+Tuairisciú inmheánach
---+63. Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus …
---+64. Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá …
---+65. Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha IRRBB mar aon le dóthain sonraí …
---+66. Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha IRRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus na …
---+67. Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó …
---+68. Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí …
---+69. Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar …

Tuairisciú inmheánach

Tuairisciú inmheánach

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
63. Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus …

Ba cheart do chórais inmheánacha tuairisciú ar rioscaí institiúidí eolas tráthúil, beacht agus cuimsitheach maidir le neamhchosaintí ar IRRBB a sholáthar. Ba cheart tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil gach ráithe ar a laghad.

64. Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá …

Ba cheart na tuarascálacha inmheánacha a chur ar fáil don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí mar aon le heolas ag leibhéil ábhartha chomhiomlánaithe (bunaithe ar leibhéal comhdhlúthacháin agus airgeadra), agus athbhreithniú a dhéanamh orthu go rialta. Ba cheart go mbeadh leibhéal eolais le fáil sna tuarascálacha atá curtha in oiriúint don leibhéal bainistíochta ábhartha (e.g., comhlacht bainistíochta, foireann bhainistíochta shinsearach) agus do staid shonrach na hinstitiúide agus na timpeallachta eacnamaíche.

65. Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha IRRBB mar aon le dóthain sonraí …

Ba cheart go mbeadh eolas comhiomlán le fáil i dtuarascálacha IRRBB mar aon le dóthain sonraí tacaíochta chun cur ar chumas an chomhlachta bainistíochta nó a thoscairí measúnú a dhéanamh ar íogaireacht na hinstitiúide d'athruithe ar dhálaí margaidh agus fachtóirí riosca tábhachtacha eile. Ba cheart go mbeadh léargas le fáil in ábhar na dtuarascálacha ar athruithe ar phróifíl riosca na hinstitiúide agus sa timpeallacht eacnamaíoch, agus ba cheart an neamhchosaint reatha a chur i gcomparáid le srianta beartais.

66. Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha IRRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus na …

Ba cheart go n-áireofaí i dtuarascálacha IRRBB, go rialta, torthaí na n-athbhreithnithe agus na n-iniúchtaí samhla mar aon le comparáidí idir réamhaisnéisí nó réamh-mheastacháin riosca a rinneadh roimhe seo agus torthaí iarbhír a bheidh mar bhonn le heolas a sholáthar faoi easnaimh shamhaltaithe a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara amach anseo. Go háirithe, ba cheart d'institiúidí measúnú a dhéanamh ar na caillteanais réamhíocaíochta samhaltaithe i gcomparáid leis na caillteanais réadaithe stairiúla. Ba cheart punanna a d'fhéadfadh a bheith faoi réir gluaiseachtaí suntasacha marcáil ón margadh a shainaithint go soiléir agus ba cheart faireachán a dhéanamh ar an tionchar laistigh de MIS na hinstitiúide agus faoi réir maoirseachta de réir aon phunann eile atá neamhchosanta ar riosca margaidh.

67. Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó …

Ainneoin go mbeidh na cineálacha tuarascálacha atá ullmhaithe don chomhlacht bainistíochta nó dá thoscairí bunaithe ar chomhdhéanamh phunann na hinstitiúide, ba cheart go n-áireofaí iontu, ag cur mír 65 agus 66 san áireamh:

  • (a) Achoimrí ar neamhchosaintí comhiomlána IRRBB na hinstitiúide, lena n-áirítear eolas maidir le neamhchosaintí ar bhearna, riosca boinn agus riosca roghanna. Ba cheart sócmhainní, dliteanais, sreafaí airgid agus straitéisí atá mar bhonn le leibhéal agus treo IRRBB a shainaithint agus a mhíniú.
  • (b) Tuarascálacha ina léirítear go bhfuil beartais agus teorainneacha á gcomhlíonadh ag an institiúid.
  • (c) Príomhthoimhdí agus paraiméadair samhaltaithe, cosúil le saintréithe taiscí neamhaibíochta (NMDanna), réamhíocaíochtaí ar iasachtaí ráta sheasta, aistarraingtí luatha taiscí ráta sheasta, tarraingt gealltanas, comhiomlánú airgeadra agus cur chuige maidir le corrlaigh thráchtála.
  • (d) Sonraí maidir le tionchar phríomhthoimhdí samhaltaithe déanta maidir le bearta IRRBB lena n-áirítear athruithe ar thoimhdí faoi chásanna éagsúla ráta úis.
  • (e) Sonraí maidir le tionchar díorthach ráta úis ar bhearta IRRBB.
  • (f) Sonraí maidir le tionchar ionstraimí cóirluacha, lena n-áirítear sócmhainní agus dliteanais Leibhéal 3, ar bhearta IRRBB.
  • (g) Torthaí tástálacha struis dá dtagraítear dóibh i rannóg 4.3.4, na turraingí dá dtagraítear dóibh i rannóg 4.3.3, na tástálacha asluiteacha maoirseachta dá dtagraítear dóibh i mír 5 d'Airteagal 98 de Threoir 2013/36/AE, agus measúnachtaí ar íogaireacht do phríomhthoimhdí agus paraiméadair; agus
  • (h) Achoimrí ar na hathbhreithnithe ar bheartais, nósanna imeachta IRRBB agus leordhóthanacht na gcóras tomhais, lena n-áirítear aon torthaí de chuid iniúchóirí inmheánacha agus seachtracha nó aon pháirtithe seachtracha comhionanna eile (cosúil le comhairleoirí).
68. Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí …

Bunaithe ar na tuarascálacha seo, ba cheart go mbeadh an comhlacht bainistíochta nó a thoscairí in ann measúnú a dhéanamh ar íogaireacht na hinstitiúide d'athruithe ar dhálaí margaidh agus fachtóirí riosca tábhachtacha eile, ag tagairt go háirithe do phunanna a d'fheádfadh a bheith faoi réir gluaiseachtaí suntasacha marcáil ón margadh.

69. Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar …

Ba cheart go gcruthódh an córas tomhais inmheánach tuarascálacha i bhformáid a chuireann ar chumas leibhéal difriúil d'fhoireann bhainistíochta na hinstitiúide na tuarascálacha a thuiscint go héasca agus cinntí oiriúnacha a dhéanamh ar bhonn tráthúil. Ba cheart glacadh leis na tuarascálacha seo mar bhonn leis an bhfaireachán rialta ar cibé acu atá nó nach bhfuil an institiúid ag feidhmiú de réir a straitéise agus cibé acu atá nó nach bhfuil glactha leis an teorainneacha maidir le riosca an ráta úis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/