+7.1 Critéir ghinearálta
---+67. Ba cheart go mbeadh measúnú na n-údarás inniúil ar an bplean gnó bunaithe ar na doiciméid agus …
---+68. Go comhsheasmhach le mír 13, ba cheart d’údaráis inniúla an risíocht ar rioscaí ML/FT a …
---+69. Go comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar amach i míreanna 15 agus 16, ba cheart …
---+70. Ba cheart d’údaráis inniúla déine a measúnaithe a chalabrú i bhfianaise na gcritéar …
---+71. Mar chritéar ginearálta, ba cheart d’údaráis inniúla an measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil …
---+72. Gan dochar do mhír 71, chun tacú leis an measúnú ar phlean gnó agus a mhéid atá iomchuí agus …
---+73. Chun leanúnachas maoirseachta idir céim an údaraithe agus maoirseacht leanúnach na hinstitiúide …
|
7.1 Critéir ghinearálta
7.1 Critéir ghinearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
67. Ba cheart go mbeadh measúnú na n-údarás inniúil ar an bplean gnó bunaithe ar na doiciméid agus …
|
Ba cheart go mbeadh measúnú na n-údarás inniúil ar an bplean gnó bunaithe ar na doiciméid agus ar an bhfaisnéis ábhartha a chuirfidh an institiúid creidmheasa iarrthach ar fáil, go háirithe de bhun Airteagal 4, litreacha (a) chuig (h), agus Airteagal 5(1)(a) den RTS ar fhaisnéis le haghaidh údaraithe , dírithe ar shamhail ghnó, straitéis agus ar phróifíl riosca na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí, agus ag féachaint le dearcadh a fhoirmiú ar inmharthanacht agus inbhuanaitheacht a samhla gnó agus ar a cumas chun ceanglais stuamachta a chomhlíonadh laistigh den tréimhse phleanála.
|
|
68. Go comhsheasmhach le mír 13, ba cheart d’údaráis inniúla an risíocht ar rioscaí ML/FT a …
|
Go comhsheasmhach le mír 13, ba cheart d’údaráis inniúla an risíocht ar rioscaí ML/FT a eascraíonn as plean gnó na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí a mheas. Chun na críche seo, ba cheart d’údaráis inniúla a mheas go háirithe cibé an bhfuil nó nach bhfuil leibhéal níos airde riosca ML/TF ag na hearnálacha, gníomhaíochtaí, táirgí, sprioc-chustaiméirí, bealaí tíreolaíochta agus dáilte.
|
|
69. Go comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar amach i míreanna 15 agus 16, ba cheart …
|
Go comhsheasmhach leis na prionsabail a leagtar amach i míreanna 15 agus 16, ba cheart d’údaráis inniúla staonadh ó roghanna a léiriú do shamhlacha gnó ar leith agus a bheith neodrach maidir le riachtanais ghnó a ndlínse.
|
|
70. Ba cheart d’údaráis inniúla déine a measúnaithe a chalabrú i bhfianaise na gcritéar …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla déine a measúnaithe a chalabrú i bhfianaise na gcritéar comhréireachta atá leagtha amach i mír 18.
|
|
71. Mar chritéar ginearálta, ba cheart d’údaráis inniúla an measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil …
|
Mar chritéar ginearálta, ba cheart d’údaráis inniúla an measúnú cáilíochtúil agus cainníochtúil a dhéanamh ar an bplean gnó bunaithe ar a mbreithiúnas saineolaí. Chun cóireáil chomhionann agus comhsheasmhacht inmheánach a chinntiú, ba cheart go mbeadh breithiúnas saineolaithe bunaithe ar na critéir agus ar an modheolaíocht atá leagtha síos sna Treoirlínte seo, agus go háirithe sa roinn seo 7.
|
|
72. Gan dochar do mhír 71, chun tacú leis an measúnú ar phlean gnó agus a mhéid atá iomchuí agus …
|
Gan dochar do mhír 71, chun tacú leis an measúnú ar phlean gnó agus a mhéid atá iomchuí agus indéanta, féadfaidh údaráis inniúla comparáid piaraí a dhéanamh de réir na gcritéar atá leagtha síos i mír 99.
|
|
73. Chun leanúnachas maoirseachta idir céim an údaraithe agus maoirseacht leanúnach na hinstitiúide …
|
Chun leanúnachas maoirseachta idir céim an údaraithe agus maoirseacht leanúnach na hinstitiúide creidmheasa iarrthaí a chinntiú, ba cheart an anailís agus toradh an mheasúnaithe ar an bplean gnó a dhéantar chun críocha an údaraithe a roinnt laistigh den údarás inniúil, lena n-áirítear chun críche faireachán a dhéanamh ar aon bheart maolaithe, i réamhchoinníollacha, oibleagáidí iardain nó srianta dá dtagraítear in alt 4.2, míreanna 25-32, a d’fhéadfadh a bheith curtha i bhfeidhm ag an údarás inniúil i gcomhthéacs an mheasúnaithe chun an t-údarú a dheonú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|