|
Tacar sonraí
|
Cur síos
|
Soláthróir sonraí
|
|
Tacair sonraí taobh thiar de sheirbhísí tiomnaithe
|
Sonraí ceimiceán cumhdaithe ag:
|
|
|
IPCHEM (Airteagal 7) Áirítear leis sin na sonraí ceimiceán uile atá san IPCHEM arna oibriú ag an gCoimisiún roimh aistriú na hoibríochta chuig ECHA.
|
An Coimisiún
|
|
Stór luachanna tagartha (Airteagal 8) Áirítear ann na sonraí seo a leanas:
|
(a)
|
luachanna tagartha rialála arna nglacadh go foirmiúil faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
|
|
(b)
|
luachanna tagartha eolaíocha atá ar fáil i dtuairimí foirmiúla arna dtabhairt faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid 1; agus
|
|
(c)
|
luachanna tagartha eolaíocha arna sonrú in Iarscríbhinn II a eascraíonn as nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
Gníomhaireachtaí
|
|
Faisnéis maidir le próisis rialála um cheimiceáin (Airteagal 10): Áirítear leis sin an fhaisnéis seo a leanas:
|
(a)
|
faisnéis atá in Uirlis ECHA um Chomhordú Gníomhaíochtaí atá ann cheana;
|
|
(b)
|
faisnéis maidir le próisis rialála um cheimiceáin atá ar fáil trí EFSA Oscailte de chuid EFSA; agus
|
|
(c)
|
faisnéis eile mar a sholáthraítear do ECHA i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
Údaráis
|
|
Faisnéis faoi na hoibleagáidí faoi ghníomhartha dlí an Aontais maidir le ceimiceáin (Airteagal 13) Áirítear leis sin faisnéis faoi na hoibleagáidí faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear faisnéis atá ar fáil trí Aimsitheoir Reachtaíochta an Aontais Eorpaigh atá ag ECHA cheana.
|
ECHA
|
|
Stór formáidí caighdeánacha agus foclóirí rialaithe (Airteagal 14) Áirítear leis sin formáidí caighdeánacha agus foclóirí rialaithe atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14.
|
Gníomhaireachtaí, an Coimisiún
|
|
Clárúcháin REACH
|
Sainchomhaid chlárúcháin arna gcur isteach faoi Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006.
|
ECHA
|
|
Fardal aicmithe agus lipéadaithe CLP
|
|
—
|
Faisnéis maidir le haicmiú agus lipéadú arna gcur isteach i sainchomhaid chlárúcháin faoi Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus a dtugtar fógra ina leith faoi Theideal V de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; agus
|
|
—
|
Iontrálacha comhchuibhithe aicmithe agus lipéadaithe ó Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.
|
|
ECHA
|
|
Iarratais BPR lena bhformheas agus athnuachan substaintí gníomhacha agus achoimrí ar shaintréithe táirgí bithicídeacha
|
|
—
|
Iarratais le haghaidh formheas nó athnuachan formheasa substaintí gníomhacha bithicídeacha faoi Chaibidil II agus Caibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus atá ar fáil in IUCLID; agus
|
|
—
|
Achoimrí ar shaintréithe táirgí bithicídeacha arna gcur isteach ag iarrthóirí ar údarú an Aontais faoi Chaibidil VIII de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus ag iarrthóirí faoi Rialachán (AE) Uimh. 414/2013 agus atá ar fáil in IUCLID.
|
|
ECHA
|
|
Iarratais DWD ar chuimsiú substaintí sna liostaí dearfacha Eorpacha
|
Iarratais chun iontrálacha nua a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí atá i dtadhall le huisce óil, agus chun iontrálacha atá iontu cheana a leasú nó a bhaint, arna gcur isteach ag oibreoirí eacnamaíocha nó údaráis ábhartha faoi Airteagal 13 de Threoir (AE) 2020/2184
|
ECHA
|
|
Fógraí maidir le staidéir
|
Faisnéis faoi fhógraí maidir le staidéir a luaithe a chuirtear isteach clárúchán, iarratas nó sainchomhad rialála ábhartha eile agus a dhéantar measúnú ar aon mhaíomh rúndachta:
|
—
|
ó Bhunachar Sonraí ECHA d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo; agus
|
|
—
|
bunachar sonraí EFSA dá dtagraítear in Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 mar a chuirtear ar fáil do ECHA i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den Rialachán seo
|
|
ECHA, EFSA
|
|
Open Food Tox
|
Bunachar sonraí guaise EFSA maidir le ceimiceáin a thiomsaíonn, i bhformáid struchtúrtha, measúnuithe riosca ceimiceán ó EFSA lena n-áirítear aitheantóirí ceimiceán, críochphointí criticiúla, luachanna tagartha tocsaineolaíocha agus meiteashonraí ó aschur EFSA
|
EFSA
|
|
Sonraí faireacháin ceimiceáin
|
Sonraí Faireacháin Ceimiceáin de chuid EFSA (1) lena gcumhdaítear rialacháin iomadúla faoi shainchúram EFSA agus lena n-áirítear
|
—
|
sonraí monatóireachta ceimiceáin do lotnaidicídí agus iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta agus sonraí maidir le truailleán;
|
|
—
|
tomhais aonair na gceimiceán i mbia/i mbeatha agus ábhair eile arna sampláil mar chuid de rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí forfheidhmithe;
|
|
—
|
tomhais na gceimiceán i mbia agus i mbeatha arna bhfáil ón tionscal; agus
|
|
—
|
foinsí eile mar fhreagairt ar iarraidh ar shonraí.
|
|
EFSA
|
|
Slabhra bia
|
Sainchomhaid iarratais don slabhra bia ina bhfuil sonraí ceimiceán arna gcur isteach tríd an Ardán R-Aighneachta don Slabhra Bia ag iarrthóirí faoi réimsí táirge rialaithe éagsúla faoi Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004, Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (AE) 2015/2283 agus atá ar fáil i bhformáidí struchtúrtha.
|
EFSA
|
|
Iarratais faoi PPPR
|
Sainchomhaid arna gcur isteach ag iarrthóirí faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 a bhaineann le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, lena n-áirítear an tsubstaint ghníomhach, uasleibhéil iarmhar agus cineálacha bunúsacha aighneachtaí substaintí agus atá ar fáil in IUCLID.
|
EFSA
|
|
Cáilíocht an aeir
|
Sonraí maidir le cáilíocht an aeir ó raon foinsí lena n-áirítear
|
—
|
amshraith tomhas ó líonra na hEorpa um monatóireacht ar cháilíocht an aeir; agus
|
|
—
|
staidreamh le haghaidh truailleáin aeir arna ríomh ó shonraí tíre a fíoraíodh go hoifigiúil mar a thiomsaítear faoi Threoir (AE) 2024/2881 ach gan faisnéis neas-fhíorama ar chaighdeán an aeir agus táirgí sonraí bainteacha, atá i seilbh EEA, a áireamh e.g. an tInnéacs um Cháilíocht an Aeir.
|
|
EEA
|
|
Cáilíocht an uisce - Waterbase
|
Amshraith tiúchan cothaitheach, ábhar orgánach, substaintí guaiseacha agus ceimiceán eile in aibhneacha, lochanna, screamhuisce, agus uiscí trasdultacha, cósta agus mara mar a thuairiscítear i gcomhréir leis an Liosta Faire do cheimiceáin in uiscí dromchla faoi Threoir 2000/60/CE (arna sainaithint freisin mar WISE-6).
|
EEA
|
|
Astaíochtaí - Waterbase
|
Amshraith astaíochtaí cothaitheach agus substaintí guaiseacha d’uisce, arna dtuairisciú ar ualaí ionchuir abhann bliantúla ar uiscí trasdultacha, cósta agus mara faoi Threoir 2000/60/CE (arna sainaithint freisin mar WISE-1).
|
EEA
|
|
Astaíochtaí tionsclaíocha
|
Sonraí ceimiceán maidir le scaoileadh, aistrithe agus astaíochtaí truailleán rialaithe mar a thuairiscigh na Ballstáit sa Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 agus Treoir 2010/75/AE.
|
EEA
|
|
Fardal astaíochtaí NEC
|
Sonraí faoi astaíochtaí truailleán aeir mar a thuairiscigh na Ballstáit faoi Threoir (AE) 2016/2284 agus atá á sealbhú san fhardal astaíochtaí.
|
EEA
|
|
Sonraí maidir le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a bhaineann le measúnú riosca comhshaoil agus sonraí sábháilteachta neamhchliniciúla
|
Sonraí ó mheasúnuithe riosca comhshaoil agus maidir le sábháilteacht neamhchliniciúil ó iarratais ar údarú margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine faoi Threoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004. Ní áireofar iontu ach sonraí maidir le substaintí gníomhacha ábhartha a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
EMA
|
|
Sonraí maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a bhaineann le measúnú riosca comhshaoil agus maidir le huasteorainneacha iarmhar
|
Sonraí ó mheasúnuithe riosca comhshaoil, luachanna uasteorann iarmhar (MRL) agus sonraí ó mheasúnuithe MRL a thagann ó iarratais ar údarú margaíochta le haghaidh táirgí íocshláinte le haghaidh úsáid tréidliachta faoi Rialachán (AE) 2019/6 agus Rialachán (CE) Uimh. 470/2009. Ní áireofar iontu ach sonraí maidir le substaintí gníomhacha ábhartha a chuirtear faoi bhráid EMA i gcomhthéacs na nósanna imeachta ábhartha a thugtar chun críche tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
EMA
|