+8. Luachanna corparáideacha agus cód iompair
---+57. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ardchaighdeáin eiticiúla agus ghairmiúla a fhorbairt, a …
---+58. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú i gcoinne na foirne …
---+59. Ba cheart beartais eisitheoirí ARTanna suntasacha a bheith inscne-neodrach . Áirítear leis sin …
---+60. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na caighdeáin a chuirtear chun feidhme feabhas a chur ar …
---+61. Ba cheart go mbeadh beartais shoiléire agus dhoiciméadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta …
---+62. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán sin agus …
|
8. Luachanna corparáideacha agus cód iompair
8. Luachanna corparáideacha agus cód iompair
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
57. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ardchaighdeáin eiticiúla agus ghairmiúla a fhorbairt, a …
|
Ba cheart don chomhlacht bainistíochta ardchaighdeáin eiticiúla agus ghairmiúla a fhorbairt, a ghlacadh, cloí leo agus iad a chur chun cinn, agus riachtanais agus saintréithe sonracha eisitheoir na ARTanna á gcur san áireamh, agus ba cheart dó cur chun feidhme na gcaighdeán sin a áirithiú (trí chód iompair nó ionstraim chomhchosúil). Ba cheart dó maoirseacht a dhéanamh freisin ar chomhlíonadh na gcaighdeán sin ag an bhfoireann. I gcás inarb infheidhme, féadfaidh an comhlacht bainistíochta caighdeáin uile-ghrúpa eisitheoir ARTanna nó comhchaighdeáin arna n-eisiúint ag comhlachais nó ag eagraíochtaí ábhartha eile a ghlacadh agus a chur chun feidhme.
|
|
58. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú i gcoinne na foirne …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna a áirithiú nach ndéantar aon idirdhealú i gcoinne na foirne bunaithe ar inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teangacha, reiligiún ná creideamh, tuairim pholaitiúil ná aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois ná gnéaschlaonadh.
|
|
59. Ba cheart beartais eisitheoirí ARTanna suntasacha a bheith inscne-neodrach . Áirítear leis sin …
|
Ba cheart beartais eisitheoirí ARTanna suntasacha a bheith inscne-neodrach10 . Áirítear leis sin luach saothair, beartais earcaíochta, pleananna forbartha gairme agus comharbais, rochtain ar oiliúint agus an cumas iarratas a dhéanamh ar fholúntais inmheánacha, ach níl sé teoranta dóibh sin amháin. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna comhdheiseanna11 a áirithiú don fhoireann uile gan beann ar a n-inscne, lena n-áirítear maidir le peirspictíochtaí gairme, agus ba cheart é a bheith mar aidhm acu ionadaíocht na hinscne tearcionadaithe i bpoist laistigh den chomhlacht bainistíochta a fheabhsú. Ba cheart d’eisitheoir ARTanna suntasacha faireachán a dhéanamh ar an treocht sa bhearna phá idir na hinscní.
10 Féach na caighdeáin theicniúla rialála maidir le hinneachar íosta na socruithe rialachais i dtaca leis an mbeartas luacha saothair d’eisitheoirí ARTanna suntasacha i gcomhréir le hAirteagal 45(7)(a) de Rialachán (AE) 2023/1114; 11 Féach freisin Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha.
|
|
60. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na caighdeáin a chuirtear chun feidhme feabhas a chur ar …
|
Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na caighdeáin a chuirtear chun feidhme feabhas a chur ar shocruithe láidre rialachais eisitheoir na ARTanna agus an riosca ar a bhfuil an gnólacht neamhchosanta a laghdú, go háirithe rioscaí oibríochtúla agus rioscaí do chlú, a d’fhéadfadh drochthionchar suntasach a imirt ar bhrabúsacht agus ar inbhuanaitheacht eisitheoir ARTanna trí fhíneálacha, costais dlíthíochta, srianta arna bhforchur ag údaráis inniúla, pionóis airgeadais agus choiriúla eile, agus luach branda agus muinín infheisteoirí a chailleadh.
|
|
61. Ba cheart go mbeadh beartais shoiléire agus dhoiciméadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta …
|
Ba cheart go mbeadh beartais shoiléire agus dhoiciméadaithe ag an gcomhlacht bainistíochta maidir le conas ba cheart na caighdeáin seo a comhlíonadh. Ba cheart do na beartais sin an méid seo a leanas a dhéanamh: - a. a mheabhrú don fhoireann gur cheart gníomhaíochtaí uile ARTanna an eisitheora a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus le luachanna corparáideacha an eisitheora;
- b. feasacht riosca a chur chun cinn trí chultúr láidir riosca i gcomhréir le Teideal IV, Roinn 7, ina gcuirtear in iúl go bhfuil an comhlacht bainistíochta ag súil nach rachaidh gníomhaíochtaí thar an inghlacthacht riosca shainithe agus na teorainneacha arna sainiú ag eisitheoir ARTanna agus freagrachtaí na foirne faoi seach;
- c. prionsabail a leagan amach agus samplaí a sholáthar d’iompraíochtaí inghlactha agus do-ghlactha a bhaineann go háirithe le míthuairisciú agus mí-iompar airgeadais, coireacht eacnamaíoch agus airgeadais lena n-áirítear calaois, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (ML/TF), cleachtais in aghaidh trustaí, smachtbhannaí airgeadais, breabaireacht agus éilliú, cúbláil mhargaidh, mídhíol agus sáruithe eile ar dhlíthe cosanta tomhaltóirí, cionta cánach, cibé acu a dhéantar iad go díreach nó go hindíreach, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
- d. a shoiléiriú, chomh maith le ceanglais dhlíthiúla agus rialála agus beartais inmheánacha a chomhlíonadh, go bhfuiltear ag súil go n-iompróidh an fhoireann iad féin le macántacht agus ionracas agus go gcomhlíonfaidh siad a ndualgais leis an scil, an cúram agus an dúthracht chuí; agus
- e. a áirithiú go bhfuil comhaltaí foirne ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí araíonachta inmheánacha agus seachtracha, na gníomhartha dlí agus na smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar mhí-iompar agus iompar do-ghlactha.
|
|
62. Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán sin agus …
|
Ba cheart d’eisitheoirí ARTanna faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcaighdeán sin agus feasacht na foirne a áirithiú, e.g. trí oiliúint a chur ar fáil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|