+Teideal I – comhréireacht
---+17. Nuair a bheidh na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart d’údaráis inniúla agus do …
---+18. Chun críocha na míre roimhe seo, ba cheart aird a thabhairt ar éagsúlacht na samhlacha gnó …
---+19. I gcás ina ndéantar prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) de Threoir …
---+20. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí na …
---+21. Maidir le gnólachtaí infheistíochta ar daoine dlítheanacha iad arna mbainistiú ag duine …

Teideal I – comhréireacht

Teideal I – comhréireacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
17. Nuair a bheidh na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart d’údaráis inniúla agus do …

Nuair a bheidh na treoirlínte seo á gcur i bhfeidhm, ba cheart d’údaráis inniúla agus do ghnólachtaí infheistíochta aird a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) de Threoir (AE) 2019/2034 agus a shonraítear tuilleadh i dTeideal I de na treoirlínte sin d’fhonn a áirithiú go bhfuil na socruithe inmheánacha rialachais arna mbunú ag gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear i gcomhthéacs grúpaí gnólachtaí infheistíochta, comhsheasmhach le próifíl riosca aonair an ghnólachta agus an ghrúpa, i gcomhréir lena méid agus lena n-eagrú inmheánach, ábhartha dá samhail ghnó, oiriúnach do chineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí agus leordhóthanach chun cuspóirí ábhartha na gceanglas agus na bhforálacha rialála ábhartha a chomhlíonadh.

18. Chun críocha na míre roimhe seo, ba cheart aird a thabhairt ar éagsúlacht na samhlacha gnó …

Chun críocha na míre roimhe seo, ba cheart aird a thabhairt ar éagsúlacht na samhlacha gnó faoina bhfeidhmíonn gnólachtaí infheistíochta agus grúpaí gnólachtaí infheistíochta, go táscach mar chomhairleoirí infheistíochta, bainisteoirí punainne, ionaid trádála, taisceánaigh, bróicéirí forfheidhmiúcháin nó mórdhíola, gnólachtaí trádála, agus grúpaí eile nach iad. Dá réir sin, chun go measfar go bhfuil na socruithe inmheánacha rialachais comhsheasmhach le próifíl riosca aonair an ghnólachta agus an ghrúpa, i gcomhréir lena méid agus lena n-eagrúchán inmheánach, ábhartha dá samhail ghnó, oiriúnach do chineál, scála agus castacht a ngníomhaíochtaí agus leordhóthanach chun cuspóirí na gceanglas agus na bhforálacha rialála ábhartha a bhaint amach go héifeachtach, ba cheart a áirithiú go mbeadh socruithe rialachais níos sofaisticiúla ag gnólachtaí infheistíochta ag a bhfuil eagraíocht níos casta nó atá ar scála níos mó, agus féadfaidh gnólachtaí infheistíochta ag a bhfuil eagraíocht níos simplí nó atá ar scála níos lú socruithe rialachais níos simplí a chur chun feidhme. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil méid ná tábhacht shistéamach gnólachta infheistíochta, ann féin, ina léiriú ar a mhéad atá gnólacht infheistíochta neamhchosanta ar rioscaí.

19. I gcás ina ndéantar prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) de Threoir …

I gcás ina ndéantar prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) de Threoir (AE) 2019/2034 agus a shonraítear tuilleadh i mír 20 de na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do ghnólachtaí infheistíochta a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar chur i bhfeidhm den sórt sin go dtarscaoilfear na ceanglais rialála le haghaidh gnólachtaí infheistíochta nó go gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach a chiallaíonn nach bhfuil socruithe daingne rialachais, struchtúr soiléir eagraíochtúil, sásraí leordhóthanacha um rialú inmheánach, bainistiú riosca fónta agus éifeachtach agus beartais luacha saothair iomchuí á n-áirithiú.

20. Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí na …

Chun prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus chun cur chun feidhme iomchuí na gceanglas rialála agus na dtreoirlínte sin a áirithiú, ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • a. méid chlár comhardaithe an ghnólachta infheistíochta agus a fhochuideachtaí laistigh de raon feidhme an chomhdhlúthaithe stuamachta;
  • b. cibé acu atá nó nach bhfuil luach sócmhainní an ghnólachta infheistíochta laistigh agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar an meán, cothrom le nó níos lú ná EUR 100 milliún thar an tréimhse ceithre bliana díreach roimh an mbliain airgeadais áirithe i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 32(4) de Threoir (AE) 2019/2034;
  • c. na sócmhainní faoi bhainistíocht;
  • d. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe chun airgead nó sócmhainní cliant a shealbhú;
  • e. na sócmhainní atá á gcoimirciú agus á riar;
  • f. méid na n-orduithe cliaint arna láimhseáil;
  • g. méid na sreafaí trádála laethúla;
  • h. láithreacht gheografach an ghnólachta infheistíochta agus méid a oibríochtaí i ngach dlínse, lena n-áirítear i ndlínsí tríú tír;
  • i. foirm dlí an ghnólachta infheistíochta, lena n-áirítear cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta páirteach i ngrúpa agus, má tá, an measúnú comhréireachta le haghaidh an ghrúpa;
  • j. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta liostaithe;
  • k. cibé acu atá nó nach bhfuil an gnólacht infheistíochta údaraithe chun úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha chun ceanglais chaipitil a thomhas (e.g. an Cur Chuige Inmheánach Bunaithe ar Rátálacha);
  • l. cineál na ngníomhaíochtaí údaraithe, na seirbhísí a chuireann an gnólacht infheistíochta i gcrích (e.g. Roinn A agus Roinn B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE) agus seirbhísí eile (e.g. seirbhísí imréitigh) a chuireann an gnólacht infheistíochta i gcrích;
  • m. an tsamhail agus straitéis gnó foluiteach; cineál agus castacht na ngníomhaíochtaí gnó, agus struchtúr eagraíochtúil an ghnólachta infheistíochta;
  • n. straitéis riosca, inghlacthacht riosca agus próifíl riosca iarbhír an ghnólachta infheistíochta, agus toradh na measúnuithe ar chaipiteal SREP agus ar leachtacht SREP a chur san áireamh freisin;
  • o. struchtúr úinéireachta agus maoinithe an ghnólachta infheistíochta;
  • p. an cineál cliant;
  • q. castacht na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais;
  • r. na feidhmeanna agus bealaí dáileacháin seachfhoinsithe; agus
  • s. na córais teicneolaíochta faisnéise (TF) atá ann cheana féin, lena n-áirítear córais leanúnachais ghnó agus feidhmeanna seachfhoinsithe sa réimse seo.
21. Maidir le gnólachtaí infheistíochta ar daoine dlítheanacha iad arna mbainistiú ag duine …

Maidir le gnólachtaí infheistíochta ar daoine dlítheanacha iad arna mbainistiú ag duine nádúrtha aonair, ba cheart go mbeadh socruithe malartacha i bhfeidhm acu lena n-áiritheofar bainistiú fónta agus stuama na ngnólachtaí infheistíochta sin agus lena n-áiritheofar go ndéanfar breithniú leordhóthanach ar shocruithe rialachais inmheánaigh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/