+2 Measúnú seirbhíseoirí creidmheasa ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin
---+14. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa a áirithiú go bhfuil eolas agus taithí leordhóthanach i …
---+15. Seirbhíseoirí creidmheasa, lena n-áirítear gnólachtaí a dhéanann iarratas ar údarú faoi …
---+16. Ba cheart measúnuithe eolais agus taithí chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin, ina …
---+17. De mhaolú ar mhír 16, féadfar na measúnuithe ar oiriúnacht chomhchoiteann a dhéanamh, gan …
---+18. Agus eolas agus taithí leordhóthanach á measúnú, ba cheart gach ábhar a bhaineann leis na …
---+19. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa eolas agus taithí an chomhalta aonair den orgán …
---+20. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa torthaí a measúnaithe a dhoiciméadú, agus go háirithe …
---+21. Is iad na seirbhíseoirí creidmheasa atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar …
---+22. Chun maoirseacht leanúnach iomchuí a áirithiú, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa an …
---+23. Nuair a bheidh measúnú déanta ag na húdaráis inniúla ar an eolas agus ar an taithí atá ag an …
|
2 Measúnú seirbhíseoirí creidmheasa ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin
2 Measúnú seirbhíseoirí creidmheasa ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
14. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa a áirithiú go bhfuil eolas agus taithí leordhóthanach i …
|
Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa a áirithiú go bhfuil eolas agus taithí leordhóthanach i gcónaí ag a n-orgán bainistíochta nó riaracháin ina iomláine chun a dhualgais a chomhlíonadh agus chun gnó a dhéanamh ar bhealach atá inniúil agus freagrach. I gcomhréir le hAirteagal 5(1)(b) de Threoir (AE) 2021/2167, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa a áirithiú go bhfuil dea-cháil ar gach comhalta de na horgáin sin.
|
|
15. Seirbhíseoirí creidmheasa, lena n-áirítear gnólachtaí a dhéanann iarratas ar údarú faoi …
|
Seirbhíseoirí creidmheasa, lena n-áirítear gnólachtaí a dhéanann iarratas ar údarú faoi Theideal II, Caibidil I de Threoir (AE) 2021/2167, ba cheart dóibh measúnú nó athmheasúnú a dhéanamh, go háirithe: - a. nuair a bheadh iarratas ar údarú á dhéanamh acu sula dtosóidís ar a gcuid gníomhaíochtaí;
- b. dá dtarlódh athruithe ábhartha ar chomhdhéanamh an orgáin bainistíochta nó riaracháin, lena n-áireofaí:
- i. agus comhaltaí nua den orgán bainistíochta nó riaracháin á gceapadh; agus
- ii. sa chás go bhfágfadh comhaltaí an t-orgán bainistíochta nó riaracháin;
- c. sa chás go ndéanfaí athruithe ábhartha ar an tsamhail ghnó, ar na bunfhorálacha dlíthiúla nó ar na teicneolaíochtaí a bheadh in úsáid.
|
|
16. Ba cheart measúnuithe eolais agus taithí chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin, ina …
|
Ba cheart measúnuithe eolais agus taithí chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin, ina n-iomláine, a dhéanamh sula gceapfar na comhaltaí aonair. I gcás inarb infheidhme, ba cheart don orgán bainistíochta nó riaracháin ina fheidhm mhaoirseachta a bheith freagrach as an measúnú deiridh a chur i gcrích.
|
|
17. De mhaolú ar mhír 16, féadfar na measúnuithe ar oiriúnacht chomhchoiteann a dhéanamh, gan …
|
De mhaolú ar mhír 16, féadfar na measúnuithe ar oiriúnacht chomhchoiteann a dhéanamh, gan dochar don dlí náisiúnta, tar éis cheapadh an chomhalta den orgán bainistíochta nó riaracháin in aon cheann de na cásanna seo a leanas ar thug an seirbhíseoir creidmheasa údar cuí ina leith: - a. sa chás go ndéanann scairshealbhóirí, úinéirí nó comhaltaí an tseirbhíseora creidmheasa comhaltaí den orgán bainistíochta nó riaracháin a ainmniú agus a cheapadh ag cruinniú na scairshealbhóirí nó ag cruinniú coibhéiseach nach bhfuil molta ag an seirbhíseoir creidmheasa ná ag an orgán bainistíochta nó riaracháin; agus
- b. sa chás go gcuireann measúnú iomlán roimh cheapadh comhalta nó athrú ar chomhdhéanamh an orgáin bainistíochta nó riaracháin isteach ar fheidhmiú fónta an orgáin bainistíochta nó riaracháin, lena n-áirítear mar thoradh ar na cásanna seo a leanas:
- i. sa chás inar gá comhaltaí a ionadú go tobann nó gan choinne, e.g. mar gheall ar bhás comhalta; agus
- ii. sa chás inar gá comhalta a chur as oifig mar nach bhfuil an comhalta oiriúnach a thuilleadh.
|
|
18. Agus eolas agus taithí leordhóthanach á measúnú, ba cheart gach ábhar a bhaineann leis na …
|
Agus eolas agus taithí leordhóthanach á measúnú, ba cheart gach ábhar a bhaineann leis na measúnuithe agus atá ar fáil dóibh a chur san áireamh. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa breithniú a dhéanamh ar na rioscaí, lena n-áireofaí an riosca do chlú, a thiocfadh chun cinn i gcás ina sainaithneofaí aon laigí a dhéanfadh difear d’oiriúnacht chomhchoiteann chomhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin.
|
|
19. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa eolas agus taithí an chomhalta aonair den orgán …
|
Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa eolas agus taithí an chomhalta aonair den orgán bainistíochta nó riaracháin a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar eolas comhchoiteann leordhóthanach agus ar thaithí chomhchoiteann leordhóthanach an orgáin bainistíochta nó riaracháin agus vice versa .
|
|
20. Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa torthaí a measúnaithe a dhoiciméadú, agus go háirithe …
|
Ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa torthaí a measúnaithe a dhoiciméadú, agus go háirithe aon laigí arna sainaithint idir an t-eolas is gá agus an t-eolas agus an taithí chomhchoiteann iarbhír atá ag comhaltaí an orgáin bainistíochta nó riaracháin, agus na bearta atá le déanamh chun na heasnaimh sin a shárú, lena n-áireofaí ionduchtú nó oiliúint atá le soláthar.
|
|
21. Is iad na seirbhíseoirí creidmheasa atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar …
|
Is iad na seirbhíseoirí creidmheasa atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar eolas agus ar thaithí leordhóthanach thosaigh agus leanúnach an orgáin bainistíochta nó riaracháin agus ar dhea-cháil a gcomhaltaí.
|
|
22. Chun maoirseacht leanúnach iomchuí a áirithiú, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa an …
|
Chun maoirseacht leanúnach iomchuí a áirithiú, ba cheart do sheirbhíseoirí creidmheasa an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi cheapadh beartaithe na gcomhaltaí nó, gan dochar don dlí náisiúnta, é a thabhairt le fios gan moill mhíchuí tar éis comhaltaí a cheapadh.
|
|
23. Nuair a bheidh measúnú déanta ag na húdaráis inniúla ar an eolas agus ar an taithí atá ag an …
|
Nuair a bheidh measúnú déanta ag na húdaráis inniúla ar an eolas agus ar an taithí atá ag an orgán bainistíochta nó riaracháin de chuid seirbhíseoir creidmheasa nó de chuid seirbhíseoirí creidmheasa chun críocha maoirseachta, leanfaidh an fhreagracht as oiriúnacht an orgáin bainistíochta nó riaracháin a mheasúnú agus a áirithiú de bheith ar an seirbhíseoir creidmheasa.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|