+(v) Leasuithe ar Threoirlíne 4: Bearta CDD atá le cur i bhfeidhm ag gach gnólacht
---+12. I dTreoirlíne 4.29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘4.29 Chun a …
---+13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 4.35: ‘4.35 I gcás inar gnólacht atá …
---+14. I dTreoirlíne 4.60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘a) tá siad difriúil ó …
---+15. I dTreoirlíne 4.61, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘a) bearta réasúnacha …
---+16. I dTreoirlíne 4.74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b): ‘b) Cé acu an déanfaidh …
---+17. I dTreoirlíne 4.74, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) cé acu an gá úsáid a bhaint as …
|
(v) Leasuithe ar Threoirlíne 4: Bearta CDD atá le cur i bhfeidhm ag gach gnólacht
(v) Leasuithe ar Threoirlíne 4: Bearta CDD atá le cur i bhfeidhm ag gach gnólacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
12. I dTreoirlíne 4.29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘4.29 Chun a …
|
I dTreoirlíne 4.29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh: ‘4.29 Chun a n-oibleagáidí faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849 a chomhlíonadh, i gcás ina dtionscnaítear an caidreamh gnó, ina bhfuil sé bunaithe nó ina ndéantar é i gcásanna nach cásanna duine le duine iad, nó ina ndéantar idirbheart ócáideach i gcásanna nach cásanna duine le duine iad, i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE (ÚBE/GL/2022/15) maidir le húsáid Réiteach Ionduchtaithe Cianda Custaiméara faoi Airteagal 13(1) de Threoir (AE) 2015/849, ba chóir do ghnólachtaí an méid seo a leanas a dhéanamh:’
|
|
13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 4.35: ‘4.35 I gcás inar gnólacht atá …
|
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Threoirlíne 4.35: ‘4.35 I gcás inar gnólacht atá bunaithe i dtír nach Ballstát den AE é an soláthraí seachtrach, ba chóir don ghnólacht a áirithiú go dtuigeann sé na rioscaí dlíthiúla agus na rioscaí oibríochtúla agus na ceanglais maidir le cosaint sonraí a bhaineann leo agus go maolóidh sé na rioscaí sin go héifeachtach. Ba chóir don ghnólacht a áirithiú freisin gur féidir leis rochtain a fháil go pras ar shonraí agus ar fhaisnéis ábhartha an chustaiméara nuair is gá, lena n-áirítear i gcás ina bhfoirceannfar comhaontú seachfhoinsithe.’
|
|
14. I dTreoirlíne 4.60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘a) tá siad difriúil ó …
|
I dTreoirlíne 4.60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘a) tá siad difriúil ó na hidirbhearta a mbeadh an gnólacht ag súil leo de ghnáth bunaithe ar a eolas ar an gcustaiméir, ar an ngaolmhaireacht ghnó nó ar an gcatagóir lena mbaineann an custaiméir, bíodh sé ina mhéid nó ina mhinicíocht nó ina chastacht nó comhchosúil, lena n-áirítear nuair a bhíonn idirbhearta níos mó nó níos minice ná mar is gnách nó i gcás idirbheart lena mbaineann méideanna beaga a tharlaíonn níos minice ná mar is gnách, nó i gcás ina bhfuil idirbhearta comhleanúnacha ann nach bhfuil réasúnaíocht eacnamaíoch fhollasach leo, amhail idirbhearta a roinntear chun dul timpeall ar theorainneacha tuairiscithe nó chun idirbhearta neamhghnácha a ailíniú leis an iompraíocht agus na patrúin a bhfuiltear ag súil leo de ghnáth mar a thacaítear le faisnéis arna bailiú le linn an nós imeachta ionduchtaithe agus faireachán leanúnach á dhéanamh ar an gcaidreamh gnó.’
|
|
15. I dTreoirlíne 4.61, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘a) bearta réasúnacha …
|
I dTreoirlíne 4.61, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe a): ‘a) bearta réasúnacha iomchuí a dhéanamh chun cúlra agus cuspóir na n-idirbheart sin a thuiscint, mar shampla trí fhoinse agus ceann scríbe na gcistí nó na gcriptea-shócmhainní a chinneadh nó trí thuilleadh a fháil amach faoi ghnó an chustaiméara chun an dóchúlacht go ndéanfadh an custaiméir idirbhearta den sórt sin a dhearbhú; agus’
|
|
16. I dTreoirlíne 4.74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b): ‘b) Cé acu an déanfaidh …
|
I dTreoirlíne 4.74, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe b): ‘b) Cé acu an déanfaidh siad faireachán ar idirbhearta de láimh nó trí úsáid a bhaint as córas uathoibrithe um fhaireachán ar idirbhearta. Gnólachtaí a phróiseálann líon ard idirbheart nó a phróiseálann idirbhearta ag minicíochtaí arda, ba chóir dóibh smaoineamh ar chóras uathoibrithe um fhaireachán ar idirbhearta a chur i bhfeidhm;’
|
|
17. I dTreoirlíne 4.74, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) cé acu an gá úsáid a bhaint as …
|
I dTreoirlíne 4.74, cuirtear an pointe seo a leanas léi: ‘d) cé acu an gá úsáid a bhaint as arduirlisí anailísíochta, amhail uirlisí anailísíochta mórleabhar dáilte nó blocshlabhra, i bhfianaise an riosca ML/TF a bhaineann le gnó an ghnólachta, agus le hidirbhearta aonair chustaiméirí an ghnólachta.’
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|