+6.4 Aistarraingt údarú institiúidí
---+60. I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir stuamachta an nós imeachta a thionscnamh chun an t-údarú a …
---+61. I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí AML/CFT sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe AML/CFT is …
---+62. Nuair a bhíonn an maoirseoir stuamachta á chur ar an eolas faoi shárú tromchúiseach, ba cheart …
---+63. Ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT, ar a laghad, faisnéis mhionsonraithe a áireamh ina mínítear …
---+64. Tar éis fógra a fháil maidir le sárú tromchúiseach mar a leagtar amach i mír 61 thuas, ba …
---+65. I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir stuamachta an t-údarú a tugadh d’institiúid a aistarraingt …
|
6.4 Aistarraingt údarú institiúidí
6.4 Aistarraingt údarú institiúidí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
60. I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir stuamachta an nós imeachta a thionscnamh chun an t-údarú a …
|
I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir stuamachta an nós imeachta a thionscnamh chun an t-údarú a deonaíodh d’institiúid a aistarraingt, bunaithe go heisiach nó i measc foras eile ar a d(h)liteanas i leith sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe AML/CFT is infheidhme i gcomhréir lena chumhacht faoi Airteagal 18 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an maoirseoir ábhartha AML/CFT a chur ar an eolas faoi.
|
|
61. I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí AML/CFT sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe AML/CFT is …
|
I gcás ina sainaithníonn maoirseoirí AML/CFT sáruithe tromchúiseacha ar dhlíthe AML/CFT is infheidhme i ndáil leis an institiúid, ba cheart dóibh an maoirseoir stuamachta a chur ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí faoi na sáruithe tromchúiseacha sin agus faoina gcinneadh agus faoi aon bhreithniúcháin bhreise ábhartha, lena n-áirítear an measann siad nach bhfuil an institiúid toilteanach nó nach bhfuil an institiúid in ann na sáruithe sin a leigheas agus a mhéid is féidir aghaidh a thabhairt ar na laigí nó ar an sárú trí bhearta atá ar fáil don mhaoirseoir AML/CFT.
|
|
62. Nuair a bhíonn an maoirseoir stuamachta á chur ar an eolas faoi shárú tromchúiseach, ba cheart …
|
Nuair a bhíonn an maoirseoir stuamachta á chur ar an eolas faoi shárú tromchúiseach, ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT an fhaisnéis agus na mionsonraí ábhartha go léir a chur ar fáil don mhaoirseoir stuamachta maidir leis an sárú tromchúiseach/na sáruithe tromchúiseacha arna sainaithint ionas gur féidir leis an maoirseoir stuamachta meastóireacht cheart a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fuarthas agus a mheasúnú féin a dhéanamh i dtaobh cibé acu ar cheart nó nár cheart an t-údarú a aistarraingt.
|
|
63. Ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT, ar a laghad, faisnéis mhionsonraithe a áireamh ina mínítear …
|
Ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT, ar a laghad, faisnéis mhionsonraithe a áireamh ina mínítear cén fáth a bhfuil an sárú tromchúiseach, lena n-áirítear an cineál sáraithe, an fad ama ar lena linn a tharla an sárú, cibé acu an ionann nó nach ionann an sárú agus mainneachtain chórasach laistigh den institiúid, tionchar an tsáraithe ar an institiúid agus sláine an mhargaidh ina n-oibríonn sé, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gníomhaíocht feabhsúcháin, más ann, beartaithe nó déanta ag an institiúid chun an sárú a leigheas agus na bearta agus smachtbhannaí maoirseachta, más ann dóibh, atá beartaithe nó forchurtha ag an maoirseoir AML/CFT.
|
|
64. Tar éis fógra a fháil maidir le sárú tromchúiseach mar a leagtar amach i mír 61 thuas, ba …
|
Tar éis fógra a fháil maidir le sárú tromchúiseach mar a leagtar amach i mír 61 thuas, ba cheart don mhaoirseoir AML/CFT comhoibriú a mhéid is gá leis an maoirseoir stuamachta de réir mar is gá agus mínithe nó faisnéis bhreise a sholáthar i gcás inar gá.
|
|
65. I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir stuamachta an t-údarú a tugadh d’institiúid a aistarraingt …
|
I gcás ina gcinnfidh an maoirseoir stuamachta an t-údarú a tugadh d’institiúid a aistarraingt bunaithe ar sháruithe tromchúiseacha ar dhlíthe AML/CFT is infheidhme i gcomhréir lena chumhacht faoi Airteagal 18 de Threoir 2013/36/AE, ba cheart don mhaoirseoir stuamachta an maoirseoir ábhartha AML/CFT agus an t-aonad um fhaisnéis airgeadais a chur ar an eolas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|