+F.2. Measúnú ar oiriúnacht scairshealbhóirí nó comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu ar údarú
---+16. De bhun Airteagal 21(2), pointe (c) nó Airteagal 63(10), pointe (c) de MiCA, déanfaidh na …
---+17. Chun measúnú a dhéanamh ar chlú an fhaighteora bheartaithe, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt …
---+18. Chun measúnú a dhéanamh ar an easpa foras réasúnach chun bheith in amhras go bhfuil ML/TF á …
---+19. Chun críocha an mheasúnaithe ar na gnéithe de dhea-cháil leordhóthanach a bhaineann le …
|
F.2. Measúnú ar oiriúnacht scairshealbhóirí nó comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu ar údarú
F.2. Measúnú ar oiriúnacht scairshealbhóirí nó comhaltaí, bíodh siad díreach nó indíreach, a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu ar údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
16. De bhun Airteagal 21(2), pointe (c) nó Airteagal 63(10), pointe (c) de MiCA, déanfaidh na …
|
De bhun Airteagal 21(2), pointe (c) nó Airteagal 63(10), pointe (c) de MiCA, déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú i dtaobh an bhfuil dea-cháil leordhóthanach ar an bhfaighteoir beartaithe a bhfuil sealúchais cháilitheacha aige nó aici i ngnóthas a dhéanann iarratas ar údarú faoi Airteagal 18 nó ar údarú faoi Airteagal 62 den Rialachán sin dá dtagraítear in Airteagal 34(4) agus in Airteagal 68(2) den Rialachán (AE) sin. Ba cheart an measúnú sin a bhunú ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 42(1) nó in Airteagal 84(1), pointe (a), maidir le clú an fhaighteora bheartaithe agus maidir le pointe (e), in éagmais foras réasúnach chun bheith in amhras go bhfuil ML/TF á ndéanamh nó go bhfuil iarracht á déanamh ina leith, de MiCA.
|
|
17. Chun measúnú a dhéanamh ar chlú an fhaighteora bheartaithe, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt …
|
Chun measúnú a dhéanamh ar chlú an fhaighteora bheartaithe, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh dá measúnú ar an bhfaisnéis a leagtar amach sna Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun Airteagal 18(6) de MiCA i gcás eisitheora ARTanna agus Airteagal 62(5) den Rialachán sin i gcás CASPanna agus ba cheart dóibh an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 10 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le Clú an fhaighteora bheartaithe – an chéad chritéar measúnaithe, de réir mar is infheidhme.
|
|
18. Chun measúnú a dhéanamh ar an easpa foras réasúnach chun bheith in amhras go bhfuil ML/TF á …
|
Chun measúnú a dhéanamh ar an easpa foras réasúnach chun bheith in amhras go bhfuil ML/TF á ndéanamh nó go bhfuil iarracht á déanamh ina leith, ba cheart d’údaráis inniúla an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 14 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le hAmhras go bhfuil sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta á dhéanamh ag an bhfaighteoir beartaithe – an cúigiú critéar measúnaithe. Thairis sin, ba cheart d’údaráis inniúla mír 28 de na Treoirlínte Comhpháirteacha seo a chur i bhfeidhm aon uair is criptea-shócmhainní iad na cistí chun sealúchais cháilitheacha a fháil nó aon uair a dhíorthaíonn siad ó chriptea-shócmhainní a mhalartú ar airgeadra fiat.
|
|
19. Chun críocha an mheasúnaithe ar na gnéithe de dhea-cháil leordhóthanach a bhaineann le …
|
Chun críocha an mheasúnaithe ar na gnéithe de dhea-cháil leordhóthanach a bhaineann le hinniúlachtaí gairmiúla an fhaighteora bheartaithe, ba cheart d’údaráis inniúla comhréireacht a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 8.3 de chuid 8 de Threoirlínte ÚMEnna maidir le QH, maidir le Comhréireacht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|