+IARSCRÍBHINN III Normalú astaíochtaí sonracha CO2na bhfeithiclí nua tromshaothair dá dtagraítear in Airteagal 4

IARSCRÍBHINN III Normalú astaíochtaí sonracha CO2na bhfeithiclí nua tromshaothair dá dtagraítear in Airteagal 4




IARSCRÍBHINN III

Normalú astaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair dá dtagraítear in Airteagal 4

1.   Normalú astaíochtaí sonracha CO2

Chun críocha an ríomha i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I, déantar luachanna astaíochtaí CO2 CO2v,mp na bhfeithiclí tromshaothair a normalú mar a leanas:

CO2v,mp = reportCO2v,mp + ΔCO2v,mp(m) + ΔCO2cvv,mp

m = PLsg,mp – PLv,mp + cCWv

(le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóirí N agus O)

m = PMsg,mp – PMv,mp + cCWv

(le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóir M)

Déantar luachanna na n-astaíochtaí CO2pv,mp  ó phríomhfheithiclí a normalú i gcomhréir leis na modheolaíochta céanna, agus úsáid á baint as na paraiméadair le haghaidh príomhfheithiclí.

I gcás inarb é:

CO2v,mp

astaíochtaí CO2 normalaithe na feithicle tromshaothair v arna gcinneadh do phróifíl mhisin mp atá le cur san áireamh pointe 2.1 d’Iarscríbhinn I á ríomh;

reportCO2v,mp

astaíochtaí CO2 in g/km ó fheithicil nua tromshaothair v, arna gcinneadh do phróifíl mhisin mp agus arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

ΔCO2v,mp(m)

tá sé le cinneadh i gcomhréir le pointe 3;

ΔCO2cvv,mp

tá sé le cinneadh i gcomhréir le pointe 4;

PLv,mp

pálasta na feithicle tromshaothair v sa phróifíl mhisin mp, arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

PLsg,mp

pálasta an fhoghrúpa feithiclí sg agus na próifíle misin mp dá bhforáiltear i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

PMv,mp

mais paisinéirí na feithicle tromshaothair v sa phróifíl mhisin mp, arna cinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

PMsg,mp

mais paisinéirí an fhoghrúpa feithiclí sg agus na próifíle misin mp dá bhforáiltear i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

cCWv

an ceartúchán ar mheáchan feithicle tromshaothair foilmhe na feithicle v curtha i bhfeidhm i gcomhréir le pointe 2.

2.   Meáchan Feithicle Foilmhe a normalú

Ós rud é go dtagann méadú ar áirgiúlacht iompair feithicle tromshaothair de réir an phálasta uasta nó an uaslín paisinéirí atá incheadaithe go teicniúil, ach ar chúiseanna teicniúla go gcomhghaolaítear luachanna níos airde le haghaidh na bparaiméadar sin le meáchain feithicle foilmhe níos airde agus dá bhrí sin, le hastaíochtaí CO2 níos airde, cuirfear i bhfeidhm an ceartúchán seo a leanas ar an meáchan feithicle tromshaothair foilmhe atá i bhfeithicil tromshaothair v san fhoghrúpa sg chun a hastaíochtaí sonracha CO2 a normalú i gcomhréir le pointe 1:

cCWv = asg · (maxPLsg – maxPLv)

le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóir N;

cCWv = 0

le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóir O;

cCWv = asg · (maxPNsg – maxPNv)

le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóir M;

I gcás inarb é:

asg

comhéifeacht líneach arna cinneadh i gcomhréir le pointe 2.1 le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana inar cláraíodh an fheithicil tromshaothair v;

maxPLv

pálasta uasta na feithicle tromshaothair v atá incheadaithe go teicniúil arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

maxPNv

uaslíon paisinéirí na feithicle tromshaothair v atá incheadaithe go teicniúil arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;.

maxPLsg

pálasta uasta an fhoghrúpa feithiclí sg atá incheadaithe go teicniúil arna chinneadh i gcomhréir le pointe 2.5 d’Iarscríbhinn I;

maxPNsg

uaslíon paisinéirí an fhoghrúpa feithiclí sg atá incheadaithe go teicniúil arna chinneadh i gcomhréir le pointe 2.5 d’Iarscríbhinn I.

2.1.   Paraiméadair normalaithe a chinneadh

Le haghaidh gach tréimhse tuairiscithe, cinnfear na paraiméadair asg agus bsg le hanailís chúlchéimnithe líneach ar chomhghaolú na luachanna CWv leis na luachanna maxPLv (feithiclí tromshaothair de chatagóir N) agus maxPNy (feithiclí tromshaothair de chatagóir M), agus gach feithicil tromshaothair v atá nuachláraithe san fhoghrúpa feithicle sg á cur san áireamh:

CWv ≈ asg maxPLv + bsg

le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóir N;

CWv ≈ asg maxPNv + bsg

le haghaidh feithiclí tromshaothair de chatagóir M.

I gcás inarb é:

CWv

meáchan feithicle foilmhe na feithicle tromshaothair v, arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b; mura bhfuil aon luach beacht ar fáil, féadfar é a neasú le mais iarbhír cheartaithe na feithicle tromshaothair v;

maxPLv

pálasta uasta na feithicle tromshaothair v atá incheadaithe go teicniúil arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

maxPNv

uaslíon paisinéirí na feithicle tromshaothair v atá incheadaithe go teicniúil arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;.

3.   Athrú ar na hastaíochtaí CO2 le haghaidh athrú ar mhais iomlán na feithicle

An t-athrú ex post ar astaíochtaí CO2 feithicle tromshaothair v atá le cinneadh do phróifíl mhisin mp mar gheall ar athrú ex post ar an mais iomlán atá le sannadh don fheithicil tromshaothair chun astaíochtaí CO2 a chinneadh, sainítear an t-athrú sin leis an neastachán líneach seo a leanas:

ΔCO2v,mp(m) = m (CO2v,r – CO2v,l) / (Mr – Ml)

I gcás inarb é:

m

an t-athrú ar an mais iomlán atá sannta don fheithicil tromshaothair v chun a hastaíochtaí CO2 a chinneadh;

CO2v,r

astaíochtaí CO2 na feithicle tromshaothair v in g/km, gan athrú ar an mais, arna gcinneadh don phróifíl mhisin chéanna mp, dálaí luchtaithe ionadaíocha;

CO2v,l

astaíochtaí CO2 na feithicle tromshaothair v in g/km, gan athrú ar an mais, arna gcinneadh don phróifíl mhisin chéanna mp, dálaí luchtaithe ísle;

Mr

mais iomlán feithicle in ionsamhlúchán, gan athrú ar an mais, don phróifíl mhisin chéanna mp, dálaí luchtaithe ionadaíocha;

Ml

mais iomlán feithicle in ionsamhlúchán, gan athrú ar an mais, don phróifíl mhisin chéanna mp , dálaí luchtaithe ísle.

4.   Normalú le haghaidh méideanna éagsúla lasta

Tá méideanna éagsúla lasta ag feithiclí tromshaothair de chatagóir O laistigh den fhoghrúpa feithiclí céanna. Ós rud é go dtagann méadú ar áirgiúlacht iompair feithicle tromshaothair de réir an mhéid lasta, ach ar chúiseanna teicniúla go gcomhghaolaítear an méadú sin le hastaíochtaí CO2 níos airde freisin, cuirfear i bhfeidhm an ceartúchán seo a leanas ar astaíochtaí CO2 feithicle tromshaothair v san fhoghrúpa feithiclí sg:

ΔCO2cvv,mp = asg,mp (CVsg – CVv)

I gcás inarb é:

asg,mp

comhéifeacht líneach arna cinneadh i gcomhréir le pointe 4.1 le haghaidh thréimhse thuairiscithe na bliana inar cláraíodh an fheithicil tromshaothair v;

CVv

méid lasta na feithicle tromshaothair v arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

CVsg

méid lasta an fhoghrúpa feithiclí sg arna chinneadh i gcomhréir le pointe 2.5 d’Iarscríbhinn I.

Maidir le feithiclí tromshaothair de chatagóirí N agus M, 0 a bheidh sa cheartúchán ar astaíochtaí CO2 ΔCO2cvv,mp .

4.1.   Paraiméadair normalaithe a chinneadh

Maidir le gach tréimhse thuairiscithe agus próifíl mhisin, cinnfear na paraiméadair asg,mp agus bsg,mp le hanailís chúlchéimnithe líneach ar chomhghaolú na luachanna [reportCO2v,mp + ΔCO2v,mp(m)] leis na luachanna CVv , agus gach feithicil tromshaothair v atá nuachláraithe san fhoghrúpa feithiclí sg á cur san áireamh:

reportCO2v,mp + ΔCO2v,mp(m) ≈ asg,mp · CVv + bsg,mp

I gcás inarb é:

CVv

méid lasta na feithicle tromshaothair v arna chinneadh ó na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagail 13a agus 13b;

reportCO2v,mp, ΔCO2v,mp(m)

mar atá sainmhínithe i bpointe 1.’

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.09.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1242
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.