+Ábhar agus raon feidhme
---+5. Comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal …
---+6. Go sonrach, sna Treoirlínte seo: a) na tosca a leagan amach ar cheart do sholáthraithe seirbhísí …
---+7. Ina theannta sin, comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i …
|
Ábhar agus raon feidhme
Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
5. Comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal …
|
Comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 36, an chéad fhomhír agus an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2023/11132 .
2 Rialachán (AE) 2023/1113 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2023 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí agus le cripteashócmhainní áirithe agus lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 (IO L 150, 9.6.2023, lch. 1).
|
|
6. Go sonrach, sna Treoirlínte seo: a) na tosca a leagan amach ar cheart do sholáthraithe seirbhísí …
|
Go sonrach, sna Treoirlínte seo: - a) na tosca a leagan amach ar cheart do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta (SSInna), soláthraithe seirbhísí íocaíochta idirghabhálacha (SSIInna), soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní (SSCSanna) agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní idirghabhálacha (SSCSInna) a bhreithniú agus nósanna imeachta á mbunú acu chun aistrithe cistí agus cripteashócmhainní nach bhfuil an fhaisnéis is gá faoin íocóir/tionscnóir agus/nó faoin íocaí/tairbhí ina leith a bhrath agus a bhainistiú, agus chun a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta sin éifeachtach;
- b) a shonrú cad ba cheart do SSInna, SSCSanna, SSIInna agus SSCSInna a dhéanamh chun an riosca sciúrtha airgid (ML) nó maoinithe sceimhlitheoireachta (TF) a bhainistiú i gcás ina bhfuil an fhaisnéis riachtanach faoin íocóir, faoin tionscnóir, faoin íocaí nó faoin tairbhí ar iarraidh nó neamhiomlán;
- c) gnéithe teicniúla de chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2023/1113 maidir le dochair dhíreacha a shonrú.
|
|
7. Ina theannta sin, comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i …
|
Ina theannta sin, comhlíonann na Treoirlínte seo an sainordú chun treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 19a(2) de Threoir (AE) 2015/8493 lena sonraítear bearta i ndáil le sainaithint agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le haistriú cripteashócmhainní atá dírithe ar sheoladh féinóstáilte nó ar de thionscnamh seolta fhéinóstáilte é.
3 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch 73)
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|