+79. Ba cheart don mháthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais: a) comhalta dá chomhlacht …
|
79. Ba cheart don mháthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais: a) comhalta dá chomhlacht …
Ba cheart don mháthairghnóthas creidmheasa nó airgeadais: - a) comhalta dá chomhlacht bainistíochta nó bainisteoir sinsearach a bheidh freagrach as AML/CFT a ainmniú i measc na n-ardbhainisteoirí ar leibhéal an mháthairghnóthais, chomh maith le grúpoifigeach um chomhlíonadh AML/CFT;
- b) struchtúr comhordaithe eagraíochtúil agus oibríochtúil a bhunú ar leibhéal an ghrúpa ag a mbeidh dóthain cumhachta cinnteoireachta do bhainistíocht AML/CFT an ghrúpa chun an seasamh seo a dhéanamh éifeachtach maidir le rioscaí ML/TF a bhainistiú agus a chosc, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus leis an reachtaíocht intíre is infheidhme;
- c) nósanna imeachta inmheánacha AML/CFT an ghrúpa a fhormheas agus a áirithiú go bhfuil siad ag teacht le struchtúr an ghrúpa agus le méid agus le saintréithe na n-institiúidí creidmheasa nó airgeadais a bhaineann leis;
- d) meicníochtaí rialaithe AML/CFT inmheánacha a bhunú ar leibhéal an ghrúpa;
- e) meastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeartas agus nósanna imeachta AML/CFT ag leibhéal an ghrúpa; agus
- f) i gcás institiúid creidmheasa nó airgeadais a oibríonn brainsí nó fochuideachtaí ina tír féin, nó i mBallstát eile nó i dtríú tír, grúpoifigeach um chomhlíonadh AML/CFT a cheapadh mar chomhordaitheoir, chun a áirithiú i gcás eintitis uile an ghrúpa atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí airgeadais go gcuirfear chun feidhme beartas an ghrúpa agus na córais agus nósanna imeachta leordhóthanacha agus iomchuí chun ML/TF a chosc go héifeachtach.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|