+Teideal 3 Faireachán ar phríomhtháscairí
---+59. Ba cheart d’údaráis inniúla faireachán rialta a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus …
---+60. Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais de réir na …
---+61. Ba cheart d'údaráis inniúla córais agus patrúin faireacháin a bhunú lena bhféadfar athruithe …
---+62. Ba cheart d’údaráis inniúla an tacar táscairí agus a dtairseacha a chur in oiriúint do ghnéithe …
---+63. Ba cheart d'údaráis inniúla na táscairí atá le rianú a shainaithint trí fhaireachán rialta a …
---+64. Ba cheart an creat táscairí a bhunaítear agus torthaí an fhaireacháin ar na príomhtháscairí a …
---+65. Ba cheart go n-áireofaí sna táscairí a úsáidtear chun críche faireacháin na dtáscairí seo a …
---+66. Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí neamhairgeadais a chur san áireamh, raon feidhme an …
---+67. Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, sa chás go bhfuil siad ar …
---+68. Ba cheart d’údaráis inniúla smaoineamh freisin ar an bhfaireachán rialta ar phríomhtháscairí …

Teideal 3 Faireachán ar phríomhtháscairí

Teideal 3 Faireachán ar phríomhtháscairí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
59. Ba cheart d’údaráis inniúla faireachán rialta a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla faireachán rialta a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais agus neamhairgeadais chun faireachán a dhéanamh ar athruithe ar dhálaí airgeadais agus ar phróifílí riosca gnólachtaí infheistíochta. Ba cheart d’údaráis inniúla an faireachán seo a úsáid freisin chun an gá atá le nuashonruithe ar an measúnú ar ghnéithe SREP a shainaithint i bhfianaise faisnéise ábhartha nua lasmuigh de na gníomhaíochtaí maoirseachta atá beartaithe. Sa chás go nochtar mar thoradh ar fhaireachán athrú ábhartha ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta, nó aon aimhrialtachtaí sna táscairí, ba cheart d’údaráis inniúla imscrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna, agus i gcás inarb ábhartha, athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú ar an ngné ábhartha SREP i bhfianaise na faisnéise nua.

60. Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais de réir na …

Ba cheart d'údaráis inniúla faireachán a dhéanamh ar phríomhtháscairí airgeadais de réir na minicíochta tuairiscithe don ghnólacht infheistíochta. Ba cheart an faireachán ar tháscairí neamhairgeadais a chur in oiriúint do nádúr agus do luaineacht an táscaire neamhairgeadais shonraigh, ach ba cheart é a dhéanamh go bliantúil ar a laghad.

61. Ba cheart d'údaráis inniúla córais agus patrúin faireacháin a bhunú lena bhféadfar athruithe …

Ba cheart d'údaráis inniúla córais agus patrúin faireacháin a bhunú lena bhféadfar athruithe ábhartha agus aimhrialtachtaí in iompar táscairí a shainaithint, agus ba cheart dóibh tairseacha a leagan síos, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart d'údaráis inniúla a áirithiú freisin, le haghaidh gach táscaire ábhartha (nó meascán táscairí) a chlúdaítear san fhaireachán, go ndéantar aon aimhrialtachtaí agus athruithe ábhartha a imscrúdú. Ar an tslí sin, ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcúis agus measúnú a dhéanamh ar ábharthacht an tionchair stuamachta poitéinsiúil ar an ngnólacht infheistíochta agus na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid ar chatagóiriú an ghnólachta.

62. Ba cheart d’údaráis inniúla an tacar táscairí agus a dtairseacha a chur in oiriúint do ghnéithe …

Ba cheart d’údaráis inniúla an tacar táscairí agus a dtairseacha a chur in oiriúint do ghnéithe sonracha gnólachtaí infheistíochta aonair nó grúpaí gnólachtaí infheistíochta a bhfuil tréithe comhchosúla acu (piarghrúpaí). Ba cheart go léireodh an creat táscairí, patrúin faireacháin agus tairseacha méid, castacht, samhail ghnó agus próifíl riosca an ghnólachta infheistíochta agus ba cheart go gcumhdódh sé ceantair gheografacha, earnálacha agus margaí ina n-oibríonn an gnólacht infheistíochta.

63. Ba cheart d'údaráis inniúla na táscairí atá le rianú a shainaithint trí fhaireachán rialta a …

Ba cheart d'údaráis inniúla na táscairí atá le rianú a shainaithint trí fhaireachán rialta a dhéanamh go príomha ó thuairisciú rialta maoirseachta agus trí úsáid a bhaint as sainmhínithe ó chaighdeáin tuairiscithe chomhchoiteanna.

64. Ba cheart an creat táscairí a bhunaítear agus torthaí an fhaireacháin ar na príomhtháscairí a …

Ba cheart an creat táscairí a bhunaítear agus torthaí an fhaireacháin ar na príomhtháscairí a úsáid freisin mar ionchur chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí do chaipiteal agus ar rioscaí do leachtacht agus do mhaoiniú faoi na gnéithe SREP faoi seach.

65. Ba cheart go n-áireofaí sna táscairí a úsáidtear chun críche faireacháin na dtáscairí seo a …

Ba cheart go n-áireofaí sna táscairí a úsáidtear chun críche faireacháin na dtáscairí seo a leanas ar a laghad a bhaineann go sonrach le gnólacht:

18

  • a. táscairí airgeadais agus neamhairgeadais a dhéileálann leis na catagóirí riosca a chlúdaítear sna treoirlínte seo atá ábhartha don chatagóir shonrach den ghnólacht infheistíochta (féach Teideal 6 agus Teideal 8);
  • b. na cóimheasa ar fad bainte ó chur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 2019/2033 agus ón dlí náisiúnta a bhfuil Treoir (AE) Uimh. 2019/2034 á chur i bhfeidhm aige;
  • c. más cuí, na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) mar atá sonraithe i dTreoir 2014/59/AE;
  • d. sa chás go bhfuil siad ar fáil, táscairí téarnaimh a úsáidtear i bpleananna téarnaimh an ghnólachta féin.
66. Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí neamhairgeadais a chur san áireamh, raon feidhme an …

Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí neamhairgeadais a chur san áireamh, raon feidhme an údaraithe, an líon fostaithe, an líon gearán nó táscairí ábhartha neamhairgeadais eile mar shampla, agus féadfaidh siad táscairí breise a shainiú mar a mheasann siad atá cuí.

67. Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, sa chás go bhfuil siad ar …

Ba cheart d'údaráis inniúla táscairí maicreacnamaíocha ábhartha, sa chás go bhfuil siad ar fáil, sna ceantair gheografacha, earnálacha agus margaí ina n-oibríonn an gnólacht infheistíochta, a chur ar fáil le táscairí a bhaineann go sonrach le gnólacht.

68. Ba cheart d’údaráis inniúla smaoineamh freisin ar an bhfaireachán rialta ar phríomhtháscairí …

Ba cheart d’údaráis inniúla smaoineamh freisin ar an bhfaireachán rialta ar phríomhtháscairí airgeadais agus neamhairgeadais a fhorlíonadh le hathbhreithniú ar thaighde margaidh neamhspleách agus anailís, sa chás go bhfuil sé sin ar fáil.

19

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/