+11.1 SREP a chur i bhfeidhm ar ghrúpaí trasteorann
---+417. Nuair a bhíonn SREP agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm ar ghrúpaí gnólachtaí …
---+418. De réir raon feidhme chur i bhfeidhm na dtreoirlínte mar atá sonraithe i dTeideal 1: 23 …
---+419. I gcás ina gcuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm ar fhochuideachtaí de chuid grúpa …
---+420. Ba cheart go bhfeidhmeodh torthaí aon mheasúnaithe tosaigh den sórt sin ar ghnéithe SREP, lena …
---+421. Tar éis an phlé faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí, ba cheart do na húdaráis inniúla a …
---+422. Ba cheart do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas seo a leanas a phlé agus a chomhordú …
|
11.1 SREP a chur i bhfeidhm ar ghrúpaí trasteorann
11.1 SREP a chur i bhfeidhm ar ghrúpaí trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
417. Nuair a bhíonn SREP agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm ar ghrúpaí gnólachtaí …
|
Nuair a bhíonn SREP agus na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm ar ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta, ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht an ghrúpa ina iomláine, agus ar a eintitis aonair, agus iarracht a dhéanamh dúbailt gan ghá ceanglas maoirseachta a sheachaint. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bpróiseas a roinnt ina dhá chéim: (1) déanann údaráis inniúla measúnú tosaigh ar eintitis faoina maoirseacht dhíreach, agus (2) comhordaíonn údaráis inniúla an measúnú, sa chás go bhfuil a leithéid bunaithe laistigh de chreat choláistí na maoirseoirí de bhua cheanglais Airteagal 48(2) agus Airteagal 49 de Threoir (AE) 2019/2034.
|
|
418. De réir raon feidhme chur i bhfeidhm na dtreoirlínte mar atá sonraithe i dTeideal 1: 23 …
|
De réir raon feidhme chur i bhfeidhm na dtreoirlínte mar atá sonraithe i dTeideal 1: 23 EBA/RTS/2021/06 maidir leis na coláistí maoirseoirí do ghrúpaí gnólachtaí infheistíochta 24 Coláistí AML/CFT mar a shainítear iad sna Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le comhar agus malartú faisnéise chun críche Threoir (AE) 2015/849 idir údaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais (“Treoirlínte maidir le Coláistí AML/CFT”). 130 - a. ba cheart do mhaoirseoirí comhdhlúthacháin an measúnú tosaigh a dhéanamh ar an máthairghnóthas agus ar an ngrúpa gnólachtaí infheistíochta ag leibhéal comhdhlúite; agus
- b. ba cheart d'údaráis inniúla an measúnú tosaigh a dhéanamh ar na heintitis atá faoina maoirseacht (aonair, nó fo-chomhdhlúite, i gcás inarb ábhartha).
|
|
419. I gcás ina gcuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm ar fhochuideachtaí de chuid grúpa …
|
I gcás ina gcuirtear na treoirlínte seo i bhfeidhm ar fhochuideachtaí de chuid grúpa trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla d’fhochuideachtaí, nuair a bhíonn a measúnú tosaigh á dhéanamh acu, gnólachtaí infheistíochta a mheas go príomha ar bhonn aonair, i.e. an tsamhail ghnó, an straitéis, rialachas agus rialuithe inmheánacha, rioscaí do chaipiteal agus leachtacht, agus leordhóthanacht chaipitil agus leachtachta eintitis a mheas ar an tslí chéanna is a dhéanfaidís le haghaidh gnólacht infheistíochta neamhspleách. Ba cheart go n-áireofaí sna torthaí ó mheasúnuithe tosaigh dá leithéid, más cuí, sainaithint príomhleochaileachtaí i gcomhthéacs an ghrúpa, a bhféadfadh baint a bheith acu leis an méid a bhfuil gnólacht infheistíochta ag brath ar a mháthairghnóthas/máthairghrúpa le haghaidh tacaíocht mhaoinithe, chaipitil agus theicneolaíoch. Sna measúnuithe tosaigh a dhéantar ar bhonn aonair, ba cheart d'údaráis inniúla machnamh a dhéanamh freisin ar láidreachtaí agus ar fhachtóirí maolaitheacha a bhaineann leis an eintiteas a bheith ag feidhmiú mar chuid den ghrúpa, a d'fhéadfadh a bheith nasctha le tacaíocht theicniúil don ghrúpa agus le socruithe maidir le tacaíocht airgeadais.
|
|
420. Ba cheart go bhfeidhmeodh torthaí aon mheasúnaithe tosaigh den sórt sin ar ghnéithe SREP, lena …
|
Ba cheart go bhfeidhmeodh torthaí aon mheasúnaithe tosaigh den sórt sin ar ghnéithe SREP, lena n-áirítear, má shainaithnítear iad, tuairimí maidir le príomhspleáchais an mháthairghnóthas/an mháthairghrúpa, mar ionchur sna measúnaithe agus ba cheart do na húdaráis inniúla iad a phlé faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí a bunaíodh de bhua cheanglais Airteagal 48 de Threoir (AE) 2019/2034.
|
|
421. Tar éis an phlé faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí, ba cheart do na húdaráis inniúla a …
|
Tar éis an phlé faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí, ba cheart do na húdaráis inniúla a measúnuithe SREP faoi seach a thabhairt chun críche, agus na coigeartuithe is gá a dhéanamh bunaithe ar thorthaí an phlé leis an gcoláiste.
|
|
422. Ba cheart do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas seo a leanas a phlé agus a chomhordú …
|
Ba cheart do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas seo a leanas a phlé agus a chomhordú faoi chuimsiú choláistí na maoirseoirí: - a. pleanáil, lena n-áirítear minicíocht, agus amlínte chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla SREP don ghrúpa comhdhlúite;
- b. sonraí maidir le cur i bhfeidhm na dtagarmharcanna a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe SREP;
- c. cur chuige maidir le measúnú agus scóráil fochatagóirí rioscaí ina n-aonar, i gcás inar sainaithníodh fochatagóirí den sórt sin mar fhochatagóirí ábhartha;
131 - d. ionchur a cheanglaítear ar an ngnólacht infheistíochta a sholáthar ag leibhéal comhdhlúite agus eintitis chun an measúnú ar ghnéithe SREP a dhéanamh;
- e. torthaí an mheasúnaithe, lena n-áirítear na scóir SREP a sannadh do ghnéithe éagsúla, agus an measúnú foriomlán SREP agus an scór foriomlán SREP ag leibhéal comhdhlúite agus eintitis. Nuair a bhíonn an measúnú ar rioscaí aonair do chaipiteal agus leachtacht á bplé, ba cheart d’údaráis inniúla díriú ar na rioscaí a shainaithnítear mar rioscaí ábhartha do na heintitis faoi seach;
- f. impleachtaí stuamachta trasteorann a bhaineann le rioscaí agus ábhair imní ML/TF; agus
- g. bearta pleanáilte maoirseachta agus luath-idirghabhála, más ábhartha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|