+6. Na sainiúlachtaí a bhaineann le hiasachtaí a thabhairt do thithíocht phoiblí nó d’eintitis neamhbhrabúis a chur san áireamh
---+22. Maidir le neamhchosaintí ADC ar eintitis tithíochta poiblí nó neamhbhrabúis ar fud an Aontais a …
---+23. Maidir leis na neamhchosaintí ADC a luaitear i mír 22, ba cheart a mheas go bhfuil an ceanglas …
---+24. Maidir leis na neamhchosaintí ADC dá dtagraítear i mír 22, ba cheart méid iomchuí an …

6. Na sainiúlachtaí a bhaineann le hiasachtaí a thabhairt do thithíocht phoiblí nó d’eintitis neamhbhrabúis a chur san áireamh

6. Na sainiúlachtaí a bhaineann le hiasachtaí a thabhairt do thithíocht phoiblí nó d’eintitis neamhbhrabúis a chur san áireamh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
22. Maidir le neamhchosaintí ADC ar eintitis tithíochta poiblí nó neamhbhrabúis ar fud an Aontais a …

Maidir le neamhchosaintí ADC ar eintitis tithíochta poiblí nó neamhbhrabúis ar fud an Aontais a rialaítear leis an dlí agus atá ann chun freastal ar chuspóirí sóisialta agus chun tithíocht fhadtéarmach a thairiscint do thionóntaí, ba cheart go mbeadh siad faoi réir na láimhseála dá dtagraítear i mír 23 agus 24 i gcás ina gcomhlíontar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

  • a. Is le haghaidh léasa amháin atá an úsáid atá beartaithe don mhaoin;
  • b. Tá an mhaoin atá á maoiniú faoi réir rialacháin lena sonraítear an incháilitheacht chun cáiliú do thithíocht shóisialta/phoiblí, lena n-áirítear critéir d’iarratasóirí i ndáil lena n-ioncam, le méid a dteaghlaigh, lena stádas cónaitheachta, agus le ceanglais maidir leis an tógáil, lena n-áirítear méid gach aonaid nó a bheith saor ó bhacainní.
23. Maidir leis na neamhchosaintí ADC a luaitear i mír 22, ba cheart a mheas go bhfuil an ceanglas …

Maidir leis na neamhchosaintí ADC a luaitear i mír 22, ba cheart a mheas go bhfuil an ceanglas maidir le cuid shuntasach d’iomlán na gconarthaí, mar atá leagtha amach in Airteagal 126a(2)(a) de CRR comhlíonta, más rud é, maidir leis an tionscadal atá á bhreithniú agus maidir le gach cineál aonad tithíochta sóisialta sa tionscadal, go sáraíonn líon na n-iarratasóirí líon na n-aonad tithíochta sóisialta atá ar fáil le ligean ar léas. I gcás nach bhfuil líon na n-iarratasóirí ar fáil le haghaidh tionscadal ar leith, ach go bhfuil sé ar fáil ar leibhéal an bhardais, is féidir an chomparáid idir líon na n-iarratasóirí ar gach cineál aonaid tithíochta sóisialta agus líon na n-aonad tithíochta sóisialta atá ar fáil le ligean ar léas a dhéanamh ar leibhéal an bhardais.

24. Maidir leis na neamhchosaintí ADC dá dtagraítear i mír 22, ba cheart méid iomchuí an …

Maidir leis na neamhchosaintí ADC dá dtagraítear i mír 22, ba cheart méid iomchuí an chothromais arna ranníoc ag féichiúnaí chun críocha Airteagal 126a(2), pointe (b), de CRR a shocrú de réir cheanglais na míreanna 19 go 21 de na Treoirlínte seo, leis an gcoigeartú seo a leanas:

  • a. [An tairseach chothromais a laghdú]: ba cheart go mbeadh an cóimheas idir méid an chothromais arna ranníoc ag an bhféichiúnaí agus luach na maoine cónaithe nuair a chuirfear i gcrích í dá dtagraítear i mír 19 cothrom le 20 % nó níos airde ná sin.
  • b. [Fóirdheontais agus deontais a gealladh don fhéichiúnaí a cheadú]: Áirítear freisin leis na fóirdheontais agus na deontais dá dtagraítear i mír 20, pointe (b), na fóirdheontais agus na deontais a gealladh don fhéichiúnaí chun costais thabhaithe an tionscadail a chumhdach, lena n-áirítear fóirdheontais a gealladh i bhfoirm cistí a dhíorthaítear ó iasachtaí sóisearacha neamhurraithe, faoi thacaíocht an stáit le rátaí úis fabhracha, mar a thomhaistear in airgeadra an mhaoinithe don fhéichiúnaí tráth ríomha na gceanglas caipitil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/