+16. Maidir le beartais inmheánacha, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in …
|
16. Maidir le beartais inmheánacha, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in …
Maidir le beartais inmheánacha, rialuithe agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear in Airteagal 8(3) agus in Airteagal 8(4) de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart do chomhlacht bainistíochta institiúide creidmheasa nó airgeadais an méid seo a leanas a dhéanamh: - a) an struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil iomchuí agus éifeachtach a chur chun feidhme is gá chun an straitéis AML/CFT arna glacadh ag an gcomhlacht bainistíochta a chomhlíonadh, ag tabhairt aird ar leith ar an údarás leordhóthanach agus ar oiriúnacht na n-acmhainní daonna agus teicniúla arna leithdháileadh ar fheidhm an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT, lena n-áirítear an gá atá le haonad AML/CFT tiomnaithe chun cabhrú leis an oifigeach comhlíonta AML/CFT;
- b) a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm beartais agus nósanna imeachta inmheánacha AML/CFT;
- c) athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil ghníomhaíochta an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT, go bliantúil ar a laghad;
- d) tuairisciú AML/CFT atá leordhóthanach, tráthúil agus mionsonraithe go leor don údarás inniúil a áirithiú;
- e) i gcás ina ndéantar feidhmeanna oibríochtúla an oifigigh um chomhlíonadh AML/CFT a sheachfhoinsiú, a áirithiú go gcomhlíontar treoirlínte Údarás Faireacháin CSTE ar shocruithe seachfhoinsithe3 agus treoirlínte Údarás Faireacháin CSTE ar rialachas inmheánach4 , i gcás inarb infheidhme, agus go bhfaighidh sé tuairisciú rialta ón soláthraí seirbhíse chun an comhlacht bainistíochta a chur ar an eolas.
4.1.3 An comhalta den chomhlacht bainistíochta atá freagrach as AML/CFT a shainaithint
3 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe: EBA/GL/2019/02; Treoirlínte ÚEÁPC maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: EIOPA-BoS-20-002; Treoirlínte ESMA maidir le seachfhoinsiú chuig soláthraithe néalríomhaireachta seirbhíse: ESMA50-157-2403 4 Treoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/EU, EBA/GL/2021/05 amhail an 2 Iúil 2021
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|