+4.2 Gnólachtaí infheistíochta atá incháilithe don díolúine
---+13. Maidir leis an díolúine ó na ceanglais leachtachta faoi Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) …
---+14. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil riosca leachtachta mar thoradh ar sheirbhísí …
---+15. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil seirbhísí eile arna soláthar ag gnólacht …
---+16. Ba cheart d’údaráis inniúla suíomhanna ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de a mheas, lena …
---+17. Níor cheart do na húdaráis inniúla díolúine a dheonú i gcás ina mbíonn gnólacht infheistíochta …

4.2 Gnólachtaí infheistíochta atá incháilithe don díolúine

4.2 Gnólachtaí infheistíochta atá incháilithe don díolúine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
13. Maidir leis an díolúine ó na ceanglais leachtachta faoi Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) …

Maidir leis an díolúine ó na ceanglais leachtachta faoi Airteagal 43(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, níor cheart d’údaráis inniúla ach gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn na seirbhísí infheistíochta teoranta seo a leanas a mheas:

  • i) glacadh agus tarchur orduithe i ndáil le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe (1) de Threoir 2014/65/AE;
  • ii) forghníomhú orduithe thar ceann cliant dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe (2) de Threoir 2014/65/AE;
  • iii) bainistiú punainne dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe (4) de Threoir 2014/65/AE;
  • iv) comhairle infheistíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe (5) de Threoir 2014/65/AE;

4 EBA Public

  • v) ionstraimí airgeadais a láithriú gan bonn daingean gealltanais dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn A, pointe (7) de Threoir 2014/65/AE.
14. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil riosca leachtachta mar thoradh ar sheirbhísí …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil riosca leachtachta mar thoradh ar sheirbhísí coimhdeacha arna soláthar ag gnólacht infheistíochta. Bíonn gnólacht infheistíochta a ghabhann do ghníomhaíochtaí amhail creidmheasanna nó iasachtaí a dheonú d’infheisteoir neamhchosanta do riosca leachtachta níos airde agus dá bhrí sin níor cheart gnólacht infheistíochta den sórt sin a dhíolmhú ó cheanglais leachtachta.

15. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil seirbhísí eile arna soláthar ag gnólacht …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an bhfuil seirbhísí eile arna soláthar ag gnólacht infheistíochta ina gcúis le riosca leachtachta agus ráthaíochtaí á soláthar do chliaint nó do thríú páirtithe, toisc go bhfuil siad faoi réir ceanglais leachtachta níos airde freisin i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) 2019/2033. Ba cheart an measúnú céanna a dhéanamh maidir le gnólacht infheistíochta a ghabhann d’iasachtú urrús, toisc go mbeadh gnólacht infheistíochta neamhchosanta ar riosca leachtachta toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh an t-iasachtaí in ann urrúis a thabhairt ar ais in am nó ar éileamh don ghnólacht infheistíochta.

16. Ba cheart d’údaráis inniúla suíomhanna ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de a mheas, lena …

Ba cheart d’údaráis inniúla suíomhanna ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh de a mheas, lena n-áirítear suíomhanna díorthacha neamh-leabhair trádála arna sealbhú chun críocha fálaithe, agus gnólacht infheistíochta á dhíolmhú ó cheanglais leachtachta, toisc go bhféadfadh gnólacht infheistíochta a shealbhaíonn méideanna suntasacha ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe a bheith neamhchosanta ar riosca leachtachta ábhartha.

17. Níor cheart do na húdaráis inniúla díolúine a dheonú i gcás ina mbíonn gnólacht infheistíochta …

Níor cheart do na húdaráis inniúla díolúine a dheonú i gcás ina mbíonn gnólacht infheistíochta ag gabháil d’idirbhearta in airgeadraí eachtracha ar scála suntasach agus go bhféadfaí cumas an ghnólachta infheistíochta chun airgeadraí a mhalartú agus a rochtain ar na margaí malairte eachtraí ábhartha a lagú faoi choinníollacha struis.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/