+7.1. Breithniúcháin ghinearálta
---+292. Ba cheart d’údaráis inniúla a chinneadh trí mheasúnú caipitil SREP cibé acu an soláthraíonn nó …
---+293. Ba cheart d’údaráis inniúla é sin a dhéanamh trí chainníocht (méid) agus cáilíocht …
---+294. Nuair atáthar ag súil le tionchar ábhartha ar phróifíl chaipitil na hinstitiúide nó nuair a …
---+295. Chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanacht chaipitil a d’fhéadfadh a bheith ann, lena …
---+296. Agus an P2R agus, más iomchuí, an P2G, á socrú, ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a …
---+297. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chistí dílse na hinstitiúide …

7.1. Breithniúcháin ghinearálta

7.1. Breithniúcháin ghinearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
292. Ba cheart d’údaráis inniúla a chinneadh trí mheasúnú caipitil SREP cibé acu an soláthraíonn nó …

Ba cheart d’údaráis inniúla a chinneadh trí mheasúnú caipitil SREP cibé acu an soláthraíonn nó nach soláthraíonn na cistí dílse atá i seilbh na hinstitiúide clúdach fónta ar rioscaí don chaipiteal a bhfuil nó a bhféadfadh an institiúid a bheith neamhchosanta orthu, má mheastar riosca den sórt sin a bheith ábhartha don institiúid.

293. Ba cheart d’údaráis inniúla é sin a dhéanamh trí chainníocht (méid) agus cáilíocht …

Ba cheart d’údaráis inniúla é sin a dhéanamh trí chainníocht (méid) agus cáilíocht (comhdhéanamh) na gcistí dílse breise a cheanglaítear ar an institiúid a shealbhú a chinneadh agus a shocrú chun rioscaí a bhaineann go sonrach le hinstitiúidí agus gnéithe de rioscaí nach gclúdaítear nó nach gclúdaítear go leordhóthanach le P1R a chlúdach, agus, i gcás inar gá, ceanglais cistí dílse chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh i samhlacha, rialuithe, rialachas nó easnaimh eile, chomh maith le riosca a eascraíonn as samhail ghnó na hinstitiúide (P2R le haghaidh rioscaí seachas riosca na giarála iomarcaí agus P2R-LR maidir le riosca na giarála iomarcaí).

294. Nuair atáthar ag súil le tionchar ábhartha ar phróifíl chaipitil na hinstitiúide nó nuair a …

Nuair atáthar ag súil le tionchar ábhartha ar phróifíl chaipitil na hinstitiúide nó nuair a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis mar gheall ar athruithe ábhartha ar an gcreat rialála chun P1R a chinneadh (e.g. méadú nó laghdú ar TREA) nó ar a chur i bhfeidhm don institiúid shonrach (amhail an t-íosráta aschuir), ba cheart d’údaráis inniúla an tionchar sin a mheas i dtéarmaí a hidirghníomhaíochta leis an P2R. D'fhéadfadh measúnú den sórt sin a bheith mar bhonn le hathchinneadh (aníos nó anuas) ar leibhéal nó ar chomhdhéanamh an P2R chun a áitithiú go bhfuil ceanglais cistí dílse foriomlána na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 104a(1) de Threoir 2013/36/AE, go háirithe go gclúdaíonn P2R rioscaí nó gnéithe de rioscaí nach bhfuil clúdaithe nó nach bhfuil clúdaithe go leordhóthanach ag an P1R. Chun a leithéid de mheasúnú a dhéanamh, féadfaidh údaráis inniúla minicíocht mheasúnú SREP a mhéadú, mar a leagtar amach i samhail rannpháirtíochta SREP i rannán 2.4 nó minicíocht gnéithe sonracha de.

295. Chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanacht chaipitil a d’fhéadfadh a bheith ann, lena …

Chun aghaidh a thabhairt ar neamhdhóthanacht chaipitil a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear i ndálaí struis, ba cheart d’údaráis inniúla bearta maoirseachta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, P2G agus P2G-LR a bhunú agus a chur in iúl arb ionann iad agus cainníocht (méid) agus cáilíocht (comhdhéanamh) na gcistí dílse a bhfuiltear ag súil go sealbhóidh an institiúid iad sa bhreis ar a OCR nó ar a OLRR.

296. Agus an P2R agus, más iomchuí, an P2G, á socrú, ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a …

Agus an P2R agus, más iomchuí, an P2G, á socrú, ba cheart d'údaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a. aon bearta maoirseachta atá curtha i bhfeidhm acu nó atá beartaithe acu a chur i bhfeidhm ar institiúid a chur san áireamh;
  • b. údar soiléir a thabhairt do gach gné de cheanglais bhreise cistí dílse le haghaidh P2R agus P2R-LR chomh maith le P2G agus P2G-LR;
  • c. P2R agus P2R-LR chomh maith le P2G agus P2G-LR a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach chun comhsheasmhacht leathan torthaí stuamachta ar fud institiúidí a chinntiú.
297. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chistí dílse na hinstitiúide …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chistí dílse na hinstitiúide agus ar thionchar an struis eacnamaíoch orthu, mar aon leis na rioscaí a bhaineann le giaráil iomarcach, mar phríomhchinntitheach d’inmharthanacht na hinstitiúide. Ba cheart an cinneadh seo a achoimriú i scór ina gcuirtear san áireamh na cúinsí a shonraítear ag deireadh an Teidil seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.