+4.2 Faisnéis a fháil
---+23. I dteannta na bpointí a leagtar amach i mír 9, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus …
---+24. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú: a) go bhfuil an fhaisnéis a …
---+25. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais a mheas go bhfuil na critéir i mír 24 le …
---+26. Ba cheart na doiciméid agus an fhaisnéis a bhailítear le linn an phróisis chianaitheantais, a …
---+27. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinneadh ina mbeartais, mar atá leagtha …
---+28. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais sásraí iomchuí a chur chun feidhme agus a …
---+29. I gcás ina n-ionduchtaíónn institiúidí creidmheasa agus airgeadais cliaint ar eintitis …
---+30. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú go bhfuil gnéithe sa …
---+31. I gcás an duine nádúrtha a ghníomhaíonn thar ceann duine dlítheanach, ba cheart d’institiúidí …
---+32. Nuair a dhéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais measúnú agus, de réir mar is cuí …
|
4.2 Faisnéis a fháil
4.2.1 An cliant a shainaithint
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
23. I dteannta na bpointí a leagtar amach i mír 9, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus …
|
I dteannta na bpointí a leagtar amach i mír 9, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais an fhaisnéis is gá chun an cliant a shainaithint, na cineálacha doiciméad, sonraí, nó faisnéise a úsáidfidh an institiúid chun aitheantas an chliaint a fhíorú agus an tslí a fhíorófar an fhaisnéis sin a leagan amach ina mbeartais agus a nósanna imeachta.
|
|
24. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú: a) go bhfuil an fhaisnéis a …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú: - a) go bhfuil an fhaisnéis a fhaightear tríd an gcianréiteach ionduchtaithe cliant cothrom le dáta agus leordhóthanach chun na caighdeáin dlí agus rialála is infheidhme maidir le díchill chuí tosaigh clliaint a chomhlíonadh;
- b) go ngabhtar aon íomhánna, físeáin, fuaim agus sonraí i bhformáid inléite agus ar cháilíocht leordhóthanach ionas go mbeidh an cliant inaitheanta gan débhrí;
- c) nach leanann an próiseas sainaitheanta ar aghaidh má aimsítear easnaimh theicniúla nó briseadh nasc gan choinne.
|
|
25. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais a mheas go bhfuil na critéir i mír 24 le …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais a mheas go bhfuil na critéir i mír 24 le comhlíonadh i gcás ina n-úsáideann an réiteach ceann díobh seo a leanas: - a) scéimeanna ríomh-shainaitheantais a fhógraítear i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus a chomhlíonann ceanglais na leibhéal dearbhaithe ‘substaintiúil’ nó ‘ard’ i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin;
- b) seirbhísí iontaoibhe cáilithe ábhartha a chomhlíonann ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, go háirithe Caibidil III, Roinn 3 agus Airteagal 24(1), fomhír 2, pointe (b) den Rialachán sin.
|
|
26. Ba cheart na doiciméid agus an fhaisnéis a bhailítear le linn an phróisis chianaitheantais, a …
|
Ba cheart na doiciméid agus an fhaisnéis a bhailítear le linn an phróisis chianaitheantais, a cheanglaítear a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 40(1) pointe (a) de Threoir (AE) 2015/849, a stampáil leis an am agus a stóráil go slán ag an institiúid creidmheasa agus airgeadais. Ba cheart go mbeadh ábhar na dtaifead stóráilte, lena n-áirítear íomhánna, físeáin, fuaim agus sonraí ar fáil i bhformáid inléite agus go gceadódh sé fíoruithe ex-post. 4.2.2 Daoine nádúrtha a shainaithint
|
|
27. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinneadh ina mbeartais, mar atá leagtha …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinneadh ina mbeartais, mar atá leagtha amach i Roinn 4.1.1 mír 9, an fhaisnéis is gá dóíbh a fháil chun cliaint a shainaithint go cianda i gcomhréir le hAirteagal 13(1)(a) agus (c) de Threoir (AE) 2015/849. Ina theannta sin, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais an fhaisnéis seo a leanas a shainiú: - a) an fhaisnéis a chuireann an cliant isteach de láimh;
- b) an fhaisnéis a ghabhtar go huathoibríoch ó na doiciméid a sholáthraíonn an cliant;
- c) an fhaisnéis a bhailítear trí úsáid a bhaint as foinsí inmheánacha nó seachtracha eile.
|
|
28. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais sásraí iomchuí a chur chun feidhme agus a …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais sásraí iomchuí a chur chun feidhme agus a chothabháil chun a chinntiú go mbeidh an fhaisnéis a ghabhann siad go huathoibríoch i gcomhréir le mír 27 iontaofa. Ba cheart dóibh rialuithe a chur chun feidhme chun díriú ar rioscaí gaolmhara, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le gabháil uathoibríoch sonraí, amhail suíomh ceilte seoltaí Prótacail Idirlín (IP) ghléas an chliaint nó seirbhísí amhail Líonraí Príobháideacha Fíorúla (VPNanna). 4.2.3 Eintitis Dhlíthiúla a Aithint
|
|
29. I gcás ina n-ionduchtaíónn institiúidí creidmheasa agus airgeadais cliaint ar eintitis …
|
I gcás ina n-ionduchtaíónn institiúidí creidmheasa agus airgeadais cliaint ar eintitis dhlíthiúla iad, go cianda, ba cheart dóibh a shainiú ina mbeartais agus ina nósanna imeachta, mar atá leagtha amach i Roinn 4.1.1 mír 9, cén chatagóir d’eintitis dhlíthiúla a ionduchtfaidh siad go cianda, agus leibhéal an riosca ML/TF a bhaineann le gach catagóir, agus an leibhéal idirghabhála daonna is gá chun an fhaisnéis aitheantais a bhailíochtú, á chur san áireamh.
|
|
30. Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú go bhfuil gnéithe sa …
|
Ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais a chinntiú go bhfuil gnéithe sa chianréiteach ionduchtaithe cliant trína mbaileofar: - a) na sonraí agus na doiciméid ábhartha go léir chun an duine dlítheanach a shainaithint agus a fhíorú
- b) na sonraí agus na doiciméid ábhartha go léir chun a fhíorú go bhfuil an duine nádúrtha atá ag gníomhú thar ceann an duine dhlítheanaigh i dteideal gníomhú amhlaidh;
- c) an fhaisnéis maidir leis na húinéirí tairbhiúla i gcomhréir le foráil 4.12 de Threoirlínte ÚBE um Fhachtóirí Riosca6 .
6 ÚBE/GL/2021/02
|
|
31. I gcás an duine nádúrtha a ghníomhaíonn thar ceann duine dlítheanach, ba cheart d’institiúidí …
|
I gcás an duine nádúrtha a ghníomhaíonn thar ceann duine dlítheanach, ba cheart d’institiúidí creidmheasa agus airgeadais an próiseas sainaitheantais a ndéantar cur síos air in Alt 4.2.2. 4.2.4 Nádúr agus cuspóir an chaidrimh ghnó
|
|
32. Nuair a dhéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais measúnú agus, de réir mar is cuí …
|
Nuair a dhéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais measúnú agus, de réir mar is cuí, faisnéis a fháil maidir le cuspóir agus nádúr beartaithe an chaidrimh ghnó i gcomhréir le hAirteagal 13(1) pointe (c) de Threoir (AE) 2015/849, mar atá sonraithe tuilleadh i Roinn 4.38. de Threoirlínte ÚBE um Fhachtóirí Riosca, ba cheart dóibh, chun críocha na dtreoirlínte seo, na gníomhaíochtaí ábhartha a bheith curtha i gcrích acu roimh dheireadh an chianphróisis ionduchtaithe cliant.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|