+Critéir um14.1.2 fheidhmíocht atá riosca-íogair
---+219. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, lena …
---+220. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cothromaíocht chuí a úsáid idir critéir chainníochtúla …
---+221. Ba cheart go mbeadh na critéir a úsáidtear chun riosca agus feidhmíocht a thomhas nasctha a …
---+222. Ba cheart go gcuimseofaí i gcritéir feidhmíochta cuspóirí agus bearta indéanta a mbeidh …
---+223. Ba cheart go gcumhdófaí i gcritéir chainníochtúla tréimhse atá fada go leor chun an riosca a …
---+224. Ní chuimsítear i dtáscairí éifeachtúlachta oibriúcháin (e.g. brabúis, ioncaim, táirgiúlacht …
---+225. Ba cheart go mbeadh critéir cháilíochtúla (amhail torthaí a bhaint amach, comhlíonadh …
|
Critéir um14.1.2 fheidhmíocht atá riosca-íogair
Critéir um14.1.2 fheidhmíocht atá riosca-íogair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
219. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, lena …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla, lena n-áirítear airgeadais agus neamhairgeadais, a shocrú agus a thaifeadadh do dhaoine aonair, d'aonaid ghnó agus don ghnólacht infheistíochta. Níor cheart go spreagfaí an iomarca glacadh riosca nó mídhíol táirgí leis na critéir feidhmíochta.
|
|
220. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cothromaíocht chuí a úsáid idir critéir chainníochtúla …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta cothromaíocht chuí a úsáid idir critéir chainníochtúla agus critéir cháilíochtúla chomh maith le critéir absalóideacha agus critéir choibhneasta.
|
|
221. Ba cheart go mbeadh na critéir a úsáidtear chun riosca agus feidhmíocht a thomhas nasctha a …
|
Ba cheart go mbeadh na critéir a úsáidtear chun riosca agus feidhmíocht a thomhas nasctha a mhéid is féidir leis na cinntí a dhéanfaidh an ball foirne sainaitheanta agus an chatagóir ball foirne atá faoi réir an mheasúnaithe feidhmíochta agus ba cheart a áirithiú go mbeidh tionchar cuí ag an bpróiseas dámhachtana ar iompar na foirne.
|
|
222. Ba cheart go gcuimseofaí i gcritéir feidhmíochta cuspóirí agus bearta indéanta a mbeidh …
|
Ba cheart go gcuimseofaí i gcritéir feidhmíochta cuspóirí agus bearta indéanta a mbeidh tionchar díreach éigin ag an mball foirne sainaitheanta orthu. Agus feidhmíocht á meas, ba cheart na torthaí a baineadh amach go héifeachtach a thomhas.
|
|
223. Ba cheart go gcumhdófaí i gcritéir chainníochtúla tréimhse atá fada go leor chun an riosca a …
|
Ba cheart go gcumhdófaí i gcritéir chainníochtúla tréimhse atá fada go leor chun an riosca a ghlac na baill foirne shainaitheanta, na aonaid ghnó agus an gnólacht infheistíochta a ghabháil i gceart agus ba cheart iad a choigeartú de réir riosca agus bearta éifeachtúlachta eacnamaíoch a bheith iontu. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta critéir feidhmíochta a úsáid freisin maidir leis na sócmhainní a bhainistíonn siad. Samplaí de bhearta feidhmíochta cainníochtúla a úsáidtear san earnáil bainistíochta sócmhainní a chomhlíonann na forálacha thuasluaite ná an ráta toraidh inmheánach (IRR), tuilleamh roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA), Cóimheas Alfa, aischuir absalóideacha agus choibhneasta, Cóimheas Sharpe agus sócmhainní a ardaíodh.
|
|
224. Ní chuimsítear i dtáscairí éifeachtúlachta oibriúcháin (e.g. brabúis, ioncaim, táirgiúlacht …
|
Ní chuimsítear i dtáscairí éifeachtúlachta oibriúcháin (e.g. brabúis, ioncaim, táirgiúlacht, costais agus méadracht toirte) nó i roinnt critéir mhargaidh (e.g. praghas scaire agus toradh iomlán scairshealbhóirí) coigeartú sainráite riosca agus tá siad téarma an-ghearr leo agus dá EBA Public réir sin ní leor iad chun gach riosca a bhainfeadh gníomhaíochtaí an bhaill foirne sainaitheanta a ghabháil. Teastaíonn coigeartuithe riosca breise i leith na gcritéar feidhmíochta sin.
|
|
225. Ba cheart go mbeadh critéir cháilíochtúla (amhail torthaí a bhaint amach, comhlíonadh …
|
Ba cheart go mbeadh critéir cháilíochtúla (amhail torthaí a bhaint amach, comhlíonadh straitéise laistigh den inghlacthacht riosca agus cuntas teiste comhlíonta) ábhartha ar leibhéal gnólachta infheistíochta, aonaid gnó nó duine aonair. Is samplaí de chritéir cháilíochtúla iad spriocanna straitéiseacha a bhaint amach, sásamh an chustaiméara, cloí le beartas bainistíochta riosca, comhlíonadh rialacha inmheánacha agus seachtracha, ceannaireacht, obair foirne, cruthaitheacht, spreagadh agus comhoibriú le haonaid ghnó eile, rialú inmheánach agus feidhmeanna corparáideacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|