+177. Tarlaíonn sárú sna cúinsí seo a leanas, i measc nithe eile: a. i gcás go meastar gur luach …

177. Tarlaíonn sárú sna cúinsí seo a leanas, i measc nithe eile: a. i gcás go meastar gur luach …

Tarlaíonn sárú sna cúinsí seo a leanas, i measc nithe eile:

  • a. i gcás go meastar gur luach saothair seasta é luach saothair inathraithe i gcomhréir le foclaíocht na dtreoirlínte seo, ach ní i comhréir lena chuspóirí;
  • b. i gcás go ndámhtar nó go ndílsítear luach saothair inathraithe seachas luach saothair inathraithe ráthaithe, in ainneoin, go bunúsach:
  • i. níor tomhaiseadh aon fheidhmíocht dhearfach maidir leis an mball foirne, leis an aonad gnó nó leis an ngnólacht infheistíochta i gcomhréir le Teideal IV de na treoirlínte seo;
  • ii. níl aon ailíniú riosca éifeachtach (i.e. coigeartú riosca ex ante nó ex post); nó
  • iii. níl an luach saothair inathraithe inbhuanaithe de réir staid airgeadais an ghnólachta infheistíochta;
  • c. i gcás go bhfaigheann na baill foirne íocaíochtaí ón ngnólacht infheistíochta nó ó eintiteas laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe nach dtagann faoin sainmhíniú ar luach saothair, ach ar bealaí nó modhanna pá iad ina bhfuil dreasacht le haghaidh glacadh riosca nó lena soláthraítear torthaí díréireacha ar infheistíochtaí ar ionstraimí an ghnólachta atá an-difriúil leis na coinníollacha maidir le hinfheisteoirí eile a dhéanfadh infheistíocht ar bhealach den sórt sin; EBA Public
  • d. i gcás go bhfaigheann na baill foirne íocaíochtaí ón ngnólacht infheistíochta nó ó eintiteas laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe nach dtagann faoin sainmhíniú ar luach saothair, ach ar bealaí nó modhanna pá iad chun ceanglais maidir le luach saothair a shárú;
  • e. i gcás go ndámhtar comhpháirteanna luach saothair sheasta mar líon seasta ionstraimí agus ní mar mhéid seasta;
  • f. i gcás go ndámhtar luach saothair in ionstraimí ar bhaill foirne nó go bhfuil siad ábalta ionstraimí a cheannach nach bhfuil praghsáilte ar an margadhluach nó ar an luach cóir i gcás ionstraimí neamhliostaithe agus nach gcuirtear an luach breise a fhaightear san áireamh sa luach saothair inathraithe;
  • g. i gcás go ndéantar coigeartuithe ar chomhpháirteanna luach saothair sheasta a chaibidliú go minic agus go ndéantar coigeartuithe iarbhír chun an luach saothair a ailíniú le feidhmíocht na mball foirne;
  • h. i gcás go ndámhtar liúntais ag méid iomarcach nach bhfuil údar maith leis do na cúinsí bunúsacha;
  • i. i gcás go ndéantar luach saothair a lipéadú mar íocaíocht i leith luathscoir agus nach gcuirtear san áireamh é mar luach saothair inathraithe, i gcás go bhfuil tréith pá scoir leis an íocaíocht i ndáiríre, toisc go ndéantar í i gcomhthéacs luathfhoirceannadh an chonartha, nó i gcás nach dtéann an ball foirne ar scor i ndiaidh an dámhachtain sin a dhéanamh nó i gcás nach ndeonaítear na híocaíochtaí ar bhonn míosúil;
  • j. aon bhearta a mbeadh de thoradh orthu nach mbeadh an beartas luach saothair neodrach ó thaobh inscne de a thuilleadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/