+2.4 Comhréireacht agus rannpháirtíocht mhaoirseachta
---+47. Ba cheart d'údaráis inniúla prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm maidir le raon …
---+48. Maidir le minicíocht ghné na rannpháirtíochta maoirseachta den chomhréireacht, nuair a bhíonn …
---+49. Sa chás go gcinneann údaráis inniúla go bhfuil próifílí riosca comhchosúla ag gnólachtaí …
---+50. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil scór foriomlán SREP de 4 acu, gnólachtaí …
---+51. Beag beann ar an méid ama atá caite ó rinneadh an SREP deiridh, ba cheart d'údaráis inniúla …
---+52. Nuair a bhíonn gníomhaíochtaí SREP á bpleanáil, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a …
---+53. Chomh fada is a bhaineann le raon feidhme na comhréireachta, nuair a bhíonn an SREP á reáchtáil …
---+54. Nuair a bhíonn gach measúnú ar na gnéithe SREP ar fad curtha i gcrích, féadfaidh údaráis …
---+55. D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí …
---+56. D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí …
---+57. D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí …
---+58. Maidir le gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha a bhfuil critéir Airteagal …
|
2.4 Comhréireacht agus rannpháirtíocht mhaoirseachta
2.4 Comhréireacht agus rannpháirtíocht mhaoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
47. Ba cheart d'údaráis inniúla prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm maidir le raon …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm maidir le raon feidhme, minicíocht agus déine na rannpháirtíochta maoirseachta agus an t-idirphlé le gnólacht infheistíochta agus ionchais mhaoirseachta na gcaighdeán ar cheart don ghnólacht infheistíocht é a chomhlíonadh, de réir chatagóir an ghnólachta infheistíochta a bhfuil cur síos déanta uirthi i dTábla 2 thíos.
|
|
48. Maidir le minicíocht ghné na rannpháirtíochta maoirseachta den chomhréireacht, nuair a bhíonn …
|
Maidir le minicíocht ghné na rannpháirtíochta maoirseachta den chomhréireacht, nuair a bhíonn gníomhaíochtaí SPRE á bpleanáil, ba cheart d’údaráis inniúla cloí le samhail íosleibhéil rannpháirtíochta, mar atá sonraithe sna fo-chaibidlí seo agus leanas agus i dTábla 2.
|
|
49. Sa chás go gcinneann údaráis inniúla go bhfuil próifílí riosca comhchosúla ag gnólachtaí …
|
Sa chás go gcinneann údaráis inniúla go bhfuil próifílí riosca comhchosúla ag gnólachtaí infheistíochta, féadfaidh siad measúnuithe téamacha SREP a dhéanamh ar roinnt gnólachtaí infheistíochta éagsúla ó mheasúnú aonair (féadfar BMA a dhéanamh ar gach gnólacht infheistíochta beag a fhaigheann agus a dhéanann orduithe a bhaineann le líon beag aicmí sócmhainní, ar an mbonn gur dócha go sainaithneofar na saincheisteanna céanna maidir le hinmharthanacht gnó le haghaidh na ngnólachtaí infheistíochta go léir). Chomh maith leis sin, féadfaidh údaráis inniúla modheolaíochtaí saincheaptha a úsáid chun SREP a chur i bhfeidhm do ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil próifílí riosca comhchosúla acu.
|
|
50. Maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil scór foriomlán SREP de 4 acu, gnólachtaí …
|
Maidir le gnólachtaí infheistíochta a bhfuil scór foriomlán SREP de 4 acu, gnólachtaí infheistíochta a bhfuil scór foriomlán SREP de 3 acu, bunaithe ar na torthaí ó mheasúnuithe a rinneadh roimhe sin ar ghnéithe SREP, ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le leibhéal breise rannpháirtíochta, cás inar cheart go mbeadh gá le níos mó acmhainní maoirseachta fairsinge agus minicíocht níos airde measúnaithe (ar bhonn sealadach ar a laghad), beag beann ar an gcatagóir ina bhfuil an ghnólacht infheistíochta. Ag féachaint do mhinicíocht íosta an mheasúnaithe ar gach gné SREP atá sonraithe sna fo-chaibidlí ina dhaidh seo agus i dTábla 2, d'fhéadfaí go gclúdófaí sna measúnuithe níos minice gnéithe sonracha SREP 10 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch 1). 11 Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla ar dhrochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L 173, 12.6.2014, lch 179). 12 Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a gceadaítear dóibh a gcuid urrús a thrádáil ar mhargadh rialaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch 38). 14 sa chás nach mór aird ar leith a dhíriú mar gheall ar riosca níos airde nó an measúnú iomlán SREP.
|
|
51. Beag beann ar an méid ama atá caite ó rinneadh an SREP deiridh, ba cheart d'údaráis inniúla …
|
Beag beann ar an méid ama atá caite ó rinneadh an SREP deiridh, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú nua a dhéanamh má tá ceann amháin ar a laghad de na cásanna seo i ndiaidh tarlú: - a. nuair a bhíonn faireachán á dhéanamh ar na príomhtháscairí, tugtar athrú suntasach faoi deara i gcomparáid le dáta tagartha an mheasúnaithe deiridh a rinneadh ar gach gné SREP;
- b. tá faisnéis phoiblí dhiúltach á scaipeadh maidir leis an ngnólacht infheistíochta a thugann le fios go bhfuil riosca suntasach féideartha ann (i gcomhthéacs riosca do chlú, riosca iompair, slándáil TF);
- c. tá cúiseanna eile ag údaráis inniúla le creidiúint go bhfuil athrú suntasach tagtha ar shamhail ghnó nó próifíl riosca an ghnólacht infheistíochta ó dháta tagartha an mheasúnaithe deiridh a rinneadh ar gach gné SREP.
|
|
52. Nuair a bhíonn gníomhaíochtaí SREP á bpleanáil, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a …
|
Nuair a bhíonn gníomhaíochtaí SREP á bpleanáil, ba cheart d’údaráis inniúla aird ar leith a thabhairt ar ghníomhaíochtaí a chomhordú le páirtithe eile a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu leis an measúnú, go háirithe nuair is gá ionchur ón ngnólacht infheistíochta agus/nó ó údaráis inniúla eile a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar ghrúpaí trasteorann mar atá sonraithe i dTeideal 11.
|
|
53. Chomh fada is a bhaineann le raon feidhme na comhréireachta, nuair a bhíonn an SREP á reáchtáil …
|
Chomh fada is a bhaineann le raon feidhme na comhréireachta, nuair a bhíonn an SREP á reáchtáil trí na treoirlínte seo a chur i bhfeidhm, ba cheart d'údaráis inniúla a chur san áireamh nach bhfuil na gnéithe difriúla, gnéithe modheolaíocha agus comhpháirteanna measúnaithe atá sonraithe i dTeideal 4, 5, 6 agus 8 chomh hábhartha céanna i gcás gach gnólacht infheistíochta. Ba cheart d'údaráis inniúla, más cuí, leibhéil ghráinneachta éagsúla a chur i bhfeidhm ar an measúnú ag brath ar an gcatagóir a bhfuil an gnólacht infheistíochta sannta di agus ar bhealach atá oiriúnach do mhéid agus do shamhail ghnó an ghnólachta infheistíochta, agus nádúr, scála agus castacht na ngníomhaíochtaí.
|
|
54. Nuair a bhíonn gach measúnú ar na gnéithe SREP ar fad curtha i gcrích, féadfaidh údaráis …
|
Nuair a bhíonn gach measúnú ar na gnéithe SREP ar fad curtha i gcrích, féadfaidh údaráis inniúla toradh an mheasúnaithe fhoriomláin SREP a roinnt leis an ngnólacht infheistíochta agus ba cheart dóibh an méid seo a leanas a sholáthar: - a. ceanglaítear go mbeidh níos mó ná na ceanglais atá sonraithe i gCuid a Dó, Trí agus Ceathair de Rialachán (AE) 2019/2033 de réir Airteagal 39(2)(a) de Threoir (AE) 2019/2034 luaite i ráiteas maidir le cainníocht agus comhdhéanamh chistí dílse an ghnólachta infheistíochta;
- b. ráiteas maidir le cainníocht agus comhdhéanamh chistí dílse an ghnólachta infheistíocht de réir Airteagal 41 de Threoir (AE) 2019/2034;
- c. ráiteas maidir leis an leachtacht atá sealbhaithe agus aon cheanglais leachtachta shonracha atá sonraithe ag na húdaráis inniúla de réir Airteagal 42 de Threoir (AE) 2019/2034;
15 - d. ráiteas maidir le bearta maoirseachta eile atá beartaithe ag an údarás inniúil a dhéanamh.
2.4.1 Catagóir 1 gnólachtaí infheistíochta
|
|
55. D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí …
|
D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí infheistíochta chatagóir 1 a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla: - a. faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí ar bhonn ráithiúil;
- b. na measúnuithe ar na gnéithe aonair uile de chuid SREP a nuashonrú uair amháin gach dhá bhliain ar a laghad;
- c. rannpháirtíocht agus idirphlé leanúnach a chinntiú le comhlacht bainistíocht agus foireann bhainistíochta shinsearach an ghnólachta infheistíochta.
2.4.2 Catagóir 2 gnólachtaí infheistíochta
|
|
56. D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí …
|
D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí infheistíochta chatagóir 2 a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla: - a. faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí ar bhonn ráithiúil;
- b. na measúnuithe ar na gnéithe aonair uile de chuid SREP a nuashonrú gach trí bliana ar a laghad;
- c. rannpháirtíocht le comhlacht bainistíochta agus foireann bhainistíochta shinsearach an ghnólachta infheistíochta ar a laghad ag an minicíocht chéanna leis an measúnú ar gach gné SREP.
2.4.3 Catagóir 3 gnólachtaí infheistíochta
|
|
57. D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí …
|
D’fhonn minicíocht iomchuí na ngníomhaíochtaí maoirseachta a bhaineann le SREP do ghnólachtaí infheistíochta chatagóir 3 a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla: - a. faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí ar bhonn ráithiúil;
- b. an measúnú ar gach gné SREP a dhéanamh i bhfianaise faisnéise ábhartha nua a thagann chun cinn maidir leis an riosca cuí, agus a áirithiú go bhfuil raon feidhme agus doimhneacht an athbhreithnithe curtha in oiriúint do phróifíl riosca sonrach an ghnólachta infheistíochta;
- c. rannpháirtíocht le comhlacht bainistíochta agus foireann bhainistíochta shinsearach an ghnólachta infheistíochta ar a laghad ag an minicíocht chéanna leis an measúnú ar gach gné SREP.
Más cuí, féadfaidh údaráis inniúla minicíochtaí íosta rialta a shainiú don mheasúnú ar gach gné SREP le haghaidh na ngnólachtaí infheistíochta ar fad i gcatagóir 3 nó le haghaidh fothacair de na gnólachtaí infheistíochta. 16 2.4.4 Gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha
|
|
58. Maidir le gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha a bhfuil critéir Airteagal …
|
Maidir le gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-idirnasctha a bhfuil critéir Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 á gcomhlíonadh acu, ba cheart d'údaráis inniúla: - a. faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí ar bhonn bliantúil;
- b. an measúnú ar gach gné SREP a dhéanamh i bhfianaise faisnéise ábhartha nua a thagann chun cinn maidir leis an riosca cuí, agus a áirithiú go bhfuil raon feidhme agus doimhneacht an athbhreithnithe curtha in oiriúint do phróifíl riosca sonrach an ghnólachta infheistíochta;
- c. rannpháirtíocht agus idirphlé le comhlacht bainistíochta an ghnólachta infheistíochta agus leis an bhfoireann bhainistíochta shinsearach nuair a mheastar gur cuí agus go háirithe i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar ghnéithe SREP nuair a dhéantar a leithéid.
Tábla 2. SREP a chur i bhfeidhm i gcatagóirí difriúla de ghnólachtaí infheistíochta Faireachán ar Measúnú ar gach gné Íosleibhéal rannpháirtíochta / Catagóir phríomhthá SREP idirphlé scairí | 1 Ráithiúil | 2 bhliain | Idirphlé leanúnach leis an gcomhlacht bainistíochta agus leis an bhfoireann bhainistíochta shinsearach. Rannpháirtíocht bunaithe ar theagmhais leis an gcomhlacht bainistíochta agus leis an bhfoireann | | 2 Ráithiúil | 3 bliana Bunaithe ar theagmhas (le raon feidhme agus doimhneacht an | bhainistíochta shinsearach, ag an minicíocht chéanna le measúnú SREP ar a laghad. Rannpháirtíocht bunaithe ar theagmhais leis an gcomhlacht bainistíochta agus leis an bhfoireann | | 3 Ráithiúil | athbhreithnithe curtha in oiriúint do phróifíl riosca sonrach an ghnólachta infheistíochta) | bhainistíochta shinsearach, ag an minicíocht chéanna le measúnú SREP ar a laghad. | | Tá eolas maidir le gnólachtaí infheistíochta beaga agus neamh-Go bliantúil idirnasctha le fáil in Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) 2019/2033 | Bunaithe ar theagmhas (le raon feidhme agus doimhneacht an athbhreithnithe curtha in oiriúint do phróifíl riosca sonrach an ghnólachta infheistíochta) | Rannpháirtíocht bunaithe ar theagmhais leis an gcomhlacht bainistíochta agus leis an bhfoireann bhainistíochta shinsearach, ag an minicíocht chéanna le measúnú SREP ar a laghad. 17 |
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|