+Roinn I. Measúnú ar an ‘gcumas téarnamih cás-sonrach’
---+33. Chun measúnú a dhéanamh ar an ‘gcumas téarnaimh cás-sonrach’ a chuir na hinstitiúidí ar fáil …
---+34. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an bhfuil cásanna dian go leor i ndáil …
---+35. Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus indéantacht, lena …
---+36. Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí agus inarb …
---+37. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís phiarghrúpa a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí agus i …

Roinn I. Measúnú ar an ‘gcumas téarnamih cás-sonrach’

Roinn I. Measúnú ar an ‘gcumas téarnamih cás-sonrach’

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
33. Chun measúnú a dhéanamh ar an ‘gcumas téarnaimh cás-sonrach’ a chuir na hinstitiúidí ar fáil …

Chun measúnú a dhéanamh ar an ‘gcumas téarnaimh cás-sonrach’ a chuir na hinstitiúidí ar fáil faoi gach dianstrus maicreacnamaíoch agus airgeadais, ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar leordhóthanacht fhoriomlán na gcásanna arna gcur chun cinn ag na hinstitiúidí i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus Airteagal 7(6) de Threoir 2014/59 mar a shonraítear i dTreoirlínte ÚBE maidir leis an raon cásanna a bheidh le húsáid i bpleananna téarnaimh9 agus i gcomhréir le Teideal 4 de na treoirlínte sin.


9 EBA/GL/2014/06 an 18 Iúil 2014.

34. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an bhfuil cásanna dian go leor i ndáil …

Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla a mheas an bhfuil cásanna dian go leor i ndáil leis na critéir a shainítear i mír 20. Sa chás eisceachtúil faoi mhír 21, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an míniú mionsonraithe a chuir na hinstitiúidí ar fáil (chun cás den sórt sin a mheas fós sách mór) agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil déine an cháis leordhóthanach i bhfianaise, inter alia , phróifíl fhoriomlán riosca na ninstitiúidí. I gcásanna ina measann na húdaráis inniúla nach bhfuil an cás atá beartaithe ag na hinstitiúidí dian go leor, d’fhéadfaidís a chur de cheangal ar institiúidí, i gcás inarb iomchuí, coigeartuithe a dhéanamh, lena náirítear an plean téarnaimh a chur isteach arís mar thoradh ar an measúnú ábhartha ar an easnamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 2014/59/AE. Níor cheart d’údaráis inniúla ‘cumas téarnaimh cás-sonrach’ na ninstitiúidí a chur san áireamh bunaithe ar chás den sórt sin agus measúnú á dhéanamh acu ar an ORC.

35. Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus indéantacht, lena …

Ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht agus indéantacht, lena n-áirítear an tráthchlár, tionchair agus aon tosca sriantacha na roghanna téarnaimh arna roghnú ag na hinstitiúidí agus ba cheart dóibh, i gcomhthéacs an struis mhaicreacnamaíocha agus airgeadais thromchúisigh, a mhéid a bheadh institiúidí in ann a n-inmharthanacht agus a staid airgeadais a athbhunú.

36. Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí agus inarb …

Ba cheart do na húdaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí agus inarb indéanta, ar an measúnú agus ar an ríomh a dhéanann na hinstitiúidí, lena gcumhdaítear go háirithe na réimsí seo a leanas:

  • a. féidearthacht/dóchúlacht go gcuirfí rogha aisghabhála chun feidhme go rathúil, lena náirítear trí athbhreithniú a dhéanamh ar indéantacht na roghanna aisghabhála i gcás ina nglactar leis go bhfuil siad neamhréadúil nó nach bhfuil siad bunaithe ar mheasúnú cuí i gcomhréir le mír 16 go mír 18;
  • b. an tréimhse ama chun na roghanna téarnaimh a chur chun feidhme, lena náirítear trí shíneadh ama a chur leis an tréimhse ama a bhfuiltear ag súil leis dá gcur chun feidhme má mheastar measúnú na hinstitiúide a bheith neamhréadúil. I gcásanna ina mbeadh tréimhse ama na roghanna aisghabhála ní b’fhaide ná an tréimhse ama a shainítear i mír 24, níor cheart ach na héifeachtaí a breathnaíodh laistigh de na frámaí ama ábhartha a mheas le haghaidh mheasúnú ORC ag an údarás inniúil;
  • c. measúnú ar thionchar cainníochtúil na roghanna téarnaimh, lena n-áirítear tríd an tionchar a ísliú nó trí chaolchorrlaigh a chur i bhfeidhm ar an gcainníochtú a chuireann institiúidí ar fáil i gcás nach bhfuil tionchar dóchúil na roghanna téarnaimh bunaithe ar thoimhdí agus cainníochtaithe réalaíocha agus sochreidte;
  • d. fachtóirí srianta breise a bhaineann le cur chun feidhme comhuaineach nó seicheamhach na roghanna téarnaimh, mar a shonraítear i mír 29, lena náirítear trí thionchar roghanna sonracha a bhaint anuas nó a choigeartú síos i gcás ina mbraitear idirnasc idir cuid acu, agus tosaíocht á tabhairt, inter alia , do roghanna ag a bhfuil an leibhéal féidearthachta is airde agus/nó ag a bhfuil an tionchar is ábhartha sa tréimhse cur chun feidhme ar leith.
37. Ba cheart d’údaráis inniúla anailís phiarghrúpa a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí agus i …

Ba cheart d’údaráis inniúla anailís phiarghrúpa a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina bhfuil sí ar fáil, d’fhonn an méid seo a leanas, i measc nithe eile, a éascú:

  • a. comparáid thrasinstitiúideach idir na cineálacha roghanna téarnaimh atá le cur chun feidhme faoi na cásanna éagsúla, agus ar an gcaoi sin a shainaithint ar chaill institiúid roinnt cineálacha sonracha roghanna;
  • b. comparáid idir piarghrúpaí ar an tionchar airgeadais a bhfuiltear ag súil leis ó gach cineál rogha téarnaimh faoi chásanna éagsúla struis;
  • c. comparáid thrasinstitiúideach idir an t-am a bhfuiltear ag súil leis chun rogha aisghabhála a chur chun feidhme agus na tairbhí a bhaineann léi a réadú;
  • d. comparáid thrasinstitiúideach idir na baic agus na bearta ullmhúcháin a bhfuiltear ag súil leo maidir le gach cineál rogha aisghabhála.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/