+7.5 Gníomhaíochtaí maoirseachta comhordaithe
---+89. Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta agus do mhaoirseoirí AML/CFT breithniú a dhéanamh ar …
---+90. I gcás ina sainaithnítear réimsí leasa fhrithpháirtigh, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta …
---+91. I gcás ina mbeidh gníomhaíocht chomhordaithe mhaoirseachta á cur ar bun, ba cheart do …
|
7.5 Gníomhaíochtaí maoirseachta comhordaithe
Maoirseoirí stuamachta agus maoirseoirí AML/CFT
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
89. Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta agus do mhaoirseoirí AML/CFT breithniú a dhéanamh ar …
|
Ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta agus do mhaoirseoirí AML/CFT breithniú a dhéanamh ar réimsí leasa fhrithpháirtigh a shainaithint i gcás inarb iomchuí agus a ngníomhaíochtaí maoirseachta laistigh den láthair agus lasmuigh den láthair á bpleanáil acu.
|
|
90. I gcás ina sainaithnítear réimsí leasa fhrithpháirtigh, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta …
|
I gcás ina sainaithnítear réimsí leasa fhrithpháirtigh, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta agus do mhaoirseoirí AML/CFT breithniú a dhéanamh ar an gcineál comhair is iomchuí chun gníomhaíochtaí maoirseachta comhordaithe a bhunú, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí agus lena bhfreagrachtaí maoirseachta faoi seach, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh: - a. freastal frithpháirteach ar chruinnithe le hionadaithe institiúide;
- b. rannpháirtíocht fhrithpháirteach in athbhreithnithe téamacha; agus
- c. rannpháirtíocht fhrithpháirteach in athbhreithnithe lasmuigh den láthair nó in iniúchtaí ar an láthair.
|
|
91. I gcás ina mbeidh gníomhaíocht chomhordaithe mhaoirseachta á cur ar bun, ba cheart do …
|
I gcás ina mbeidh gníomhaíocht chomhordaithe mhaoirseachta á cur ar bun, ba cheart do mhaoirseoirí stuamachta agus do mhaoirseoirí AML/CFT teacht ar chomhaontú maidir leis na módúlachtaí comhair, lena n-áirítear, ar a laghad: - a. nádúr agus cineál na gníomhaíochta a bheidh le déanamh ag gach maoirseoir faoi seach;
- b. uainiú na hoibre atá le déanamh agus leithdháileadh beartaithe na n-acmhainní maoirseachta;
- c. na rialacha mionsonraithe chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú le linn na gníomhaíochta comhordaithe a roinnt, agus na torthaí mar thoradh ar an ngníomhaíocht;
- d. an próiseas chun na torthaí ón ngníomhaíocht chomhordaithe agus sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann a láimhseáil;
- e. na roghanna maidir le bearta leantacha comhordaithe, más ann dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|