+11.3. Socruithe eagraíochtúla agus rialachais laistigh d’údaráis inniúla
---+488. Ba cheart d'údaráis inniúla clár éifeachtach a bhunú le haghaidh tástála struis maoirseachta. …
---+489. Ba cheart an méid seo a leanas seo a leanas ar a laghad a áireamh sna socruithe rialachais …
---+490. Mar chuid de shocruithe rialachais, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar …
---+491. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil próisis agus socruithe i bhfeidhm acu le …
---+492. Agus tástáil struis mhaoirseachta á cur i bhfeidhm acu ar ghrúpaí trasteorann agus ar a …
---+493. Ba cheart d’údaráis inniúla a shainaithint freisin cén fhaisnéis maidir le tástálacha struis …
|
11.3. Socruithe eagraíochtúla agus rialachais laistigh d’údaráis inniúla
11.3. Socruithe eagraíochtúla agus rialachais laistigh d’údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
488. Ba cheart d'údaráis inniúla clár éifeachtach a bhunú le haghaidh tástála struis maoirseachta. …
|
Ba cheart d'údaráis inniúla clár éifeachtach a bhunú le haghaidh tástála struis maoirseachta. Ba cheart go mbeadh socruithe iomchuí eagrúcháin, rialachais agus TF ag tacú leis an gclár seo lena n-áiritheofaí gur féidir tástálacha struis maoirseachta a dhéanamh ar an minicíocht iomchuí. Ba cheart go dtacódh an clár um thástáil struis maoirseachta le cur i bhfeidhm éifeachtach an chláir scrúdaithe maoirseachta le haghaidh institiúidí aonair. Ba cheart go léireodh an clár freisin an chaoi a ndéanann an t-údarás inniúil cinntí maidir le cineálacha tástála struis maoirseachta a roghnú a bhaineann go dlúth le cuspóirí gach cleachtaidh.
|
|
489. Ba cheart an méid seo a leanas seo a leanas ar a laghad a áireamh sna socruithe rialachais …
|
Ba cheart an méid seo a leanas seo a leanas ar a laghad a áireamh sna socruithe rialachais, eagrúcháin agus TF a thacaíonn leis an gclár um thástáil struis maoirseachta: - a. dóthain acmhainní daonna agus ábhartha, sonraí agus bonneagar TF chun tástálacha struis maoirseachta a dhearadh agus a sheoladh. Go háirithe, ba cheart go mbeadh sonraí leordhóthanacha agus cur chuige modheolaíochta iomchuí mar thaca leis an gclár um thástáil struis maoirseachta lena gclúdófaí gach gné, lena n-áirítear cásanna agus toimhdí (e.g. teimpléid, treoir, doiciméadacht), agus solúbthacht agus leibhéil iomchuí cáilíochta agus rialuithe a áirithiú.
- b. próiseas dearbhaithe cáilíochta a chlúdaíonn dearadh, forbairt agus cur i gcrích na tástála struis, agus inchomparáideacht na dtorthaí ar fud institiúidí;
- c. comhtháthú na tástála struis maoirseachta le próisis mhaoirseachta ábhartha eile. Mar sin, nuair is gá agus faoi réir aon srianta dlí, ba cheart don eagraíocht tacú le comhroinnt inmheánach faisnéise agus le húsáid gach gné den chlár tástála struis.
|
|
490. Mar chuid de shocruithe rialachais, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar …
|
Mar chuid de shocruithe rialachais, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar athbhreithniú rialta ar an gclár um thástáil struis maoirseachta, go cáilíochtúil agus go cainníochtúil, chun a áirithiú go bhfuil sé leordhóthanach.
|
|
491. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil próisis agus socruithe i bhfeidhm acu le …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go bhfuil próisis agus socruithe i bhfeidhm acu le haghaidh idirphlé éifeachtach le hinstitiúidí maidir le tástálacha struis maoirseachta agus a dtorthaí. Ba cheart go léireodh an t-idirphlé sin na cuspóirí atá beartaithe, a bheith bunaithe go háirithe ach ní go heisiach nuair a reáchtáiltear tástálacha struis maoirseachta chun críocha measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht caipitil fhoriomlán na n-institiúidí agus é a eagrú laistigh de chomhthéacs níos ginearálta na measúnuithe SREP mar a leagtar amach sna treoirlínte seo. Chun críocha idirphlé den sórt sin ar an leibhéal teicniúil agus ar an leibhéal bainistíochta, i gcás inarb ábhartha, ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú: - a. go gcuirtear míniú agus treoir leordhóthanach, atá mionsonraithe go leor agus atá cruinn ar fáil d’institiúidí maidir le cur i bhfeidhm na modheolaíochtaí agus na mbonn tuisceana a úsáidtear i dtástáil struis ón mbun aníos;
- b. go dtabharfar treoracha leordhóthanacha, atá mionsonraithe agus cruinn a ndóthain d'institiúidí maidir leis an bhfaisnéis tacaíochta is gá dóibh a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil mar aon le torthaí na dtástálacha struis;
- c. go dtugtar míniú d’institiúidí tar éis plé, i gcás inarb ábhartha, ar thorthaí na dtástálacha struis maoirseachta a gcuirtear bearta maoirseachta i bhfeidhm dá mbarr. Ba cheart d'údaráis inniúla é sin a mheas go háirithe i gcomhthéacs tástálacha struis ar fud an chórais a spreagann bearta maoirseachta.
|
|
492. Agus tástáil struis mhaoirseachta á cur i bhfeidhm acu ar ghrúpaí trasteorann agus ar a …
|
Agus tástáil struis mhaoirseachta á cur i bhfeidhm acu ar ghrúpaí trasteorann agus ar a n-eintitis, ba cheart d’údaráis inniúla faisnéis a mhalartú agus, nuair is féidir, an próiseas a phlé go hiomchuí faoi chuimsiú na gcoláistí maoirseoirí. Go háirithe, ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear ar fáil agus go bpléifear sonraí ábhartha maidir leis na modheolaíochtaí, na cásanna agus na mórbhoinn tuisceana chomh maith le torthaí na dtástálacha struis maoirseachta, go háirithe iad sin atá dírithe ar leordhóthanacht caipitil nó leachtachta a mheasúnú.
|
|
493. Ba cheart d’údaráis inniúla a shainaithint freisin cén fhaisnéis maidir le tástálacha struis …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla a shainaithint freisin cén fhaisnéis maidir le tástálacha struis maoirseachta agus a dtorthaí a d’fhéadfaí a nochtadh go poiblí, agus na críocha atá beartaithe do na tástálacha struis maoirseachta á gcur san áireamh. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le nochtadh poiblí thorthaí nó mhodheolaíochtaí na dtástálacha struis maoirseachta, ba cheart d’údaráis inniúla a ról féin sa chleachtadh agus sa chur chuige a roghnaíodh a mheas agus freisin a mhéad dá n-anailíse féin a chuirfear ag gabháil leis na torthaí foilsithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|