+2.2. Scóráil in SREP
---+27. Ba cheart d'údaráis inniúla córas scórála comhsheasmhach a chur i bhfeidhm chun cuidiú le …
---+28. Agus scóir riosca, scóir ghnéithe SREP agus scór foriomlán SREP á sannadh acu, ba cheart …
---+29. Tá sé mar aidhm ag na scóir riosca an dóchúlacht a léiriú go mbeidh tionchar suntasach ag na …
---+30. Seo a leanas na scóir: 1 (riosca íseal), 2 (riosca meánach-íseal), 3 (riosca meánach-ard), agus …
---+31. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar na scóir nuair a bheidh measúnuithe …
---+32. Sanntar scóir riosca chun achoimre a dhéanamh ar rioscaí do chaipiteal (mar a shonraítear i …
---+33. Ba cheart d’údaráis inniúla an scór riosca a chinneadh trí mheasúnú a dhéanamh ar bhunleibhéal …
---+34. Agus rioscaí do chaipiteal á measúnú acu, ba cheart d’údaráis inniúla fochatagóirí ábhartha a …
---+35. Féadfaidh údaráis inniúla modhanna éagsúla a úsáid chun na scóir riosca a chur i bhfeidhm …
---+36. Ag deireadh na measúnaithe foriomláine SREP, ba cheart d'údaráis inniúla forléargas …
---+37. Maidir le leordhóthanacht caipitil agus leordhóthanacht leachtachta agus cistiúcháin, is ionann …
---+38. Is é scór foriomlán SREP an scór deiridh. Cuimsíonn sé seo na ceithre scór de ghnéithe SREP …
---+39. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú i gcás ghnéithe SREP agus an scór SREP foriomlán: a. go …

2.2. Scóráil in SREP

2.2. Scóráil in SREP

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
27. Ba cheart d'údaráis inniúla córas scórála comhsheasmhach a chur i bhfeidhm chun cuidiú le …

Ba cheart d'údaráis inniúla córas scórála comhsheasmhach a chur i bhfeidhm chun cuidiú le cumarsáid idir údaráis inniúla agus coláistí maoirseoirí, chun inchomparáideacht agus cothrom na Féinne a chothú ar fud institiúidí, agus chun tús áite a thabhairt d'acmhainní agus do bhearta maoirseachta i measúnú gnéithe SREP. Ba cheart dóibh achoimre a dhéanamh ar thorthaí a measúnuithe trí scóir riosca, scóir ghnéithe SREP agus scór foriomlán SREP a shannadh.

28. Agus scóir riosca, scóir ghnéithe SREP agus scór foriomlán SREP á sannadh acu, ba cheart …

Agus scóir riosca, scóir ghnéithe SREP agus scór foriomlán SREP á sannadh acu, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh do na breithniúcháin a leagtar amach sna táblaí ag deireadh gach rannáin agus teidil ábhartha de na treoirlínte seo, in éineacht le cur i bhfeidhm an bhreithiúnais maoirseachta. Cé go bhfeidhmíonn na breithniúcháin seo mar bhonnlíne chun scóir a shannadh, níor cheart iad a léirmhíniú mar sheicliosta meicniúil atá le comhlánú le haghaidh gach gné, ná níor cheart glacadh leis go bhfuil ordlathas tábhachta á bhunú acu i measc na ngnéithe. Ina ionad sin, tá siad beartaithe chun treoir a thabhairt d'údaráis inniúla maidir le scóir a shannadh trí idirghníomhaíocht agus ábharthacht na ngnéithe éagsúla a chur san áireamh laistigh den toise shonrach den institiúid atá á measúnú.

29. Tá sé mar aidhm ag na scóir riosca an dóchúlacht a léiriú go mbeidh tionchar suntasach ag na …

Tá sé mar aidhm ag na scóir riosca an dóchúlacht a léiriú go mbeidh tionchar suntasach ag na rioscaí do chaipiteal, do leachtacht agus do mhaoiniú ar an institiúid. Léiríonn scóir ghnéithe SREP agus an scór SREP foriomlán méid na rioscaí d' inmharthanacht na hinstitiúide; go háirithe, ba cheart don scór SREP foriomlán léiriú a thabhairt ar dhearcadh na maoirseachta maidir le hinmharthanacht fhoriomlán na hinstitiúide mar a shonraítear i dTeideal 9. Fíor 1. Forbhreathnú ar an gcreat scórála

Scór SREP Foriomlán

Scóir inmharthanachta

Scór rialachais Scór Scór leachtachta Scór BMA rialaithe inmheánaigh institiúide agus leordhóthanachta caipitil leordhóthanachta agus

cistiúcháin Scóir le haghaidh rioscaí ábhartha do chaipiteal (e.g. rioscaí creidmheasa, margadh, oibriúcháin, etc.)Scóir riosca
30. Seo a leanas na scóir: 1 (riosca íseal), 2 (riosca meánach-íseal), 3 (riosca meánach-ard), agus …

Seo a leanas na scóir: 1 (riosca íseal), 2 (riosca meánach-íseal), 3 (riosca meánach-ard), agus 4 (riosca ard – is ionann é seo agus an measúnú is measa is féidir). Níl scór breise de ‘F’ ar fáil ach amháin le haghaidh scór foriomlán SREP, mar a mhínítear i mír 38. Féadfaidh údaráis inniúla scóráil níos gráinní a thabhairt isteach dá gcuspóirí inmheánacha, amhail pleanáil acmhainní, ar an gcoinníoll go n-urramófar an creat scórála foriomlán a leagtar amach sna treoirlínte seo.

31. Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar na scóir nuair a bheidh measúnuithe …

Ba cheart d’údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh ar na scóir nuair a bheidh measúnuithe SREP curtha i gcrích leis an íosmhinicíocht a leagtar amach i samhail rannpháirtíochta SREP i rannán 2.4. Ba cheart na scóir a athbhreithniú freisin gan mhoill mhíchuí ar bhonn fionnachtana nó forbairtí nua suntasacha.

2.2.1. Scóir riosca

32. Sanntar scóir riosca chun achoimre a dhéanamh ar rioscaí do chaipiteal (mar a shonraítear i …

Sanntar scóir riosca chun achoimre a dhéanamh ar rioscaí do chaipiteal (mar a shonraítear i dTeideal 6). Léiríonn na scóir seo an dóchúlacht go mbeidh tionchar suntasach stuamachta ag riosca ar an institiúid (e.g. caillteanas ionchasach), tar éis breithniú a dhéanamh ar cháilíocht na rialuithe riosca chun an tionchar sin a mhaolú (i.e. riosca iarmharach), ach sula mbreithneofar cumas na hinstitiúide chun an riosca a mhaolú trí acmhainní caipitil nó leachtachta atá ar fáil.

33. Ba cheart d’údaráis inniúla an scór riosca a chinneadh trí mheasúnú a dhéanamh ar bhunleibhéal …

Ba cheart d’údaráis inniúla an scór riosca a chinneadh trí mheasúnú a dhéanamh ar bhunleibhéal riosca institiúide, agus leordhóthanacht chreat bainistíochta riosca agus rialuithe na hinstitiúide á gcur san áireamh go cuí ag an am céanna. Go háirithe, féadfaidh creat leordhóthanach bainistíochta riosca agus rialuithe tionchar stuamachta a laghdú i gcás riosca sonrach, ach féadfaidh creat lag an tionchar stuamachta a mhéadú. Ba cheart an measúnú ar riosca bunúsach agus ar leordhóthanacht na bainistíochta agus na rialuithe a dhéanamh ag tagairt do na breithnithe a shonraítear i dtábla 6 maidir le riosca creidmheasa agus contrapháirtí, i dtábla 8 maidir le riosca margaidh, i dtábla 10 maidir le riosca oibriúcháin, i dtábla 12 maidir le riosca ráta úis agus raon difríochta creidmheasa sa leabhar baincéireachta (IRRBB agus CSRBB), i dtábla 17 maidir le leachtacht agus cistiú.

34. Agus rioscaí do chaipiteal á measúnú acu, ba cheart d’údaráis inniúla fochatagóirí ábhartha a …

Agus rioscaí do chaipiteal á measúnú acu, ba cheart d’údaráis inniúla fochatagóirí ábhartha a mheas freisin (e.g. riosca comhchruinnithe nó riosca tíre mar chuid den mheasúnú riosca creidmheasa agus contrapháirtí, mar atá leagtha amach i dTeideal 6). Ag brath ar a ábhartha is atá aon cheann de na fochatagóirí seo d'institiúid ar leith, féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh iad a mheas agus a scóráil ina n-aonair.

35. Féadfaidh údaráis inniúla modhanna éagsúla a úsáid chun na scóir riosca a chur i bhfeidhm …

Féadfaidh údaráis inniúla modhanna éagsúla a úsáid chun na scóir riosca a chur i bhfeidhm, d’fhéadfaidís ‘riosca’ agus ‘bainistíocht riosca agus rialuithe’ a scóráil mar mhíreanna ar leithligh (a mbeadh scór idirmheánach agus scór deiridh mar thoradh air) nó iad a scóráil le chéile. Féadfaidh údaráis inniúla na rioscaí go léir do chaipiteal a chomhiomlánú ina scór comhiomlán freisin.

2.2.2. Scóir ghné SREP agus scór foriomlán SREP

36. Ag deireadh na measúnaithe foriomláine SREP, ba cheart d'údaráis inniúla forléargas …

Ag deireadh na measúnaithe foriomláine SREP, ba cheart d'údaráis inniúla forléargas cuimsitheach a dhéanamh ar phróifíl riosca agus ar inmharthanacht na hinstitiúide, bunaithe ar na ceithre ghné den SREP:

  • a. samhail agus straitéis ghnó mar a shonraítear i dTeideal 4;
  • b. measúnú ar rialachas inmheánach agus ar rialuithe uile-institiúide mar a shonraítear i dTeideal 5;
  • c. leordhóthanacht caipitil, mar a shonraítear i dTeideal 7;
  • d. leordhóthanacht leachta agus cistiúcháin, mar a shonraítear i Teideal 8.
37. Maidir le leordhóthanacht caipitil agus leordhóthanacht leachtachta agus cistiúcháin, is ionann …

Maidir le leordhóthanacht caipitil agus leordhóthanacht leachtachta agus cistiúcháin, is ionann iad agus an dearcadh maoirseachta ar chumas acmhainní caipitil agus leachtachta na hinstitiúide rioscaí aonair don chaipiteal agus don leachtacht agus don chistiú a mhaolú/a chlúdach, mar atá leagtha amach i dTeidil 6 agus 8, agus/nó gnéithe eile ar socraíodh cistí dílse breise ina leith mar atá leagtha amach i dTeideal 7.

38. Is é scór foriomlán SREP an scór deiridh. Cuimsíonn sé seo na ceithre scór de ghnéithe SREP …

Is é scór foriomlán SREP an scór deiridh. Cuimsíonn sé seo na ceithre scór de ghnéithe SREP thuas agus breithiúnas maoirseachta. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú go dtugann an scór foriomlán SREP léiriú ar inmharthanacht fhoriomlán na hinstitiúide, lena n-áirítear an institiúid í 'atá i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh' de réir bhrí Airteagal 32 de Threoir 2014/59/AE, agus ag féachaint do Threoirlínte an ÚBE maidir le 'cliseadh nó ar dóigh di cliseadh'8 . Sa chás go dtugann toradh mheasúnú foriomláin SREP le fios gur féidir glacadh leis go bhfuil institiúid ‘i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh’, ba cheart d'údaráis inniúla an scór ‘F’ a úsáid agus leanúint leis an bpróiseas a bhaineann le cúrsaí a phlé le húdaráis réitigh mar a shonraítear in Airteagal 32 de Threoir 2014/59/AE.


8 Treoirlínte an ÚBE maidir le léirmhíniú na n-imthosca éagsúla ina mbreithneofar go bhfuil institiúid i mbéal cliseadh nó ar dóigh di cliseadh faoi Airteagal 32(6) de Threoir 2014/59/AE (ÚBE/GL/2015/07)

39. Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú i gcás ghnéithe SREP agus an scór SREP foriomlán: a. go …

Ba cheart d'údaráis inniúla a chinntiú i gcás ghnéithe SREP agus an scór SREP foriomlán:

  • a. go léiríonn sé an dóchúlacht go bhfuil gá le bearta maoirseachta chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní;
  • b. go gcuirtear san áireamh iad i measc na dtruicear don chinneadh maidir le cibé ar cheart bearta idirghabhála luatha a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Treoirlínte an ÚBE maidir le truicir chun bearta idirghabhála luatha a úsáid9 ;
  • c. gur bonn eolais iad do rangú tosaíochtaí agus pleanáil acmhainní maoirseachta agus do shocrú tosaíochtaí sa chlár um scrúdú maoirseachta (SEP).

9 Treoirlínte an ÚBE maidir le truicir chun bearta luath-idirghabhála a úsáid (ÚBE/GL/2015/03)

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.