+2.4. Comhréireacht agus rannpháirtíocht mhaoirseachta
---+42. Ba cheart d'údaráis inniúla raon feidhme, minicíocht, gráinneacht agus déine na …
---+43. Faoin tsamhail seo, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim ar ghnéithe uile SREP …
---+44. Ba cheart an dearcadh seo a bheith bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh trí raon iomlán na …
---+45. Ba cheart d'údaráis inniúla dul i ngleic le comhlacht bainistíochta na n-institiúidí agus leis …
---+46. I gcás ina bhfuil institiúidí mar chuid de ghrúpaí trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla plé …
---+47. I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla go bhfuil próifílí riosca comhchosúla ag institiúidí nó go …
---+48. I gcás institiúidí a chlúdaitear faoin gclár um scrúdú maoirseachta a cheanglaítear le …
---+49. Agus gníomhaíochtaí maoirseachta á bpleanáil, ba cheart d'údaráis inniúla gníomhaíochtaí a …

2.4. Comhréireacht agus rannpháirtíocht mhaoirseachta

2.4. Comhréireacht agus rannpháirtíocht mhaoirseachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
42. Ba cheart d'údaráis inniúla raon feidhme, minicíocht, gráinneacht agus déine na …

Ba cheart d'údaráis inniúla raon feidhme, minicíocht, gráinneacht agus déine na rannpháirtíochta maoirseachta le hinstitiúid a choigeartú i gcomhréir lena catagóir agus r prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh. Agus gníomhaíochtaí SREP á bpleanáil acu, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh do shamhail rannpháirtíocht íosmhéide SREP a leagtar amach i dtábla 1. Déánann an tsamhail déine na rannpháirtíochta maoirseachta a mhapáil do chatagóir na hinstitiúide. Níor cheart an tsamhail a léirmhíniú mar bhac ar acmhainní a leithdháileadh ar thosaíochtaí maoirseachta sainaitheanta. Féadfaidh údaráis inniúla, dá bhrí sin, beag beann ar aicmiú na hinstitiúide, fócas agus gráinneacht a measúnaithe a shocrú chun próifíl riosca na hinstitiúide, ábharthacht na rioscaí éagsúla, na dtreochtaí agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithníodh trí fhaireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí mar a leagtar amach i dTeideal 3, trí thástáil struis mar a leagtar amach i dTeideal 11 nó toradh measúnuithe SREP a rinneadh roimhe seo a léiriú.

43. Faoin tsamhail seo, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim ar ghnéithe uile SREP …

Faoin tsamhail seo, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim ar ghnéithe uile SREP (anailís ar an tsamhail ghnó, rialachas/rialuithe inmheánacha, rioscaí don chaipiteal, agus rioscaí don leachtacht agus don chistiú) de réir na minicíochta íosta a leagtar amach i dtábla 1, agus iad fós in ann measúnú bliantúil bríoch agus cuimsitheach a dhéanamh ar inmharthanacht institiúide (achoimre ar an measúnú SREP foriomlán).

44. Ba cheart an dearcadh seo a bheith bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh trí raon iomlán na …

Ba cheart an dearcadh seo a bheith bunaithe ar fhaisnéis a bailíodh trí raon iomlán na ngníomhaíochtaí maoirseachta atá liostaithe i mír 13. Go háirithe, féadfaidh faisnéis ó blianta roimhe seo feidhmiú freisin mar bhunlíne don mheastóireacht agus don achoimre ar an meastóireacht fhoriomlán SREP, ar an gcoinníoll go bhfuil sé cinntithe ag an údarás inniúil – agus faireachán ráithiúil ar na táscairí á chur san áireamh ag an am céanna – nár tháinig aon athrú ábhartha ar phróifíl riosca an institiúide.

45. Ba cheart d'údaráis inniúla dul i ngleic le comhlacht bainistíochta na n-institiúidí agus leis …

Ba cheart d'údaráis inniúla dul i ngleic le comhlacht bainistíochta na n-institiúidí agus leis an ardbhainistíocht14 , bunaithe ar an minicíocht íosta atá leagtha amach i dtábla 1. Beag beann ar chatagóir na hinstitiúide, ba cheart d'údaráis inniúla a rannpháirtíocht a threisiú chun obair leantach a dhéanamh ar thorthaí ó mheasúnuithe SREP a rinneadh roimhe seo, nó chun faireachán a dhéanamh ar institiúidí a bhfuil próifílí riosca níos airde acu nó próifílí atá ag athrú go tapa, nó a bhfuil scór SREP foriomlán lag acu a léiríonn imní dhian maoirseachta.


14 Mar a shainmhínítear in Airteagal 3(9) de Threoir 2013/36 ón Aontas Eorpach agus ón gComhairle maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (OJL 176 27.6.2013, lch. 338, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2013/36/2026-01-11).

46. I gcás ina bhfuil institiúidí mar chuid de ghrúpaí trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla plé …

I gcás ina bhfuil institiúidí mar chuid de ghrúpaí trasteorann, ba cheart d’údaráis inniúla plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe acu a measúnú SREP a reáchtáil faoi chuimsiú coláistí maoirseoirí chun ábhair imní a shainaithint go luath agus chun an cur chuige a choigeartú agus a chomhordú i measc na n‑údarás mar a shonraítear i dTeideal 10.

Tábla 1 SREP a chur i bhfeidhm ar chatagóirí éagsúla institiúidí

Catagóir Faireachán phríomhtháscairí ar Measúnú den SREP (ar ar a gach laghad)* gné Achoimre measúnú foriomlán ar SREP anÍosleibhéal rannpháirtíochta/idirphlé le na comhlacht hinstitiúide bainistíochta agus leis an ardbhainistíocht
1 Gach ráithe Gach bliain Gach bliain 2 Gach ráithe Gach 2 bhliain Gach bliain 3 Gach ráithe Gach 3 bliana Gach bliainLeanúnach/leantach Leanúnach/leantach Bunaithe bliana ar a ar laghad riosca, gach 3
4 Gach ráithe Gach a shíneadh 3 bliana, go 5 is bliana** féidir é Gach bliainBunaithe bliana ar a ar laghad riosca, gach 3

*Agus fócas agus gráinneacht an athbhreithnithe curtha in oiriúint chun próifíl riosca na hinstitiúide, ábharthacht na rioscaí éagsúla, agus treochtaí agus rioscaí atá ag teacht chun cinn a aithníodh trí ghníomhaíochtaí maoirseachta a léiriú. Is féidir é seo a bhunú ar mheasúnuithe a rinneadh roimhe seo mura bhfuil aon athrú ábhartha de réir na faisnéise atá ar fáil (e.g. faireachán ar tháscairí agus tuairisciú), beag beann ar aicmiú na hinstitiúide.

**Féadfar an mhinicíocht íosta chun measúnú a dhéanamh ar ghnéithe uile SREP a shíneadh ó 3 bliana go 5 bliana i gcás institiúidí chatagóir 4 ar choinníoll: (i) go bhfuil próifíl riosca íseal chobhsaí, meadarachtaí airgeadais chobhsaí agus corrlaigh shláintiúla acu; agus (ii) nach dtarraingíonn faireachán ráithiúil ar na KRInna aon imní anuas.

47. I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla go bhfuil próifílí riosca comhchosúla ag institiúidí nó go …

I gcás ina gcinnfidh údaráis inniúla go bhfuil próifílí riosca comhchosúla ag institiúidí nó go bhféadfadh siad a bheith neamhchosanta ar rioscaí comhchosúla atá ag teacht chun cinn, féadfaidh siad measúnuithe téamacha SREP a dhéanamh ar institiúidí iolracha mar mheasúnú aonair (e.g. féadfar BMA a dhéanamh ar gach iasachtóir morgáiste beag i bhfianaise gur dócha go sainaithneofar na saincheisteanna céanna maidir le hinmharthanacht gnó do na hinstitiúidí uile seo). Féadfaidh údaráis inniúla modheolaíochtaí sainoiriúnaithe a úsáid freisin chun SREP a chur i bhfeidhm i gcás institiúidí a bhfuil próifílí riosca comhchosúla acu, amhail samhlacha gnó comhchosúla nó suíomh geografach na neamhchosaintí i gcomhréir le hAirteagal 97(4a) de Threoir 2013/36/AE.

48. I gcás institiúidí a chlúdaitear faoin gclár um scrúdú maoirseachta a cheanglaítear le …

I gcás institiúidí a chlúdaitear faoin gclár um scrúdú maoirseachta a cheanglaítear le hAirteagal 99 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú go gcinnfidh an clár sin leibhéal na rannpháirtíochta agus leibhéal chur i bhfeidhm SREP.

49. Agus gníomhaíochtaí maoirseachta á bpleanáil, ba cheart d'údaráis inniúla gníomhaíochtaí a …

Agus gníomhaíochtaí maoirseachta á bpleanáil, ba cheart d'údaráis inniúla gníomhaíochtaí a chomhordú go hinmheánach chun measúnú comhleanúnach a áirithiú, agus le páirtithe eile a bhfuil baint dhíreach nó indíreach acu leis an measúnú, go háirithe nuair a theastaíonn ionchur uathu.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.