+4. Leasuithe ar na Treoirlínte maidir le hInréiteacht
---+8. Leasaítear mír 5 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘5. Sonraítear sna …
---+9. Leasaítear mír 7 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘7. Níl feidhm ag na …
---+10. Leasaítear mír 10 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘10. I gcás …
---+11. Leasaítear teideal roinn 3 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘3. Cur chun …
---+12. Tar éis mhír 13 de na Treoirlínte maidir le hinréiteacht, cuirtear isteach míreanna 13a, 13b …
---+13. Leasaítear mír 56, fomhír (e), mar a leanas: ‘e. síniú a chur leis na príomhspriocanna …
---+14. I ndiaidh roinn 4.5, cuirtear ranna nua 4.6, 4.7 agus 4.8 agus míreanna 124 go 129, 130 go 137 …
---+4.6. Tuarascáil féinmheasúnaithe
---+4.7. Clár tástála ilbhliantúil
---+4.8. Máistirleabhar beartaíochta
|
4. Leasuithe ar na Treoirlínte maidir le hInréiteacht
4. Leasuithe ar na Treoirlínte maidir le hInréiteacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
8. Leasaítear mír 5 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘5. Sonraítear sna …
|
Leasaítear mír 5 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘5. Sonraítear sna treoirlínte sin, ag féachaint d’Airteagail 10(5) agus 11(1) de Threoir (AE) 2014/594 , na gníomhaíochtaí a bhaineann go sonrach le huirlis réitigh ar cheart d’institiúidí lena n-áirítear eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) (“institiúidí”) agus d’údaráis réitigh a dhéanamh chun inréiteacht institiúidí, grúpaí agus grúpaí réitigh a fheabhsú i gcomhthéacs an mheasúnaithe inréiteachta arna dhéanamh ag údaráis réitigh de réir Airteagail 15 agus 16 den Treoir sin.’
4 Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
|
|
9. Leasaítear mír 7 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘7. Níl feidhm ag na …
|
Leasaítear mír 7 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘7. Níl feidhm ag na treoirlínte seo maidir le hinstitiúidí a bhforáiltear lena bplean réitigh, nó le plean réitigh an ghrúpa lena mbaineann siad, go ndéanfar iad a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. I gcás athrú straitéise, go háirithe ó leachtú go réiteach, beidh feidhm ag na treoirlínte tráth nach déanaí ná trí bliana ón dáta a formheasadh an plean réitigh leis an straitéis réitigh nua, cé is moite de roinn 4.6, a mbeidh feidhm aige tráth nach déanaí ná bliain amháin ón dáta sin.’
|
|
10. Leasaítear mír 10 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘10. I gcás …
|
Leasaítear mír 10 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘10. I gcás institiúidí atá mar chuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseachta comhdhlúite de bhun Airteagal 111 agus Airteagal 112 de Threoir 2013/36/AE, tá feidhm ag na treoirlínte ar leibhéal gach grúpa réitigh agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal aonair freisin. Tá feidhm ag Roinn 4.6 agus Roinn 4.7 freisin ar leibhéal fochuideachtaí trasteorann ar eintitis neamhréitigh iad, i gcás ina sáraíonn an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe mar a leagtar síos in Airteagal 45f de Threoir 2014/59/AE an méid is leor chun caillteanais a ionsú i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 45c(2) den Treoir sin.
|
|
11. Leasaítear teideal roinn 3 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘3. Cur chun …
|
Leasaítear teideal roinn 3 de na Treoirlínte maidir le hInréiteacht mar a leanas: ‘3. Cur chun feidhme agus forálacha idirthréimhseacha’
|
|
12. Tar éis mhír 13 de na Treoirlínte maidir le hinréiteacht, cuirtear isteach míreanna 13a, 13b …
|
Tar éis mhír 13 de na Treoirlínte maidir le hinréiteacht, cuirtear isteach míreanna 13a, 13b agus 13c nua mar a leanas: ‘13a. Ba cheart d’institiúidí an chéad tuarascáil féinmheasúnaithe dá dtagraítear i mír 124 a chur faoi bhráid na n-údarás réitigh faoin 31 Nollaig 2024. 13b. De mhaolú ar mhír 132, ba cheart do na húdaráis réitigh an chéad chlár tástála inréiteachta dá dtagraítear i mír 130 a chur in iúl faoin 31 Nollaig 2025. 13c. Ba cheart do na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 138 den chéad mháistirleabhar beartaíochta dá dtagraítear sa mhír sin a chur faoi bhráid na n-údarás réitigh faoin 31 Nollaig 2025.’
|
|
13. Leasaítear mír 56, fomhír (e), mar a leanas: ‘e. síniú a chur leis na príomhspriocanna …
|
Leasaítear mír 56, fomhír (e), mar a leanas: ‘e. síniú a chur leis na príomhspriocanna insoláthartha agus socruithe leordhóthanacha tarmligin a áirithiú ina leith sin, mar chuid de shásraí rialaithe agus dearbhaithe inmheánacha iomchuí (amhail na teimpléid tuairiscithe réitigh agus an tuarascáil féinmheasúnaithe);’.
|
|
14. I ndiaidh roinn 4.5, cuirtear ranna nua 4.6, 4.7 agus 4.8 agus míreanna 124 go 129, 130 go 137 …
|
I ndiaidh roinn 4.5, cuirtear ranna nua 4.6, 4.7 agus 4.8 agus míreanna 124 go 129, 130 go 137 agus 138 go 142, faoi seach, isteach sna Treoirlínte mar a leanas:
|
|
4.6. Tuarascáil féinmheasúnaithe
|
124. Ba cheart d’institiúidí tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an údaráis réitigh ábhartha gach dhá bhliain ar a laghad, i gcás ina ndéanfaidh siad féinmheasúnú féachaint an gcomhlíonann siad na cumais a leagtar amach i roinn 4.1 go roinn 4.5 agus i roinn 4.8 de na treoirlínte sin, agus i ranna 4 agus 5 de na Treoirlínte maidir le hInaistritheacht chun an measúnú inréiteachta maidir le straitéisí aistrithe a chomhlánú (Treoirlínte maidir le hInaistritheacht)5 , agus aird á tabhairt ar aon aiseolas a gheofar ó údaráis laistigh den dá bhliain, lena n-áirítear inter alia na heilimintí seo a leanas: - a. An chéim ag a gcomhlíontar an cumas (íseal, meánach, ard, neamhbhainteach);
- b. Tuairisc ar an gcaoi a gcomhlíontar an cumas nó an fáth a meastar nach bhfuil sé infheidhme faoi phointe a;
- c. Measúnú ar bhearna maidir le cumais inréiteachta mar a leagtar amach sna treoirlínte seo agus cumais na hinstitiúide, maidir leis an gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin agus cathain;
- d. Tuairisc ar an gcaoi a bhfuil an cumas leabaithe sa ghnó mar is gnách (BAU);
- e. Tuairisc ar an gcaoi a mbaineann an cumas le pleanáil téarnaimh na hinstitiúide (e.g. an bhfuil leanúnachas oibríochtúil i socruithe réitigh ag tacú le roghanna téarnaimh amhail diúscairtí, nó socruithe téarnaimh atá giaráilte chun tacú le réiteach);
- f. Aon mheasúnú inmheánach nó seachtrach a rinneadh ar an gcaoi ar chuir an institiúid na treoirlínte sin i bhfeidhm, lena n-áirítear tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, measúnuithe sainchomhairleoirí seachtracha, rití trialach nó athbhreithnithe maoirseachta;
- g. Aon ábhar breise arna leagan amach ag an údarás réitigh ábhartha (e.g. ceachtanna a foghlaimíodh ón gcor chun donais a tharla le déanaí nó ó theagmhas margaidh).
125. San achoimre feidhmiúcháin ar a bhféinmheasúnú a leagtar amach i mír 124, ba cheart d’institiúidí an méid seo a leanas a dhéanamh: - a. a dtuiscint ar an straitéis réitigh arna sainaithint ag an údarás réitigh, agus ar a ról agus ról an údaráis nó na n-údarás i gcur chun feidhme na straitéise sin, a leagan amach;
- b. tuairisc a thabhairt ar a gcreat tástála agus dearbhaithe lenar féidir leo a áirithiú go bhfuil sé d’acmhainn acu tacú le feidhmiú na straitéise réitigh ar bhonn leanúnach;
- c. achoimre a dhéanamh ar a bhféinmheasúnú de réir príomhréimsí inréiteachta mar seo a leanas:
- i. Rialachas;
- ii. Leanúnachas oibríochtúil i réiteach (OCIR) agus rochtain ar BMAnna6 ;
- iii. Cumas ionsúcháin caillteanais agus cumas athchaipitliúcháin;
- iv. Leachtacht agus cistiú i gcás réitigh;
- v. MIS7 ;
- vi. Cumarsáid;
- vii. Inaistritheacht agus athstruchtúrú.
126. Ba cheart d’institiúidí tuarascálacha a chur faoi bhráid an údaráis réitigh gach dhá bhliain ar a laghad. Ba cheart an chéad tuarascáil a chur isteach faoin 31 Nollaig 2024. 127. I gcomhthéacs grúpaí réitigh trasteorann, ba cheart don eintiteas réitigh an tuarascáil féinmheasúnaithe a thuairisciú don údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa (nó don údarás réitigh ábhartha i gcás straitéis MPE) nó don eintiteas neamhréitigh don údarás réitigh áitiúil. 128. Nuair a tháirgfear é, ba cheart féinmheasúnú an eintitis neamhréitigh a fhorbairt ar bhonn na straitéise réitigh grúpa agus i gcomhar leis an eintiteas réitigh. 129. Chun críche na tuarascála féinmheasúnaithe dá dtagraítear i mír 124, ba cheart d’institiúidí cloí leis an bhformáid arna soláthar ag a n-údarás réitigh.
5 Treoirlínte EBA/GL/2022/11 d’institiúidí agus d’údaráis réitigh chun an measúnú inréiteachta le haghaidh straitéisí aistrithe a chomhlánú (Treoirlínte maidir le hInaistritheacht). 6 Bonneagair margaidh airgeadais. 7 Córais faisnéise bainistíochta.
|
|
4.7. Clár tástála ilbhliantúil
|
130. Ba cheart do na húdaráis réitigh, ag féachaint don tuarascáil féinmheasúnaithe dá dtagraítear i roinn 4.6, agus go háirithe d’eilimintí arna n-iarraidh faoi 124 (d-f), clár tástála inréiteachta ilbhliantúil a ghlacadh le haghaidh institiúidí atá faoina sainchúram. Ba cheart go n-áireofaí sa chlár na cumais go léir a leagtar amach sna treoirlínte seo agus sna Treoirlínte maidir le hInaistritheacht de chuid ÚBE8 . 131. Ba cheart go gcumhdódh sé tréimhse trí bliana (is tréimhse tháscach an dá bhliain dheireanacha) chun go mbeidh institiúidí in ann barr feabhais a chur ar a gcuid iarrachtaí pleanála réitigh. Ba cheart don údarás réitigh é a thabhairt cothrom le dáta nó a dheimhniú gach bliain. Ba cheart toradh a athbhreithnithe bhliantúil a chur in iúl do na hinstitiúidí gan moill mhíchuí. 132. Ba cheart do na húdaráis réitigh an clár tástála inréiteachta dá dtagraítear i mír 130 agus a nuashonruithe nó dearbhuithe bliantúla dá dtagraítear i mír 131 a chur in iúl d’institiúidí, mar aon leis an achoimre ar an bplean réitigh agus an measúnú inréiteachta de réir Airteagal 10(7)(a) de Threoir 2014/59/AE ar a dhéanaí. 133. Ba cheart do na húdaráis réitigh, ag féachaint don liosta neamh-uileghabhálach a leagtar amach in Iarscríbhinn 4, a leagtar amach sa chlár tástála inréiteachta (dá dtagraítear i mír 130), raon na measúnuithe, na dtástálacha, na modheolaíochtaí, na gcleachtas agus na n-uirlisí atá beartaithe acu a úsáid chun leordhóthanacht na socruithe arna gcur i bhfeidhm ag institiúidí chun tacú le feidhmiú a straitéise réitigh a thástáil. 134. Agus rogha na dteicnící tástála á meas ina gclár tástála inréiteachta a leagtar amach i mír 130, ba cheart do na húdaráis réitigh cur chuige rioscabhunaithe a leanúint ar bhonn phróifíl riosca, méid agus samhail ghnó na n-institiúidí (e.g. catagóiriú SREP9 ), mar aon le scór foriomlán SREP10 agus an méid seo a leanas a mheas: - a. An dul chun cinn maidir le hinréiteacht nó a mhéad a chomhlíontar na cumais inréiteachta a leagtar amach sna treoirlínte seo; agus
- b. Cáilíocht fhoriomlán na hoibre dearbhaithe inréiteachta inmheánaí a léirítear sa tuarascáil féinmheasúnaithe.
135. I gcomhthéacs grúpaí réitigh trasteorann, ba cheart plé a dhéanamh ar an gclár tástála inréiteachta ilbhliantúil idir na húdaráis réitigh ar leibhéal an ghrúpa agus údaráis réitigh na bhfochuideachtaí atá faoi réir na dtreoirlínte seo. 136. I gcás grúpaí trasteorann, ba cheart d’údarás réitigh an eintitis réitigh nó do na húdaráis réitigh óstacha clár tástála inréiteachta ilbhliantúil na n-eintiteas réitigh, lena n-áirítear na tástálacha atá mar chuid de, a chur i gcrích i gcomhar le húdarás réitigh an eintitis réitigh – de réir mar a chomhaontaíonn siad eatarthu. 137. Ba cheart do na húdaráis réitigh torthaí aon tástálacha a dhéantar i gcomhréir leis an gclár tástála inréiteachta dá dtagraítear i mír 130 a roinnt leis an institiúid agus, i gcás grúpa trasteorann, le comhaltaí an choláiste réitigh ar a laghad.
8 EBA/GL/2022/11. 9 Ciallaíonn ‘catagóiriú SREP’ an táscaire ar thábhacht shistéamach na hinstitiúide arna sannadh bunaithe ar mhéid agus ar chastacht na hinstitiúide agus ar raon feidhme a gníomhaíochtaí. Féach freisin mír 2.1.1 de Threoirlínte ÚBE SREP athbhreithnithe (EBA/GL/2022/03). 10 Féach an sainmhíniú i dTreoirlínte ÚBE SREP athbhreithnithe (EBA/GL/2022/03) lch. 21. Ciallaíonn ‘scór foriomlán SREP’ an táscaire uimhriúil ar an riosca foriomlán d’inmharthanacht na hinstitiúide bunaithe ar mheasúnú foriomlán SREP.
|
|
4.8. Máistirleabhar beartaíochta
|
| 138. Ba cheart don | mháthairghnóthas de chuid an Aontais agus d’eintitis réitigh an ghrúpa |
réitigh atá faoi réir Airteagal 92a nó 92b de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó a bhfuil sócmhainní iomlána níos mó ná EUR 100 billiún acu ar leibhéal an ghrúpa réitigh, agus iad siúd arna n-ainmniú ag an údarás réitigh ábhartha nach bhfuil faoi réir Airteagal 92a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus atá mar chuid de ghrúpa réitigh ar lú ná EUR 100 billiún a shócmhainní iomlána ach ar mheas an t-údarás réitigh gur dócha le réasún go mbainfeadh riosca sistéamach leo i gcás ina gclisfeadh air i gcomhréir le hAirteagal 45c(6) de Threoir 2014/59/AE, ba cheart dóibh máistirleabhar súgartha a fhorbairt. 139. Ba cheart an máistirleabhar beartaíochta a iarraidh ar institiúidí seachas na hinstitiúidí sin atá ainmnithe i mír 138 nuair a mheasann an t-údarás inréiteachta go bhfuil údar leis mar gheall ar chastacht na heagraíochta agus ar an ngá atá ann dá bharr sin le hardleibhéal comhordaithe ar na cumais inréiteachta. 140. Ba chóir go mbeadh an máistirleabhar beartaíochta11 : - a. príomhróil agus príomhfhreagrachtaí na bainistíochta sinsearaí a shainiú sa tréimhse roimh an réiteach agus lena linn;
- b. an t-ábhar agus na tréimhsí ama a leagan amach ar cheart don lucht bainistíochta cinntí a dhéanamh ina leith sa tréimhse roimh ré agus le linn réitithe;
- c. na truicir a leagan amach chun foleabhair bheartaíochta a ghníomhachtú (máistirleabhar beartaíochta tarrthála inmheánaí, máistirleabhar beartaíochta aistrithe, pleananna teagmhasacha le haghaidh rochtain ar BMAnna, cumarsáid);
- d. leagfar amach ann foinse, spriocdhátaí agus formáid na bhfoinsí faisnéise a thacóidh leis na cinntí sin ón mbord;
- e. an chaoi a n-idirghníomhaíonn na heilimintí éagsúla d’fhorghníomhú na straitéise réitigh le chéile a léiriú agus, go háirithe, an méid seo a leanas:
| i. | Forghníomhú tarrthála inmheánaí (leabhar beartaíochta tarrthála inmheánaí); | | ii. | Leabhar beartaíochta aistrithe (i gcás inarb ábhartha); | | iii. | Luacháil; | | iv. | Cistiú agus leachtacht i gcás réitigh (lena n-áirítear faireachán nó maoiniú ar chomhthaobhacht sa straitéis réitigh); | | v. | Rochtain ar BMAnna (lena n-áirítear pleananna teagmhasacha); | | vi. | Leanúnachas oibríochtúil (lena n-áirítear catalóg seirbhíse); | | vii. | Plean atheagrúcháin gnó. |
141. Ba cheart d’institiúidí a máistirleabhar beartaíochta a thabhairt cothrom le dáta uair sa bhliain ar a laghad nó tar éis athrú ar a struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil nó athrú ar a ndálaí oibríochtúla nó airgeadais a bhféadfadh éifeacht ábhartha a bheith aige ar an máistirleabhar beartaíochta nó a d’fhéadfadh athrú ar an máistirleabhar beartaíochta sin a bheith riachtanach. Ba cheart toradh a athbhreithnithe bhliantúil a chur in iúl do na húdaráis réitigh gan moill mhíchuí. 142. I ndiaidh Iarscríbhinn 3 de na Treoirlínte inréiteachta, cuirtear isteach Iarscríbhinn 4 agus Iarscríbhinn 5 mar a leanas:
11 Tugtar cur síos ardleibhéil in Iarscríbhinn 5 ar ailtireacht an mháistirleabhair beartaíochta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|