+8.6. Tagarmharcáil agus socrú ceanglais chainníochtúla leachtachta agus cistiúcháin
---+430. Chun tacú lena scóráil leordhóthanachta leachtachta agus cistiúcháin agus chun ceanglais …
---+431. Ba cheart d’údaráis inniúla an tagarmharc is iomchuí a úsáid do shamhail ghnó na hinstitiúide …
---+432. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht aon tagarmharcanna a chuirtear i …
---+433. Beidh na sonraí a bhaileofar tríd an tuairisciú maoirseachta faoi Airteagal 415 de Rialachán …
---+434. Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cur chuige féideartha: a. Sampla 1: Institiúid a …
---+435. I gcás nach bhfuil a tagarmharc féin forbartha ag na húdaráis inniúla maidir le ceanglais …
---+436. Chun na ceanglais shonracha maidir le leachtacht chainníochtúil a chur in iúl, ba cheart go …
---+437. Chun na ceanglais shonracha cistiúcháin chobhsaí cainníochtúla a chur in iúl go hiomchuí, ba …
---+438. Ba cheart d’údaráis inniúla ceanglais shonracha leachtachta nó cistiúcháin chainníochtúla a …
---+439. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go dtabharfaidh an institiúid fógra dóibh láithreach …
---+440. D’ainneoin an mhéid thuas, féadfaidh údaráis inniúla ceanglais cháilíochtúla a leagan síos …
---+441. Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cur chuige éagsúla i leith ceanglais chainníochtúla …
---+Breiseán maolánach vs uasteorainn ar eis-sreafaí

8.6. Tagarmharcáil agus socrú ceanglais chainníochtúla leachtachta agus cistiúcháin

Ceanglais shonracha leachtachta chainníochtúla agus cistiúcháin a chinneadh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
430. Chun tacú lena scóráil leordhóthanachta leachtachta agus cistiúcháin agus chun ceanglais …

Chun tacú lena scóráil leordhóthanachta leachtachta agus cistiúcháin agus chun ceanglais chainníochtúla shonracha a chalabrú nuair a mheastar go bhféadfadh gá a bheith leo (e.g. aon cheann de na bearta dá dtagraítear i dtábla 18 thuas atá cainníochtúil), ba cheart d’údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta leachtachta agus cistiúcháin a mheas mar uirlisí cainníochtúla. Ba cheart iad a úsáid chun tagarmharc stuama, comhsheasmhach, trédhearcach agus inchomparáide a sholáthar lena bhféadfar ceanglais shonracha leachtachta cainníochtúla d’institiúidí a ríomh agus a chur i gcomparáid lena chéile. Agus tagarmharcanna maoirseachta á bhforbairt, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú maoirseachta ar rioscaí don leachtacht agus don chistiú a úsáid, chomh maith le torthaí na tástála struis maoirseachta ar leachtacht.

431. Ba cheart d’údaráis inniúla an tagarmharc is iomchuí a úsáid do shamhail ghnó na hinstitiúide …

Ba cheart d’údaráis inniúla an tagarmharc is iomchuí a úsáid do shamhail ghnó na hinstitiúide, agus breithiúnas á chur i bhfeidhm acu ar thoradh an tagarmhairc chun cuntas a thabhairt nuair is gá ar chúinsí a bhaineann go sonrach le samhail ghnó. Nuair a chuireann údaráis inniúla tagarmharcanna maoirseachta san áireamh chun ceanglais shonracha leachtachta a chinneadh, ba cheart dóibh an réasúnaíocht agus na bunphrionsabail ghinearálta atá taobh thiar de na tagarmharcanna a mhíniú don institiúid.

432. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht aon tagarmharcanna a chuirtear i …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht aon tagarmharcanna a chuirtear i bhfeidhm ar institiúidí agus iad a athbhreithniú agus a nuashonrú go leanúnach i bhfianaise na taithí ar iad a úsáid.

433. Beidh na sonraí a bhaileofar tríd an tuairisciú maoirseachta faoi Airteagal 415 de Rialachán …

Beidh na sonraí a bhaileofar tríd an tuairisciú maoirseachta faoi Airteagal 415 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le leachtacht agus maidir le cistiú cobhsaí ar bhonn aonair agus comhdhlúite, agus méadrachtaí bhreise faireacháin leachtachta, ina phríomh-ionchur do thagarmharcanna an údaráis inniúil chun ceanglais shonracha nó cistiúcháin a chainníochtú.

434. Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cur chuige féideartha: a. Sampla 1: Institiúid a …

Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cur chuige féideartha:

  • a. Sampla 1: Institiúid a bhfuil maolán leachtachta tosaigh insreafaí carnacha agus eis-sreafaí carnacha EUR 1 200 mllliún aici a mheastar faoi choinníollacha struis, déanfar iad a réamh-mheas trí thréimhse ama 5 mhí. Le linn na tréimhse ama sin, úsáideann an institiúid an maolán leachtachta gach uair a thiteann insreafaí faoi bhun eis-sreafaí. Is é an toradh air sin, faoi na coinníollacha struis atá sainithe, go mbeadh an institiúid in ann maireachtáil go ceann 4.5 mhí, atá níos faide ná an íostréimhse mharthanais arna socrú ag maoirseoirí (3 mhí sa sampla seo): Tábla 19. Sampla léiritheach de thagarmharc do chainníochtú leachtachta

Réimse ama i eis-sreafaí insreafaí glan-eis-sreafaí glansuíomh leachtachta Leachtacht ar fáil míonna carnacha carnacha carnacha (maolán carnacha) – glan-eis-sreafaí ag lá 0

Fíor 4. Sampla léiritheach de shaincheanglas leachtachta cainníochtúil a shocrú1,200 íostréimhse mharthanais = 3 mhí

) n

i

ú illi mglansuíomh glan-eis-sreafaí leachtachta carnacha) (maolán –

(

R U ELeachtacht tréimhseeis-sreafaí carnacha insreafaí carnacha ar fáil ag lá 0 mharthanais
Míonnaiarbhír
  • b. Sampla 2: Tá an íostréimhse mharthanais mhaoirseachta socraithe ag 3 mhí. Beart eile seachas íostréimhse marthanais a shocrú, lena bhféadfar aghaidh a thabhairt freisin ar an imní mhaoirseachta go bhfuil airde na bearna idir insreafaí agus eis-sreafaí do-ghlactha, is ea teorainn a chur ar eis-sreafaí. Sa fhigiúr thíos, taispeántar an sásra chun uasteorainn a shocrú ar eis-sreafaí leis an mbarra cothrománach dubh. Ceanglaítear ar institiúid a heis-sreafaí a laghdú go leibhéal faoi bhun na huasteorann. Is féidir an uasteorainn a shocrú le haghaidh buicéid ama amháin nó níos mó agus le haghaidh glan-eis-sreafaí (tar éis ceartú maidir le hinsreafaí) nó eis-sreafaí comhlán. Taispeántar sa tríú colún an rogha eile maidir le ceanglas maoláin a chur leis:

Fíor 5. Sampla léiritheach de shaincheanglas leachtachta cainníochtúil a shocrú

435. I gcás nach bhfuil a tagarmharc féin forbartha ag na húdaráis inniúla maidir le ceanglais …

I gcás nach bhfuil a tagarmharc féin forbartha ag na húdaráis inniúla maidir le ceanglais shonracha leachtachta chainníochtúla a chainníochtú, féadfaidh siad tagarmharc a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as na céimeanna seo a leanas go háirithe i gcás riosca leachtachta:

  • a. anailís chomparáideach a dhéanamh, faoi choinníollacha struis, ar ghlan-eis-sreafaí airgid agus ar shócmhainní leachtacha incháilithe thar shraith tréimhsí ama: suas le mí amháin (lena n-áirítear thar oíche), ó mhí amháin go trí mhí, agus ó thrí mhí go bliain amháin; chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla glan-eis-sreafaí (oll-eis-sreafaí agus insreafaí) a réamh-mheas;
  • b. acmhainn chothromaithe ar fud tréimhsí aibíochta éagsúla, agus coinníollacha struis (mar shampla, luacháil stuama faoi thoimhdí struis do shócmhainní leachtacha i gcomparáid le luacháil reatha faoi ghnáthchoinníollacha agus tar éis ciorrú) á mbreithniú, ionas go dtógtar dréimire aibíochta struis don bhliain amach romhainn;
  • c. meastachán a dhéanamh ar thréimhse marthanais na hinstitiúide, bunaithe ar an measúnú ar an dréimire aibíochta faoi strus;
  • d. an íostréimhse marthanais inmhianaithe/mhaoirseachta a chinneadh, agus próifíl riosca na hinstitiúide agus dálaí margaidh agus maicreacnamaíocha á gcur san áireamh;
  • e. má tá an íostréimhse marthanais inmhianaithe/mhaoirseachta níos faide ná tréimhse marthanais reatha na hinstitiúide, féadfaidh údaráis inniúla meastachán a dhéanamh ar mhéideanna breise sócmhainní leachtacha (maoláin leachtachta breise) a bheidh le sealbhú ag an institiúid chun a tréimhse marthanais a fhadú go dtí an t-íosmhéid is gá.

Ceanglais chainníochtúla leachtachta agus cistiúcháin ar leith a chur in iúl

436. Chun na ceanglais shonracha maidir le leachtacht chainníochtúil a chur in iúl, ba cheart go …

Chun na ceanglais shonracha maidir le leachtacht chainníochtúil a chur in iúl, ba cheart go n-úsáidfeadh údaráis inniúla ceann de na cineálacha cur chuige seo a leanas, ach amháin má mheastar cur chuige eile a bheith níos iomchuí i gcúinsí sonracha:

  • a. Cur Chuige 1 – LCR níos airde ná an t-íosmhéid rialála a cheangal, ar mhéid chomh mór sin go maolaítear go leor easnaimh a sainaithníodh.
  • b. Cur Chuige 2 – Íostréimhse marthanais a cheangal a bheidh chomh fada sin go maolaítear go leor easnaimh a aithníodh; is féidir an tréimhse marthanais a shocrú go díreach, mar cheanglas, nó go hindíreach, trí uasteorainn a shocrú ar an méid eis-sreafaí thar na buicéid ama ábhartha a mheastar; féadfaidh údaráis inniúla cineálacha éagsúla sócmhainní leachtacha (e.g. sócmhainní atá incháilithe do bhainc cheannais) a éileamh, chun rioscaí nach gclúdaítear (go leordhóthanach) ag an LCR a chlúdach;
  • c. Cur Chuige 3 – Íosmhéid iomlán de shócmhainní leachtacha nó acmhainn fhrithchothromaithe a cheangal, mar íosmhéid iomlán nó mar íosmhéid de bhreis ar an íosmhéid rialála is infheidhme, de mhéid go maolaítear go leordhóthanach easnaimh a sainaithníodh; féadfaidh údaráis inniúla ceanglais a leagan síos maidir le comhdhéanamh sócmhainní leachtacha, lena n-áirítear ceanglais oibríochtúla (e.g. inmhalartacht go hairgead tirim go díreach, nó na sócmhainní leachtacha a thaisceadh sa bhanc ceannais).
437. Chun na ceanglais shonracha cistiúcháin chobhsaí cainníochtúla a chur in iúl go hiomchuí, ba …

Chun na ceanglais shonracha cistiúcháin chobhsaí cainníochtúla a chur in iúl go hiomchuí, ba cheart go n-úsáidfeadh údaráis inniúla ceann amháin de na cineálacha cur chuige seo a leanas, ach amháin má mheastar cur chuige eile a bheith níos iomchuí i gcúinsí sonracha:

  • a. Cur Chuige 4 – NSFR níos airde ná a t-íosmhéid rialála a cheangal, ar mhéid chomh mór sin go maolaítear go leordhóthanach easnaimh a sainaithníodh;
  • b. Cur Chuige 5 – Iosmhéid iomlán an chistithe chobhsaí atá ar fáil a cheangal, mar íosmhéid iomlán nó mar íosmhéid de bhreis ar an íosmhéid rialála is infheidhme, de mhéid chomh mór sin go maolaítear go leordhóthanach easnaimh a sainaithníodh.
438. Ba cheart d’údaráis inniúla ceanglais shonracha leachtachta nó cistiúcháin chainníochtúla a …

Ba cheart d’údaráis inniúla ceanglais shonracha leachtachta nó cistiúcháin chainníochtúla a struchtúrú ar bhealach a sholáthróidh torthaí stuamachta atá comhsheasmhach tríd is tríd ar fud na n-institiúidí, ag tabhairt dá n-aire go bhféadfadh difríochtaí a bheith idir na cineálacha ceanglas a shonraítear idir institiúidí mar gheall ar a gcúinsí aonair. Chomh maith leis an gcainníocht, ba cheart go sonrófaí sa struchtúr comhdhéanamh ionchais agus nádúr an cheanglais. I ngach cás, ba cheart go sonrófaí ann an ceanglas maoirseachta agus aon cheanglais infheidhme de Threoir 2013/36/AE. Ba cheart go mbeadh maoláin leachtachta agus cumas frithchothromaithe atá i seilbh na hinstitiúide chun ceanglais mhaoirseachta a chomhlíonadh ar fáil lena n-úsáid ag an institiúid le linn tréimhsí struis.

439. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go dtabharfaidh an institiúid fógra dóibh láithreach …

Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go dtabharfaidh an institiúid fógra dóibh láithreach mura gcomhlíonann sí na ceanglais nó mura bhfuil sí ag súil leis na ceanglais a chomhlíonadh sa ghearrthéarma. Ba cheart plean arna tharraingt suas ag an institiúid chun comhlíonadh na gceanglas a athbhunú go tráthúil a bheith ag gabháil leis an bhfógra. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar indéantacht an phlean agus bearta maoirseachta iomchuí a dhéanamh mura meastar an plean a bheith indéanta. I gcás ina meastar an plean a bheith indéanta, ba cheart d'údaráis inniúla: aon bhearta eatramhacha maoirseachta is gá a chinneadh bunaithe ar imthosca na hinstitiúide; faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean athchóirithe; agus faireachán géar a dhéanamh ar sheasamh leachtachta na hinstitiúide, ag iarraidh ar an institiúid a minicíocht tuairiscithe a mhéadú más gá.

440. D’ainneoin an mhéid thuas, féadfaidh údaráis inniúla ceanglais cháilíochtúla a leagan síos …

D’ainneoin an mhéid thuas, féadfaidh údaráis inniúla ceanglais cháilíochtúla a leagan síos freisin i bhfoirm srianta/uasteorainneacha/teorainneacha ar neamhréireanna, comhchruinnithe, inghlacthacht riosca, srianta cainníochtúla ar eisiúint iasachtaí urraithe, etc., i gcomhréir leis na critéir atá sonraithe i dTeideal 10 de na treoirlínte.

441. Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cur chuige éagsúla i leith ceanglais chainníochtúla …

Seo thíos roinnt samplaí de na cineálacha cur chuige éagsúla i leith ceanglais chainníochtúla sonracha maidir le leachtacht a struchtúrú:

Breiseán maolánach vs uasteorainn ar eis-sreafaí
insreafaí eis-sreafaí breiseán maolánach maolán íosta LCR uasteorainn ar eis-sreafaí

<30 D 31-90 D maolán leachtachta

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.