+4. Sonraíochtaí ginearálta maidir le cur isteach shonraí tagarmharcála na gcleachtas éagsúlachta
---+21. Ba cheart go mbeadh an dáta tagartha le haghaidh na sonraí maidir le cleachtais éagsúlachta …
---+22. Ba cheart faisnéis airgeadais a chur isteach bunaithe ar fhigiúirí cuntasaíochta dheireadh na …
---+23. Ina lán cásanna, sainítear raon féideartha an ionchuir sonraí. Sa chás nach mbeadh an freagra …

4. Sonraíochtaí ginearálta maidir le cur isteach shonraí tagarmharcála na gcleachtas éagsúlachta

4. Sonraíochtaí ginearálta maidir le cur isteach shonraí tagarmharcála na gcleachtas éagsúlachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
21. Ba cheart go mbeadh an dáta tagartha le haghaidh na sonraí maidir le cleachtais éagsúlachta …

Ba cheart go mbeadh an dáta tagartha le haghaidh na sonraí maidir le cleachtais éagsúlachta, lena n-áirítear an beartas éagsúlachta, ag deireadh na bliana féilire ar cuireadh na sonraí ar fáil lena haghaidh. Ba cheart go léireofaí san fhaisnéis curtha ar fáil faoi chomhdhéanamh an chomhlachta bainistíochta agus na beartais curtha chun feidhme an staid ag an dáta tagartha.

22. Ba cheart faisnéis airgeadais a chur isteach bunaithe ar fhigiúirí cuntasaíochta dheireadh na …

Ba cheart faisnéis airgeadais a chur isteach bunaithe ar fhigiúirí cuntasaíochta dheireadh na bliana in EUR. Sa chás go gceadaítear d’institiúidí creidmheasa nó gnólachtaí infheistíochta, de réir dlíthe náisiúnta, a bhfaisnéis airgeadais a thuairisciú bunaithe ar dheireadh a mbliana cuntasaíochta, nach bhfuil ag teacht le deireadh na bliana féilire, ba cheart glacadh le deireadh na bliana cuntasaíochta is déanaí atá ar fáil mar an dáta tagartha don fhaisnéis airgeadais atá le cur ar fáil, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an mbearna phá idir na hinscní. I gcás ina nochtar sonraí den sórt sin in airgeadra seachas EUR, ba cheart an ráta malairte arna úsáid ag an gCoimisiún Eorpach don chlárú airgeadais agus an buiséad do mhí na Nollag na bliana tuairiscithe a úsáid chun na figiúirí a bheidh le tuairisciú a chomhshó3 .


3 Cuireann ÚBE nasc ar fáil chuig an bhfaisnéis ar a shuíomh gréasáin mar aon leis na treoirlínte seo. Is féidir teacht ar an ráta malairte freisin ag http://ec.europa.eu/budget/contracts_grants/info_contracts/inforeuro/inforeuro_en.cfm

23. Ina lán cásanna, sainítear raon féideartha an ionchuir sonraí. Sa chás nach mbeadh an freagra …

Ina lán cásanna, sainítear raon féideartha an ionchuir sonraí. Sa chás nach mbeadh an freagra ceart laistigh den raon sainithe de luachanna sainithe, ba cheart don institiúid nó gnólacht infheistíochta an freagra ab oiriúnaí don staid a roghnú nó sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, an réimse a fhágáil folamh, teagmháil a dhéanamh leis an údarás inniúil agus mínithe a chur ar fáil. Ba cheart don údarás inniúil an fhaisnéis seo a chur ar fáil do ÚBE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/