+19 Feidhm chomhlíonta
---+183. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta feidhm chomhlíonta bhuan agus éifeachtach a bhunú chun …
---+184. Féadfar ról an oifigigh um chomhlíonadh, ag cur prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach …
---+185. Ba cheart go mbeadh a ndóthain eolais, scileanna agus taithí ag comhaltaí foirne laistigh den …
---+186. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta, agus é i mbun a fheidhme maoirseachta, maoirseacht a …
---+187. Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm chomhlíonta comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir …
---+188. Ba cheart go gcinnteodh an fheidhm chomhlíonta go ndéantar monatóireacht ar chomhlíonadh trí …
---+189. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh …
---+190. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go ndéanfaidh a bhfochuideachtaí agus a …
|
19 Feidhm chomhlíonta
19 Feidhm chomhlíonta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
183. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta feidhm chomhlíonta bhuan agus éifeachtach a bhunú chun …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta feidhm chomhlíonta bhuan agus éifeachtach a bhunú chun riosca comhlíonta a bhainistiú, agus ba cheart dóibh duine a cheapadh a bheidh freagrach as an bhfeidhm sin ar fud an ghnólachta infheistíochta ar fad (oifigeach um chomhlíonadh). Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an fheidhm chomhlíonta, na beartais agus na nósanna imeachta i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/565 ón gCoimisiún agus le treoirlínte ESMA maidir leis an bhfeidhm chomhlíonta.
|
|
184. Féadfar ról an oifigigh um chomhlíonadh, ag cur prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach …
|
Féadfar ról an oifigigh um chomhlíonadh, ag cur prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach i dTeideal I san áireamh, a chomhcheangal le ceann RMF nó, sa chás nach bhfuil sé comhréireach duine a cheapadh a bheith tiomanta don fheidhm seo amháin, is féidir le duine sinsearach eile an fheidhm a chur i gcrích (e.g. ceann dlí), ar choinníoll nach bhfuil aon choinbhleacht leasa idir na cúraimí a chuirtear i gcrích.
|
|
185. Ba cheart go mbeadh a ndóthain eolais, scileanna agus taithí ag comhaltaí foirne laistigh den …
|
Ba cheart go mbeadh a ndóthain eolais, scileanna agus taithí ag comhaltaí foirne laistigh den fheidhm chomhlíonta maidir le comhlíonadh agus nósanna imeachta ábhartha, agus ba cheart go mbeadh rochtain acu ar chúrsaí oiliúna go rialta.
|
|
186. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta, agus é i mbun a fheidhme maoirseachta, maoirseacht a …
|
Ba cheart don chomhlacht bainistíochta, agus é i mbun a fheidhme maoirseachta, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beartais um chomhlíonadh atá doiciméadaithe go maith, agus ba cheart eolas maidir leis an mbeartas sin a roinnt le gach comhalta foirne. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta próiseas a bhunú chun measúnú rialta a dhéanamh ar athruithe ar an dlí agus ar na rialacháin is infheidhme maidir lena ngníomhaíochtaí.
|
|
187. Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm chomhlíonta comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir …
|
Ba cheart go gcuirfeadh an fheidhm chomhlíonta comhairle ar an gcomhlacht bainistíochta maidir le bearta a bheidh le déanamh chun comhlíonadh na ndlíthe, na rialacha, na rialachán agus na gcaighdeán is infheidhme a áirithiú, agus ba cheart go ndéanfadh sí measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon athruithe sa timpeallacht dhlíthiúil nó rialála ar ghníomhaíochtaí agus ar chreat um chomhlíonadh an ghnólachta infheistíochta.
|
|
188. Ba cheart go gcinnteodh an fheidhm chomhlíonta go ndéantar monatóireacht ar chomhlíonadh trí …
|
Ba cheart go gcinnteodh an fheidhm chomhlíonta go ndéantar monatóireacht ar chomhlíonadh trí chlár monatóireachta comhlíonta struchtúrtha agus dea-shainithe agus go gcomhlíontar an beartas comhlíonta. Ba cheart don fheidhm chomhlíonta tuairisciú don chomhlacht bainistíochta agus cumarsáid a dhéanamh, de réir mar is iomchuí, le RMF maidir le riosca comhlíonta an ghnólachta infheistíochta agus maidir lena bhainistiú. Ba cheart don fheidhm chomhlíonta agus do RMF comhoibriú agus faisnéis a mhalartú de réir mar is iomchuí chun a gcuid cúraimí faoi seach a chur i gcrích. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta agus do RMF torthaí na feidhme comhlíonta a chur san áireamh sna próisis chinnteoireachta.
|
|
189. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh in aghaidh iompraíochta inmheánaí nó seachtraí lena bhféadfaí calaois, ML/TF nó coireacht airgeadais eile agus sáruithe smachta a éascú nó a chumasú (e.g. sáruithe ar nósanna imeachta inmheánacha nó sáruithe ar theorainneacha).
|
|
190. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go ndéanfaidh a bhfochuideachtaí agus a …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú go ndéanfaidh a bhfochuideachtaí agus a mbrainsí bearta chun a áirithiú go bhfuil a gcuid oibríochtaí i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin áitiúla. Má chuireann dlíthe agus rialacháin áitiúla bac ar chur i bhfeidhm nósanna imeachta níos déine agus córas comhlíonta atá á gcur chun feidhme ag an ngrúpa, go háirithe má chuireann siad cosc ar nochtadh agus ar mhalartú faisnéise riachtanaí idir eintitis laistigh den ghrúpa, ba cheart d’fhochuideachtaí agus do bhrainsí an t-oifigeach um chomhlíonadh nó ceann comhlíonta an mháthairghnóthais de chuid an Aontais a chur ar an eolas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|