+10.1 Fálú pearsanta
---+169. I gcás go bhfuil beartas luach saothair iomchuí ailínithe le rioscaí, ba cheart go mbeadh sé …
---+170. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh baill …
---+171. Ba cheart a mheas go bhfuil an riosca maidir le coigeartú anuas ar luach saothair fálaithe ag …
---+172. Ba cheart a mheas go bhfuil an riosca a bhaineann le coigeartú anuas árachaithe ag baill …
---+173. Ba cheart go mbeadh an ceanglas i bhfeidhm gan straitéisí fálaithe pearsanta nó árachas a …
---+174. Ba cheart go gcoinneodh gnólachtaí infheistíochta socruithe éifeachtacha lena chinntiú go …

10.1 Fálú pearsanta

10.1 Fálú pearsanta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
169. I gcás go bhfuil beartas luach saothair iomchuí ailínithe le rioscaí, ba cheart go mbeadh sé …

I gcás go bhfuil beartas luach saothair iomchuí ailínithe le rioscaí, ba cheart go mbeadh sé éifeachtach go leor agus go mbeifí ábalta i ngníomh coigeartú anuas a dhéanamh leis ar mhéid an luach saothair inathraithe arna dhámhadh ar na baill foirne agus go gcuirfí i bhfeidhm na socruithe malus agus aisghlámtha.

170. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh baill …

Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú, a mhéid is féidir, nach mbeidh baill foirne shainaitheanta ábalta na rioscaí a bhaineann le luach saothair inathraithe a aistriú chuig páirtí eile trí fhálú nó trí chineálacha áirithe árachais, e.g. trí bheartais a chur i bhfeidhm chun déileáil le hionstraimí airgeadais agus ceanglais maidir le nochtadh.

171. Ba cheart a mheas go bhfuil an riosca maidir le coigeartú anuas ar luach saothair fálaithe ag …

Ba cheart a mheas go bhfuil an riosca maidir le coigeartú anuas ar luach saothair fálaithe ag na baill foirne shainaitheanta má dhéanann an ball foirne sainaitheanta conradh le tríú páirtí nó leis an ngnólacht infheistíochta agus má chomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

  • a. ceanglaítear leis an gconradh ar an tríú páirtí nó ar an ngnólacht infheistíochta íocaíochtaí a dhéanamh go díreach nó go hindíreach leis an mball foirne sainaitheanta atá nasctha leis na méideanna lenar laghdaíodh luach saothair athraithe an bhaill foirne nó atá ar comhréir leo;
  • b. ceannaíonn nó sealbhaíonn an ball foirne sainaitheanta díorthaigh atá ceaptha chun caillteanais a bhaineann le hionstraimí airgeadais a fhaightear mar chuid den luach saothair inathraithe a fhálú.
172. Ba cheart a mheas go bhfuil an riosca a bhaineann le coigeartú anuas árachaithe ag baill …

Ba cheart a mheas go bhfuil an riosca a bhaineann le coigeartú anuas árachaithe ag baill foirne shainaitheanta i gcás go ndéanann baill foirne conradh árachais lena mbaineann coinníoll go ndéanfaí iad a chúiteamh i gcás coigeartú anuas ar an luach saothair. Go ginearálta níor cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar árachas a fháil chun íocaíochtaí pearsanta amhail cúram sláinte agus tráthchodanna morgáiste a chlúdach.

173. Ba cheart go mbeadh an ceanglas i bhfeidhm gan straitéisí fálaithe pearsanta nó árachas a …

Ba cheart go mbeadh an ceanglas i bhfeidhm gan straitéisí fálaithe pearsanta nó árachas a úsáid chun an bonn a bhaint de na héifeachtaí ailínithe riosca atá leabaithe ina socruithe luach saothair maidir le luach saothair inathraithe iarchurtha agus coinnithe.

174. Ba cheart go gcoinneodh gnólachtaí infheistíochta socruithe éifeachtacha lena chinntiú go …

Ba cheart go gcoinneodh gnólachtaí infheistíochta socruithe éifeachtacha lena chinntiú go gcomhlíonann an ball foirne sainaitheanta forálacha na coda seo. Is gá ar a laghad dearbhú féintiomantais a fháil ón mball foirne sainaitheanta go staonfaidh sé nó sí ó straitéisí fálaithe pearsanta nó ó árachais a thabhairt i gcrích chun an bonn a bhaint de na héifeachtaí ailínithe riosca. Nuair is infheidhme, ba cheart go ndéanfadh feidhmeanna acmhainní daonna nó rialaithe inmheánaigh gnólachtaí infheistíochta, ar a laghad, cigireacht ar an láthair ar chomhlíonadh an dearbhaithe seo maidir leis na cuntais seirbhísí cumhdaigh inmheánach. Ba EBA Public

cheart go n-áireofaí ar a laghad i seiceálacha randamacha den sórt sin cuntais seirbhísí cumhdaigh inmheánacha na mball foirne sainaitheanta. Ba cheart fógra a thabhairt don ghnólacht infheistíochta faoi aon chuntais seirbhísí cumhdaigh lasmuigh den ghnólacht infheistíochta éigeantach freisin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/