+10.2. Measúnú caipitil SREP agus ceanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí
---+472. Is cuid de phróiseas cinnteoireachta comhpháirteach na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 113 …
---+473. I gcás máthairghnóthais nó fo-institiúidí de chuid grúpa trasteorann, ba cheart P2R agus …
---+474. I gcomhthéacs an phlé maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse agus lena gcinntear …
---+475. Chun an TSCR a chinneadh mar a shonraítear i dTeideal 7, ba cheart d'údaráis inniúla an …
---+476. Más é toradh an mheasúnaithe mhaoirseachta ar an riosca a bhaineann le giaráil iomarcach do …
---+477. I gcomhthéacs na bpléití maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse chun riosca na …
---+478. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir le cinneadh P2G agus P2G-LR le haghaidh an …

10.2. Measúnú caipitil SREP agus ceanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí

10.2. Measúnú caipitil SREP agus ceanglais stuamachta a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
472. Is cuid de phróiseas cinnteoireachta comhpháirteach na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 113 …

Is cuid de phróiseas cinnteoireachta comhpháirteach na n-údarás inniúil de bhun Airteagal 113 de Threoir 2013/36/AE do ghrúpaí trasteorann é leordhóthanacht caipitil a chinneadh, agus ceanglais agus treoir ghaolmhar a chinneadh i gcomhréir leis an bpróiseas a thuairiscítear i dTeideal 7.

473. I gcás máthairghnóthais nó fo-institiúidí de chuid grúpa trasteorann, ba cheart P2R agus …

I gcás máthairghnóthais nó fo-institiúidí de chuid grúpa trasteorann, ba cheart P2R agus P2R-LR de bhun Airteagal 104(1)(a) de Threoir 2013/36/AE a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an bpróiseas cinnidh chomhpháirtigh dá bhforáiltear in Airteagal 113(1)(a) den Treoir sin.

474. I gcomhthéacs an phlé maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse agus lena gcinntear …

I gcomhthéacs an phlé maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse agus lena gcinntear P2R agus P2R-LR, ba cheart d’údaráis inniúla an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • a. measúnú ar ábharthacht na rioscaí agus na n-easnamh arna sainaithint ar leibhéal na n-eintiteas comhdhlúite agus aonair araon (i.e. cé na rioscaí atá ábhartha don ghrúpa ina iomláine agus atá ábhartha d'eintiteas amháin) agus leibhéal na gcistí dílse is gá chun rioscaí den sórt sin a chlúdach;
  • b. i gcás mbaineann easnaimh arna sainaithint le gach eintiteas (e.g. na heasaimh rialachais chéanna a bheith i láthair i ngach eintiteas, nó easnaimh sna samhlacha a úsáidtear i roinnt eintiteas), an measúnú agus an fhreagairt mhaoirseachta a chomhordú, agus go háirithe, cinneadh a dhéanamh ar cibé acu ar cheart nó nár cheart bearta a fhorchur ar leibhéal comhdhlúite nó go comhréireach ar leibhéal an eintitis i gcás na n-eintiteas a bhfuil easnaimh chomhchoiteanna i láthair;
  • c. torthaí mheasúnuithe ICAAP agus tuairimí maidir le hiontaofacht ríomhanna an ICAAP agus a n-úsáid féideartha mar ionchur chun P2R a chinneadh;
  • d. torthaí na ríomhanna tagarmharcála maoirseachta a úsáidtear chun ceanglais P2R a chinneadh le haghaidh na n-eintiteas uile laistigh den ghrúpa agus ag leibhéal comhdhlúite;
  • e. P2R le forchur ar eintitis agus ar leibhéal comhdhlúite chun a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht idir na ceanglais deiridh cistí dílse agus cibé acu atá nó nach bhfuil gá le cistí dílse a aistriú ó leibhéal comhdhlúite go leibhéal eintitis.
475. Chun an TSCR a chinneadh mar a shonraítear i dTeideal 7, ba cheart d'údaráis inniúla an …

Chun an TSCR a chinneadh mar a shonraítear i dTeideal 7, ba cheart d'údaráis inniúla an leibhéal céanna cur i bhfeidhm a mheas agus na ceanglais maidir le cinneadh comhpháirteach faoi Airteagal 113(1)(a) de Threoir 2013/36/AE. Go háirithe, ba cheart an TSCR agus bearta caipitil eile, más infheidhme, a shocrú ar leibhéil chomhdhlúite agus aonair le haghaidh eintitis a oibríonn i mBallstáit eile. Maidir leis an leibhéal fo-chomhdhlúite, níor cheart go gclúdódh an TSCR agus bearta caipitil eile ach máthairghnóthas an ghrúpa fho-chomhdhlúite chun comhaireamh dúbailte P2R arna mbreithniú ag údaráis inniúla le haghaidh fochuideachtaí i mBallstáit eile a sheachaint.

476. Más é toradh an mheasúnaithe mhaoirseachta ar an riosca a bhaineann le giaráil iomarcach do …

Más é toradh an mheasúnaithe mhaoirseachta ar an riosca a bhaineann le giaráil iomarcach do mháthairghnóthas nó d’fho-institiúidí de ghrúpa trasteorann gur cheart ceanglais Cholún 2 (P2R-LR) a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann le giaráil iomarcach, ba cheart é sin a dhéanamh i gcomhréir leis an bpróiseas comhchinnteoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 113(1)(a) den CRD, agus ba cheart go léireodh sé ceanglais maidir le cruach cistí dílse ar leithligh bunaithe ar gcóimheas giarála.

477. I gcomhthéacs na bpléití maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse chun riosca na …

I gcomhthéacs na bpléití maidir le leordhóthanacht leibhéal na gcistí dílse chun riosca na giarála iomarcaí agus cinneadh P2R-LR a chlúdach, ba cheart d’údaráis inniúla na nithe seo a leanas a bhreithniú:

  • a. gnéithe atá san áireamh i mír 326 ;
  • b. ceanglais Cholún 2 chun riosca na giarála iomarcaí a fhorchuirtear ar eintitis agus ar leibhéal comhdhúite a chlúdach chun a áirithiú go bhfuil comhsheasmhacht sna ceanglais cistí dílse críochnaitheacha agus cibé acu atá nó nach bhfuil gá le cistí dílse a aistriú ó leibhéal comhdhlúite go leibhéal eintitis.
478. Ba cheart an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir le cinneadh P2G agus P2G-LR le haghaidh an …

Ba cheart an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir le cinneadh P2G agus P2G-LR le haghaidh an mháthairghnóthais nó fo-institiúdí de chuid grúpa trasteorann a roinnt ar údaráis inniúla agus ba cheart iad a shocrú i gcomhréir leis an bpróiseas cinnidh chomhpháirteach de bhun Airteagal 113(1)(c), de Threoir 2013/36/AE. Go háirithe, ba cheart go bpléifeadh údaráis inniúla an cur chuige maidir le P2G a bhunú ar an leibhéal aonair i gcás nach bhfuil aon sonraí ó na tástálacha struis maoirseachta ar fáil ar an leibhéal sin, nó, i gcás inarb ábhartha, aontú ar chur i bhfeidhm P2G agus P2G-LR ar an leibhéal comhdhlúite amháin. Ba cheart an P2G agus an P2G-LR a léiriú in am trátha sa doiciméad comhchinnidh a ullmhaítear i gcomhréir le hAirteagal 113 de Threoir 2013/36/AE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.