+4.3 Eagrú na feidhme comhlíonta AML/CFT ag leibhéal an ghrúpa
---+74. Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a creat rialaithe inmheánaigh a oiriúnú do …
---+75. Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go bhfuil dóthain sonraí agus …
---+76. I gcás inar máthairghnóthas grúpa í an institiúid creidmheasa nó airgeadais, ba cheart dó a …
---+77. I gcás inar institiúid creidmheasa nó airgeadais é an máthairghnóthas agus mar sin gur …
---+78. Agus beartais agus nósanna imeachta ar fud an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir …
---+79. Ba cheart don mháthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais: a) comhalta dá chomhlacht …
---+80. Ba cheart go gcomhoibreodh oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa go hiomlán le hoifigeach …
---+81. Ba cheart go mbeadh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an …
---+82. Ba cheart d’oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa tuarascáil gníomhaíochta a sholáthar ar …
---+83. Ba cheart go mbeadh líne dhíreach tuairiscithe ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT de chuid …
---+84. Ba cheart don ghrúpa a áirithiú go bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta a chuirtear i …

4.3 Eagrú na feidhme comhlíonta AML/CFT ag leibhéal an ghrúpa

4.3.1 Forálacha ginearálta maidir le comhthéacs an ghrúpa

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
74. Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a creat rialaithe inmheánaigh a oiriúnú do …

Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a creat rialaithe inmheánaigh a oiriúnú do shainiúlacht a gnó, dá chastacht agus do na rioscaí a bhaineann leis, ag cur comhthéacs an ghrúpa san áireamh.

75. Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go bhfuil dóthain sonraí agus …

Ba cheart don institiúid creidmheasa nó airgeadais a áirithiú go bhfuil dóthain sonraí agus faisnéise ag an máthairghnóthas, i gcás inar institiúid creidmheasa nó airgeadais é, agus go bhfuil sé in ann an phróifíl riosca ML/TF ar fud an ghrúpa a mheasúnú, i gcomhréir le treoirlínte an ÚBE maidir le tosca riosca ML/TF.14


14 Treoirlínte athbhreithnithe ÚBE ar thosca riosca ML/TF: EBA/GL/2021/02

76. I gcás inar máthairghnóthas grúpa í an institiúid creidmheasa nó airgeadais, ba cheart dó a …

I gcás inar máthairghnóthas grúpa í an institiúid creidmheasa nó airgeadais, ba cheart dó a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis is gá ag gach comhlacht bainistíochta, líne ghnó agus aonad inmheánach, lena n-áirítear gach feidhm rialaithe inmheánaigh, chun go mbeidh sé in ann a dhualgais a chomhlíonadh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis go háirithe go malartófar faisnéis leordhóthanach idir na línte gnó agus an fheidhm chomhlíonta AML/CFT, agus an fheidhm chomhlíonta i gcás inar feidhmeanna éagsúla iad, ar leibhéal an ghrúpa agus idir ceannairí na bhfeidhmeanna rialaithe inmheánaigh ar leibhéal an ghrúpa agus comhlacht bainistíochta na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais. 4.3.2 Ról an chomhlachta bainistíochta maidir le AML/CFT ag leibhéal an ghrúpa

77. I gcás inar institiúid creidmheasa nó airgeadais é an máthairghnóthas agus mar sin gur …

I gcás inar institiúid creidmheasa nó airgeadais é an máthairghnóthas agus mar sin gur eintiteas faoi oibleagáid é faoi Threoir (AE) 2015/849, ba cheart go gcuirfeadh a comhlacht bainistíochta na cúraimí seo a leanas i gcrích ar a laghad:

  • a) d’fhonn cartagrafaíocht de na rioscaí ML/TF a bhfuil gach grúpeintiteas neamhchosanta i dóibh a bheith ann, áiritheoidh siad go ndéanfaidh na grúpeintitis a measúnuithe riosca ML/TF féin ar fud an ghnó ar bhealach comhordaithe agus bunaithe ar mhodheolaíocht choiteann, ach go léireoidh siad ag an am céanna a gcuid sainiúlachtaí féin, ag cur san áireamh Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2015/849 agus treoirlínte athbhreithnithe an ÚBE maidir le tosca riosca ML/TF;15
  • b) nuair a chuirtear ar an eolas é ag comhaltaí an ghrúpa bainistíochta grúpa nó ag an ardbhainisteoir atá freagrach as AML/CFT nó go díreach ag oifigeach comhlíonta AML/CFT an ghrúpa faoi ghníomhaíochtaí maoirseachta arna ndéanamh in eintitis den ghrúpa ag údarás inniúil, nó faoi easnaimh a shainaithnítear iontu, a áirithiú go gcuirfidh an fhochuideachta nó an brainse bearta leasúcháin i gcrích ar bhealach tráthúil agus éifeachtach.

4.3.3 Riachtanais eagraíochtúla ag leibhéal an ghrúpa


15 Treoirlínte athbhreithnithe ÚBE ar thosca riosca ML/TF: EBA/GL/2021/02

78. Agus beartais agus nósanna imeachta ar fud an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir …

Agus beartais agus nósanna imeachta ar fud an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 45 de Threoir (AE) 2015/849 á gcur chun feidhme, níor chóir do leasanna coinbhleachta, rud a chiallaíonn cúraimí ML/TF a ghineann riosca amhail an fheidhm thráchtála, idir máthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais, ar eintiteas faoi oibleagáid é faoi Threoir (AE) 2015/849, agus fochuideachta nó brainse, comhlíonadh na gceanglas AML/CFT a chur i mbaol, agus ba cheart é a mhaolú.

79. Ba cheart don mháthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais: a) comhalta dá chomhlacht …

Ba cheart don mháthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais:

  • a) comhalta dá chomhlacht bainistíochta nó bainisteoir sinsearach a bheidh freagrach as AML/CFT a ainmniú i measc na n-ardbhainisteoirí ar leibhéal an mháthairghnóthais, chomh maith le grúpoifigeach um chomhlíonadh AML/CFT;
  • b) struchtúr comhordaithe eagraíochtúil agus oibríochtúil a bhunú ar leibhéal an ghrúpa ag a mbeidh dóthain cumhachta cinnteoireachta do bhainistíocht AML/CFT an ghrúpa chun an seasamh seo a dhéanamh éifeachtach maidir le rioscaí ML/TF a bhainistiú agus a chosc, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus leis an reachtaíocht intíre is infheidhme;
  • c) nósanna imeachta inmheánacha AML/CFT an ghrúpa a fhormheas agus a áirithiú go bhfuil siad ag teacht le struchtúr an ghrúpa agus le méid agus le saintréithe na n-institiúidí creidmheasa nó airgeadais a bhaineann leis;
  • d) meicníochtaí rialaithe AML/CFT inmheánacha a bhunú ar leibhéal an ghrúpa;
  • e) meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas agus nósanna imeachta AML/CFT ag leibhéal an ghrúpa; agus
  • f) i gcás institiúid creidmheasa nó airgeadais a oibríonn brainsí nó fochuideachtaí ina tír féin, nó i mBallstát eile nó i dtríú tír, grúpoifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a cheapadh mar chomhordaitheoir, chun a áirithiú i gcás eintitis uile an ghrúpa atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí airgeadais go gcuirfear chun feidhme beartas an ghrúpa agus na córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha agus iomchuí chun ML/TF a chosc go héifeachtach.
80. Ba cheart go gcomhoibreodh oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa go hiomlán le hoifigeach …

Ba cheart go gcomhoibreodh oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa go hiomlán le hoifigeach um chomhlíonadh AML/CFT gach eintitis.

81. Ba cheart go mbeadh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an …

Ba cheart go mbeadh na cúraimí seo a leanas ar a laghad ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa:

  • a) comhordú a dhéanamh ar an measúnú ar fud an ghnó ar na rioscaí ML/TF arna dhéanamh ar an leibhéal áitiúil ag eintitis an ghrúpa agus comhiomlánú a dtorthaí a eagrú chun tuiscint mhaith a bheith acu ar nádúr, ar dhéine agus ar shuíomh na rioscaí ML/TF, a bhfuil an grúpa ina iomláine neamhchosanta dóibh;
  • b) measúnú riosca ML/TF ar fud an ghrúpa a dhréachtú. I ndáil leis sin, ba cheart do mháthairghnóthas an ghrúpa, ina chóras bainistíochta riosca ML/TF ar leibhéal an ghrúpa, rioscaí aonair eintitis éagsúla an ghrúpa agus na hidirghaolta a d’fhéadfadh a bheith acu a d’fhéadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar neamhchosaint an ghrúpa iomláin a chur san áireamh. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na rioscaí a bhfuil brainsí nó fochuideachtaí an ghrúpa atá bunaithe i dtríú tíortha neamhchosanta orthu, go háirithe má tá ardriosca ML/TF acu;
  • c) caighdeáin AML/CFT ar leibhéal grúpa a shainiú agus a áirithiú go gcomhlíonann beartais agus nósanna imeachta áitiúla, ar leibhéal an eintitis, an reachtaíocht agus na rialacháin AML/CFT is infheidhme maidir le gach eintiteas den ghrúpa ina aonar, agus go bhfuil siad ailínithe freisin leis na caighdeáin ghrúpa arna sainiú;
  • d) gníomhaíochtaí na n-oifigeach éagsúil áitiúil um chomhlíonadh AML/CFT in eintitis oibríochtúla an ghrúpa a chomhordú chun a áirithiú go n-oibríonn siad go comhsheasmhach;
  • e) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha AML/CFT an Aontais Eorpaigh ag na brainsí agus na bhfochuideachtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, go háirithe i gcás nach bhfuil na ceanglais maidir le ML/TF a chosc chomh dian leis na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2015/849;16
  • f) beartais, nósanna imeachta agus bearta uile-ghrúpa a shocrú a bhaineann, go háirithe, le cosaint sonraí agus le comhroinnt faisnéise laistigh den ghrúpa chun críocha AML/CFT, i gcomhréir leis na forálacha dlí náisiúnta;
  • g) a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta leordhóthanacha tuairiscithe ar idirbhearta amhrasacha ag eintitis an ghrúpa agus go roinneann siad faisnéis i gceart, lena n-áirítear an fhaisnéis gur comhdaíodh tuarascáil faoi idirbheart amhrasach (gan dochar do rialacha rúndachta náisiúnta i gcás inarb ann).

16 Le do thoil féach chomh maith Comhchaighdeáin Theicniúla Rialála ÚME maidir le cur chun feidhme beartas uile-ghrúpa AML/CFT i dtríú tíortha an 6 Nollaig 2017: JC 2017 25

82. Ba cheart d’oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa tuarascáil gníomhaíochta a sholáthar ar …

Ba cheart d’oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa tuarascáil gníomhaíochta a sholáthar ar bhonn bliantúil ar a laghad agus í a chur faoi bhráid an ghrúpchomhlacht bainistíochta. I dteannta na bpointí a luaitear i mír 50, ba cheart, ar a laghad, na pointí seo a leanas ó na hoifigigh um chomhlíonadh AML/CFT i mbrainsí agus i bhfochuideachtaí a bheith i dtuarascáil an ghrúpoifigigh um chomhlíonadh AML/CFT:

  • a) staidreamh arna chomhdhlúthú ar leibhéal an ghrúpa, go háirithe maidir le neamhchosaint ar rioscaí agus gníomhaíochtaí amhrasacha;
  • b) faireachán a dhéanamh ar rioscaí dúchasacha a tharla i bhfochuideachta nó brainse amháin agus i bhfochuideachtaí agus brainsí eile, agus anailís a dhéanamh ar thionchar rioscaí iarmharacha;
  • c) athbhreithnithe maoirseachta, iniúchtaí inmheánacha nó seachtracha ar fhochuideachtaí nó ar bhrainsí na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais lena n-áirítear na laigí tromchúiseacha a shainaithnítear i mbeartais agus i nósanna imeachta AML/CFT na hinstitiúide creidmheasa nó airgeadais, agus na gníomhaíochtaí nó na moltaí le haghaidh bearta ceartaitheacha; agus
  • d) faisnéis faoi stiúradh agus faoi mhaoirseacht na bhfochuideachtaí agus na mbrainsí le fócas speisialta ar na cinn atá lonnaithe i dtíortha ardriosca más infheidhme.
83. Ba cheart go mbeadh líne dhíreach tuairiscithe ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT de chuid …

Ba cheart go mbeadh líne dhíreach tuairiscithe ag oifigeach um chomhlíonadh AML/CFT de chuid fochuideachta nó brainse le hoifigeach um chomhlíonadh AML/CFT an ghrúpa.

84. Ba cheart don ghrúpa a áirithiú go bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta a chuirtear i …

Ba cheart don ghrúpa a áirithiú go bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm ailínithe le nósanna imeachta agus beartais an ghrúpa a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta is infheidhme. Bunaithe ar na critéir chomhréireachta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa nó airgeadais, i gcás inarb iomchuí, coistí (lena n-áirítear coiste comhlíontachta) den chomhlacht bainistíochta a bhunú ina fheidhm mhaoirseachta mar atá leagtha amach i Roinn 5 de threoirlínte athbhreithnithe an ÚBE maidir le rialachas inmheánach.17


17 Treoirlínte ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/EU: EBA/GL/2021/05

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/