+5.7 Faireachán
---+78. Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar rioscaí ESG trí chreataí tuairiscithe …
---+79. Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar rioscaí ESG ar bhonn leanúnach agus a áirithiú …
---+80. Ba cheart d’institiúidí táscairí agus tairseacha luathrabhaidh a shocrú agus ba cheart nósanna …
---+81. Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar raon méadrachtaí agus táscairí riosca ESG atá …
---+82. Ba cheart do SNCInna agus d’institiúidí neamh-mhóra eile faireachán a dhéanamh ar raon táscairí …
---+83. Ba cheart modheolaíochtaí soiléire agus dea-dhoiciméadaithe a bheith ag institiúidí maidir lena …

5.7 Faireachán

5.7 Faireachán

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
78. Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar rioscaí ESG trí chreataí tuairiscithe …

Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar rioscaí ESG trí chreataí tuairiscithe inmheánacha éifeachtacha lena gcuirtear faisnéis iomchuí agus sonraí comhiomlánaithe in iúl don bhainistíocht shinsearach agus don chomhlacht bainistíochta, amhail trí rioscaí ESG a chomhtháthú i dtuarascálacha riosca rialta nó i bhfoirm deaiseanna ina bhfuil méadrachtaí atá mar thaca le maoirseacht éifeachtach.

79. Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar rioscaí ESG ar bhonn leanúnach agus a áirithiú …

Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar rioscaí ESG ar bhonn leanúnach agus a áirithiú go gcoimeádann siad dearcadh uile-institiúide ar bun, lena gcumhdaítear go leordhóthanach cineál, méid agus castacht a ngníomhaíochtaí, chomh maith le, i gcás na bpunann is suntasaí a chinntear ar bhonn an mheasúnaithe ábharthachta, léargas punainne ar a leochaileacht i leith rioscaí ESG. Ina theannta sin, ba cheart d’institiúidí faireachán gráinneach agus minic a chur chun feidhme ar chontrapháirtithe, ar neamhchosaintí agus ar phunanna a mheastar a bheith neamhchosanta go hábhartha ar rioscaí ESG, lena n áirítear trí bhreithnithe ar rioscaí ESG a ionchorprú i bpróiseas faireacháin riosca creidmheasa de ‑ chontrapháirtithe miondíola agus in athbhreithnithe creidmheasa rialta ar chontrapháirtithe meánmhéide agus móra agus/nó trí mhéadú a chur ar mhinicíocht agus ar ghráinneacht na n-athbhreithnithe sin mar gheall ar rioscaí ESG.

80. Ba cheart d’institiúidí táscairí agus tairseacha luathrabhaidh a shocrú agus ba cheart nósanna …

Ba cheart d’institiúidí táscairí agus tairseacha luathrabhaidh a shocrú agus ba cheart nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm acu chun foláirimh a ghéarú agus maidir le neamh-chomhlíonadh agus sáruithe agus chun gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus/nó maolaithe a dhéanamh i gcás ina sáraítear teorainneacha, lena n áirítear trí oiriúnuithe ar straitéis ghnó agus ar uirlisí bainistithe riosca. ‑

81. Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar raon méadrachtaí agus táscairí riosca ESG atá …

Ba cheart d’institiúidí faireachán a dhéanamh ar raon méadrachtaí agus táscairí riosca ESG atá siarbhreathnaitheach agus réamhbhreathnaitheach. Ba cheart d’institiúidí móra faireachán a dhéanamh ar na táscairí seo a leanas ar a laghad:

  • a) Méid agus sciar na neamhchosaintí ar chaidreamh gnó le contrapháirtithe a oibríonn in earnálacha a chuireann go mór leis an athrú aeráide i gcomhréir le hAithris 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún, i.e. na hearnálacha a liostaítear i Ranna A go H agus i Roinn L d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006, chomh maith leis an ioncam (ús, táille agus coimisiún) a eascraíonn as.

Ba cheart d’institiúidí úsáid a bhaint as idirdhealú earnála atá chomh gráinneach agus is féidir. Go háirithe, ba cheart go gcuirfí ar chumas institiúidí, leis an méid gráinneachta, faireachán a dhéanamh ar mhéid agus ar sciar na neamhchosaintí ar chaidreamh le contrapháirtithe sonracha, amhail eintitis san earnáil breosla iontaise agus/nó cuideachtaí atá eisiata ó thagarmharcanna ailínithe AE-Pháras17 agus ar an ioncam a eascraíonn as chomh maith.

b) Méadrachtaí ailínithe punainne lena dtaispeántar arleibhéal earnála a mhéid a

dhéantar risíochtaí agus cumais táirgthe arna n oibriú ag cliaint a (mhí-)ailíniú le conair atá comhsheasmhach leis an gcuspóir dlí agus rialála aeráide is infheidhme, ‑ amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, bunaithe ar mhéadrachtaí ailínithe atá ábhartha do na hearnálacha roghnaithe agus trí úsáid a bhaint as modhanna a thuairiscítear i Roinn 4.2.3 b).

Ba cheart d’institiúidí na táscairí sin a chomhlánú le faisnéis a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar na tionchair riosca airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar mhí-ailíniú.

  • c) Astaíochtaí GCT maoinithe le miondealú de réir raon 1, 2 agus 3 i ndearbhluach agus, i gcás inarb ábhartha, déine i gcoibhneas le haonaid táirgthe nó ioncaim, roinnte de réir earnálacha, ag baint úsáide as difreáil earnála atá chomh gráinneach agus is féidir agus ar a laghad d’earnálacha roghnaithe arna gcinneadh ar bhonn an mheasúnaithe ábharthachta.

Ba cheart d’institiúidí na méadrachtaí sin a chomhlánú le faisnéis cháilíochtúil nó chainníochtúil agus critéir a thacaíonn le léirmhíniú ar a n éabhlóid le himeacht ama, lena n áirítear e.g. méadú sealadach mar gheall ar mhaoiniú um aistriú a sholáthar do

‑

chontrapháirtithe atá dian ar GCT, agus na spreagaithe bunúsacha de na hathruithe ‑ ar astaíochtaí a shainaithint.

I measc na samplaí de mhodheolaíochtaí nó de bhunachair shonraí a d’fhéadfadh a bheith ina dtacaíocht d’institiúidí agus na méadrachtaí sin á ríomh acu tá Caighdeán Cuntasaíochta agus Tuairiscithe GHG Domhanda don Tionscal Airgeadais, arna fhorbairt ag an gComhpháirtíocht um Airgeadas Cuntasaíochta Carbóin, agus an Bord um Chaighdeáin Nochtadh Carbóin, agus CDP (ar a dtugtaí an Tionscadal Nochta Carbóin roimhe seo).

  • d) An leibhéal dul chun cinn a baineadh amach i gcur chun feidhme na bpríomhstraitéisí maoinithe arna gcinneadh ag an institiúid chun a hathléimneacht i gcoinne rioscaí ESG agus a hullmhacht don aistriú i dtreo geilleagar níos inbhuanaithe a áirithiú, e.g. trí fhaireachán a dhéanamh ar shreafaí airgeadais i dtreo sócmhainní airgeadais nó contrapháirtithe a roinneann sraith choiteann saintréithe atá ábhartha do spriocanna na hinstitiúide nó d’inghlacthacht riosca i ndáil le rioscaí ESG.
  • e) Méadracht rannpháirtíochta cliant lena soláthraítear faisnéis faoin méid seo a leanas:
  • i. céatadán na gcontrapháirtithe a ndearnadh measúnú ar rioscaí ESG ina leith, agus maidir lena straitéisí um aistriú chomh maith agus, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, maidir lena bpleananna um aistriú agus a gcomhsheasmhacht le cuspóirí na hinstitiúide, agus raon feidhme na n earnálacha, na dtáirgí agus na línte gnó roghnaithe a chumhdaítear leis na measúnuithe sin á shonrú;
‑
  • ii. torthaí na rannpháirtíochta sin amhail na measúnuithe dearfacha (nó aon fho-aicmiú laistigh den chatagóir sin) nó na measúnuithe diúltacha (nó aon fho-aicmiú laistigh den chatagóir sin) ar inoiriúnaitheacht agus athléimneacht na gcontrapháirtithe sin maidir leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe, an dul chun cinn maidir le hailíniú i gcoinne spriocanna agus chuspóirí na hinstitiúide, agus gníomhaíochtaí leantacha arna ndéanamh ag an institiúid.
  • f) Miondealú ar phunanna arna n urrú ag eastát réadach de réir leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh na comhthaobhachta. ‑
  • g) An cóimheas idir maoiniú teicneolaíochtaí soláthair fuinnimh ísealcharbóin i ndáil le maoiniú teicneolaíochtaí soláthair fuinnimh breosla iontaise.
  • h) Cóimheas na ngníomhaíochtaí um maoiniú neamhchosaintí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de lena rannchuidítear leis an gcuspóir comhshaoil maidir le maolú ar an athrú aeráide dá dtagraítear in Airteagal 9 pointe (a) de Rialachán (AE) 2020/85218 , nó lena gcumasaítear é, i ndáil leis na neamhchosaintí atá dian ar GCT.
  • i) Leibhéil riosca fhisiciúil a bhfuil an institiúid neamhchosanta orthu, agus a dtionchar ar rioscaí airgeadais, trí roinnt cásanna agus gach guais atá ábhartha do ghníomhaíocht na hinstitiúide a mheas, arna bhforlíonadh le faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na mbeart um maolú riosca.
  • j) Bearta riosca comhchruinnithe a bhaineann le spreagaithe riosca fisiciúla (e.g. neamhchosaintí agus/nó comhthaobhacht a thomhas i limistéir ina bhfuil ardriosca tuile, uisce-anáis nó riosca de dhóiteáin fhiáine) agus spreagaithe riosca aistrithe (e.g. neamhchosaintí ar earnálacha a bhfuil rioscaí aistrithe ardaithe acu), trí dheighilt gheografach leordhóthanach neamhchosaintí a úsáid.
  • k) Méid na gcaillteanas stairiúil a bhaineann le rioscaí ESG agus, bunaithe ar mhodhanna de chineál cásbhunaithe, meastachán réamhbhreathnaitheach/meastacháin réamhbhreathnaitheacha ar neamhchosaintí ar riosca agus caillteanais airgeadais a d’fhéadfadh tarlú amach anseo a bhaineann le rioscaí ESG.
  • l) Tomhas ar rianú riosca clú a bhaineann le ESG ar an gcaoi a mbíonn tionchar díreach
nó indíreach ag rialáil, cumarsáid, gealltanais nóconspóidí poiblí maidir le

gníomhaíochtaí gnó reatha agus gníomhaíochtaí gnó amach anseo, trí idirghníomhaíochtaí le riosca oibríochtúla agus rioscaí straitéiseacha agus samhlacha gnó a mheas, amhail deiseanna gnó nó comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chailleadh.

  • m) Aon éilimh dlíthíochta a bhaineann le ESG ina raibh, ina bhfuil nó ina bhféadfadh baint a bheith ag an institiúid leo, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil.
  • n) Stádas an fhothaithe acmhainneachta a bhaineann le riosca ESG, amhail céatadán na foirne a bhfuil oiliúint shonrach faighte acu.
  • o) Méadrachtaí a bhaineann le tosca nach mbaineann leis an aeráid amhail spleáchais ar leibhéal punainne agus tionchair ar sheirbhísí éiceachórais, nó neamhchosaintí ar chontrapháirtithe a bhfuil spleáchais ábhartha acu nó tionchair dhiúltacha acu ar an mbithéagsúlacht, agus faisnéis faoi shuíomh earnála agus geografach araon á cur san áireamh.
  • p) Dul chun cinn i gcomparáid le spriocanna uile na hinstitiúide a leagtar síos i ndáil le rioscaí ESG agus cuspóirí ESG, lena n áirítear mar chuid de phlean na hinstitiúide dá dtagraítear i Roinn 6 nó mar chuid de ghealltanais inbhuanaitheachta eile arna ‑ ndéanamh ag an institiúid.

17 De réir Airteagal 12(1), pointí (d) go (g), agus Airteagal 12(2) den Rialachán maidir le Caighdeáin Tagarmhairc Aeráide.

18 Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).

82. Ba cheart do SNCInna agus d’institiúidí neamh-mhóra eile faireachán a dhéanamh ar raon táscairí …

Ba cheart do SNCInna agus d’institiúidí neamh-mhóra eile faireachán a dhéanamh ar raon táscairí a áirítear faoi mhír 81, arna roghnú ar bhonn thorthaí a measúnaithe ábharthachta, agus ba cheart dóibh bearta a dhéanamh chun liosta na dtáscairí a ndéantar faireachán orthu a leathnú le himeacht ama.

83. Ba cheart modheolaíochtaí soiléire agus dea-dhoiciméadaithe a bheith ag institiúidí maidir lena …

Ba cheart modheolaíochtaí soiléire agus dea-dhoiciméadaithe a bheith ag institiúidí maidir lena méadracht faireacháin agus lena dtáscairí faireacháin. I gcás ina mbíonn na sonraí is gá chun méadracht a ríomh ar iarraidh ar dtús, ba cheart d’institiúidí na céimeanna a leagtar amach i míreanna 26, 27 agus 29 a leanúint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/