+48. I gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais an cianphróiseas ionduchtaithe …
|
48. I gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais an cianphróiseas ionduchtaithe …
I gcás ina ndéanann institiúidí creidmheasa agus airgeadais an cianphróiseas ionduchtaithe cliant ar fad nó cuid de a sheachfhoinsiú chuig soláthraí seirbhísí seachfhoinsithe, dá dtagraítear in Airteagal 29 de Threoir (AE) 2015/849, ba cheart go gcuirfeadh institiúidí creidmheasa agus airgeadais, de bhreis ar threoirlínte 2.20 go 2.21 agus 4.32 go 4.37 de Threoirlínte ÚBE um Fhachtóirí Riosca agus i dteannta Threoirlínte ÚBE maidir le Seachfhoinsiú9 i gcás inarb infheidhme, roimh agus le linn an chaidrimh ghnó leis an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe, na bearta seo a leanas chun feidhme, ar cheart a mhéid a choigeartú ar bhonn riosca-íogair: - a) a chinntiú go gcuireann an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe cianbheartais agus cian-nósanna imeachta ionduchtaithe cliant na hinstitiúide creidmheasa agus airgeadais chun feidhme go héifeachtach agus go gcomhlíonann sé iad de réir an chomhaontaithe seachfhoinsithe. Ba cheart é seo a bhaint amach trí thuairisciú rialta, monatóireacht leanúnach, cuairteanna ar an láthair nó tástáil shamplach;
- b) measúnuithe a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil dóthain trealaimh ag an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe agus go bhfuil sé in ann an cianphróiseas ionduchtaithe cliant a chur i gcrích. Féadfaidh measúnú ar oiliúint foirne, oiriúnacht teicneolaíochta agus rialachas sonraí ag an soláthraí seirbhísí seachfhoinsithe a bheith ar áireamh sna measúnuithe, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
- c) a chinntiú go gcuirfidh an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe na hinstitiúidí creidmheasa agus airgeadais ar an eolas faoi aon athruithe atá beartaithe ar an gcianphróiseas ionduchtaithe cliant nó faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an réiteach a sholáthraíonn an soláthraí seirbhíse seachfhoinsithe.
9 Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe.docx (europa.eu)
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|