+44. Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó, ba cheart d’institiúidí a n-eagrú inmheánach agus …

44. Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó, ba cheart d’institiúidí a n-eagrú inmheánach agus …

Chun foireann a leithdháileadh ar réimsí gnó, ba cheart d’institiúidí a n-eagrú inmheánach agus na nithe seo a leanas a bhreithniú:

  • a. Ba cheart go gcuimseofaí le ‘feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta (MB)’ comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde a ghníomhaíonn i ról maoirseachta agus faireachán a dhéanamh ar chinnteoireacht bhainistíochta (i.e. stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin), mar atá sonraithe sna treoracha don tábla REM1 litir cholún (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún. Ba cheart d’institiúidí comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta na bhfochuideachtaí a EBA Public

leithdháileadh ar an réimse gnó ábhartha faoi phointí (c) go (i) i gcás ina soláthraítear miondealú den sórt sin, agus seachas sin don chatagóir ‘foireann shainaitheanta eile’.

  • b. Ba cheart go gcuimseofaí le ‘feidhm bhainistíochta an chomhlachta bainistíochta’ comhaltaí an chomhlachta bainistíochta ar an leibhéal comhdhlúthaithe is airde atá freagrach as a fheidhmeanna bainistíochta (i.e. stiúrthóirí feidhmiúcháin) mar a shonraítear sna treoracha le tábla REM1 litir cholún (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme an Choimisiúin (AE) 2021/637. Ba cheart d’institiúidí comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta fochuideachtaí a leithdháileadh ar an réimse gnó ábhartha faoi phointí (c) go (i) i gcás ina soláthraítear miondealú den sórt sin, agus seachas sin don chatagóir ‘ardbhainistíocht eile’.
  • c. Ba cheart go n-áireofaí le 'baincéireacht infheistíochta' airgeadas corparáideach, trádáil agus díolacháin mar atá sainmhínithe in Airteagal 317, Tábla 2 de Rialachán (AE) 575/2013, idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar atá sainmhínithe in Airteagal 193(3) de Rialachán (AE) 575/2013, agus cothromas príobháideach.
  • d. Ba cheart go n-áireofaí le ‘baincéireacht mhiondíola’ gníomhaíocht iasachta iomlán na hinstitiúide (do dhaoine aonair agus d’fhiontair).
  • e. Ba cheart go gcuimseodh ‘bainistíocht sócmhainní’ bainistíocht sócmhainní laistigh de na nithe seo a leanas:
  • i. an institiúid atá ar áireamh sa sampla;
  • ii. fochuideachtaí ar institiúidí iad, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta ag féachaint d’Airteagal 1(2) nó (5) de Rialachán (AE) 2019/2033; agus
  • iii. fochuideachtaí ar gnólachtaí infheistíochta iad, gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI), bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha (BCIM) nó gnólachtaí infheistíochta atá faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 92 agus Airteagal 94 de Threoir 2013/36/AE ar bhonn comhdhlúite tar éis Airteagal 109(5) nó (6) den Treoir seo a bheith curtha i bhfeidhm.
  • f. Ba cheart go n-áireofaí le ‘feidhmeanna corparáideacha’ baill foirne i ngach feidhm a bhfuil freagrachtaí orthu as an institiúid iomlán ar an leibhéal comhdhlúite agus as fochuideachtaí a bhfuil feidhmeanna den sórt sin acu ar an leibhéal aonair, e.g. acmhainní daonna agus teicneolaíocht faisnéise.
  • g. Níor cheart go n-áireofaí le ‘feidhmeanna rialaithe neamhspleácha’ ach baill foirne atá gníomhach sna feidhmeanna neamhspleácha um bainistíocht riosca, comhlíontacht agus iniúchóireacht inmheánach mar a thuairiscítear i Roinn 19 de threoirlínte an ÚBE maidir le rialachas inmheánach faoi Threoir 2013/36/AE.
  • h. I gcás Iarscríbhinn I, ba cheart go dtuigfí le ‘foireann i bhfochuideachtaí atá faoi réir creata sonrach luach saothair’ an fhoireann go léir atá fostaithe ag fochuideachta ar gnólacht infheistíochta í, GCUI nó BCIM atá faoi réir creat sonrach luach saothair agus nach bhfuil EBA Public

faoi réir na gceanglas luacha saothair uach saothair ar bhonn comhdhlúite mar atá leagtha amach in Airteagal 109 de Threoir 2013/36/AE.

  • i. Ba cheart go n-áireofaí ar ‘gach ball foirne eile’ baill foirne agus comhaltaí de chomhlacht bainistíochta na bhfochuideachtaí, seachas gnólachtaí infheistíochta, GCUI agus BCIM, nach féidir a leithdháileadh ar na catagóirí faoi (a) go (h).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/