+355. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe …

355. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat rialaithe láidir agus cuimsitheach ag údaráis inniúla agus cosaintí fónta chun an riosca leachtachta a mhaolú nó a theorannú. Féadfar an creat rialaithe leachtachta agus na sásraí cosanta a scaradh ó chreataí nó sásraí rialaithe riosca eile. Nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar chreataí agus sásraí den chineál sin, ba cheart d'údaráis inniúla na critéir seo a leanas ar fad a chur san áireamh:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil an teorainn agus an creat rialaithe leordhóthanach do chastacht, méid agus samhail ghnó an ghnólachta infheistíochta agus cibé acu an léirítear nó nach léirítear tionscnóirí ábhartha difirúla riosca leachtachta, cosúil le neamhréireanna aibíochta, neamhréireanna airgeadra, idirbhearta díorthach, míeanna lasmuigh den chlár comhardaithe agus riosca leachtachta ionlae;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil teorainneacha iomchuí agus córais faireacháin curtha chun feidhme ag an ngnólacht infheistíochta atá comhsheasmhach lena inghlacthacht riosca leachtachta;

105

  • c. cibé acu atá nó nach bhfuil athbhreithniú rialta á dhéanamh ag na comhlachtaí inniúla nó ag feidhm rialaithe an ghnólachta infheistíochta agus an bhfuil eolas á roinnt go soiléir maidir leis seo laistigh den ghnólacht;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil nósanna imeachta soiléire agus trédhearcacha ann maidir leis an gcaoi a ndéantar faireachán ar chomhlíonadh na dteorainneacha riosca leachtachta aonair agus conas a láimhseáiltear sáruithe teorainneacha (lena n-áirítear nósanna imeachta soiléire géaraithe agus tuairiscithe); agus
  • e. cibé acu an gcabhraíonn nó nach gcabhraíonn an teorainn agus an creat rialaithe leis an ngnólacht infheistíochta infhaighteacht dóthain sócmhainní leachtacha a áirithiú.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/