+Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
---+54. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …
---+55. Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an …
---+56. Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an …
---+57. Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú …
---+58. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …
---+59. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun …
---+60. Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le …
---+61. Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí …
---+62. Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a …
|
Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
54. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …
|
Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun oibríochtaí a dhéanamh, a phróiseáil agus a thaifeadadh, chun neamhchosaintí a shainaithint, a thomhas agus a chomhiomlánú, agus chun tuarascálacha a ghiniúint, in ann tacú le bainistíocht IRRBB go tráthúil agus go beacht. Go háirithe, ba cheart do na córais tacú leis an méid seo a leanas: - (a) Sonraí maidir le riosca an ráta úis a bhaineann le neamhchosaintí ábhartha uile IRRBB na hinstitiúide ar bhearna, bonn agus riosca roghanna. Ba cheart go dtacódh sé seo le córas tomhais na hinstitiúide chun mórfhoinsí neamhchosaintí IRRBB a shainaithint, a thomhas agus a chomhiomlánú.
- (b) A bheith in ann gach idirbheart a dhéanann an institiúid a thaifeadadh go hiomlán agus go soiléir, agus a saintréithe IRRBB a chur san áireamh.
- (c) A bheith saincheaptha do chastacht agus don líon idirbheart a raibh IRRBB á chruthú acu.
- (d) A bheith sách solúbtha chun freastal ar raon réasúnta cásanna turrainge agus struis IRRBB agus aon chásanna breise.
- (e) Cur ar chumas na n-institiúidí an tionchar atá acu ar idirbhearta aonair dá neamhchosaint fhoriomlán a thomhas, a mheas agus a fhaire go hiomlán.
- (f) A bheith in ann bearta IRRBB a ríomh (i.e., bearta a bhaineann le luach eacnamaíoch agus glanioncam úis mar aon le hathruithe margadhluacha) agus bearta IRRBB eile atá forordaithe ag a n-údaráis inniúla, bunaithe ar chásanna a bhaineann le turraing an ráta úis agus struis atá sonraithe i rannóg 4.3.3 agus 4.3.4.
- (g) A bheith sách solúbtha chun srianta maoirseachta atá forchurtha ar thoimhdí inmheánacha institiúidí maidir le paraiméadar riosca a chur san áireamh.
|
|
55. Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an …
|
Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an ráta úis (lena n-áirítear raon) agus saintréithe roghanna na dtáirgí a thaifeadadh d'fhonn a áirithiú gur féidir an riosca bearna, riosca boinn agus riosca roghanna a thomhas. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an córas idirbhirt in ann eolas mionsonraithe maidir le dáta/dátaí athphraghsála idirbheart ar leith a bhailiú, cineál nó innéacs an ráta úis, aon roghanna (lena n-áirítear aisíoc nó fuascailt luath) agus na táillí a bhaineann le feidhmiú na roghanna seo. Ba cheart go mbeadh na córais atá in úsáid chun IRRBB a thomhas in ann eolas maidir le saintréithe IRRBB gach táirge a ghabháil. Ba cheart go bhfreastalódh na córais ar dhí-chomhiomlánú thionchar na n-ionstraimí agus na bpunann aonair IRRBB ag leibhéal riosca an leabhair neamhthrádála.
|
|
56. Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an …
|
Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an córas idirbhirt in ann eolas a bhailiú faoi chodanna éagsúla an táirge agus a gcuid saintréithe IRRBB a ghabháil (e.g., saintréithe sócmhainní agus dliteanas grúpáilte bunaithe ar shaintréithe áirithe cosúil le dátaí athphraghsála nó gnéithe roghnaíochta). Ba cheart don institiúid a áirithiú go bhfuil an córas TF in ann freastal ar tháirgí nua.
|
|
57. Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú …
|
Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú nach bhfuil sonraí atá in úsáid ag córais agus feidhmchláir ríomhaireachta IRRBB á n-éilliú agus chun athruithe ar an gcódú a úsáidtear sna feidhmchláir seo a rialú, ar mhaithe leis an méid seo a leanas go háirithe a áirithiú: - (a) iontaofacht na sonraí a úsáidtear mar ionchur, agus sláinte na gcóras próiseála do shamhlacha IRRBB;
- (b) an dóchúlacht go dtarlóidh earráidí sa chóras TF, lena n-áirítear earráidí a tharlaíonn nuair atá sonraí á bpróiseáil agus á gcomhiomlánú, a íoslaghdú; agus
- (c) a áirithiú go gcuirtear bearta oiriúnacha i gcrích má tharlaíonn míshocracht nó meathlú sa mhargadh.
|
|
58. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …
|
Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba cheart d'institiúidí grinnscrúdú a dhéanamh ar chaighdeán foinsí seachtracha eolais a úsáidtear chun bunachair sonraí stairiúla de rátaí úis a bhunú, mar aon le minicíocht nuashonraithe na mbunachar sonraí.
|
|
59. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun …
|
D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun feidhme a áirithíonn go bhfuil na sonraí a iontráiltear sa chóras TF ceart. Ba cheart ionchuir sonraí a dhéanamh a dhéanamh ar bhonn uathoibrithe oiread agus is féidir chun earráidí riaracháin a laghdú, agus ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar mhapáil sonraí agus iad a thástáil i gcomparáid le leagan faofa den tsamhail. Lena chois sin, ba cheart go mbeadh dóthain doiciméad ar fáil maidir leis na mórfhoinsí sonraí a úsáidtear i bpróiseas tomhais riosca na hinstitiúide. Chomh maith leis sin, ba cheart d'institiúidí sásraí oiriúnacha a bhunú chun ceartaiseacht an phróisis comhiomlánaithe agus iontaofacht thorthaí na samhla a fhíorú. Ba cheart go ndeimhneodh na sásraí seo beachtas agus iontaofacht na sonraí.
|
|
60. Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le …
|
Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le haghaidh anailís ar bhearnaí) nó chun na sreafaí airgid a shannadh do phointí góire difriúla chun léargas a thabhairt ar éirimí difriúla chuar an ráta úis, ba cheart go mbeadh na critéir chuí cobhsaí le himeacht ama chun comparáid lánbhrí ar fhigiúirí riosca i dtréimhsí difriúla a cheadú.
|
|
61. Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí …
|
Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara tráth phróiseáil na sonraí a shainaithint. Ba cheart go mbeadh nósanna imeachta bunaithe ag institiúidí chun déileáil leis na neamhréireanna agus neamhrialtachtaí sin, lena n-áirítear nósanna imeachta do réiteach comhpháirteach na suíomhanna ionas gur féidir deireadh a chur leis na neamhréireanna agus neamhrialtachtaí sin.
|
|
62. Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a …
|
Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a úsáidtear le haghaidh samhlacha a bhfuil IRRBB á thomhas acu sa ghrúpa trí chéile comhsheasmhach leis na sonraí a úsáid do phleanáil airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|