrúpa ina iomláine san fhadtéarma.

81. Ba cheart do mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus a fhochuideachtaí a áirithiú go …

Ba cheart do mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus a fhochuideachtaí a áirithiú go gcomhlíonann na gnólachtaí infheistíochta agus na heintitis laistigh den ghrúpa na ceanglais rialála sonracha uile in aon dlínse ábhartha.

82. Ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh socruithe, próisis agus …

Ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go mbeidh socruithe, próisis agus sásraí rialachais i bhfeidhm ag fochuideachtaí atá bunaithe i dtríú tíortha agus a áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta agus atá comhsheasmhach le beartais rialachais ghrúpa agus a chomhlíonann ceanglais Airteagal 25 go hAirteagal 32 de Threoir (AE) 2019/2034 agus na treoirlínte sin, fad is nach bhfuil sé sin neamhdhleathach faoi dhlíthe an tríú tír.

83. Tá feidhm ag ceanglais rialachais Threoir 2019/2034/AE agus na forálacha sna treoirlínte sin …

Tá feidhm ag ceanglais rialachais Threoir 2019/2034/AE agus na forálacha sna treoirlínte sin maidir le gnólachtaí infheistíochta atá lonnaithe san AE, neamhspleách ar iad a bheith ina bhfochuideachtaí de mháthairghnóthas i dtríú tír. Sa chás gur máthairghnóthas de chuid an Aontais í fochuideachta AE de chuid máthairghnóthais i dtríú tír, ní áirítear i raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta laistigh den AE leibhéal an mháthairghnóthais infheistíochta atá lonnaithe i dtríú tír agus fochuideachtaí díreacha eile de chuid an mháthairghnóthais sin. Ba cheart don mháthairghnóthas de chuid an Aontais a áirithiú go ndéanfar beartas rialachais ghrúpa an mháthairghnóthais infheistíochta i dtríú tír a chur san áireamh ina bheartas rialachais féin sa mhéid nach mbeidh sé sin ag teacht salach ar na ceanglais a leagtar amach faoi dhlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear Treoir (AE) 2019/2034 agus na sonraíochtaí breise faoi na treoirlínte seo.

84. Nuair a bhíonn beartais agus socruithe rialachais á mbunú, ba cheart do ghnólachtaí …

Nuair a bhíonn beartais agus socruithe rialachais á mbunú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh. Cé gur féidir beartais agus doiciméadacht a áireamh i ndoiciméid ar leithligh, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a machnamh a dhéanamh ar iad a chur le chéile nó tagairt a dhéanamh dóibh i gcreatdoiciméad rialachais aonair.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/