+IARSCRÍBHINN XXX Táblaí agus teimpléid nochta an chur chuige caighdeánaithe agus an chur chuige inmheánaigh maidir le priacal margaidh: Treoracha

IARSCRÍBHINN XXX Táblaí agus teimpléid nochta an chur chuige caighdeánaithe agus an chur chuige inmheánaigh maidir le priacal margaidh: Treoracha

IARSCRÍBHINN XXX

Táblaí agus teimpléid nochta an chur chuige caighdeánaithe agus an chur chuige inmheánaigh maidir le priacal margaidh: Treoracha

1. Áirítear san Iarscríbhinn seo na treoracha a leanfaidh institiúidí nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 435, 445 agus 455 de Rialachán (AE) 575/2013 ( 23 ) (“CRR”) á nochtadh acu chun na táblaí agus na teimpléid maidir le nochtadh priacail margaidh a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.

Tábla EUMRA - Ceanglais maidir le nochtadh faisnéise cáilíochtúla a bhaineann le priacal margaidh: Boscaí téacs saorfhormáide

2. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 435(1) de CRR maidir le priacal margaidh trí na treoracha a thugtar thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun tábla EU MRA a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.


Tagairtí dlí agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

(a)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (d) d’Airteagal 435 (1) de CRR faoi na cuspóirí bainistithe priacail agus na beartais chun priacal margaidh a bhainistiú á nochtadh acu, áireoidh institiúidí an méid seo a leanas:

— míniú ar chuspóirí straitéiseacha a lucht bainistíochta maidir le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí trádála;

— na próisis a chuirtear chun feidhme chun priacail mhargaidh na hinstitiúide a shainaithint, a thomhas, chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun iad a rialú;

— na beartais maidir le priacail a fhálú agus a mhaolú;

— straitéisí agus próisis chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht leanúnach na bhfáluithe.

(b)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 435 (1) de CRR maidir le struchtúr agus eagrú na feidhme bainistithe priacail margaidh á nochtadh acu, áireoidh institiúidí an méid seo a leanas:

— tuairisc ar struchtúr rialachais priacail margaidh a leagadh síos chun straitéisí agus próisis na hinstitiúide a pléadh i ró (a) thuas a chur chun feidhme,

— tuairisc ar na gaolmhaireachtaí agus ar na sásraí cumarsáide idir na páirtithe éagsúla a bhfuil baint acu le priacal margaidh a bhainistiú.

(c)

Agus an faisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 435 (1) de CRR maidir le raon feidhme agus cineál nochta priacail margaidh agus maidir le córais tomhais á nochtadh acu, tabharfaidh institiúidí tuairisc ar raon feidhme agus ar chineál an nochta priacail margaidh agus ar na córais tomhais.

Teimpléad EU MR1 – Priacal margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe: formáid sheasta

3. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 445 de CRR trí na treoracha a thugtar thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU MR1 a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.


Tagairtí dlí agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

Táirgí glan amach

1

Priacal ráta úis (ginearálta agus sonrach)

Priacal ginearálta agus sonrach suíomhanna in ionstraimí fiachais thrádáilte sa leabhar trádála, i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR, cé is moite de phriacal sonrach a bhaineann le hurrúsú, agus nach bhfuil roghnach

2

Priacal gnáthscaireanna (ginearálta agus sonrach)

Priacal ginearálta agus sonrach shuíomhanna an chothramais sa leabhar trádála, i gcomhréir le Caibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR, cé is moite d’ionstraimí roghnacha

3

Priacal malairte eachtraí

Priacal na suíomhanna in airgeadra eachtrach i gcomhréir le Caibidil 3 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR, gan ionstraimí roghnacha a áireamh

4

Priacal tráchtearraí

Priacal suíomhanna i dtráchtearraí i gcomhréir le Caibidil 4 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR, gan ionstraimí roghnacha a áireamh

Roghanna

5

An cur chuige simplithe

Roghanna nó barántais mar a shainmhínítear iad in Airteagal 329(3) de Chaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse a bhaineann leis an bpriacal neamh-dheilte ina leith tríd an gcur chuige simplithe a úsáid (1)

6

An cur chuige deilte-plus

Roghanna nó barántais sa leabhar trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 329 (3) de Chaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse a bhaineann leis an bpriacal neamh-dheilte ina leith tríd an gcur chuige deilte-plus a úsáid. (2).

7

An cur chuige cásanna

Roghanna nó barántais sa leabhar trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 329 (3) de Chaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR a ríomhann institiúidí na ceanglais cistí dílse a bhaineann leis an bpriacal neamh-dheilte ina leith tríd an gcur chuige cásanna a úsáid. (3).

8

Urrúsúchán (priacal sonrach)

Priacal sonrach suíomhanna urrúsúcháin sa leabhar trádála i gcomhréir le hAirteagail 337 agus 338 de Chaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR.

9

Iomlán

Suim na méideanna i rónna 1 go 8 den teimpléad seo.

Litir an cholúin

Míniú

a

RWEAnna

Nochtadh risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 438 de CRR, arna ríomh mar an luach i gcolún b arna iolrú faoi 12.5 i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 92 (4) de CRR

(1)   

Mar a shainmhínítear i RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) Uimh. 528/2014 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh priacal neamh-dheilte roghanna faoi réir an chur chuige caighdeánaithe maidir le priacal sa mhargadh (IO L 148, 20.5.2014, lch. 29).

(2)   

Mar a shainmhínítear i RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) Uimh. 528/2014 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh priacal neamh-dheilte roghanna faoi réir an chur chuige caighdeánaithe maidir le priacal sa mhargadh (IO L 148, 20.5.2014, lch. 29).

(3)   

Mar a shainmhínítear i RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) Uimh. 528/2014 ÓN gCOIMISIÚN an 12 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh priacal neamh-dheilte roghanna faoi réir an chur chuige caighdeánaithe maidir le priacal sa mhargadh (IO L 148, 20.5.2014, lch. 29).

Tábla EU MRB: Na ceanglais maidir le nochtadh faisnéise cáilíochtúla le haghaidh na n-institiúidí a úsáideann na Samhlacha Inmheánacha um Priacal Margaidh: formáid téacs shaoir

4. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) agus (f) d’Airteagal 455 CRR trí na treoracha a thugtar thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun tábla EU MRB a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.


Tagairtí dlí agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

AE (a)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, faisnéis maidir le méid agus modheolaíochtaí chun ceanglais Airteagal 104 de CRR a chomhlíonadh, áireoidh institiúidí an méid seo a leanas:

— tuairisc ar na nósanna imeachta agus ar na córais a chuirtear chun feidhme chun cumas trádála na suíomhanna a áirítear sa leabhar trádála a áirithiú chun ceanglais Airteagal 104 de CRR a chomhlíonadh;

— tuairisc ar an modheolaíocht a úsáidtear lena áirithiú go bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta a chuirtear chun feidhme le haghaidh bhainistíocht fhoriomlán an leabhair trádála iomchuí.

EU (b)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, faisnéis maidir le méid agus modheolaíochtaí chun ceanglais Airteagal 105 de CRR a chomhlíonadh, áireoidh institiúidí an méid seo a leanas:

— tuairisc ar na modheolaíochtaí luachála, lena n-áirítear míniú ar an méid a úsáidtear modheolaíochtaí marcála ón margadh agus marcála de réir samhla;

— tuairisc ar an bpróiseas maidir le fíorú neamhspleách ar phraghsanna;

— nósanna imeachta maidir le coigeartuithe nó cúlchistí luachála (lena n-áirítear tuairisc ar an bpróiseas agus an mhodheolaíocht chun suíomhanna trádála a luacháil de réir an chineáil ionstraime).

(A)

Institiúidí a úsáideann samhlacha luacha faoi phriacal agus samhlacha luacha faoi phriacal i ndálaí anáis, mar a shainmhínítear in Airteagal 365 de CRR

(a)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d’Airteagal 455 agus i bpointe (b) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, áireoidh institiúidí tuairisc ar na gníomhaíochtaí agus ar na priacail a chumhdaítear leis na samhlacha luacha faoi phriacal agus luacha faoi phriacal i ndálaí anáis, ina sonrófar conas a dháiltear iad i bpunanna/i bhfophunanna a bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil ina leith.

(b)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 455 CRR á nochtadh acu, áireoidh institiúidí an méid seo a leanas:

— tuairisc ar raon feidhme na samhlacha VaR agus SVaR a bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil ina leith;

— i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis na heintitis sa ghrúpa a úsáideann na samhlacha sin agus conas a léiríonn na samhlacha na samhlacha uile arna n-úsáid ar leibhéal an ghrúpa, chomh maith le céatadán na gceanglas cistí dílse a chumhdaítear leis na samhlacha/nó má úsáidtear na samhlacha céanna VaR/SVaR le haghaidh eintitis a bhfuil risíocht ar phriacal mhargaidh aige.

 

Áireofar an méid seo a leanas sna nochtuithe faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a)(i) d’Airteagal 455 de CRR maidir le saintréithe na samhla a úsáidfear:

(c)

Tuairisc ghinearálta ar shamhlacha rialála VaR agus SVaR

(d)

Plé ar na príomhdhifríochtaí, más ann dóibh, idir na samhlacha a úsáidtear chun críoch bainistíochta agus an tsamhail a úsáidtear chun críoch rialála (10 lá 99 %) le haghaidh samhlacha VaR agus SVaR

(e)

I gcás samhlacha VaR:

(i)

A mhinice a thugtar na sonraí cothrom le dáta;

(ii)

Fad na tréimhse sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a chalabrú. Tuairisc ar an scéim ualaithe a úsáidtear (más ann di);

(iii)

Tuairisc ar conas a chinneann na hinstitiúidí an tréimhse shealbhaíochta 10 lá (mar shampla, an méadaíonn sé VaR 1 lá le fréamh chearnach 10, nó an múnlaíonn sé díreach VaR 10 lá?);

(iv)

Tuairisc ar an gcur chuige comhiomlánúcháin, arb é an modh é chun an priacal sonrach agus an priacal ginearálta a chomhiomlánú (i.e. an ríomhann na hinstitiúidí an muirear sonrach mar mhuirear neamhspleách trí mhodh eile seachas an modh a úsáidtear chun an priacal ginearálta a ríomh nó an mbaineann na hinstitiúidí úsáid as samhail aonair lena ndéantar priacal ginearálta agus priacal sonrach a éagsúlú?);

(v)

An cur chuige luachála (athluacháil iomlán nó úsáid neastachán);

(vi)

Cibé acu, agus éagsúlachtaí ionchasacha i bhfachtóirí priacail á n-ionsamhlú, an n-úsáidtear as torthaí absalóideacha nó coibhneasta (nó cur chuige measctha) (i.e. athrú comhréireach ar phraghsanna nó ar rátaí nó athrú absalóideach ar phraghsanna nó ar rátaí).

(f)

I gcás samhlacha SVaR:

(i)

Tuairisc ar an gcaoi a gcinntear an tréimhse shealbhaíochta 10 lá. Mar shampla, an ndéanann an institiúid VaR aon lae a mhéadú ó scála ar fhréamh chearnach 10, nó an samhlaítear VaR 10 lae go díreach? Más ionann an cur chuige agus an ceann do na samhlacha VaR, féadfaidh na hinstitiúidí é sin a dheimhniú agus tagairt a dhéanamh do nochtadh (e) (iii) thuas;

(ii)

Tuairisc ar an tréimhse struis a roghnaíonn an institiúid agus an réasúnaíocht is bun leis an rogha sin;

(iii)

Tuairisc ar an gcur chuige luachála (athluacháil iomlán nó úsáid neastachán).

(g)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, áireoidh institiúidí tuairisc ar an tástáil struis a chuirtear i bhfeidhm ar na paraiméadair samhaltaithe a bheidh comhsheasmhach leis an bhfaisnéis arna nochtadh faoi (A)(a) thuas (príomhchásanna a forbraíodh chun saintréithe na bpunann a bhfuil feidhm ag na samhlacha VaR agus SVaR maidir leo a ghabháil ar leibhéal an ghrúpa).

(h)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, nochtfaidh institiúidí tuairisc ar an gcur chuige arna úsáid chun cruinneas agus comhsheasmhacht inmheánach na sonraí agus na bparaiméadar a úsáidtear chun samhlacha inmheánacha IRC agus na próisis samhaltaithe a iarthástáil nó a bhailíochtú.

(B)

Institiúidí a úsáideann samhlacha inmheánacha chun ceanglais cistí dílse maidir le priacal mainneachtana agus priacal imirce incriminteach (IRC) a thomhas i gcomhréir le Ranna 3 agus 4 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

(a)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 455 agus i bpointe (b) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, áireoidh institiúidí tuairisc ar na priacail a chumhdaítear le samhlacha IRC ina sonrófar conas a dháiltear iad i bpunanna/i bhfophunanna a bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil ina leith.

(b)

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 455 de CRR tuairisc ar raon feidhme chur i bhfeidhm na samhla IRC a bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil ina leith, agus déanfar í a chomhlánú le faisnéis maidir leis na heintitis sa ghrúpa a n-úsáideann na samhlacha sin agus conas a léiríonn na samhlacha uile a úsáidtear ar leibhéal an ghrúpa, lena n-áirítear céatadán na gceanglas cistí dílse a chumhdaítear leis na samhlacha nó má úsáidtear na samhlacha céanna de IRC do gach eintiteas a bhfuil risíocht ar phriacal margaidh acu.

 

Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 455 de CRR maidir le saintréithe samhlacha IRC:

(c)

Tuairisc ghinearálta ar an modheolaíocht a úsáidtear le haghaidh samhlacha inmheánacha maidir le priacal incriminteach mainneachtana agus imirce, lena n-áirítear an nithe seo a leanas:

(i)

Faisnéis faoi chur chuige an tsamhaltaithe fhoriomláin (go háirithe úsáid samhlacha bunaithe ar raon nó samhlacha bunaithe ar mhaitrís thrasdultach);

(ii)

Faisnéis faoi chalabrú na maitríse trasdultaí;

(iii)

Faisnéis faoi thoimhdí comhghaolúcháin;

(d)

Áireoidh institiúidí tuairisc ar an gcur chuige arna úsáid chun tréimhsí leachtachta a chinneadh;

(e)

Áireoidh institiúidí tuairisc ar an modheolaíocht a úsáideadh chun measúnú caipitil a dhéanamh atá comhsheasmhach leis an gcaighdeán fóntachta is gá;

(f)

Áireoidh institiúidí tuairisc ar an gcur chuige a úsáideadh chun na samhlacha a bhailíochtú.

(g)

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d’Airteagal 455 de CRR tuairisc ar an tástáil struis a chuirtear i bhfeidhm ar na paraiméadair samhaltaithe a bheidh comhsheasmhach leis an bhfaisnéis arna nochtadh faoi (B)(b) thuas (príomhchásanna a forbraíodh chun saintréithe na bpunann a bhfuil feidhm ag na samhlacha VaR agus SVaR maidir leo a ghabháil ar leibhéal an ghrúpa).

(h)

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 455 de CRR tuairisc ar an gcur chuige arna úsáid chun cruinneas agus comhsheasmhacht inmheánach na sonraí agus na bparaiméadar a úsáidtear chun samhlacha inmheánacha IRC agus na próisis samhaltaithe a chúltástáil nó a bhailíochtú

(C)

Institiúidí a úsáideann samhlacha inmheánacha chun ceanglais cistí dílse a thomhas le haghaidh punann trádála comhghaoil (tomhas an phriacail iomláin) i gcomhréir le Roinn 5 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

(a)

Agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 455 agus i bpointe (b) d’Airteagal 455 de CRR á nochtadh acu, áireoidh institiúidí tuairisc ar na priacail a chumhdaítear le samhlacha thomhas an phriacail iomláin ina sonrófar conas a dháiltear iad i bpunanna/i bhfophunanna a bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil ina leith.

(b)

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 455 de CRR tuairisc ar raon feidhme chur i bhfeidhm shamhlacha thomhas an phriacail iomláin a bhfuil cead tugtha ag an údarás inniúil ina leith. Déanfar sin a chomhlánú le faisnéis faoi na heintitis sa ghrúpa a úsáideann na samhlacha sin agus conas a léiríonn na samhlacha na samhlacha uile arna n-úsáid ar leibhéal an ghrúpa, lena n-áirítear le céatadán na gceanglas cistí dílse a chumhdaítear leis na samhlacha/nó má úsáidtear na samhlacha céanna IRC le haghaidh eintitis a bhfuil risíocht ar phriacal mhargaidh aige.

 

Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(ii) d’Airteagal 455 de CRR maidir le saintréithe samhlacha thomhas an phriacail iomláin:

(c)

Tuairisc ghinearálta ar an modheolaíocht a úsáidtear i ndáil le trádáil chomhghaoil, lena n-áirítear na nithe seo as leanas:

(i)

Faisnéis faoi chur chuige an tsamhaltaithe fhoriomláin (rogha de chomhghaol na samhlacha idir mainneachtain/imirce agus difríochtaí: (i) próisis stocastaigh ar leithligh nó chomhghaolaithe lena spreagtar mainneachtain/imirce agus raon difríochta; (ii) raonta difríochta lena spreagtar imirce/mainneachtain; nó (iii) mainneachtain/imirce lena spreagtar raonta difríochta);

(ii)

Faisnéis a úsáidtear chun paraiméadair an bhunchomhghaoil a chalabrú: Praghsáil LGD (praghsáil chaillteanais i gcás mainneachtana) na dtráinsí (tráinsí seasmhacha nó stocastacha);

(iii)

Faisnéis faoin rogha maidir le suíomhanna a aosú (brabúis agus caillteanais bunaithe ar ghluaiseacht ionsamhlaithe an mhargaidh sa tsamhail arna ríomh bunaithe ar an méid ama go dtí go rachaidh gach suíomh in éag ag deireadh na tréimhse caipitil 1 bhliain nó tríd an méid ama go dtí go rachaidh siad in éag ar an dáta ríofa a úsáid);

(d)

Áireoidh institiúidí tuairisc ar an gcur chuige arna úsáid chun tréimhsí leachtachta a chinneadh.

(e)

Áireoidh institiúidí tuairisc ar an modheolaíocht a úsáideadh chun measúnú caipitil a dhéanamh atá comhsheasmhach leis an gcaighdeán fóntachta is gá.

(f)

Áireoidh institiúidí tuairisc ar an gcur chuige arna úsáid chun na samhlacha a bhailíochtú.

(g)

San fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iii) d’Airteagal 455 de CRR áireofar tuairisc ar an tástáil struis arna cur i bhfeidhm ar na paraiméadair samhaltaithe (príomhchásanna a forbraíodh chun saintréithe na bpunann a bhfuil feidhm ag samhlacha thomhas an phriacail iomláin maidir leo ar leibhéal an ghrúpa a ghabháil).

(h)

San fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a)(iv) d’Airteagal 455 de CRR áireofar tuairisc ar an gcur chuige arna úsáid chun cruinneas agus comhsheasmhacht inmheánach na sonraí agus na bparaiméadar a úsáidtear chun samhlacha inmheánacha thomhas an phriacail iomláin agus na próisis samhaltaithe a chúltástáil nó a bhailíochtú.

(i)

Comhlánóidh institiúidí an fhaisnéis nochta faoi na samhlacha inmheánacha le haghaidh priacal mainneachtana agus priacal imirce incriminteach agus le haghaidh punanna trádála comhghaoil leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 455 maidir leis an meántréimhse leachtachta ualaithe le haghaidh fophunann, atá comhleanúnach leis an tuairisc a chuirtear ar fáil faoi rónna (B), (a) agus (d) agus (C) (a) agus (d) de thábla EU MRB.

Teimpléad EU MR2-A – Priacal margaidh faoi Mhodh na Samhla Inmheánaí (IMA): formáid sheasta

5. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 455 CRR trí na treoracha a thugtar thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU MR2-A a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.


Tagairtí dlí agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

1

VaR (luachanna níos airde a agus b)

a

VaR an lae roimhe (VaRt-1)

Uimhir luacha faoi phriacal (VaRt-1) don lá roimhe arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 365(1) de CRR

b

Fachtóir iolrúcháin (mc) x meánluach na 60 lá oibre roimhe (VaRavg)

Meán na n-uimhreacha luacha faoi phriacal arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 365(1) de CRR do gach lá den seasca lá gnó roimhe sin (VaRavg), a iolraíodh faoin bhfachtóir iolrúcháin (mc) i gcomhréir le hAirteagal 366 de CRR

2

SVaR (luachanna níos airde a agus b)

a

SVaR is déanaí atá ar fáil (SVaRt-1))

Uimhir luacha faoi phriacal struis is déanaí atá ar fáil (sVaRt-1) arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 365(2) de CRR

b

Fachtóir iolrúcháin (ms) x meánluach na 60 lá oibre roimhe (sVaRavg)

Meán na n-uimhreacha luacha faoi phriacal struis arna ríomh sa mhodh agus leis an minicíocht a shonraítear in Airteagal 365(2) de CRR le linn an seasca lá gnó roimhe sin (sVaRavg), a iolraíodh faoin bhfachtóir iolrúcháin (ms) i gcomhréir le hAirteagal 366 de CRR

3

IRC (luachanna níos airde a agus b)

a

An tomhas IRC is déanaí

An uimhir phriacail is déanaí le haghaidh priacal mainneachtana agus priacal imirce incriminteach i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

b

An meántomhas IRC 12 sheachtain

An mheánuimhir phriacail le haghaidh priacal mainneachtana agus priacal imirce incriminteach i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR le linn na 12 sheachtain roimhe sin

4

Tomhas an phriacail iomláin (luachanna níos airde a, b agus c)

a

Tomhas an phriacail iomláin is déanaí a rinneadh

An uimhir phriacail is déanaí maidir leis an bpunann trádála comhghaoil arna ríomh i gcomhréir le Roinn 5; de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

b

Méantomhas an phriacail iomláin le linn 12 sheachtain

Meán na huimhreach priacail maidir leis an bpunann trádála comhghaoil arna ríomh i gcomhréir le Roinn 5 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí CRR, le linn na 12 sheachtain roimhe sin

c

Íostairseach thomhas an phriacail iomláin

8 % den cheanglas cistí dílse, tráth a ríomhadh an uimhir priacal is déanaí dá dtagraítear i ró (a) den teimpléad seo, a bheadh ríofa i gcomhréir le hAirteagal 338(4) de CRR maidir leis na suíomhanna sin uile atá ionchorpraithe sa tsamhail inmheánach maidir leis an bpunann trádála comhghaoil

5

Eile

Tagraíonn “eile” do na cistí dílse breise arna gceangal ag maoirseoirí le haghaidh institiúidí a úsáideann modh na samhla inmheánaí le haghaidh priacal margaidh (e.g. caipiteal breise de réir Airteagal 101 de Threoir 2013/36/AE).

6

Iomlán (1+2+3+ 4+5)

Litir an cholúin

Míniú

a

RWEAnna

Nochtadh risíochtaí atá ualaithe ó thaobh priacal dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 438 de CRR, arna ríomh mar an luach i gcolún b arna iolrú faoi 12.5 i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 92 (4) de CRR.

b

Ceanglais cistí dílse

Ceanglais cistí dílse le haghaidh priacal margaidh mar a chinntear iad i gCaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR i gcomhréir leis na treoracha i rónna 1 go 4 thuas.

Teimpléad EU MR2-B – Ráitis sreafa RWEA maidir le risíochtaí priacail margaidh faoi Mhodh na Samhlaí Inmheánaí: formáid sheasta

6. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 438 de CRR trí na treoracha a thugtar thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU MR2-B a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.

7. Nochtfaidh institiúidí na sreafaí RWEA mar na hathruithe idir na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ag deireadh an tréimhse tagartha don nochtadh (mar a shonraítear thíos i ró 8) agus na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacal ag deireadh an dáta tagartha don nochtadh roimhe sin (mar a shonraítear thíos i ró 1; i gcás nochtuithe ráithiúla, deireadh ráithe roimh an ráithe den dáta tagartha nochta). Féadfaidh institiúidí a nochtuithe Cholún 3 a chomhlánú tríd an bhfaisnéis chéanna le haghaidh na dtrí ráithe roimhe sin a nochtadh.

8. Míneoidh institiúidí san insint a ghabhann leis an teimpléad na figiúirí a nochtar i ró 8 den teimpléad seo, i.e. aon spreagthaí eile a chuireann go suntasach le héagsúlachtaí RWEA.


Tagairtí dlí agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

1

RWEAnna ag deireadh na tréimhse roimhe sin

Méideanna risíochtaí atá ualaithe ó taobh priacal ag deireadh na tréimhse roimhe sin a dhíorthaítear ó shuim na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 364 de CRR cé is moite de phointe (a) d’Airteagal 364 (2) CRR, agus aon chiste dílse breise arna cheangal ag maoirseoirí le haghaidh institiúidí a úsáideann modh na samhla inmheánaí le haghaidh priacal margaidh, arna n-iolrú faoi 12.5 i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 92(4) de CRR

2

Éagsúlachtaí i leibhéil priacail

Athruithe i ngeall ar athruithe suímh, seachas na hathruithe sin a spreagtar le hathruithe ar an mbeartas rialála

3

Athruithe múnla

Nuashonruithe suntasacha ar an tsamhail chun an taithí le déanaí a léiriú (e.g. athchalabrú), chomh maith le hathruithe suntasacha ar raon feidhme an mhúnla. Má dhéantar níos mó ná nuashonrú múnla amháin, d’fhéadfadh rónna breise a bheith riachtanach.

4

Modheolaíocht agus beartas

Athruithe modheolaíochta ar na ríomhanna arna spreagadh ag athruithe ar an mbeartas rialála

5

Éadálacha agus diúscairtí

Modhnuithe i ngeall ar línte nó eintitis ghnó nó i ngeall ar línte nó eintitis táirgí a fháil nó a dhiúscairt

6

Gluaiseachtaí malairte eachtraí

Athruithe a eascraíonn as gluaiseachtaí aistrithe airgeadra eachtraigh

7

Eile

Úsáidfear an chatagóir seo chun athruithe nach féidir a chur i leith aon chatagóir spreagaithe a áirítear i rónna 2 go 6 den teimpléad seo a ghabháil, agus ní mór na mínithe maidir le cúiseanna na n-athruithe sin a chur ar fáil san insint a ghabhann leis.

8

RWEAnna ag deireadh thréimhse an nochta

Méideanna risíochtaí atá ualaithe ó taobh priacal ag deireadh na tréimhse a dhíorthaítear ó shuim na gceanglas cistí dílse i gcomhréir le hAirteagal 364 de CRR cé is moite de phointe (a) d’Airteagal 364(2) de CRR, agus aon chiste dílse breise arna cheangal ag maoirseoirí le haghaidh institiúidí a úsáideann modh na samhla inmheánaí le haghaidh priacal margaidh, arna n-iolrú faoi 12.5 i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 92(4) de CRR

1a /1b/ 8a/8b

Úsáidfear rónna 1a/1b agus 8a/8b den teimpléad seo nuair is ionann an ceanglas maidir le RWEA/cistí dílse le haghaidh aon cheann de na colúin a go d den teimpléad seo agus an meán 60 lá (le haghaidh VaR agus SVaR) nó an meántomhas 12 sheachtain nó an tomhas urláir (le haghaidh IRC agus thomhas an phriacail iomláin) agus ní an ceanglas maidir le RWEA/cistí dílse ag deireadh na tréimhse (an tréimhse roimhe sin nó an tréimhse nochta) i gcomhréir le pointí (a)(i) agus (b)(i) d’Airteagal 364(1) agus pointe (b)(i) d’Airteagal 364(2) agus pointe (a) d’Airteagal 364(3) de CRR. Is éard a bheidh sa mhéid i rónna breise 1a agus 8b an difríocht idir an RWEA díorthaithe deiridh ar mheánbhearta, mar a nochtar i ró 1 nó 8 den teimpléad seo, agus na tomhais arna ndíorthú go díreach ó na múnlaí i rónna 1b/8ú den teimpléad seo. Sna cásanna sin, áirithítear le rónna breise le haghaidh coigeartú rialála (1a agus 8b den teimpléad seo) go bhfuil an institiúid in ann foinse na n-athruithe ar an gceanglas maidir le RWEA nó an ceanglas maidir le cistí dílse a sholáthar ar bhonn an tomhais cheangail deiridh maidir le RWEA nó cistí dílse ag deireadh na tréimhse (an tréimhse roimhe nó an tréimhse nochta), i rónna 1b agus 8a den teimpléad seo. Sa chás seo, le rónna 2, 3, 4, 5, 6, 7 den teimpléad seo réitítear an luach i ró 1b agus 8a (1) den teimpléad seo.

Litir an cholúin

Míniú

a

Príomhspreagthaithe luacha faoi phriacal (VaR ) na n-athruithe le linn na tréimhse i gcomhréir le rónna (2) go (7) den teimpléad sin (ar bhonn meastachán réasúnta), athruithe ar na RWEAnna luacha faoi phriacal a dhíorthaítear ó na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 364(1) de CRR.

b

SVaR (luach faoi phriacal struis)

Príomhspreagthaithe na n-athruithe le linn na tréimhse i gcomhréir le rónna (2) go (7) den teimpléad sin (ar bhonn meastacháin réasúnta) ar na RWEAnna luacha faoi phriacal struis a dhíorthaítear ó na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 364(1) de CRR, agus aon chiste dílse breise arna cheangal ag maoirseoirí

c

IRC (muirear incriminteach priacail)

Príomhspreagthaithe na n-athruithe le linn na tréimhse i gcomhréir le rónna (2) go (7) den teimpléad sin (ar bhonn meastacháin réasúnta) ar na RWEAnna incriminteacha mainneachtana agus imirce a dhíorthaítear ó na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 364(2) de CRR, agus aon chiste dílse breise arna cheangal ag maoirseoirí

d

Tomhas an phriacail iomláin

Príomhspreagthaithe na n-athruithe le linn na tréimhse i gcomhréir le rónna (2) go (7) den teimpléad seo (ar bhonn meastacháin réasúnta) ar na RWEAnna punann trádála comhghaoil a dhíorthaítear ó na ceanglais cistí dílse i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 364(3) de CRR, agus aon chiste dílse breise arna cheangal ag maoirseoirí

e

Eile

Príomhspreagthaithe na n-athruithe le linn na tréimhse i gcomhréir le rónna (2) go (7) den teimpléad seo de RWEAnna ar bhonn chuir chuige na samhlacha nach dtuairiscítear i gcolúin (a) go (d)

f

Iomlán na RWEAnna (a + b + c + d + e)

g

Iomlán na gceanglas cistí dílse (f x 8 %)

(1)   

Féach an léiriú ó Choiste Basel maidir le Maoirseacht Bhaincéireachta ar an mBanc le haghaidh Socruithe Idirnáisiúnta, DIS Ceanglais maidir le Nochtadh DIS 99 Samplaí mionsonraithe, Nollaig 2019.

Teimpléad EU MR3 – Luachanna IMA le haghaidh punanna trádála: formáid sheasta

9. Nochtfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 455 CRR trí na treoracha a thugtar thíos san Iarscríbhinn seo a leanúint chun teimpléad EU MR3 a léirítear in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo a chomhlánú.


Tagairtí dlí agus treoracha

Uimhir an ró

Míniú

 

VaR (10 lá 99 %)

Tomhas luacha faoi phriacal i gcomhréir le hAirteagal 365(1) de CRR

Ní áireofar sna méideanna ceanglais maidir le cistí dílse breise i ndáil le cinneadh an mhaoirseora (maidir leis an iolraitheoir, mar shampla).

1 go 4

An tomhas is airde nó is ísle nó meántomhas luacha faoi phriacal laethúil le linn na tréimhse agus deireadh na tréimhse luacha faoi phriacal laethúil.

 

SVaR (10 lá 99 %)

Tomhas luacha faoi phriacal struis i gcomhréir le hAirteagal 365(2) de CRR

Ní áireofar sna méideanna ceanglais cistí dílse breise maidir le cinneadh an mhaoirseora (iolraitheoir).

5 go 8

An tomhas is airde nó is ísle nó meántomhas an luacha faoi phriacal struis laethúil le linn na tréimhse agus deireadh a chur le luach laethúil faoi phriacal.

 

IRC (99.9 %)

Luach an phriacail incrimintigh mainneachtana agus imirce i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

Ní áireofar sna méideanna ceanglais cistí dílse breise maidir le cinneadh an mhaoirseora (iolraitheoir).

9 go 12

An tomhas is airde nó is ísle nó meántomhas IRC le linn na tréimhse agus tomhas laethúil luacha faoi phriacal deiridh tréimhse

 

Tomhas an phriacail iomláin (99.9 %)

Luach na bpunanna trádála comhghaoil i gcomhréir le Roinn 5 de Chaibidil 5 de Theideal IV de Chuid a Trí de CRR

13 go 16

An tomhas is airde nó is ísle nó meántomhas punann trádála comhghaoil le linn na tréimhse agus tomhas luacha faoi phriacal laethúil dheireadh na tréimhse

Litir an cholúin

Míniú

a

An tomhas is airde nó is ísle nó meántomhas thar an tréimhse nochta agus luachanna deireadh na tréimhse a chomhfhreagraíonn do rónna (1) go (16) den teimpléad seo

Teimpléad EU MR4 – Comparáid idir meastóireachtaí VaR agus gnóthachain nó caillteanais: Teimpléad solúbtha

10. Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 455 de CRR, nochtfaidh institiúidí cairt a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn XXIX a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme seo, lena n-áirítear an fhaisnéis a léirítear sa tábla seo.


Tagairtí dlí agus treoracha

 

Míniú

 

Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 455 de CRR luach an tomhais phriacail a úsáidtear chun críoch rialála i gcomhréir le hAirteagal 365(1) de CRR, calabraithe go tréimhse shealbhaíochta 1 lá i gcomparáid leis an leibhéal muiníne 99 % lena thorthaí trádála institiúide

 

Tíolacfaidh institiúidí anailís ar “eisiaigh” (eisceachtaí cúltástála de réir Airteagal 366 de CRR) i dtorthaí cúltástála, ina sonrófar na dátaí agus an farasbarr comhfhreagrach (VaR-P&L). Ba cheart ar a laghad príomhspreagaithe na n-eisceachtaí a bheith sonraithe san anailís.

Nochtfaidh institiúidí comparáidí comhchosúla le haghaidh brabúis agus caillteanais agus brabús agus caillteanas iarbhír (i.e. ar bhonn athruithe hipitéiseacha ar luachanna punainne a tharlódh dá bhfanfadh suíomhanna deireadh lae gan athrú) de réir Airteagal 366 de CRR.

Comhlánóidh institiúidí an fhaisnéis sin le faisnéis faoi ghnóthachain nó caillteanais iarbhír, agus go háirithe déanfaidh siad a shoiléiriú go bhfuil cúlchistí san áireamh iontu agus, mura bhfuil, conas a chomhtháthaítear cúlchistí sa phróiseas cúltástála.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 08.01.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0637
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.