+28. Agus na fachtóirí struis maidir leis na sócmhainní seo a leanas sa chúlchiste sócmhainní á …
|
28. Agus na fachtóirí struis maidir leis na sócmhainní seo a leanas sa chúlchiste sócmhainní á …
Agus na fachtóirí struis maidir leis na sócmhainní seo a leanas sa chúlchiste sócmhainní á gcinneadh, ba cheart d’eisitheoirí ARTanna/EMTanna na paraiméadair seo a leanas go léir a chur san áireamh faoi strus: - a. Taiscí le hinstitiúidí creidmheasa :
| i. | cáilíocht chreidmheasa na hinstitiúide glactha taiscí agus ionchais maidir le neamhfheidhmíocht; | | ii. | cáilíocht chreidmheasa agus leachtachta na comhthaobhachta foluití má tá an taisce comhthaobhaithe; | | iii. | comhchruinniú na hinstitiúide glactha taiscí; | | iv. | an aibíocht agus na roghanna aistarraingthe luaithe; agus | | v. | an riosca tar-rollta a eascraíonn as idirbhearta maoinithe urrús, go háirithe comhaontuithe athcheannaigh, i gcás ina bhfaightear airgead tirim in aghaidh sócmhainní neamhleachtacha.3 |
| i. | a mhéid a mhacasamhlaíonn na sócmhainní cúlchiste na sócmhainní dá dtagraítear leis na licíní; agus | | ii. | an riosca seachadta agus na costais a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis más fuascailt fhisiceach atá i gceist. |
- c. Sócmhainní leachtacha leibhéal 1 cheanglas um chumhdach leachtachta faoi réir caolchorrlach 0% [i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún] agus, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, mar a shonraítear tuilleadh mar ionstraimí airgeadais fíorleachtacha i gcomhréir le hAirteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114 :
| i. | an mheánaibíocht/meánré iarmhair ualaithe chun a n-íogaireacht fhéideartha ar riosca an ráta úis agus ar an luaineacht ghaolmhar a chur san áireamh; | | ii. | préimh an riosca tíre chun a luaineacht ghaolmhar a chur san áireamh; | | iii. | an comhchruinniú de réir eisitheora; | | iv. | suíomh an urrúis (coimeádaí) chun aon dúshlán a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haistriú pras a chur san áireamh; agus | | v. | éabhlóid luach margaidh an urrúis shonraigh, chun measúnú a dhéanamh ar a luaineacht agus a gcomhghaol i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear. |
- d. Bannaí faoi chumhdach leibhéal 1 cheanglas um chumhdach leachtachta [i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún] agus, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, mar a shonraítear a thuilleadh mar ionstraimí airgeadais fíorleachtacha de réir Airteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114:
| i. | na caolchorrlaigh cheanglas um chumhdach leachtachta is gá; | | ii. | an mheánaibíocht/meánré iarmhair ualaithe chun a n-íogaireacht fhéideartha ar riosca an ráta úis agus ar an luaineacht ghaolmhar a chur san áireamh, | | iii. | a gcéatadán den chúlchiste sócmhainní, | | iv. | an comhchruinniú de réir eisitheora, | | v. | suíomh an urrúis (coimeádaí) chun aon dúshlán a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haistriú pras a chur san áireamh, | | vi. | éabhlóid luach margaidh an urrúis shonraigh, chun measúnú a dhéanamh ar a luaineacht agus a gcomhghaol i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear. |
- e. Ionstraimí airgeadais fíorleachtacha eile, a luaithe a bheidh feidhm ag an rialachán tarmligthe ábhartha, mar a shonraítear a thuilleadh i gcomhréir le hAirteagal 38(5) de Rialachán (AE) 2023/1114:
| i. | na caolchorrlaigh cheanglas um chumhdach leachtachta is gá; | | ii. | an mheánaibíocht/meánré iarmhair ualaithe chun a n-íogaireacht fhéideartha ar riosca an ráta úis agus ar an luaineacht ghaolmhar a chur san áireamh; | | iii. | a gcéatadán den chúlchiste sócmhainní; | | iv. | an comhchruinniú de réir eisitheora; | | v. | suíomh an urrúis (coimeádaí) chun aon dúshlán a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haistriú pras a chur san áireamh; agus | | vi. | éabhlóid luach margaidh an urrúis shonraigh, chun measúnú a dhéanamh ar a luaineacht agus a gcomhghaol i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear. |
- b) Paraiméadair a bhaineann le calabrú fhachtóirí struis na sócmhainní dá dtagraítear
3 Sócmhainní leachtacha le tuiscint mar na sócmhainní sin a shainmhínítear in Airteagal 3(1) agus (2) mar ‘sócmhainní leibhéal 1’ nó ‘sócmhainní leibhéal 2’, faoi seach, de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014, chun forlíonadh a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gceanglas um chumhdach leachtachta le haghaidh Institiúidí Creidmheasa (IO L 011, 17.1.2015, lch. 1).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA - Published by the European Banking Authority at https://www.eba.europa.eu/
|